Scéim Athchóirithe do Mhaoin Fholamh

Tá Dún na nGall i measc na gcontaetha sa tír inar íocadh an méid is mó airgid faoin Scéim Athchóirithe do Mhaoin Fholamh.

Léirítear i bhfigiúirí úra gur íocadh níos mó ná €7.4 milliún san iomlán go dtí seo i nDún na nGall faoin scéim le tithe agus foirgnimh fholmha agus thréigthe a athchóiriú.

Cuireadh 811 foirgneamh folamh agus tréigthe in úsáid arís sa chontae ó cuireadh an scéim ar bun i 2022.

In ainneoin go bhfuil Dún na nGall sa dara háit sa tír ó thaobh an méid airgid a íocadh amach faoin scéim, tá Dún na nGall, ó thaobh daonra de, ar an Chontae is mó sa tír inár ndearnadh an líon is mó tithe agus foirgnimh fholmha a athchóiriú faoin scéim.

Go náisiúnta, rinneadh os cionn 12,500 iarratas faoin scéim agus ceadaíodh 8,652 acu go dtí seo, de réir na bhfigiúirí.

Bóthar contúirteach

Tá imní léirithe ag Coistí agus Grúpaí faoi chomh contúirteach agus atá an príomhbhealach i mBaile na Finne.

Rinneadh obair fheabhsúcháin ar an bhealach seo roinnt blianta ó shin agus caitheadh níos mó ná €1 mhilliún air.

Ach deir grúpaí sa cheantar, in ainneoin gur dearnadh obair fheabhsúcháin ar an bhealach, go bhfuil sé contúirteach mar go mbíonn an luas a bhíonn leis na feithiclí róghasta agus go bhfuil sé tábhachtach bearta a chur i bhfeidhm leis an trácht a mhoilliú trí chomharthaí nó ceamaraí luais a chur suas.

Dúirt Gwendoline Furey, Cathaoirleach Choiste Siúlóide Shlí Thaobh an Mhuilinn, go bhfuil sé tábhachtach cruinniú a eagrú leis an phobal leis na fadhbanna a phlé leis an Chomhairle Contae.

Cuairt ón Aire Oideachais

Dúirt Foireann agus Bord Bainistíochta Scoil Mhuire Bhaile na nGallóglach go bhfuil siad sásta go dtug an tAire Oideachais Hildegarde Naughton cuairt ar an scoil Dé hAoine.

Dúirt siad go dtug sí éisteacht mhaith dá n-achainí agus gur thuig sí an tábhacht atá le Scoil úr.

Dúirt an tAire Naughton go bpléifidh sí a n-éileamh le hOifigigh na Roinne Oideachais.

Dúirt foireann na scoile go bhfuil siad ag súil agus dóchasach go mbeidh dea-scéal aici daofa.

Coláiste na Maolruaidh

Dúirt an Comhairleoir Contae agus ball de Bhord Bainistíochta Choláiste na Maolruaidh i mBaile na nGallóglach, Declan Meehan, go bhfuil sé tábhachtach cinneadh a dhéanamh maidir leis an Scoil.

Dúirt sé go bhfuil ganntanas mór spáis sa Scoil agus go bhfuil fadhbanna móra le díon na Scoile agus gur cheart cead a thabhairt scoil úr a thógáil.

Thug an tAire Oideachais Hildegarde Naughton cuairt ar an scoil Dé hAoine, ach dúirt sé nach dtug sí geallúint ar bith ach go labhródh sí le hOifigigh na Roinne.

Dúirt sé go bhfuil siad ag fanacht rófhada le cinneadh ón Roinn.

Leithris Éiceolaíochta

Dúirt Kevin McCloskey, Oifigeach Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil iarratas ar mhaoiniú curtha ag an Chomhairle Contae chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le Leithris éiceolaíocha a chur ar fáil, go háirithe ar na hOileáin.

Tá iarratas déanta le dhá leithreas a chur ar fáil in Árainn Mhór, ar thrá Athphoirt agus ag an Loch Thoir, chomh maith le Leithreas ar Oileáin Uaighe agus Inis Fraoch ar chostas €30,000 an ceann.

Tá sé beartaithe fosta oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar Leithreas Árainn Mhór ar an Leadhb Gharbh agus áiseanna a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.