Téarma Príosúin

I gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn inné, gearradh téarma príosúnachta trí bliana ar Seán Norry (88) le seoladh ag Ardán Mhuire, Ráth Mealtain as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar bheirt chailíní óga.Tharla na hionsaithe ag láthair i nDún na nGall nuair a bhí na cailíní óga 13 bliana agus idir 12 agus 14 bliana d'aois. Phléadáil Seán Norry ciontach i gcúig chúis d’ionsaí gnéis a cuireadh ina leith. Dúirt an Breitheamh John Alymer sa Chúirt inné go raibh tionchar thar a bheith diúltach ag na hionsaithe seo ar shaol na gcailíní óga agus go raibh siad go fóill ag fulaingt dá mbarr. Dúirt sé gur chuir sé san áireamh gur phléadáil Seán Norry ciontach sna cúiseanna a bhí curtha ina leith, a dhrochshláinte agus a aois nuair a ghearr sé téarma príosúnachta ceithre bliana air leis an 12 mhí dheireanach ar fionraí.

Timpiste bhóthair

Gortaíodh bean ina cuid 50idí go holc i dtimpiste bóthair a tharla i gceantar Chnoc an Stollaire i nGaoth Dobhair tráthnóna inné. Carr agus leoraí a bhí sa timpiste a tharla roimh 5:30 tráthnóna. Tugadh an bhean, tiománaí an chairr, go hOtharlann Leitir Ceanainn de bharr a gortuithe tromchúiseacha, agus tugadh an páiste a bhí sa charr chun na hotharlainne chomh maith. Tuigtear nach bhfuil an páiste gortaithe go dona. Bhí Briogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair agus an Chlocháin Léith chomh maith le Gardaí ar an láthair. Bhí an bealach ó bharr Dhobhair i dtreo an Bhuna Bhig druidte ach osclaíodh arís é i dtrátha an mheán oíche aréir.

Cáineadh déanta ar Uisce Éireann

Tá sé náireach nach raibh foireann ó Uisce Éireann i mBaile an Easa ar an Fhál Carrach go dtí tráthnóna inné agus príomh-phíopa séarachais réabtha ansin ó Dé Sathairn, a dúirt an Comhairleoir Contae Denis MacAoidh. Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné gur chruthaigh na fadhbanna cuid mhór deacrachtaí agus go raibh sé fíorchontúirteach. Phléasc an píopa Dé Sathairn agus dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh go raibh sé deacair acu teagmháil a dhéanamh le hoifigigh ó Uisce Éireann agus míniú daofa chomh tromchúiseach agus chomh contúirteach agus a bhí an fhadhb. Bhí foireann Uisce Éireann ag obair ar an fhadhb tráthnóna inné agus beidh arís inniu.

Cead Pleanála

Thug an Comhairleoir Contae Brian Carr le fios go bhfuil fearg agus míshásamh ar dhaoine ar diúltaíodh cead pleanála daofa ar bhealach N56 ar na mallaibh ach gur ceadaíodh cead pleanála do Choillte bealach a oscailt ar an N56 idir an Clochán Liath agus na Gleannta. Dúirt an Comhairleor Carr ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné go bhfuil an cinneadh seo ag cruthú míshuaimhnis sa cheantar mar go bhfuil cead pleanála á dhiúltú go rialta ar an bhealach seo. Dúirt Lorna Ramsey, Pleanálaí le Seirbhís Pleanála na Comhairle Contae, gur tugadh cead do Choillte mar gur acmhainn thábhachtach atá sna Crainn agus gur tugadh an cead do Choillte crainn a leagan mar go gcuireann an acmhainn go mor le cúrsaí eacnamaíochta sa cheantar.

Seomra Cruinnithe ainmnithe

Socraíodh Seomra Cruinnithe Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach in Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith a ainmniú i gcuimhne na bPoblachtánach Mairéad Farrell agus Bobby Sands agus Príomh-Halla an fhoirgnimh a ainmniú i gcuimhne ar Eithne Nic Giolla Choil agus ar Pheadar O’Donnell. Ba é an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig a mhol an rún agus chuir an Comhairleoir Denis Mac Aoidh leis an mholadh. Dúirt Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair, go dtabharfaidh sé eolas níos moille ar an uair a bheidh socruithe déanta faoi seo.

Barraíocht Maorlathais san Earnáil Iascaireachta

Tá barraíocht maorlathais san earnáil iascaireachta agus tá barraíocht eagras i gceannas, agus tá sin ag cruthú deacrachtaí, a dúirt an t-iascaire Gerard Kelly as an Chaisleán Nua. Ní raibh cúrsaí chomh holc riamh roimhe san earnáil, a dúirt sé, le luachan bhreosla a bheith chomh hard, barraíocht rialacha le comhlíonadh,laghdú ar ioncaim agus drochaimsir. Measann sé nach fada go mbeidh ar iascairí a gcuid bádaí a chur ar ancaire, mar nach féidir slí bheatha a dhéanamh feasta ón earnáil. Níl ciall ar bith le barraíocht dreamanna a bheith ag plé leis an earnáil, mar atá Bord Iascaigh Mhara, Foras na Mara, An tÚdarás um Shábháilteacht Iascaigh Mhara, Roinn na Mara, Iascach Intíre Éireann agus Cabhlach na hÉireann, dar leis. Measann Gerard Kelly nach mbeidh biseach ar chúrsaí go mbeidh athrú polasaí ón bharr anuas ag leibhéal an Rialtais.