Damhcha séarachais
Theip ar 75% des na dabhcha séarachais agus córais cóireála fuíolluisce teaghlaigh a scrúdaíodh anuraidh i gCathair agus i gContae Phort Láirge, de réir na tuarascála atá foilsithe inniu ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
61% an ráta teipthe a bhí ag damhcha séarachais i gCiarraí agus 56% i gContae Chorcaí.
Bhí ráta teipthe 59% sa tír trí chéile.
Tá cigireacht déanta ar 83 dabhach sna Déise ó cuireadh tús leis an gcigireacht i 2013 agus tá 77% díobh san deisithe anois.
Tá 82% des na dabhcha i gCorcaigh deisithe, agus 85% i gCiarraí.
Tuairiscítear go bhfuil Comhairle Contae Chiarraí i measc na n-údarás áitiúil is díograisí ag cur i bhfeidhm na gcaighdeán maidir le córais séarachais phríobháideacha.
De réir an EPA, tá córais lochtacha séarachais baolach don tsláinte, mar gheall ar an mbaol truaillithe do thoibreacha agus d'aibhnte ag leithéidí na nítrigine agus fosfair.
Déiríocht
Deir ball den gCoiste Comhairleach Déiríochta i gCorca Dhuibhne, Séamus Ó Laoithe, gur beag difríochta a dhéanfaidh brandáil nua chorparáideach an chomhlachta Kinisla - mar a bheidh feasta ar Chomharchumann Déiríochta Chiarraí - dá ghnó féin, ach go leanfaidh obair an fheirmeora déiríochta ar aghaidh beag beann ar an ré nua.
Deir sé áfach, go bhfuil súil aige, leis an straitéis nua a sheol Kinisla inné, gur féidir teacht ar mhúnlaí nua feirmeoireachta a fhágfaidh go mbeidh páirtnéireachtaí agus comhoibriú idir feirmeoirí chun an obair a dhéanamh níosa saoráidí agus níos éifeachtaí sna blianta amach romhainn.
Tim Severin
Deir an Comhairleoir Breandán Mac Gearailt ó Chorca Dhuibhne go bhfuil sé in am ag Comhairle Contae Chiarraí scéal Tim Severin agus Naomh Bréanainn a insint arís agus Iomramh Bhréanainn ag an dtaiscéalaí Severin, tráth an ama seo leathchéad bliain ó shin, á thabhairt chun cuimhne.
Mhol an Comhairleoir Jim Finucane, ná maireann, rún don gComhairle sa bhliain 2021 ag éileamh go ndéanfadh an Chomhairle iarracht bád Severin a aistriú anuas ó Ionad Cuairteoirí Chreagán Eoghain i gcontae an Chláir chun na Fianaite.
Sa rún a mhol an Gearaltach ag cruinniú na Comhairle inné áfach, dúirt sé nach ag iarraidh an bád a thabhairt go Ciarraí atá sé ach, dar leis, go bhfuil sé in am ag an gComhairle labhairt leis na húdaráis i gContae an Chláir agus athghabháil a dhéanamh ar scéal Severin agus Bhréanainn do Chiarraí, agus an scéal iontach so a dh’insint arís is arís eile.
Plandaí agus ainmhithe neamhdhúchasacha
Seolfar comhpháirtíocht nua inniu ag ócáid i bPort Láirge chun tacú le cur chuige na tíre i mbainistiú na bplandaí agus na n-ainmhithe neamhdhúchasacha ionracha.
An Biúró um Speicis Ionracha atá ar an dtogra nua, ar comhfhiontar é idir Seirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra na hÉireann agus Lárionad Sonraí Náisiúnta na Bithéagsúlachta.
'Sé Aire Stáit an Dúlra, na hOidhreachta agus na Bithéagsúlachta, Christopher O’Sullivan, a sheolfaidh an togra inniu mar aon le múnla nua chun dul i ngleic leis an gCornfhoiche Áiseach.
Fuarthas dhá nead de chuid na cornfhoiche anuraidh i gcontae Chorcaí.
Ospidéil
Bhí ceithre chinn d’ospidéil i gcontaetha Gaeltachta an Deiscirt ina raibh neamhchomhlíonadh ardriosca ar na caighdeáin chúraim don meabhairshláinte, de réir tuarascálacha atá foilsithe ag an gCoimisiún Meabhairshláinte.
San Ionad Cúraim Meabhairshláinte in Ospidéal Ginearálta Bheanntraí, áiríodh seacht gcaighdeán ar fad go raibh neamhchomhlíonadh ardriosca i gceist.
Bhain na caighdeáin sin le cúrsaí príobháideachais, leis an bhfoirgneamh, le hordú, le cúrsaí cógaisíochta, le cúrsaí foirne, leis an gcód iompair a bhain leis an smachtú fisiceach, le haistriú na n-othar agus len iad a scaoileadh abhaile.
In Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, bhí ceithre chás den neamhchomhlíonadh ardriosca, a bhain le príobháideachas, leis an bhfoirgneamh, le cúrsaí cógaisíochta agus leis an mbainistiú riosca.
In Ionad Iontrála Meabhairshláinte Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí, bhí dhá chás den neamhchomhlíonadh ardriosca, a bhain leis an bhfoirgneamh, agus le cúrsaí cógaisíochta.
Agus bhí dhá chás den neamhchomhlíonadh ardriosca i Roinn na Síciatrachta in Ospidéal na hOllscoile Port Láirge.
Bhaineadar san leis an bpríobháideachas agus leis an bhfoirgneamh.
Féile Mara an Chromáin
Tá Féile Mara an Chromáin ar Loch na dTrí gCaol agus Féile Bídh na nDéise i nDún Garbhán i measc na dtograí go bhfuil maoiniú fachta acu trí scéim nua €300,000 atá fógartha ag an Aire Talamhaíochta, Bídh agus Mara, Martin Heydon.
Tá beagnach €13,000 le fáil ag Féile Seafest an Chromáin tríd an scéim a nascann táirgíocht bídh áitiúil le turasóireacht agus forbairt tuaithe agus dúirt an tAire Heydon go léiríonn ardchaighdeán na n-iarratas ar an scéim an dúthracht atá ag na pobail seo don dtáirgíocht agus don dturasóireacht.