Garda Cósta
Cuireadh fios ar Gharda Cósta na gCealla Beaga inné le tarrtháil a thabhairt ar bhád a raibh deacrachtaí aici amach ó Bhá Inbhir.
Chuir Garda Cósta Chionn Mhálanna fios ar Gharda Cósta na gCealla Beaga i dtrátha 3.15pm nuair a fuair siad an glaoch éigeandála.
Tugadh an bád agus foireann an bháid ar téad go céibh na gCealla Beaga.
Tá an Garda Cósta ag cur i gcuimhne do dhaoine atá ag tabhairt bádaí amach chun na farraige den chéad uair an séasúr seo, de réir mar a bhisíonn an aimsir, a chinntiú go bhfuil inneall an bháid ag feidhmiú mar is ceart agus más féidir inneall cúnta a bheith ar iompar leo.
Tine
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála aréir chuig tine a tharla i gceantar Chnoc Uí Bhroin ag Barr an tSléibhe i Leitir Ceanainn.
D'éirigh leis na seirbhísí éigeandála an tine a chur faoi smacht agus níor gortaíodh duine ar bith sa tine.
Ní fios go fóill caidé ba chúis leis an tine.
Tá foláireamh do bhaol tinte eisithe ag an Roinn Talmhaíochta do cheantracha sa Chontae ina a bhfuil féar nó aiteann tirim, foláireamh oráiste a mhairfidh go dtí Dé Luain seo chugainn an 27 Aibreán, mar gheall ar an aimsir thirim atá againn faoi láthair.
Tá rabhadh á thabhairt ag an Roinn don phobal gan tinte a lasadh mar go bhfuil baol ard ann go ndéanfar damáiste mór do thailte, maoin agus dúlra agus go gcuirfear beatha daoine i mbaol.
Iarrtar ar dhuine ar bith a fheiceann tine ag gabháil as smacht scairt a chur ar na seirbhísí éigeandála láithreach.
Coireacht
Tugadh eolas ar fhigiúirí coireachta ó mhí Mhárta 2025 go deireadh na míosa s’chuaigh thart ag Cruinniú Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall inné.
Dúirt an Ceannfort Siobhán Mollohan go raibh ardú 134 ar líon na n-eachtraí calaoise agus eachtraí gadaíochta go ginearálta, ach ísliú ar ghadaíocht ó shiopaí.
Bhí titim ar líon na n-eachtraí buirgléireachta ó 54 go 40 eachtra.
Maidir le cásanna éignithe agus ionsaithe gnéis, dúirt sí go raibh titim ó 54 go 44 ar chásanna éignithe agus titim ar ionsaithe gnéis ó 149 go 79 cás.
Maidir le cásanna a raibh baint acu le cúrsaí Meabhairshláinte, dúirt sí gurbh éigean do na Gardaí tarrtháil a thabhairt ar 44 duine agus go bhfuil baol ann go bhféadadh an figiúr sin a bheith níos airde i gcásanna nár cuireadh na Gardaí ar an eolas.
Sábháilteacht
Dúirt Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall, an Comhairleoir Gerry McMonagle, go bhfuil na figiúirí go fóill ró-ard in ainneoin go bhfuil líon na gcásanna maidir le ionsaithe gnéis íslithe le bliain.
Dúirt sé go gcaithfear aird a dhíriú ar na fadhbanna agus díriú níos mó ar shábháilteacht na mBan.
Maidir le fadhbanna Meabhairshláinte, dúirt sé go gcaithfear díriú ar na fadhbanna seo fosta agus cinntiú go dtabharfar níos mó comhairle agus tacaíochta do dhaoine atá ag fulaingt.
Madaidh
Tá Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall le teagmháil a dhéanamh le Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, maidir le hAonad do Mhadaidh a bhunú i nDún na nGall.
Dúirt an Comhairleoir Contae, Michael McClafferty ball den Chomhpháirtíocht ag cruinniú inné, go bhfuil sé tábhachtach Aonad dá mhacasamhail a lonnú sa Chontae le réiteach a fháil ar an ardú atá tagtha ar líon na ndrugaí sa Chontae.
Dúirt sé go gcaithfear gach iarracht a dhéanamh an tAonad a chur ar bun sa Chontae.
Míoca
Ba chóir go mbeadh cead ag úinéirí tí atá buailte mar gheall ar bhrící lochtacha teach úr a thógáil in aice lena dteach ina bhfuil mica agus fanacht ina gcónaí ann go dtí go mbeidh an teach úr críochnaithe, dar leis an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir.
Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna inné, dúirt an Teachta Ó Gallchóir nach gceadaítear faoi láthair tithe a thógáil in aice lena chéile in ainneoin leasuithe a bheith déanta ar scéim cúitimh na mbrící lochtacha.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go dteastaíonn solúbthacht maidir le rialacha na scéime le freastal ar theaghlaigh a bhfuil riachtanais bhreise acu agus a mbíonn trealamh riachtanach in úsáid acu sa bhaile.
Céibh Mhachaire Rabhartaigh
Thug Brendan O’Donnell, Innealtóir Sinsearach leis an Chomhairle Contae, le fios do na Comhairleoirí Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig agus Denis Mac Aoidh nach bhfuair an Chomhairle aon iarratas ar thacaíocht do Mhór-Phlean ag Céibh Mhachaire Rabhartaigh agus forbairtí gur mhaith leo a chur i bhfeidhm ansin.
Bhí Brendan O’Donnell ag tabhairt eolais ar na tograí móra atá idir lámha ag an Chomhairle faoi láthair agus an staid ag a bhfuil na tograí.
Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go gcuirfear an t-iarratas os a gcomhair nuair a bheidh sé ag staid chuí agus go dtí seo nach bhfuil aon iarratas faighte acu.
Dúirt na Comhairleoirí Mac Giolla Easpaig agus Mac Aoidh go gcaithfear níos mó airde a thabhairt ar an cheist seo.