Céibheanna
Chuir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir fáilte roimh an mhaoiniú €577,500 atá fógartha ag an Aire Stáit i Roinn na Mara, Timmy Dooley inniu, le hobair chóirithe agus chothabhála a dhéanamh ar shé chéibh i gContae Dhún na nGall.
Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall €192,500 leis an mhaoiniú seo, rud a chiallaíonn go mbeidh €770,000 san iomlán ar fáil chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích agus chun áiseanna a fhorbairt ag céibheanna ar fud na Contae.
Ceadaíodh an tsuim ba mhó, €187,500, do chéibheanna an Chaisleáin Nua agus Bhéal Átha Seanaidh.
Tá an maoiniú ceadaithe le haghaidh oibreacha athchóirithe a dhéanamh ar chuaillí tacaíochta ag céibh an Chaisleáin Nua agus chun uasghrádú a dhéanamh ar na pontúin ag céibh Bhéal Átha Seanaidh.
Cuireadh maoiniú €75,000 ar fáil do chéibh Ailt an Chorráin chun seid chothabhála úr a thógáil.
Ceadaíodh €60,000 do Bhá Dhún na nGall leis na comharthaí loingseoireachta a uasghrádú.
Tá €52,500 ceadaithe do Chéibh Bhéal an Chasáin ag Pointe Charraig an Róis le hobair a dhéanamh ar bhalla na céibhe agus ar an tonnchosc. Ceadaíodh €15,000 do Chéibh Bhaile na Sagart ag Pointe Charraig an Rois le hoibreacha athchóirithe a dhéanamh ar bhalla na céibhe.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go gcuideoidh an infheistíocht seo go mór le háiseanna a fheabhsú ag céibheanna na Contae agus le cúrsaí sábháilteachta.
Táthar ag súil go mbeidh an obair uilig críochnaithe faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair i mbliana.
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Charlie McConalogue roimh fhógra an Aire Dooley inniu fosta.
Bás
Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi chorp fir a fuarthas i dteach i mBun Cranncha maidin inné.
Thángthas ar chorp an fhir, a bhí ina chuid daichidí, i dteach cónaithe i mBun Cranncha i dtrátha 8:30 maidin inné.
Bhí foireann dlí-eolaíochta an Gharda Síochána i mbun scrúduithe ag an teach.
Tá Cróinéir Dhún na nGall curtha ar an eolas faoin eachtra agus beidh scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp an fhir.
Deir na Gardaí go mbeidh treo an fhiosrúcháin bunaithe ar thorthaí an scrúdaithe iarbháis.
Níl ainm an fhir tugtha ag Gardaí go fóill.
Cíos
Bhí an costas cíosa ar theach nó ar árasán i nDún na nGall 6% ní b'airde sa chéad ráithe den bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir na tuarascála is deireanaí ó Daft.ie.
Bhí costas €1,102 sa mhí ar an mheán ar árasán dhá sheomra leapa i nDún na nGall sa chéad ráithe den bhliain, an tríú ráta is ísle sa tír i ndiaidh Chontaetha Mhuineacháin agus Liatroma.
€503 sa mhí an meánchostas a bhí ar sheomra do bheirt i dteach sa Chontae sa chéad ráithe i mbliana, an dara ráta is ísle sa tír.
Léirítear sa tuarascáil fosta gur €1,709 an meánchostas cíosa atá ar theach ina bhfuil cúig sheomra leapa sa chontae faoi láthair, ardú 13.6% le bliain.
Naíonra
Tá an baol ann go ndruidfear Naíonra Bhaile na Finne a dúirt an Comhairleor Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig muna gcláraítear níos mó páistí don chéad scoilbhliain eile.
Dúirt sé gur triúr atá cláraithe faoi láthair agus go bhfuil ochtar a dhíth.
Tá sé ráite ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta áfach go bhfuil seans gur féidir an Naíonra a choinneáil oscailte mar éiríonn leo 5 pháiste a aimsiú.
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go gcaithfear achan chuidiú a thabhairt agus feachtas láidir a eagrú chun an Naíonra a choinneáil foscailte.
Dúirt sé go bhfuil go leor seirbhísí caillte sa cheantar agus go gcaithfear achan chuidiú a thabhairt sa chás seo.
Dúirt an Comhairleoir Contae Brian Carr gur chas sé le Tuismitheoiri agus Coiste an Naíonra an tseachtain seo agus go bhfuil siad ag scrúdú na bhféidearthachtaí ar fad leis an Naíonra a choinneáil foscailte.
Cailliúint mhór a bheadh ann don cheantar dá ndruidfí an Naíonra agus caithfear achan iarracht agus is féidir a dhéanamh lena choinneáil oscailte a dúirt an Comhairleoir Carr.
Héileapad
Tá iarratas ar mhaoiniú €110,000 curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le huasghrádú a dhéanamh ar Héileapad Árainn Mhór.
Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste na nOileán ar na mallaibh nach bhfuil na soilse ag an Héileapad ag obair agus go bhfuil sé tábhachtach uasghrádú iomlán a dhéanamh ar an Héileapad.
Dúradh go bhfuil go leor rudaí in easnamh ag an Héileapad.