Ceardlann

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall ceardlann a reáchtáil dírithe ar Dhroichead an Churraoin idir na Gleannta agus Baile na Finne.

Ceadaíodh maoiniú €50,000 don droichead faoi chlár infheistíochta na Roinne Iompair do Bhóithre Réigiúnacha agus Áitiúla anuraidh.

Dúirt an Comhairleoir Contae Brian Carr go bhfuil súil aige go gceadófar maoiniú don droichead go luath leis an obair a chríochnú i gceart.

Joe McHugh

Dúirt an tIar-Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go dtug an cinneadh a rinne sé Gaeilge a fhoghlaim nuair a ceapadh é ina Aire Stáit Gaeltachta uchtach dó an pholaitíocht a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an phost atá aige anois ina chóitseálaí saoil.

Bhí an tIar-Aire Stáit McHugh ina aoichainteoir ag Comhdháil Bhliantúil Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge a bhí ar siúl Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine.

Little Angels

Tá an próiseas maidir le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn a ghlacadh faoina gcúram ag leanstan ar aghaidh, a dúirt Stiúrthóir Scoltacha an Bhoird Martin Gormley.

Dúirt sé ag cruinniú den Bhord le gairid, go mbíonn cruinnithe rialta ar siúl maidir le haistriú pátrúnachta, agus go bhfuil foireann idirchaidrimh aitheanta chun tacú leis an phróiseas agus é a chur chun cinn.

Dúirt Martin Gormley go bhfuil sé dóchasach go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh.

Seo an chéad uair go mbeidh Scoil Náisiúnta faoi chúram an Bhoird.

Bealach Glas

Dúirt Brendan McFadden, Innealtóir Bóithre Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil maoiniú suntasach de dhíth don Bhealach Glas ó Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn le bogadh go dtí an staid deartha.

Dúirt sé gur ceadaíodh €20,000 don togra ach nach leor an méid sin le bogadh ar aghaidh.

Dúirt Brendan Mac Pháidín go bhfuil moltaí á bplé faoi láthair maidir le roghanna don bhealach agus má ghlactar leis an moltaí agus má bhíonn maoiniú ar fáil go mbeifear ábalta bogadh go dtí an staid deartha sa bhliain úr.

Bás ar na bóithre

Cuirfear Caolán Bushe, an fear 30 bliain d'aois as na Saileasa, Leitir Bearra a maraíodh i dtimpiste bóthair ag an deireadh seachtaine i Reilig na bhFrosa Dé Céadaoine.

Maraíodh Leon Shovlin, 27 bliain d’aois, as Ard an Ratha, sa timpiste chéanna agus maraíodh fear óg eile sna fichidí i dtimpiste bóthair i Magh in Inis Eoghain oíche Shathairn.

Seisear sna iomlán a maraíodh ar bhóithre na Contae ó thús na bliana.