Achomharc in aghaidh ollionad siopaí

Tá achomharc déanta leis an gCoimisiún Pleanála ag an bhfear gnó ón nDaingean Jim Garvey i gcoinne fhorbairt ionaid siopadóireachta ar sheana-shuíomh Ghlanbia ar Shráid an Bhreathnaigh i nDún Garbhán.

Cheadaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an fhorbairt i dtús na míosa seo caite.

Bhí rialaithe cheana ag an gCoimisiún Pleanála i gcoinne fhorbairt an tsuímh, ar an gcúis go bhfuil sé i limistéar atá zónáilte d'fhorbairt mheasctha, ina mbeadh siopaí agus tithíocht leis, ach ná raibh sa phlean ach siopaí amháin.

An babhta so, tá ceithre árasán in airde staighre san áireamh leis an bplean, ach maítear san achomharc atá déanta ag Comhlacht an Ghairbhí ná fuil sa mhéid sin ach comhartha, i bhfianaise go bhfuil breis agus trí mhíle ocht méadar cearnach d’áitreamh gnó sa bhforbairt trí chéile.

Maítear san achomharc ná fuil an t-iarratas pleanála nua ag tógaint san áireamh mar ba cheart, an rialú a dhein an Bord Pleanála, mar a bhí, an babhta deireanach.

Tuigtear gurb iad Tesco a bheadh i bhfeighil an ollmhargaidh san ionad nua, dá dtógfaí é.

Is le muintir Ghairbhí an Siopa Supervalu atá ar an gCé i nDún Garbhán.

Béile te i Scoil Naomh Gobnait

Beidh na leanaí i Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin ag suí chun boird láithreach chun béile te a chaitheamh ar scoil don gcéad uair.

Dhearbhaigh Príomhoide na Scoile, Malachaí Mac Amhlaoibh, go bhfuil tús á chur inniu leis an tseirbhís atá á soláthar ag an gcomhlacht The Lunch Bag ó Aonach Urmhumhan.

Tá béilí te á gcur ar fáil cheana ag an gcomhlacht i gcuid des na scoileanna móra in Iarthar Duibhneach, ach bhí deacrachtaí acu i gcás na scoileanna beaga, ceal áiseanna cuí chun na béilí a ullmhú.

Tá an bia do Scoil Dhún Chaoin á ullmhú anois in aonad i bPáirc Ghnó Bhaile na Buaile.

€10,000 bailithe do Mhuintir Gaza

Tá breis agus €10,000 bailithe ag bean ón nGleann in Uíbh Ráthach agus a comrádaí ar mhaithe le scoil Cheannródaithe Rafah i nGaza.

Bhí Edel Ní Bhraonáin i bhfochair Chlíodhna Ní Mhianáin agus iad ag snámh ins na haon contae atá gan chósta ar fud na tíre le linn an deireadh seachtaine.

Féile na Cincíse i mBaile Bhuirne

Tá clár imeachtaí fógartha ag Comharchumann Mhúscraí d’Fhéile na Cincíse i mBaile Bhuirne a bheidh ar bun ón 22 go dtí an 24 Bealtaine.

Féile mhór ab ea an Chincís riamh i mBaile Bhuirne, ach chuaigh sí in éag i dtús an chéid seo.

Le blianta beaga anuas, tá sí á hathbheochan mar chuid de straitéis chultúrtha agus turasóireachta an Chomharchumainn.

I measc na n-imeachtaí éagsúla i mbliana, beidh margadh bídh agus ceardaíochta, taispeántas sorcais, siamsaíocht, léachtaí, ceardlanna agus ceoil.

Don gcéad uair, beidh imeachtaí ar bun ar Champas Íosagáin, an t-ionad nua fiontair agus pobail, ar shuíomh an tseana-choláiste a osclaíodh le déanaí.

Féile Scannán an Daingin

Tá Féile Scannán an Daingin ag glacadh anois le hiarratais ó lucht déanta scannán, lena gcuid saothar a thaispeáint ag an bhféile, a bheidh ar siúl i mbliana ón 3 – 15 Samhain.

Is fiú €2,000 an duais a bhronnfar ar an scannán is fearr ag an bhféile, duais atá urraithe ag an seodóir Brain De Staic agus ag an dtábhairneoir John Benny Ó Muircheartaigh.

Beifear ag glacadh le hiarratais suas go dtí an 16 Lúnasa.

Deir lucht eagair na féile go mbeidh béim ar leith ar an nGaoluinn ag féile na bliana seo.

Cathaoir rothaí ar Thráigh Chluain Aodh

Tá cathaoir rothaí, gur féidir a úsáid ar an dtráigh, le fáil anois, ar thráigh Chluain Aodh sna Déise.

S’iad Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge a chuir an chathaoir ar fáil agus is féidir í a chur in áirithe ach aip a úsáid ar an bhfón.

Deir Gabriel Hynes ón gComhairle go bhfuil cuid dos na tránna is fearr sa tír i gCo. Phort Láirge, agus gur deis iontach é seo do dhaoine ná fuil úsáid na gcos acu taitneamh a bhaint as an dtráigh.

Dúirt sé go bhfuil sé mar aidhm ag an gComhairle seirbhísí a chur ar fáil don uile dhuine sa chontae.