Craoslach
Caithfear a chinntiú go leanfar leis an mhaoiniú atá á chur ar fáil le seirbhísí tacaíochta a sholáthar do phobal an Chraoslaigh atá ag fulaingt i ndiaidh na tragóide, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh.
Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil sé curtha in iúl ag an Aire Dara Calleary nach bhfuil aon chinnteacht faoi láthair go gcuirfear maoiniú ar fáil do Mhol Pobail an Chraoslaigh nuair a bheidh an téarma trí bliana thuas i mí Iúil.
Rinneadh iarratas i mí Dheireadh Fómhair na bliana anuraidh go gcuirfí síniú leis an mhaoiniú seo go dtí ar a laghad 2029, ach go dtí seo, níl aon eolas breise faighte, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.
Ní féidir teorainn ama a chur ar an tráma a d'fhulaing pobal an Chraoslaigh agus caithfear a chinntiú go mbeidh seirbhísí leanúnacha á gcur ar fáil do dhaoine atá go fóill ag fulaingt de bharr na tragóide, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.
Deichniúr a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.
Beartas Tuaithe an Rialtais
Is iad ceantracha tuaithe cosúil le ceantracha tuaithe Dhún na Gall atá thíos le neamart an Rialtais, a dúirt an Teachta Dála Charles Ward.
Ag labhairt dó sa Dáil inné dúirt sé gur léir dó féin agus é ina chónaí i gceantar tuaithe go gcuireann easpa infheistíochta agus easpa áiseanna isteach ar achan chuid den tsaol ansin go háirithe seirbhísí sláinte, cúrsaí oideachais agus deiseanna fostaíochta.
Thug an Teachta Ward le fios go raibh bailte i nDún na nGall nach bhfuair seirbhís leathanbhanda ardluais go dtí arú inné agus go bhfuil ceantracha eile sa chontae nach bhfuil sí ann ar chor ar bith, seirbhís atá i mBaile Átha Cliath le thar deich mbliana, a dúirt sé.
Cháin an Teachta Ward Beartas Forbartha Tuaithe an Rialtais agus dúirt sé nach bhfuil ann ach cáipéis eile lán gealltanas nach gcuirfear i gcrích.
Plean Forbartha
Glacadh ag cruinniú den Chomhairle Contae an tseachtain seo agus plé á dhéanamh ar athruithe ar Phlean Forbartha na Contae talamh ar imeall bhailte an Chraoslaigh agus Dhún Fionnachaidh a chur sa Phlean Forbartha.
Dúirt an Comhairleoir Michael McClafferty gur baile mór turasóireachta atá i nDún Fionnachaidh ach nach bhfuil go leor lóistín ar an bhaile agus go bhfuil ganntanas mór spáis ann.
Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach an talamh atá ar imeall bhaile Dhún Fhionnachaidh a chur sa phlean le go mbeidh sé ar a gcumas tithe a thógáil anseo.
Maidir leis an Chraoslach, dúirt an Comhairleor McClafferty go bhfuil sé tábhachtach teorainn an bhaile a leathnú le níos mó tithe a thógáil agus níos mó forbartha a dhéanamh ansin.
Turais Báid Shliabh Liag
Tá sé curtha in iúl ag Comhlacht Turais Báid Shliabh Liag go bhfuil orthu a gcuid táillí a ardú mar gheall ar an ardú atá tagtha ar Bhreosla.
Dúirt Paidí Ó Beirn, Úinéir an Chomhlachta, go bhfuil sé deacair aige a ghnó a reáchtáil mar gheall go bhfuil luach an bhreosla ag ardú de shíor.
Dúirt sé nár ardaigh siad a gcuid praghsanna le níos mó ná 10 mbliana ach nach raibh rogha ar bith acu ach iad a ardú anois ó €25 go €28 an turas.
Reáchtálann Comhlacht Turais Báid Shliabh Liag turais ó Chuan Theilinn go Bun Glas.