Sliabh Liag
Beidh comhairliúchán poiblí ar siúl in Áislann Chill Charthaigh tráthnóna inniu le húinéirí talaimh, cónaitheoirí agus gnólachtaí turasóireachta le forbairt inbhuanaithe sa turasóireacht i gceantar Shliabh Liag a phlé.
Is é aidhm an chruinnithe ná plean 10 mbliana a fhorbairt ar Shliabh Liag a dhéanann a stádas mar cheann scríbe cuairteoirí ar ardchaighdeán idirnáisiúnta níos láidre agus a háit ar bhealach an Atlantaigh Fhiáin a neartú.
Dúirt an Comhairleoir Contae áitiúil Jimmy Brogan go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh baint ag an phobal leis an phlean.
Beidh an cruinniú ar siúl ar 7 a chlog tráthnóna.
Mná Tí
Tá ardú tagtha ar an fhóirdheontas a íoctar le mná tí sa chontae atá ag cur lóistín ar fáil do scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, maidin inniu go mbeidh ardú ó €14.50 go €16 in aghaidh na hoíche ar an fhóirdheontas i mbliana.
Tá brúnna agus coláistí le hardú €1.50 a fháil fosta faoin scéim.
Campas
Léiríodh díomá ollmhór ag cruinniú Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an tseachtain seo siocair go bhfuil tuilleadh moille curtha le hiarratas pleanála do Champas Trí Scoil Bhun Cranncha.
Dúirt an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh go bhfuil ceisteanna maidir le cúrsaí páirceála agus tráchta a chaithfear a réiteach sula féidir an t-iarratas pleanála a chur faoi bhráid na Comhairle Contae agus go nglacfaidh sé roinnt míonna sula mbeidh réiteach ar na ceisteanna sin.
Dúirt sí go raibh an Bord den tuairim go raibh achan rud i gceart agus gur ábhar díomá é go bhfuil tuilleadh moille curtha leis an togra.
Measann sí go mbeidh sé roinnt mhaith míonna sula mbeidh réiteach ar na ceisteanna seo.
Comhdháil
Cuirfear tús le Comhdháil Bhliantúil Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu.
Is é seo an chéad uair riamh a mbeidh an Chomhdháil á reáchtáil i nDún na nGall.
Beidh ócáid shóisialta in Óstán an Chlann Rí i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu agus ceol le Ciarán Ó Gallchóir agus Hugo Ó Baoill as Toraigh.
Tá ócáid na hoíche anocht á heagrú i gcomhar le Gréasán na hEarnála Poiblí.
Déanfaidh Cathaoirleach Choiste na Gaeilge an Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig an Chomhdháil a oscailt go hoifigiúil maidin amárach.
Sábháilteacht bóthair
Caithfear maoiniú a fháil go luath le feabhas a chur ar shábháilteacht bóthair in Anagaire, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.
Caithfear obair shealadach a dhéanamh sa cheantar go dtí go mbeidh maoiniú mar is ceart ar fáil don Chomhairle Contae le feabhas a chur ar shábháilteacht bóthair sa cheantar, a dúirt sé.
Mhol sé do thiománaithe luas a laghdú agus iad ag tiomáint tríd Anagaire agus cloí le teorainneacha luais.
Dúirt sé go gcaithfidh an Chomhairle Contae agus Bonneagar Iompair Éireann maoiniú a chur ar fáil go luath le feabhas a chur ar shábháilteacht bóthair in Anagaire.