Coireacht eagraithe
Gabhadh fear ina chuid 30idí i nDún na nGall inné mar chuid d'fhiosrúchán atá ar bun ag an Gharda Síochána, dírithe ar ghrúpa coireachta eagraithe a bhfuil amhras ann go bhfuil siad páirteach i gcoireanna drugaí agus sciúrtha airgid.
Tá an fear á choinneáil faoi láthair i stáisiún Gardaí i réigiún an Iarthuaiscirt faoi Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007.
Bhí níos mó ná 100 Garda ó Rannóg na nGardaí i nDún na nGall, i gcomhar le Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann i mbun cuardaigh ag láithreacha éagsúla i nDún na nGall, Sligeach, Muineachán agus Tír Eoghain inné mar chuid den fhiosrúchán.
Bhí Bleachtairí ó Rannóg na nGardaí i nDún na nGall i gceannas ar an fhiosrúchán le tacaíocht ón Bhiúró Náisiúnta um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe, Aonad Tacaíochta faoi Airm an Gharda Síochána, Aonad Madra an Gharda Síochána agus Bleachtairí ó Rannóg na nGardaí i Sligeach agus Muineachán.
Chuardaigh Gardaí cúig theach déag in Oirthear Dhún na nGall agus i Leitir Ceanainn, chomh maith le ceithre theach i gceantar Bhaile Shligigh, teach amháin i gContae Mhuineacháin agus teach amháin eile i gContae Laoise.
Fuarthas €26,000 in airgead tirim, £12,000 punt steirling, líon áirithe de na drugaí cócaon agus cannabas chomh maith le táibléid a raibh luach measta €40,000 leo.
Ghlac Gardaí seilbh ar fhóin phóca agus gléasanna leictreonacha eile fosta le linn na gcuardach.
Deir Gardaí go bhfuil siad ag leanstan dá bhfiosrúcháin.
Seirbhís Otharcharranna
Tá baill de Cheardchumainn SIPTU agus Unite atá ag obair sa tSeirbhís Otharcharranna san Iarthuaisceart i mbun stailce inniu.
Chuir na hoibrithe tús leis an stailc ag an 8 a chlog ar maidin agus mairfidh an stailc go dtí’n 8 a chlog maidin amárach.
Beidh na hoibrithe ag obair de réir rialach ar feadh 24 huaire mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí pá, coinníollacha oibre agus athruithe atá á gcur i bhfeidhm ar a gcúraimí.
Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhféadfadh moill a bheith ar otharcharranna i gcásanna nach bhfuil práinn ag baint leo agus an t-aighneas tionsclaíoch seo ar siúl.
Brící Lochtacha
Tá sé tromchúiseach nach bhfuil Scoltacha san áireamh i Scéim Cúitimh Brící Lochtacha an Rialtais, a dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir.
Chas baill Oireachtais Dhún na nGall le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na Gall inné áit ar pléadh na Scoltacha atá buailte le Brící Lochtacha agus an gá atá le tacaíocht a thabhairt daofa.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go bhfuil sé scoil déag ar fad i gceist agus gur cheart an cheist a thógáil leis an Aire Oideachais chomh maith leis an Aire Tithíochta.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go bhfuil foireann agus daltaí na scoltacha seo buailte go mór go háirithe ó thaobh struis agus meabhairshláinte de mar go bhfuil leor de na daoine seo ina gcónaí i dtithe ina bhfuil Brící Lochtacha fosta gan trácht ar na Scoltacha.
Caitríona Nic Seóin
Tá Caitríona Nic Seóin as Gleann Cholmcille ceaptha ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.
Glacann sí áit Stephen McCahill a fuair bás go tragóideach ag tús na bliana.
Tá Caitríona fostaithe ina Comhordaitheoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta agus ina Cathaoirleach ar Ghaelscoil na gCeithre Maistrí, Baile Dhún na nGall.
Ba í Edel Ní Churraoin, ball den Bhord, a mhol Caitriona Nic Seóin agus chuir Patsy Mac an Bhiocaire leis an mholadh.
Teach Tábhairne McCafferty's
Caithfear próiseas Comhairliúcháin Phoiblí a reáchtáil sula ndéanfar aon chinneadh pleanála maidir leis an síneadh mór atá beartaithe a chur le Teach Tábhairne McCafferty’s i mBaile Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae áitiúil Jimmy Brogan.
Cé go gcuireann an Comhairleoir Brogan fáilte roimh infheistíocht sa bhaile agus sa cheantar máguaird, deir sé go gcaithfear aon fhorbairt a d’fhéadfadh cur isteach ar charachtar agus ar chlú Bhaile Dhún na nGall a mheas go cúramach i gcomhairle le cónaitheoirí agus le gnólachtaí áitiúla.
Dúirt sé go bhfuil Baile Dhún na nGall ar cheann de na bailte turasóireachta is gnóthaí san Iarthuaisceart agus go bhfuil sé tábhachtach carachtar traidisiúnta an bhaile agus an t-atmaisféar ar leith atá ann faoi láthair a chosaint agus a choinneáil.
Deir an Comhairleoir Brogan go mbeidh sé ag iarraidh ag cruinniú de Cheantar Bardais Dhún na nGall Dé Máirt go reáchtálfaí comhairliúchán poiblí sula ndéanfar aon chinneadh pleanála maidir leis an iarratas seo.