15. Iasachtaí agus iasachtaíochtaí lena mbaineann ús
Grúpa  | RTÉ  | |||||
Ráta Úis  | Dáta Aibíochta  | 2020  | 2019  | 2020  | 2019  | |
%  | €’000  | €’000  | €’000  | €’000  | ||
Saoráid creidmheasa imrothlach  | Costas an iasachtóra móide corrlach  | 5 Nollaig 2024  | -  | -  | -  | -  | 
Saoráid Iasachta Téarma Amúchta  | Costas an iasachtóra móide corrlach  | 5 Nollaig 2024  | 10,000  | 5,000  | 10,000  | 5,000  | 
Iasacht tionscadail agus saoráid iasachta téarma  | EURIBOR móide corrlach  | 31 Eanáir 2026  | 55,000  | 55,000  | -  | -  | 
65,000  | 60,000  | 10,000  | 5,000  | |||
Arna anailísiú mar seo a leanas:  | ||||||
Neamhreatha  | 65,000  | 60,000  | 10,000  | 5,000  | ||
Cúrsaí  | -  | -  | -  | -  | ||
65,000  | 60,000  | 10,000  | 5,000  | |||
Ar an 6 Nollaig 2019, chuaigh RTÉ i mbun saoráid creidmheasa imrothlach le Banc na hÉireann dar luach €20 milliún chun críocha caipitil oibre. Áirítear sa chomhaontú saoráid creidmheasa imrothlaigh €10 milliún nach raibh tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2020 agus saoráid iasachta téarmaí €10 milliún a bhí tarraingthe go hiomlán amhail an 31 Nollaig 2020.
An 1 Feabhra 2019, chuaigh an Grúpa i mbun comhaontú do shaoráid iasachta do thionscadail, trína fhochuideachta 2rn, le Barclays Bank Ireland PLC agus Banc na hÉireann, i leith méid comhlán €60 milliún a raibh €55 milliún de tarraingthe amhail an 31 Nollaig 2020.
Urrús an iasachtóra – saoráid iasachta do thionscadail
Bhí ar cheann de na coinníollacha maidir leis an saoráid iasachta do thionscadail a chur ar fáil go ndéanfadh RTÉNL comhaontú gníomhais urrúis a fhorghníomhú agus urrús mar seo a leanas a chur ar fáil don iasachtóir:
a) Tailte trí cinn déag de phríomhshuíomhanna tarchuradóireachta DTT;
b) Fearas agus feisteas uile 2rn ar shuíomhanna tarchuradóireachta DTT, san am i láthair agus tráth ar bith is faide anonn;
c) Ioncam cíosa uile agus léasanna oibriúcháin uile 2rn;
d) Cearta agus sochair a bhaineann le polasaithe árachais RTÉNL;
e) Cuntas fáltais an árachais; agus
f) Gníomhais Sannacháin lena gcruthaítear sannacháin urrúis maidir le conarthaí tráchtála áirithe agus Conarthaí Tógála DTT.


