1. Bunús na Cuntasaíochta
Leagtar amach thíos liosta iomlán ár mbeartas cuntasaíochta. Cuireadh na beartais chuntasaíochta i bhfeidhm go comhleanúnach nuair a bhíothas ag déileáil le míreanna a mheastar gur míreanna ábhartha iad maidir le ráitis airgeadais an Ghrúpa agus RTÉ ach amháin i gcás na gcaighdeán nua agus na leasuithe ar na caighdeáin arna leagan amach thíos.
(a) Eintiteas tuairiscithe
Is corparáid reachtúil é RTÉ a bunaíodh faoin Acht um Údaráis Craolacháin, 1960 agus tá an chorparáid sainlonnaithe in Éirinn. Cuimsíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite RTÉ amhail an 31 Nollaig 2020 agus don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2015 comhdhéanta an chorparáid reachtúil agus gach eintiteas arna rialaíonn sé (dá dtagraítear in éineacht mar an “Grúpa”).
(b) Ráiteas maidir le comhlíonadh
Ullmhaíodh ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa de réir na gCaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna) mar a ghlac an tAontas Eorpach (AE) leo agus atá in éifeacht don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020 agus feidhmítear iad de réir fhorálacha na reachtaíochta craolacháin. Roghnaigh an Grúpa a ráitis airgeadais chomhdhlúite chomh maith le ráitis airgeadais eintitis máthairchuideachta RTÉ a chur i láthair de réir fhorálacha Acht na gCuideachtaí 2014 a mhéid agus is gá chun léiriú fíor agus cóir a thabhairt. Dá réir sin tá Ráiteas máthairchuideachta RTÉ maidir le Staid Airgeadais, Ráiteas maidir le Sreabhadh Airgid agus Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas curtha i láthair leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite freisin, mar a d’éileodh Acht na gCuideachtaí 2014 de ghnáth. Tá leasú déanta ar Ráiteas Ioncaim Grúpa RTÉ de réir mar a cheadaítear faoi Acht na gCuideachtaí 2014, Sceideal 3 Cuid II, Alt A4(5).
(c) Bunús an ullmhaithe
Ullmhaíodh ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa ar bhonn an chostais stairiúil arna mhodhnú ag an tomhas ag luach cóir na n-ionstraimí airgeadais díorthaigh agus na n-oibleagáidí sochair scoir.
I euro, airgeadra feidhmiúcháin eintitis ar fad an Ghrúpa, tugtha go dtí an míle is gaire (€000) a ullmhaíodh ráitis airgeadais an Ghrúpa.
Chun ráitis airgeadais a ullmhú de réir IFRSanna ní mór don bhainistíocht breithiúnais, meastacháin, agus boinn tuisceana a thabhairt a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú na mbeartas cuntasaíochta agus ar an líon sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus caiteachais a thuairiscítear. D’fhéadfadh torthaí iarbhír a bheith difriúil ó na meastacháin sin. Déantar na meastacháin agus na boinn tuisceana taobh thiar díobh a athbhreithniú ar bhonn leanúnach. Sa tréimhse a ndéantar na meastacháin a athbhreithniú a aithnítear na hathbhreithnithe a dhéantar chomh maith le haon tréimhse ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar acu uirthi. Le luacháil ar an scéim pinsin sochair shainithe agus le hionstraimí airgeadais a bhaineann na príomhréimsí a mbíonn breithiúnais shuntasacha nó castacht i gceist nó le réimsí a mbíonn tábhacht le breithiúnais agus meastacháin i dtaobh ráitis airgeadais an Ghrúpa agus tá cur síos orthu sna beartais chuntasaíochta ábhartha thíos agus sna nótaí bainteacha.
(d) Caighdeáin nua agus athchóirithe a ghlacadh
Ghlac an Grúpa le linn na bliana le roinnt leasuithe ar chaighdeáin an IFRS agus le léirmhínithe arna n-eisiúint ag an IASB a raibh éifeacht leo go ceann tréimhse bliana ag tosú an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh. Ar ghlacadh lei sna leasuithe agus nochtuithe, ní raibh aon tionchar ábhartha ar nochtuithe ná ar na méideanna arna dtuairisciú sna ráitis airgeadais seo.
Leasuithe ar Thagairtí maidir leis an gCreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS
Áirítear leasuithe iarmhartacha sna leasuithe ar Chaighdeáin lena mbaineann chun go mbeidh siad ag tagairt don Chreat nua. Ní dhéanann na leasaithe ar fad, áfach, na ráitis sin a uasdhátú, maidir le tagairtí do agus sleachta as an gCreatchun go dtagróidh said don Chreat Coincheapúil. Ní nuashonraítear roinnt ráiteas ach chun an leagan den Chreat a bhfuiltear ag tagairt dóibh a thabhairt le fios (Creat IASC ar ghlac an IASB leis in 2001, Creat IASB na bliana 2010, nó Creat na bliana 2018 a leasaíodh le déanaí) nó chun a thabhairt le fios nach bhfuil sainmhínithe sa Chaighdeán uasdhátaithe leis na sainmhínithe nua a forbraíodh sa Chreat Coincheapúil leasaithe. Is iad na Caighdeáin IFRS 2, IFRS 3, IFRS 6, IFRS 14, IAS 1, IAS 8, IAS 34, IAS 37, IAS 38, IFRIC 12, IFRIC 19, IFRIC 20, IFRIC 22, agus SIC-32 atá leasaithe. Níl aon tionchar ábhartha ar an nGrúpa maidir leis an gcaighdeán seo a ghlacadh.
Leasuithe ar IFRS 3 Sainmhíniú ar ghnó
Soiléirítear leis na leasuithe, cé go mbíonn aschuir ag gnónna de ghnáth, nach bhfuil gá le haschuir do shraith chomhtháite gníomhaíochtaí agus sócmhainní chun bheith incháilithe mar ghnó. Chun aitheantas a fháil mar ghnó ní mór ar a laghad ionchur agus próiseas substainteach a chuireann, le chéile, go mór le cumas aschuir a chruthú a bheith san áireamh i sraith gníomhaíochtaí agus sócmhainní faighte. Baineann na leasuithe an measúnú cibé an bhfuil nó nach bhfuil rannpháirtithe sa mhargadh ábalta ionchuir nó próisis a chur in áit aon ionchuir nó próisis atá ar iarraidh agus leanúint d’aschuir a thairgeadh. Tugtar isteach treoir bhreise leis na leasuithe sin freisin a chuidíonn a shocrú cibé an bhfuil nó nach bhfuil próiseas substainteach faighte. Tugtar isteach tástáil chomhtháite roghnach leis na leasuithe a cheadaíonn measúnú simplithe a dhéanamh ar cibé an ionann sraith gníomhaíochtaí agus sócmhainní faighte agus gnó nó nach ea. Faoin tástáil chomhtháite roghnach, ní hionann sraith gníomhaíochtaí agus sócmhainní faighte agus gnó má tá luach cóir na sócmhainní comhlána comhtháite den chuid is mó i sócmhainn inaitheanta aonair nó i ngrúpa de shócmhainní den chineál céanna. Cuirtear na leasuithe i bhfeidhm go hionchasach ar gach cónasc gnó agus fáil sócmhainní arb ionann dáta na fála agus an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh. Níl aon tionchar ábhartha ar an nGrúpa maidir leis an gcaighdeán seo a ghlacadh.
Leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8 Sainmhíniú ar ábhar
Déanann na leasuithe níos éasca é ábhar in IAS 1 a thuiscint agus níl sé i gceist leo athrú a dhéanamh ar an mbunchoincheap a bhaineann le hábharthacht sna Caighdeáin IFRS. Tá an coincheap eolas ábhartha a dhéanamh ‘doiléir’ le heolas neamhábhartha áirithe mar chuid den tsainmhíniú nua. Tá an tairseach d’ábharthacht a imríonn tionchar ar úsáideoirí athraithe ó d’fhéadfadh tionchar a imirt’ go ‘go bhféadfaí le réasún a cheapadh go mbeadh tionchar acu’. Tá tagairt don sainmhíniú maidir le hábhar in IAS 1 curtha in ionad an tsainmhínithe maidir le hábhar in IAS 8. Chomh maith leis sin rinne an IASB leasuithe ar Chaighdeáin eile agus ar an gCreat Coincheapúil ina bhfuil sainmhíniú ‘d’ábhar’ nó ina bhfuil tagairt don téarma ‘ábhar’ chun seasmhacht a chinntiú. Níl aon tionchar ábhartha ar an nGrúpa maidir leis an gcaighdeán seo a ghlacadh.
(e) Caighdeáin atá eisithe ach nach bhfuil éifeacht leo fós
Níl éifeacht fós le roinnt caighdeán nua, leasuithe ar chaighdeáin agus léirmhínithe agus níor cuireadh i bhfeidhm iad is na ráitis airgeadais seo á n-ullmhú. Níl i gceist ag an nGrúpa na caighdeáin seo a chur i bhfeidhm roimh an am; déanfar, ina ionad sin, iad a chur i bhfeidhm ón dáta éifeachta de réir mar a shocraítear sin i gcomhréir le dáta a n-aontú ag an AE. Áirítear orthu sin:
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
| Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB |
Ní dóigh leis na stiúrthóirí go mbeidh tionchar ábhartha ag glacadh na gcaighdeán atá liostaithe thuas ar ráitis airgeadais an Ghrúpa sna tréimhsí amach anseo.