RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Daoine Óga

Chomh maith le sraitheanna a bhí tarraingteach agus oideachasúil a chur ar fáil sa bhliain 2021, léirigh muid freisin cláracha faisnéise, sraitheanna siamsaíochta, podchraoltaí, beochan, ábhar a bhaineann le healaín agus cultúr, nádúr, spórt, athrú aeráide agus fiú scileanna marthanais do na dreamanna níos óige den lucht féachana, agus iad ar fad le feiceáil ar na hardáin éagsúla agus ar éileamh.

Chuir muid romhainn in 2021 freisin é a dhéanamh níos éasca teacht ar ár n-ábhar. Bhí ár dtairseach oideachais www.rte.ie/learn/ ina hacmhainn a bhféadfadh páistí agus múinteoirí araon brath air i gcónaí agus bhí os cionn 1.6 milliún amharc leathanaigh aige sa bhliain 2021.

Sheol muid suíomh gréasáin úrnua do leanaí www.rte.ie/kids - ionad ilfhreastail dár n-ábhar ar fad – dhá chainéal nua YouTube, RTÉ Kids agus RTÉjr, agus chuir muid réimse leathan podchraoltaí, a bhuaigh duaiseanna, ar fáil dár n-éisteoirí óga le taitneamh a bhaint astu.

Ag Nascadh trí Fhor-rochtain

Sheol muid This Is Art!, comórtas náisiúnta don ealaín dhigiteach, i gcomhar leis an gClár Éire Ildánach. Ba é an téama ná ‘This is Now’ agus bhí breis agus 10,000 iontráil ann ar deireadh.

Ina dhiaidh sin tháinig Ireland’s Future Is Mine, i gcomhar le Minecraft Education Edition agus Dream Space TV. Thug an comórtas bunscoile seo, a raibh fáil air ar fud na tíre, an dúshlán do na páistí todhchaí níos inbhuanaithe d’Éirinn a fhiosrú agus a thógáil agus úsáid á bhaint acu as Minecraft mar uirlis.

RTÉ Kids (TRTÉ)

Ag tús na bliana nua agus dúnadh na scoileanna amach romhainn, d'fhreagair RTÉ le Home School Hub 2021, rud a thug na múinteoirí is ansa libh agus an fhoghlaim spraíúil isteach sna seomraí suí gach aon lá, go dtí gur tugadh cead do na páistí filleadh ar na seomraí ranga.

I mí Mheán Fómhair 2021, chuir RTÉ Kids fáilte chuig ár scáileáin roimh an réalta popcheoil idir-réaltrach Nova Jones agus criú an Jefferson. Chuaigh an tsraith dochreidte seo, a chruthaigh Jam Media agus a comhléiríodh le CBBC i gcion go mór ar an lucht féachana ón gcéad lá agus tá muid ag súil le rudaí iontacha ó Nova agus ón gcriú in 2022.

Díreach in am d'Oíche Shamhna, thaispeáin muid A Breath of Fresh Scare ar an scáileán, seacht scannán a mhaireann dhá nóiméad an ceann a chruthaigh seacht gcuideachta beochana as Éirinn atá thar a bheith cumasach. Tá fáil orthu seo ar an RTÉ Player.

Clár úrnua le haghaidh RTÉ Kids ab ea an tsraith cheannródaíoch ealaíne/beochana de chuid Will Sliney, Storytellers. Mhúin an tsraith seo d'ealaíontóirí óga an chaoi gur féidir le peann luaidhe an tsamhlaíocht a spreagadh, trí cheachtanna líníochta a nascadh le scéal beochana faoi dhéantóir léarscáile óg de chuid na Lochlannach, Freya, nach féidir faitíos a chur uirthi.

Bhí teaghlaigh gleoite na n-ainmhithe fionnaidh is ansa linn ar ais agus iad ag breathnú ar chláracha faisnéise faoin dúlra ar Critters TV, sraith ghreannmhar lán le spraoi agus deiseanna foghlama don teaghlach ar fad.

Bhí Royals Next Door le feiceáil den chéad uair ar RTÉ freisin. Sa tsraith grinn seo atá dírithe ar pháistí 7 - 12 bliana d'aois bhuail muid leis an mBanphrionsa Ríoga, Stella agus a teaghlach atá díreach tar éis bogadh óna gcaisleán go dtí gnáth-bhruachbhaile, agus i mí na Samhna sheol muid Bush Kids ar fud ár gcainéil agus muid ag leanúint ceithre theaghlach go dtí ceithre ghnáthóg dhúshlánacha agus iad ag foghlaim le soláthar dóibh féin gan fóntais.

Bhain pléisiúr leis an Nollaig do gach duine ar RTÉ Kids. Bhí an-áthas orainn oibriú i gcomhar le Junk Kouture d’fhonn an Junk Kouture Grand Final a chur i láthair, fíorcheiliúradh ar an gcruthaitheacht, an inbhuanaitheacht agus an ghalántacht.

Chuir foireann Ace My Space, Tailored Films, dhá eipeasóid iontach nuamhaisiú Nollag ar fáil do dhá ghrúpa pobail a raibh sé tuillte go maith acu. Ar dtús d'athraigh siad an Reco i mBaile Munna isteach ina fhíor Chlúid Zen, sular iompaigh siad Club Óige Lee Heights i Loch Garman isteach ina fhíor Mhol Caitheamh Aimsire.

Le haghaidh Oíche Nollag choinnigh muid leis an gceol tíre agus muid ag bualadh leis an gcéad ghlúin eile de Nathan Carters agus Cliona Hagans i scannán speisialta, Kids’ Country Christmas a léirigh Ronin Films, agus an sméar mhullaigh Home School Hub: A Christmas Cracker a thug deis dúinn an bhliain a chríochnú mar a thosaigh muid í, agus foireann Home School Hub a thabhairt le chéile sa cheiliúradh iontach seo ar Fhéile na Nollag.

RTÉjr

Thairg RTÉjr meascán iontach d’aicsean agus beochan beo don lucht féachana idir 0-6 bliana d'aois agus cuid de na cláracha is fearr linn ag filleadh, chomh maith le roinnt sraitheanna úrnua don dream is óige den lucht féachana.

Bhí Mya Go chalma ar ais linn lena dearcadh 'is féidir liom’ i sraith úrnua i mBéarla agus i nGaeilge.

Cuireadh Bóin agus Beach/LadyBird & Bee i láthair den chéad uair ar RTÉjr i mí an Mhárta agus níl bealach níos fearr le tús a chur leis an earrach ná leis an dá ainmhí beag is deise dá bhfaca tú riamh.

I mí Mheán Fómhair 2021, bhuail muid le Alva agus a teaghlach den chéad uair in Alva's World, sraith bheochan atá tábhachtach, greannmhar agus tarraingteach agus a bhfuil acmhainní ar líne ag dul leis a dhéanann iniúchadh ar an gcaoi le fanacht sábháilte agus spraoi a bheith agat ar líne.

Bhí Let's Find Out ar ais ar na scáileáin le sraith úrnua agus láithreoir úrnua, Amy Hassett, do Sheachtain na hEolaíochta ar RTÉ i mí na Samhna 2021. D'fhill Zoom agus Mark freisin chun cuid de na ceisteanna eolaíochta is deacra dá bhfuil ann a fhreagairt agus chuaigh na turgnaimh iontacha go mór i bhfeidhm orainn.

Chuir muid clabhsúr leis an mbliain ar RTÉjr le Adam Saves Christmas, scéal croíúil ina gcaithfidh Adam, Speedy, Bubby agus Zuzu a oibriú amach cad atá mícheart leis na Gealáin Thuaidh nó ní bheidh Daidí na Nollag in ann a chuid bronntanas a thabhairt do na páistí ar fad ar fud an domhain.

Raidió agus Podchraoltaí RTÉjr

Bliain an-ghnóthach eile ab ea 2021 mar a bhain le hábhar éisteachta do pháistí agus RTÉjr Radio ag leanúint de bheith ag craoladh 14 uaire ina aghaidh an lae, in ainneoin go raibh ár gcuid DJanna ar fad ag taifeadadh go cianda.

Nuair a tharla an dara dianghlasáil bhí gá le tuilleadh ábhar oideachais ar ardchaighdeán, agus d’éirigh linn é seo a dhéanamh ar an stáisiún agus ar líne araon, leis an bpodchraoladh Home School Hub, lena n-áirítear Maths Matters, Five Word Fun agus Big Kid’s Quiz, a mbíonn an-tóir air, ag tabhairt na seachtaine chun críche.

Leathnaigh muid amach ár seinnliosta chun seánraí níos éagsúla a chur san áireamh le Fizzwhizzle agus Musical Chairs agus chuir muid DJanna nua ar ár sceideal. In DJ for a Day, ár seó ceoil seachtainiúil, cuirtear páistí i gceannas ar roghnú an cheoil agus mar thoradh air sin ghlac na páistí seilbh iomlán ar Lá Domhanda na Leanaí i mí na Samhna agus bhí líon na n-éisteoirí ardaithe faoi ocht fad is a mhair sé.

Ainmníodh RTÉjr Radio mar Stáisiún na Bliana sna CMAanna, bronnadh duais ar an gcainéal sa chatagóir drámaíochta ag Gradaim IMRO le haghaidh Emperor’s New Duds agus bhuaigh Ecolution bonn airgid sa chatagóir don phodcraoladh is fearr don dara bliain as a chéile.

Agus bhí podchraoladh i gcroílár ár bpleananna don bhliain 2021 nuair a seoladh That's Animal le Zú Bhaile Átha Cliath, ár seó peile a láithríonn páistí, Two Halves, Adventures of a Young Pirate Queen, Maddie agus Triggs, a rinneadh leis an NCBI, agus nuair a leanadh ar aghaidh le sraitheanna de We Love Books, Mothertongues agus Ecolution.

Ní raibh againn sa bhliain 2019 ach fotha amháin, anois tá 16 sraith á bpodchraoladh againn.