RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Drámaíocht agus Greann

Toisc gur tháinig méadú suntasach ar shíntiúis sruthú SVOD in Éirinn le linn 2020 agus 2021, ba ghá do RTÉ cur le méid agus caighdeán an ábhair a mbíonn script leis. Tá an drámaíocht agus an greann a bhfuil script leis i gcroílár na seirbhísí sruthaithe, agus tá méadú tagtha ar an sciar den lucht féachana atá acu mar gheall go ndearnadh an oiread sin ábhar a choimisiúnú.

Ina theannta sin is iad an drámaíocht agus an greann bunaithe ar script na seánraí is costasaí le táirgeadh, de bharr go mbíonn lear mór daoine cumasacha le fostú idir scríbhneoirí, stiúrthóirí, aisteoirí agus teicneoirí ceardaíochta. In 2021, rinneadh trí shraith shuntasacha drámaíochta a choimisiúnú, Kin, Hidden Assets agus Smother. D’éirigh thar barr leis na trí shraith, agus bhain siad lucht féachana suntasach amach ar an teilifís agus ar an RTÉ Player. Go deimhin féin, de réir mar atá an lucht féachana ag aistriú go dtí amharc ar éileamh, is í an drámaíocht bunaithe ar script an príomhsheánra anois agus tá an raon is fairsinge aici chomh fada agus a bhaineann le patrúin féachana.

Rinneadh gach dráma de chuid RTÉ a léiríodh in 2021 i gcomhar le príomh-chomhpháirtíochtaí. Chuidigh Fís Éireann leis na trí cinn acu, chabhraigh ciste WRAP le Smother a mhaoiniú, agus chinntigh dream idirnáisiúnta dála BBC Studios, Bron Studios, Acorn agus DCD go ndearnadh na drámaí agus dhíol siad iad ar fud an domhain.

Lean Fair City de bheith ag ceann an tslua mar dhráma a d’oibrigh laistigh de threoirlínte an rialtais maidir leis an bpaindéim. Agus na léiriúcháin ag cloí le prótacail dhiana ó thaobh scaradh sóisialta, caitheamh masc agus tástáil PCR don fhoireann agus don chriú, d’éirigh le Fair City, mar sin féin, scéalta láidre a chur i láthair le linn 175 eipeasóid a mheall meánsciar 26.1% agus 3.4 milliún sruth ar an RTÉ Player. Cuireadh bailchríoch ar scéal ‘Will agus Cristiano’ nuair a fuair Will bás agus nuair a cuireadh an milleán ar Ger, tugadh an lucht féachana isteach i snáitheanna scéil eile, le tacaíocht ón bhfeachtas bolscaireachta ‘Unlock The Drama’ a bhí ar siúl i mí Lúnasa. Is é an toradh air seo go raibh an seó ag feidhmiú ag leibhéal níos fearr ná mar a bhí i 2019 agus 2020 sa dara leath den bhliain. D’fhill Lucy Mallon agus rinne sí léirscrios ar an bpobal, chuir Pól agus Orla tús le caidreamh corrach, bhí baint ag Zac le saol dearóil na ndrugaí agus cuireadh tús le plota chun go ndéanfadh buama loiscneach Carol’s Cabs a scrios.

Craoladh Smother, scéinséir sé chuid atá suite i gContae an Chláir agus a léirigh Treasure Entertainment i gcomhpháirtíocht leis an BBC, ar RTÉ One, idir an Domhnach an 7 Márta agus an Domhnach an 11 Aibreán ag 9:30pm. Ba é Dathaí Keane a bhí i mbun stiúrtha ar an scéinséir seo agus ba iad Kate O’Riordan, Tom Farrelly, Daniel Cullen agus Ursula Rani Sami a scríobh é. Bhí sé dírithe ar mhatrarc mhuintir Ahern, Val Ahern, agus a triúr iníonacha agus iad ag iarraidh réiteach a fháil ar an mistéir a bhain le bás fhear céile Val, Dennis, a maraíodh nuair a thit sé oíche a raibh cóisir ar siúl sa teach acu. Tá na príomhpháirteanna ag Dervla Kirwan, Gemma-Leah Devereux, Niamh Walsh, Seána Kerslake agus Stuart Graham. D’éirigh le Smother sciar 31.2% agus 453,000 lucht féachana ar an meán a bhaint amach i rith a shéasúir agus os cionn 500,000 sruth in 2021 ar an RTÉ Player. Tá Smother díolta cheana féin le Peacock i SAM agus le Alibi sa Ríocht Aontaithe.

Dhírigh an tsraith ocht gcuid, Kin, a craoladh Dé Domhnaigh an 9 Meán Fómhair 2021 ag 9:30pm ar RTÉ One ar mhuintir Kinsella, dream atá sáite i saol na coiriúlachta i mBaile Átha Cliath. D’éirigh go maith leis ó thaobh rátaí lucht féachana de, áit ar bhain sé amach sciar 44.6% don tsraith agus os cionn 2.7 milliún sruth ar an RTÉ Player. Ba iad Bron Studios i bpáirt le Headline agus Metropolitan Films a d’fhorbair agus a léirigh Kin, agus tugtar mionléargas ann ar an saol atá ag an teaghlach coireachta de mhuintir Kinsella agus an cath atá á throid acu, dála Dháiví agus Ghóiliat, i gcoinne an chairtéil idirnáisiúnta, de mhuintir Cunningham, atá in iomaíocht leo. Tá buntáiste mór ag muintir Kinsella, áfach, is é sin an nasc fola agus teaghlaigh nach féidir a bhriseadh: tá gaol acu le chéile. Ba é Peter McKenna a scríobh Kin, a bhfuil lear mór aisteoirí cumasacha de chuid na hÉireann agus aisteoirí éirimiúla idirnáisiúnta le feiceáil ann agus ba iad Diarmuid Goggins agus Tessa Hoffe a stiúir é. Áiríodh ar an bhfoireann aisteoireachta Charlie Cox, Clare Dunne, Aidan Gillen, Emmett J. Scanlan, Maria Doyle Kennedy, Sam Keeley agus Ciarán Hinds, agus tugadh isteach aisteoirí cumasacha nua ar nós Yasmin Seky agus Cian Fitzsimons. Díoladh an tsraith roimh ré le AMC + ina chuid críocha ar fad lena n-áirítear Meiriceá Thuaidh, an Ríocht Aontaithe agus an Astráil, agus le Viaplay sna críocha Lochlannacha ar fad. Díoladh é le déanaí freisin le NPO, craoltóir poiblí na hÍsiltíre.

Is scéinséir coiriúil idirnáisiúnta sé chuid é Hidden Assets agus ba iad Siobhan Bourke, Kathryn Lennon agus James Mitchell ó Saffron Pictures a léirigh é leis na comhpháirtithe infheistíochta, Screen Flanders, Streamz agus Mediafonds sa Bheilg, Facet 4 i gCeanada agus Acorn. Ba é DC an comhpháirtí dáilte idirnáisiúnta. Craoladh Hidden Assets ar an Domhnach an 7 Samhain 2021 ag 9:30pm ar RTÉ One agus bhí beirt bhanaisteoirí le feiceáil sna príomhpháirteanna agus iad sáite i scéinséir casta síceolaíoch – casann an bleachtaire de chuid CAB (Emer Byrne) agus banoidhre Éireannach (Bibi Brannigan) ar a chéile i gcroílár comhcheilg idirnáisiúnta airgeadais agus pholaitiúil. Thug foireann aisteoirí Hidden Assets, a ndearnadh scannánú air ar an láthair i Luimneach agus in Antuairp, le chéile sár-aisteoirí de chuid na hÉireann amhail Angeline Ball, Simone Kirby, Peter Coonan, Aaron Monaghan agus Cathy Belton, chomh maith leis na haisteoirí Beilgeacha Wouter Hendrickx agus Gilles De Schryver agus beirt a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu, Charlie Carrick agus Michael Ironside. Bhain an scéinséir seo sciar foriomlán sraithe 34% agus 486,000 lucht féachana amach. Faoin 19 Nollaig, bhíothas tar éis é a shruthú 598,000 uair ar an RTÉ Player. Ba iad Peter McKenna agus Morna Regan a scríobh é agus ba iad Thaddeus O’Sullivan agus Kadir Balci a bhí i mbun stiúrtha. Tá Hidden Assets díolta cheana féin leis an BBC agus le SBS, craoltóir poiblí na hAstráile. Ar an Domhnach an 15 Eanáir, tar éis do eipeasóid 1 agus 2 a bheith craolta ar BBC4, bhain sé os cionn 2 mhilliún sruth amach ar an BBC iPlayer.

De bharr gur éirigh chomh maith le séasúr 1 de Smother choimisiúnaigh RTÉ an dara séasúr den chlár.

Ag teacht in 2022

Bhí an scannánaíocht le haghaidh North Sea Connection ar siúl idir Deireadh Fómhair agus Nollaig 2021 i nGaillimh agus tá iarléiriú á dhéanamh air. Rinneadh an scannánaíocht ar an tsraith seo, atá ina shé chuid, agus Conamara mar chúlra aige, agus léirigh Mopar Media agus Tristan Orpen Lynch ó Subotica é le hinfheistíocht ó Mopar, Viaplay agus A + E International. Tá North Sea Connection bunaithe ar theaghlach Kenny, a bhí ag iascaireacht ar chósta thiar na hÉireann leis na glúnta. D’fhéadfadh sé gurb í Ciara, an té is óige acu, an duine deireanach a dhéanfaidh amhlaidh. Nuair a chuireann a deartháir Aidan saol an teaghlaigh i mbaol trí aontú faoi rún go gcuideoidh sé le drugaí a thabhairt i dtír ón bhfarraige ar mhaithe lena chuid fiacha a ghlanadh, is ar Ciara a thiteann an cúram an cairtéal Nordach a mhealladh agus bealach a aimsiú le go bhféadfaidh muintir Kenny fanacht beo. Ba iad Mark Greig, Francesca Harris agus Conor Keane a scríobh é agus bhí Paul Murphy agus Hannah Quinn i mbun stiúrtha. Tá réaltaí de chuid na hÉireann le feiceáil ann amhail Sinéad Cusack, Kerr Logan, Lynn Rafferty, Lydia McGuinness agus Stuart Graham chomh maith leis na haisteoirí Sualannacha a bhfuil ardcháil orthu, Alida Morberg agus Claes Ljungmark. Tá sé i gceist go mbeadh North Sea Connection á chraoladh ar RTÉ in 2022.

Éireoidh an mórthionscnamh forbartha de chuid RTÉ, Storyland níos mó fós in 2022. I gcomhpháirtíocht le Fís Éireann, agus níos mó infheistíochta aige ná mar a bhí riamh cheana, craolfar é ar RTÉ2 chomh maith leis an RTÉ Player. Fuaireamar 204 aighneacht i mbliana agus rinne ceathrar léitheoirí seachtracha chomh maith le rannóg drámaíochta RTÉ measúnú orthu ionas go raibh 15 thionscadal ar ghearrliosta le cur faoi agallamh. Roghnaíodh ocht gcinn le dul i mbun forbartha agus astu sin déanfar trí cinn a léiriú. Craolfar iad seo i bhfómhar na bliana 2022.

In 2021, cuireadh tús leis an léiriúchán ar an gcéad shraith de The Dry, dráma grinn úrnua ocht gcuid ó Element Pictures. Ba í an scríbhneoir Éireannach Nancy Harris a scríobh é agus insíonn sé scéal Shiv, a thagann ar ais as Londain, áit a raibh sí ag ól i bhfad an iomarca. Bogann sí ar ais abhaile chuig a teaghlach i mBaile Átha Cliath chun ‘triomú amach’, agus í den tuairim go gcabhróidh gnáth stíl mhaireachtála, nach mbeidh chomh craiceáilte, léi. Mar a tharlaíonn, áfach, níl an teaghlach a shíl sí a bheith stuama mar a shamhlaigh sí agus tá a chuid fadhbanna féin ag gach aon duine acu. Is comhléiriú é The Dry idir RTÉ agus Britbox sa Ríocht Aontaithe agus fuair sé tacaíocht ó de chuid an BAI, Fuaim agud Fís, agus ó Fhís Éireann.

Tá Element Pictures freagrach freisin as Conversations with Friends, an chéad úrscéal de chuid Sally Rooney. Cuireadh tús leis an scannánaíocht in earrach na bliana 2021 ionas go mbeadh sé réidh le craoladh in 2022. Comhléiriúchán de chuid an BBC agus Hulu i gcomhar le RTÉ atá ann, agus dála Normal People 12 x eipeasóid leathuair an chloig a bheidh i gceist. Mar a tharla i gcás an úrscéil, díríonn sé ar cheathrar príomhcharactar, Frances agus Bobbi, seanchairde scoile a bhí ina leannáin tráth, ach atá anois ag staidéar i gColáiste na Tríonóide, agus an lánúin phósta Melissa agus Nick, iriseoir agus aisteoir. Baineann an dráma leis an gcaoi a bhfuil saol na gcarachtar seo fite fuaite ina chéile. Ba iad Alive Birch agus Sally Rooney a scríobh é agus bhí Lenny Abrahamson agus Leanne Welham i mbun stiúrtha. Dála Normal People, ba chóir go n-aimseodh an tsraith a lucht féachana féin, ní hamháin ar an teilifís, ach ba cheart go mbeadh líon mór ag féachaint aige ar an RTÉ Player, go háirithe an lucht féachana níos óige.

d’fhill The Tommy Tiernan Show le haghaidh an cúigiú sraith. Mheall sé lucht féachana mór arís le hagallaimh a bhíonn thar a bheith barrúil i gcónaí agus a bhíonn an-tochtmhar go minic.

Greann

Déanann RTÉ réimse éagsúil d’ábhar grinn a fhorbairt agus a léiriú ar fud an iliomad ardán. Chomh maith leis na príomh-shraitheanna ar nós The Tommy Tiernan Show, Mrs Brown’s Boys, The Young Offenders agus Callan Kicks The Year, táimid tiomanta d’fhorbairt a dhéanamh ar ghuthanna nua coiméide, ar nós Joanne McNally agus Doireann Garrihy.

Is é an straitéis atá againn maidir le léiriú an ábhair grinn a bhfuil script leis ná comhpháirtithe idirnáisiúnta a lorg, rud a thugann deis dúinn ár n-infheistíocht a ghiaráil agus, thar aon ní eile, tallann na hÉireann a chur chun cinn agus a nochtadh do lucht féachana idirnáisiúnta agus don margadh idirnáisiúnta (The South Westerlies, The Young Offenders).

Tá tacaíocht á tabhairt i rith an ama do chláracha grinn a bhfuil script leo agus tá roinnt tionscadal nua á bhforbairt go leanúnach. Ina theannta sin, seoladh ár scéim forbartha don ábhar grinn i gcomhpháirtíocht le Fís Éireann in 2021.

Tá ag éirí le cláracha grinn dul i gcion ar ár lucht féachana ar an RTÉ Player chomh maith. Ba iad an tsraith is déanaí de The Doireann Project agus an sárchlár úrnua ó Darren Conway, Free Gaff, na cláracha de chuid RTÉ Player Originals ba mhó a raibh sruthú déanta orthu in 2021.

Ar RTÉ One d’fhill The Tommy Tiernan Show le haghaidh an cúigiú sraith. Mheall sé lucht féachana mór arís le hagallaimh a bhíonn thar a bheith barrúil i gcónaí agus a bhíonn an-tochtmhar go minic. Mar a tharla riamh anall, ní bhíonn tuairim dá laghad ag Tommy cé a thiocfaidh chuige mar aoi. Cuireann sé daoine aitheanta chomh maith le daoine a bhfuil taithí saoil spéisiúil acu faoi agallamh ina stíl uathúil féin.

Anuas air sin, toisc gur éirigh chomh maith sin lena chlár speisialta Nollag, rinne RTÉ Comedy sraith sé chuid a choimisiúnú ó Oliver Callan. Is éard a bhí i Callan Kicks the Years ná iniúchadh i bhfoirm aoir ar chuimhní agus ar théamaí suntasacha a bhain le stair na hÉireann ag dul siar céad bliain. Ina dhiaidh sin rinneadh athbhreithniú aorach speisialta, a mhair uair an chloig, ar an mbliain 2021, ina raibh ionchur ó na carachtair de chuid Oliver is mó a mbíonn tóir orthu ó shaol na polaitíochta, na siamsaíochta agus ón saol poiblí.

I gcúrsaí grinn ar RTÉ2 seoladh seó nua grinn a bhí painéalbhunaithe. Agus é á léiriú faoi shrianta COVID-19, ba shraith nua formáidithe é Clear History, arna chur i láthair ag Kevin McGahern agus Joanne McNally, agus á léiriú ag Kite Entertainment. Chuaigh daoine cumasacha nua ó ardáin na meán sóisialta in éineacht le tráchtairí níos seanbhunaithe chun a shocrú cén chuid de na tréimhsí náireacha i stair na hÉireann ba chóir a scriosadh.

Tá RTÉ ag tacú ar bhonn leanúnach le geandrámaíocht de chuid na hÉireann agus ag forbairt ábhar a bhfuil script leis agus ábhar neamh-scripte araon. In 2021 seoladh an tionscnamh New Talent a bhí dírithe go sonrach ar ghuthanna grinn a bhfuil gealladh fúthu. Craolfar an t-ábhar a thiocfaidh ón scéim seo in 2022.