RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Siamsaíocht agus Ceol
Bhí ábhar agus cláracha siamsaíochta RTÉ lárnach mar a bhain leis an misean de chuid RTÉ lucht féachana a mhealladh i mbliain dheacair eile faoi scáth Covid-19.
Cuireadh tús maith leis an mbliain le sraith rathúil eile de Ireland’s Fittest Family. Bhain an clár seo don teaghlach, a bhfuil an-tóir air, lucht féachana mór amach agus tá sé ar cheann de na formáidí siamsaíochta is láidre de chuid RTÉ. Bhí go leor imeachtaí nua agus spreagúla le feiceáil sa tsraith, chomh maith le teaghlaigh inspioráideacha agus ár gcóitseálaithe tiomanta a thugann tacaíocht dár n-iomaitheoirí iontacha agus a spreagann iad.
Lean The Late Late Show de bheith ag insint scéalta de chuid na hÉireann agus an comhrá náisiúnta á óstáil aige in Éirinn a bhí an-difriúil. Tráth a raibh an lucht féachana stiúideo ar iarraidh ar feadh píosa maith den bhliain agus cuid mhaith de shaol na n-ealaíon agus na siamsaíochta dúnta, d’éirigh le The Late Late Show an-léargas go deo a thabhairt ar obair na hearnála carthanais.
Le linn 2021, bhronn an lucht féachana os cionn €6.8 milliún ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear féinmharú a chosc, taighde ar ailse agus easpa dídine. D’fhill The Toy Show Appeal don dara bliain agus dhaingnigh sé é féin mar chuid de Late Late Toy Show eile ar éirigh thar barr ar fad leis, agus €6.6 milliún eile bailithe chun cabhrú le feabhas a chur ar shaol leanaí ar fud na hÉireann.
Clár speisialta a mhair uair an chloig a bhí in St. Patrick’s Celebration agus coimisiúnaíodh é in ionad an chlúdach a dhéanann RTÉ ar mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig, mórshiúl a cuireadh ar ceal in 2021. Thug an clár léargas níos leithne ar léiriúcháin, mórthaibhseachtaí, agus seónna na Féile Pádraig, agus imeachtaí siamsaíochta lasmuigh ó gach cearn den tír le feiceáil a bhí cruthaitheach, fíorálainn le breathnú orthu agus úrnua.
In 2021 tháinig sraith thráth na gceist siamsaíochta, a bhí nua-choimisiúnaithe agus dírithe ar theaghlaigh, Home Advantage, chuig RTÉ One agus é á chur i láthair ag Jennifer Zamparelli. Bhain an seó tráth na gceist nuálach Éireannach seo tairbhe as na srianta a bhain le COVID-19 agus teaghlaigh san iomaíocht óna dtithe féin.
Cuireadh fearadh na fáilte roimh Last Singer Standing, seó cluiche amhránaíochta nuafhorbartha ocht gcuid. Bhí sé á chur i láthair ag Nicky Byrne agus chuir na hiomaitheoirí croí agus anam ina gcuid amhránaíochta agus iad ag iarraidh an eipeasóid dheiridh a bhaint amach, agus deis an duais mhór airgid a bhuachan agus a bheith ar an Last Singer Standing.
Ceiliúradh ar Chumas Phearsana Aitheanta agus Phearsana Nua
Thug The Heart of Saturday Night, a chuir Loah agus thug Úna Healy i láthair, poiblíocht thábhachtach ar an teilifís do go leor ceoltóirí cumasacha aitheanta agus do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn i saol an cheoil in Éirinn. Agus é á léiriú ag South Wind Blows, thug an seó seo fíorscoth na gceoltóirí as Éirinn le chéile le haghaidh seisiúin cheoil spleodracha, agus ina measc siúd bhí go leor ceoltóirí nár sheinn ar an stáitse ó thús na paindéime. Chuir Irish Women in Harmony, Mick Flannery, The Saw Doctors, Soda Blonde, Niamh Regan, Rhiannon Giddens agus go leor eile siamsaíocht ar fáil don lucht féachana ó thimpeallacht álainn an tSeomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara.
Le teacht an fhómhair bhí formáid nua ann le haghaidh oíche Dé Sathairn ar RTÉ One, nuair a thug Ask Me Anything le Angela Scanlon léargas ar thaobh an-difriúil de go leor de na haíonna cáiliúla. De bharr na dtreoirlínte a bhain le Covid níor ligeadh ach lucht féachana beag isteach sa stiúideo, ach thug an seó, ar cuireadh moill 18 mí air mar gheall ar an bpaindéim, léargas siamsúil ar rogha éagsúil agus eicléictiúil d’aíonna agus iad faoi choimirce Angela Scanlon, a bhí ag cur seó dá leithéid seo i láthair den chéad uair ar RTÉ.
I Nollaig 2021 tháinig seó nua siamsaíochta, Big Night In chugainn. Thug na láithreoirí Dermot Whelan agus Doireann Garrihy uair an chloig úr dúinn lán le cleasa fíorghreannmhara ó dhaoine cáiliúla, cluichí stiúideo agus ábhair iontais don lucht féachana.
Aontaithe sa Cheol
Is é cur chun cinn na gceoltóirí cumasacha de chuid na hÉireann an príomhchuspóir atá leis na cláracha ceoil ar RTÉ One agus ar RTÉ2. In 2021, d'fhill Other Voices dá 19ú sraith agus é an-difriúil. Cé go ndearnadh an scannánú faoi shrianta Covid, taobh thiar de dhoirse dúnta, bhí an chuid is fearr de cheol na hÉireann le cloisteáil in Eaglais Naomh Shéamais sa Daingean mar sin féin. Ghlac cuid de na healaíontóirí is fearr in Éirinn, lena n-áirítear Denise Chaila, Hozier agus Damien Dempsey, páirt sa tsraith deich gcuid seo.
D’fhill an clár The RTÉ Choice Music Prize Highlights chuig RTÉ2 chun ceiliúradh a dhéanamh ar na hainmnithe agus le buaiteoirí Albam Éireannach na Bliana agus Amhrán na Bliana a fhógairt. Mar gheall ar na srianta, rinneadh an ócáid seo, a thagann beo de ghnáth ó Vicar St i mBaile Átha Cliath, a chomhchraoladh ar RTÉ 2fm agus ar an RTÉ Player, agus tháinig na léirithe ó Stiúideonna Lána an Mhuilinn Ghaoithe i mBaile Átha Cliath. D'fhógair Adam Clayton go raibh Albam Éireannach na Bliana buaite ag Denise Chaila.
RTÉ 2fm
Agus roinnt solais a raibh géarghá leis á shoilsiú ar shaol nua an cheoil in Éirinn laistigh de dhorchadas an gheimhridh agus Covid, chuir 2fm Rising lucht féachana ar an eolas i dtaobh ceoltóirí nua den scoth ar nós Shane Codd, Gemma Dunleavy agus For Those I Love mar aon le seachtar ceoltóir eile, agus seinneadh ceol leo seo ar fad go rialta ar 2fm i rith an lae ar feadh na bliana.
I mí an Mhárta, nuair nach raibh aon seónna beo ar fáil, rinne RTÉ Choice Music Prize é féin a athshamhlú mar chomhchraoladh ar 2fm agus ar an RTÉ Player, agus é á chur i láthair ag Tracy Clifford a bhíonn ag láithriú ar 2fm i rith an lae. Bhuaigh Niall Horan Amhrán na Bliana a bhí bunaithe ar vóta an phobail agus d’fhógair Adam Clayton ó U2 go raibh Denise Chaila tar éis Albam na Bliana a bhuachan i mbliana.
D’fhonn misneach a thabhairt don náisiún ar Lá Fhéile Pádraig, chomhláthraigh Jennifer Zamparelli a seó leis an dá bhoc is fearr léi, The 2 Johnnies. Níos déanaí sa bhliain, rinne Johnny Smacks agus Johnny B ionadaíocht do Jennifer agus í ag glacadh laethanta saoire. Mar thoradh ar an gceangal sin tá comhpháirtíocht i bhfad níos mó idir 2fm agus an bheirt bhoc as Cathair, Co. Thiobraid Árann.
In éineacht lena seó laethúil ar 2fm, chomhláthraigh Jenny Greene Europe’s Biggest Dance Show, tionscnamh de chuid EBU a thugann an mhór-roinn le chéile ar feadh cúig uair an chloig de cheol damhsa iontach, ó DJanna éagsúla Eorpacha, oíche Dé hAoine i mí Dheireadh Fómhair.
Díreach nuair a cheapamar nach raibh aon airgead fágtha sa tír, thosaigh láithreoirí an Breakfast Show nua, Doireann, Donncha agus Carl ag rith 100K ar thrí mheaisín reatha sa stiúideo raidió ar mhaithe le €100,000 a bhailiú do Focus Ireland i mí na Nollag. Lean siad orthu go raibh €150,915 bailithe chomh maith le roinnt géaga stromptha acu.