RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá muinín agus trédhearcacht lárnach ó thaobh gach a rud a bhíonn ar bun againn, agus in 2021, ba é Nuacht RTÉ an chéad eagraíocht nuachta in Éirinn a chláraigh leis an tionscnamh domhanda Journalism Trust Initiative (JTI). Tá an tionscnamh seo deartha chun cabhrú leis an lucht féachana iriseoireacht atá iontaofa agus bunaithe ar fhíricí a aimsiú agus troid in éadan an bhréageolais, trí iniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar sheomraí nuachta ar fud an domhain. Is é Reporters Without Borders a d’fhorbair é le tacaíocht ó Aontas Craolacháin na hEorpa, i gcomhar le breis agus 130 eagraíocht. Bronntar an comhartha JTI don iriseoireacht iontaofa ar eagraíochtaí a chloíonn le sraith de chaighdeáin choiteann a bhaineann le trédhearcacht agus le cruinneas.
In 2021, ba é RTÉ arís an foinse nuachta ba iontaofa in Éirinn. Thug 78% díobhsan a ceistíodh don Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach a rinne Reuters (Éire) le fios go raibh muinín acu as Nuacht agus as Cúrsaí Reatha RTÉ. I mbliain inar mhéadaigh scaipeadh an bhréageolais go tapa, sheol Nuacht RTÉ sraith podchraoltaí úrnua The Truth Matters: A Guide to Misinformation ina ndéantar iniúchadh ar an gcaoi a scaipeann mífhaisnéis i ré na hollchumarsáide agus tugtar comhairle maidir leis an gcaoi a bhféadfá tú féin a chosaint in aghaidh an bhréageolais.
Tharla an podchraoladh ag an am céanna leis an gcéim nua d’fheachtas de chuid RTÉ ‘Tá tábhacht leis an bhFírinne’ i mí na Bealtaine, clár a bhí dírithe ar aird a tharraingt ar cheist na mífhaisnéise agus an tábhacht a bhaineann le nuacht a bhíonn faighte ó fhoinsí cruinne. Agus na comhfhreagraithe iontaofa de chuid Nuacht RTÉ Ailbhe Conneely, Mícheál Lehane agus Sinéad Hussey páirteach ann, dhírigh an feachtas ar an tionchar a bhíonn ag croíluachanna na hiriseoireachta dála muinín, ionracas agus fírinne orthu agus iad ag tuairisciú ar mhórscéalta nuachta. Bhí an feachtas ar siúl ar fud ardáin teilifíse, raidió agus fuaime, agus ar na hardáin dhigiteacha agus na meáin sóisialta (lena n-áirítear Instagram, TikTok agus Snapchat).
Reáchtálamar imeacht ar líne freisin mar chuid den fheachtas ag Nuacht RTÉ, ‘Tá Tábhacht leis an bhFírinne’, dar teideal A Matter of Life and Death: Journalism in a Pandemic agus bhí cainteoirí éagsúla le feiceáil ann, lena n-áirítear Jon Snow ó Channel 4 News agus ionadaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
I mí Aibreáin, in athnuachan ar Prime Time RTÉ, fógraíodh foireann nua láithreoirí agus thosaigh Sarah McInerney agus Fran McNulty ar an láithreoireacht in éineacht le Miriam O’Callaghan. Nochtadh dreach úrnua don chlár agus don stiúideo, rud a chuireann le cumais scéalaíochta Prime Time agus é ag tuairisciú ar Éirinn agus an domhan mór. Agus é ar an gclár cúrsaí reatha is mó a mbíonn daoine ag breathnú air in Éirinn, tá RTÉ Prime Time i gcroílár na hiriseoireacht in RTÉ le tríocha bliain anuas ach ní raibh sé riamh chomh tábhachtach agus atá sé faoi láthair, ag fiosrú, ag míniú, agus ag fáil freagraí ar na ceisteanna atá tábhachtach.
I mí Iúil, chuaigh Nuacht RTÉ i mbun comhpháirtíochta chun comhoibriú go ceannródaíoch le naoi n-eagraíocht meán seirbhíse poiblí eile chun fuinneog a oscailt, ar líne, d’fhonn nuacht iontaofa ó gach cearn den Eoraip a thabhairt dár lucht féachana. Beidh duine a thabharfaidh cuairt ar shuíomh gréasáin RTE.ie/news in ann aistriúchán Béarla a fheiceáil de scéal nuachta a d’fhoilsigh craoltóir poiblí na Fionlainne, YLE. Beidh léitheoirí sa Phortaingéil in ann a fháil amach conas a d’fhreagair rialtais na hÉireann, na Spáinne agus na hIodáile don nuacht a bhain le vacsaínithe COVID-19 – agus é ar fad i dteanga a dtuigeann siad. In éineacht lenár gcomhpháirtithe san EBU, tá RTÉ mar chuid den seomra nuachta is mó san Eoraip. Le chéile, bíonn €5.5 billiún á infheistiú againn gach aon bhliain san iriseoireacht, agus fostaíonn eagraíochtaí na meán seirbhíse poiblí san hEoraip os cionn 40,000 iriseoir. Leis an tionscadal seo, bainfear leas as an acmhainneacht scéalaíochta sin, bunaithe ar chomhluachanna agus ar chomhleasanna.
I gcomhthráth le cruinniú mullaigh COP 26 i mí na Samhna i nGlaschú, d’fhógair Nuacht RTÉ sraith beart atá deartha chun díriú níos fearr ar an tuairisciú i dtaobh an athraithe aeráide. Díreoidh an comhfhreagraí George Lee, go lánaimseartha, ar a shainchúram timpeallachta chun tuairisciú RTÉ a stiúradh, agus uair sa ráithe, scrúdóidh eagrán speisialta de Prime Time an fhadhb agus déanfaidh sé measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Éirinn i dtreo a cuid gealltanas a chomhlíonadh chun tionchar an athraithe aeráide a theorannú. Craoladh an chéad cheann beo ó Ghlaschú le linn COP 26. D’fhreastail baill foirne ó Nuacht & Cúrsaí Reatha ar dhá cheardlann i dtaobh tuairisciú mar gheall ar an athrú aeráide, a bhí á n-óstáil ag an Ollamh Peter Thorne ó Ollscoil Mhá Nuad agus David Robbins, Stiúrthóir Ionad Aeráide agus Sochaí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
I rith na bliana, tar éis comórtais, cheap Nuacht RTÉ Vincent Kearney ina Eagarthóir an Tuaiscirt, Conor Macauley ina Chomhfhreagraí an Tuaiscirt, Brian O’Donovan ina Chomhfhreagraí Oibre & Teicneolaíochta agus an tÉireannach-Iarácach, Reem El-Hassany ina láithreoir ar RTÉ news2day.

Bhí RTÉ Investigates sna ceannlínte arís le tuairiscí ceannródaíocha. I mí Eanáir, lean Stuck in the Rough saol na ndaoine a bhíonn ag codladh amuigh agus an dream a úsáideann brúnna do dhaoine atá gan dídean, agus scrúdaíodh na dúshláin a bhíonn rompu agus na deacrachtaí a bhaineann le droim láimhe a thabhairt leis an saol ar na sráideanna.
RTÉ Investigates
Agus é ag léiriú an chaighdeáin iriseoireachta ab airde ar RTÉ in 2021, bhí RTÉ Investigates sna ceannlínte arís le tuairiscí ceannródaíocha. I mí Eanáir, lean Stuck in the Rough saol na ndaoine a bhíonn ag codladh amuigh agus an dream a úsáideann brúnna do dhaoine atá gan dídean, agus scrúdaíodh na dúshláin a bhíonn rompu agus na deacrachtaí a bhaineann le droim láimhe a thabhairt leis an saol ar na sráideanna. Léirigh an clár an chaoi, in ainneoin 75 leaba a bheith folamh oíche ar ghlaoigh duine de na fir a bhí gan dídean ar an uimhir shaorghlao le haghaidh daoine gan dídean, gur dúradh leis nach bhféadfadh sé leaba a fháil. Bhí an pobal ar buile mar gheall air seo agus mar thoradh air sin d’eisigh an tAire a bhí freagrach as cúrsaí tithíochta leithscéal.
I mí Feabhra, thug The Third Wave lucht féachana isteach i gcroílár Ospidéal Ollscoile Thamhlachta áit a raibh, arís eile, dúshláin ollmhóra roimh an bhfoireann túslíne, agus iad ag déileáil leis an ráig ba dhéanaí de Covid-19. Agus é ag nochtadh an fhíorphictiúir a bhí taobh thiar de na ceannlínte leanúnacha agus na huimhreacha laethúla, thaispeáin an clár faisnéise seo dochtúirí agus altraí ar a míle dícheall ag iarraidh othair Covid a choinneáil beo. Toisc go raibh an víreas ag scaipeadh go forleathan le linn mhí na Nollag d’fhág sé seo go raibh ar na hospidéil dul i ngleic leis an ardú tobann a tháinig ar líon na gcásanna ar theastaigh cúram criticiúil uathu. Faoi lár mhí Eanáir, bhí na hAonaid Dianchúraim lán agus b’éigean do chuid mhaith de na hospidéal a gcumas borrtha a úsáid. In Ospidéal Ollscoile Thamhlachta iompaíodh cuid de na hobrádlanna isteach ina mbardaí Dianchúraim.
In Who Am I? The Story of Ireland’s Illegal Adoptions i mí an Mhárta nochtaíodh fianaise nua i dtaobh an bhaint a bhí ag cuid de na daoine ba mhó le rá agus ba chumhachtaí in Éirinn le leanaí a bheith á n-uchtú go neamhdhleathach go mion minic, beagnach deich mbliana tar éis don Acht Uchtála 1952 teacht i bhfeidhm. Labhair an fhoireann le lear mór daoine ó gach cearn den tír ar uchtaíodh iad go mídhleathach. Rinne go leor díobhsan cur síos ar an suaitheadh a baineadh astu nuair a fuair siad amach den chéad uair, agus iad ina 60idí agus 70idí gur uchtaíodh iad. Go bunúsach, fágadh iad ag cur na ceiste, ‘Cé mise?’ Tar éis an chláir, choimisiúnaigh an tAire a raibh freagracht air as leanaí athbhreithniú ar uchtuithe mídhleathacha in Éirinn ag dul siar go dtí na 1950idí. Tá an tuarascáil le foilsiú in 2022.
I mí Iúil, rinne RTÉ Investigates monatóireacht ar roinnt áiteanna ar fud Bhaile Átha Cliath ina raibh drugaí á ndíol go hoscailte ar na sráideanna os comhair an tsaoil mhóir. Bhí áit amháin acu seo gar do choimpléasc tithíochta do sheanóirí i mBaile Munna. D’fhonn léargas a thabhairt ar chomh dona agus atá fadhb na mangaireachta drugaí san áit áirithe sin, rinne RTÉ Investigates – Crack and the Community scannánú faoi rún thar chúig lá. Fiú ar an gcéad lá, rinne ceamaraí faoi cheilt scannánú ar níos mó ná 42 beart féideartha mangaireachta drugaí thar thréimhse ceithre uair an chloig in aon tráthnóna amháin. Thaispeáin an clár leanaí óga ag dul thar bráid go minic fad is a bhí mangaireacht drugaí ar bun go hoscailte. Sna 15 nóiméad a thóg sé ar na leanaí dul thar an ionad, agus iad ag filleadh abhaile ón mbunscoil, thaifead na ceamaraí naoi mbeart mangaireachta drugaí ar a laghad a tharla os comhair cuid de na leanaí sin.
Thug Losing Lee le fios go raibh imscrúdú ar siúl ag ceann de na hospidéil is mó sa tír de bharr go bhfuarthas amach gur seoladh go leor orgáin le leanaí thar lear lena loscadh, i ngan fhios do na tuismitheoirí nó gan toiliú na dtuismitheoirí. Thug an clár chun solais comhfhreagras inmheánach ospidéil a léirigh go raibh foireann an ospidéil ar an eolas i dtús na bliana 2020 go raibh plota na nAingeal Naofa lán, agus shocraigh siad nach rogha a bhí sa chréamadh. Ba é an toradh a bhí air sin ná go raibh lear mór orgáin le leanaí, ar scaoil an roinn paiteolaíochta leo tar éis scrúdú iarbháis a bheith déanta orthu, stóráilte i marbhlann an ospidéil – i gcásanna áirithe ar feadh roinnt míonna. Faoi dheireadh cuireadh na horgáin thar lear, in éineacht le dramhaíl leighis, lena loscadh.
I mí na Samhna, scrúdaigh Wardship – The Decision Makers córas seanchaite na gcoimircithe cúirte agus an tionchar as cuimse a bhíonn aige ar na coimircithe agus ar a dteaghlaigh. Tá níos mó ná 2,100 coimircí cúirte gur daoine fásta iad in Éirinn. Faoi reachtaíocht ó ré Victoria, cailleann coimircí raon leathan de shaoirsí pearsanta. Bhí sé sin ar fad in ainm agus athrú sé bliana ó shin nuair a ritheadh dlí nua chun deireadh ar fad a chur le coimircíocht. Ach níor tharla sé sin fós. Agus cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh an córas nua ag feidhmiú go hiomlán sna 12 mhí atá amach romhainn, gach seans go dtógfaidh an t-athbhreithniú atá beartaithe ar na cásanna atá ann cheana féin trí bliana eile agus beidh sé sin ródhéanach do chuid dár saoránaigh atá scothaosta agus daoine scothaosta iad formhór na gcoimircithe in Éirinn.
Thug A Patient’s Nightmare chun solais roinnt gearán a rinneadh maidir le mí-úsáid gnéis atáthar in amhras a bhí déanta ag ainéistéisí amháin in ospidéal in Éirinn ar othair a bhí gan aithne gan urlabhra. Is i gcoinne ainéistéisí a bhí ag obair in Ospidéal Ginearálta an Náis ó 2012 ar a laghad, a rinneadh na gearáin. Chuir othar amháin, a ndearnadh mí-úsáid air, agus é gan aithne gan urlabhra tar éis dó a bheith curtha faoi scian, in iúl go bhfuil deacracht aige fós féin dul i ngleic leis an rud a tharla dó. Tá imscrúdú de chuid an Gharda Síochána fós ar siúl.