RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Fíorasach

Is in RTÉ Fíorasach a fhaightear na scéalta a bhaineann go speisialta le hÉirinn, áit ina dtagann lucht féachana RTÉ le haghaidh siamsa, eolas a fháil, agus iad féin a fheiceáil.

In 2021, an dara bliain a raibh paindéim Covid-19 linn, d’athraigh éileamh ár lucht féachana go sonrach ó na cláracha a chuir ar an eolas iad faoin saol ina dtimpeall agus a thug léargas ar an saol sin, go dtí cláracha a thug deis éalaithe agus caitheamh aimsire dóibh. Mórthimpeall na tíre d’fhan daoine sa bhaile, agus theastaigh uathu go mbeadh rud éigin acu le breathnú air. A bhuí leis an obair leanúnacha a rinne na foirne léirithe laistigh de RTÉ, agus lasmuigh in earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, bhí RTÉ Fíorasach in ann réimse leathan ábhar a thairiscint arís i rith na bliana.

Ár Scéalta a Insint

Mar a tharla blianta eile, bhí muid dírithe ar réimse scéalta a bhain go follasach le hÉirinn a insint ar chaighdeán idirnáisiúnta chomh maith le dul san iomaíocht chun lucht féachana, a bhfuil níos mó roghanna acu i rith an ama, a mhealladh.

Cuireadh tús leis an mbliain le sraith de chláracha faisnéise aonuaire a tharraing aird ár lucht féachana. In Marian, labhair John Clarke amach go hionraic agus go hoscailte faoina shaol le Marian Finucane, nach maireann, agus faoin mbriseadh croí a bhain dó ar a bás anabaí. Mheall Let the Rest of the World Go By an tír ar fad leis an scéal faoi na dlúthchairde, beirt fhear, a phós ar mhaithe le cúrsaí cánach. Bhí an dá chlár seo, rud nach dtarlaíonn rómhinic i gcás cláracha faisnéise aonuaire, ar liosta na gcláracha ba mhó ar breathnaíodh orthu in 2021.

Cumha

Ba théama mór é an cumha mar a bhain lenár saothar le linn na paindéime agus an lucht féachana ag iarraidh dul siar go dtí saol a bhí níos simplí. D’éirigh go maith le The Way We Were oícheanta Domhnaigh i mí Eanáir, agus, i measc téamaí eile breathnaíodh sa chlár ar an gcaoi a mbíodh muintir na tíre ag caitheamh laethanta saoire agus ag obair. Bhí an-tóir ag an lucht féachana air seo, chomh maith le Reeling in The Years, a d’fhill le sraith nua a chlúdaigh na 2010idí. Mheall sé lucht féachana ollmhór, go háirithe i measc an lucht féachana idir 15-34 bliana d’aois, rud atá ina ábhar misnigh, agus mheall an eipeasóid faoi 2011 sciar 53% agus 140,000 den lucht féachana i measc na ndreamanna níos óige den lucht féachana.

Ár Stair

Cuireadh an-bhéim i gcuid de phríomhchláracha faisnéise na bliana ar ghnéithe eile de nua-stair na tíre. In Gunplot bhí toradh le feiceáil ar an straitéis Aon RTÉ Amháin nuair ar d’oibrigh foireann Documentary on One i gcomhar leis an Aonad Faisnéise Teilifíse intí chun sraith de phodchraoltaí naoi gcuid a raibh an-tionchar acu, a léiriú, taobh le comhchlár faisnéise aonuaire don teilifís, a mhair uair an chloig. D’éirigh go hiontach leis an gcomhoibriú seo agus rinneadh níos mó ná 1.5 milliún íoslódáil ar an bpodchraoladh agus d’fhéach os cionn 300,000 duine ar an gclár faisnéise ar an teilifís. Anuas ar sin, choinnigh foireann Documentary on One orthu ag craoladh rogha de chláracha faisnéise aonuaire a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a bhain gradaim amach. Is í an snáithe seo an tslat tomhais i gcónaí do na cláracha faisnéise scéalaíochta, in Éirinn agus níos faide ó bhaile.

Maidir leis na Sainchláracha Fíorasacha, leanadh ar aghaidh le Deich mBliana na gCuimheachán, agus in 2021 bhí comóradh céad bliain á dhéanamh ar chríochdheighilt na tíre agus ar bhunú Thuaisceart Éireann. Rinneadh an ócáid a chomóradh go híogair agus go cuí le dhá chomhchlár faisnéise, ceann amháin ar an stair shóisialta agus Miriam O’Callaghan i mbun láithreoireachta agus bhain an ceann eile, a chuir Michael Portillo i láthair, leis an bpolaitíocht. Cuireadh an-bhéim ar ár dtimpeallacht, ar an stair a bhaineann léi agus ar na ceisteanna faoina bhfuil i ndán di sna Sainchláracha Fíorasacha The Burren: Heart of Stone agus an dara sraith de Future Island.

Cláracha Reiligiúin

Don dara bliain as a chéile, chuir cláracha reilgiúin RTÉ breis Weekday agus Sunday Masses & Services ar fáil, anuas ar na gnáthchláracha reiligiúin rialta, agus bhí siad á sruthú i gcomhar le ChurchServices.tv ar Chainéal Nuachta RTÉ. Ar an meán, mheall siad seo os cionn 30,000 lucht féachana in aghaidh an lae. Chomh maith leis sin cuireadh roinnt cláracha le chéile freisin chun féilte creidimh mionlaigh a cheiliúradh, dála Cáisc na nGiúdach agus Yom Kippur (Giúdach), Vaisakhi (Hiondúch agus Suíceach), Nawruz (Baha’i) agus Ramadan agus Eid (Moslamach), lena n-áirítear an craoladh seachtrach beo ar Eid Prayers from Croke Park.

Athrú ar Chainéil

Bliain shuntasach a bhí ann don seánra Fíorasach Móréilimh mar d’athraigh dhá cheann de na brandaí is tábhachtaí dá chuid go dtí cainéal eile. I mí Mheán Fómhair, bhog Ultimate Hell Week ó RTÉ2 go RTÉ One agus mheall sé lucht féachana chuig an gcainéal a raibh próifíl iomlán difriúil acu agus a bhí níos óige, agus i mí Dheireadh Fómhair, chuaigh Home Rescue malairt slí ó RTÉ One go dtí RTÉ2. Mheall an leagan uair an chloig i bhfad níos faide lucht féachana de níos mó ná 200,000 duine ar an meán, beagnach dúbailt an lucht féachana a bhí aige roimhe seo. Tabharfaidh an dá shraith bonn daingean dúinn as ar féidir linn cláracha nua a fhorbairt agus tallann nua a sheoladh in 2022, agus amach anseo.

Sraitheanna Faisnéise

Is cuid lárnach den straitéis i dtaca le cláracha faisnéise le blianta beaga anuas é gan a bheith ag brath an oiread céanna ar chláracha faisnéise aonuaire ach tabhairt faoi níos mó sraitheanna faisnéise a léiriú. In 2021 bhí níos mó sraitheanna faisnéise sa sceideal ná mar a bhí riamh cheana. Idir The Killing of Fr Niall Molloy, Back to Barrytown agus Dr. Cassidy’s Casebook, d'fhreagair an lucht féachana ar bhealach an-dearfach do réimse na sraitheanna faisnéise a cuireadh ar fáil, ní hamháin ó thaobh rátaí lucht féachana ach freisin trí aiseolas dearfach a thabhairt. Thug sé seo an-spreagadh dúinn agus muid ag féachaint chun cinn.