RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Na hEalaíona agus an Cultúr

I gcomhthéacs an chaoi ar cuireadh isteach ar phleanáil agus ar sheachadadh na n-ealaíon agus na ngníomhaíochtaí cultúir ar fud na tíre de bharr na srianta forleathana sláinte poiblí a tugadh isteach arís i dtús na bliana 2021, lean RTÉ de bheith ag tabhairt rochtain dá lucht féachana ar roinnt clár ealaíon agus cultúir den scoth ar fud a chuid ardán agus cainéil. Ina measc seo bhí cláracha faisnéise thábhachtacha ealaíon de chuid RTÉ ar an teilifís, réimse suntasach de léirithe ceolfhoirne a bhí sruthaithe agus craolta in ainneoin nach raibh lucht féachana beo ann, agus bhí sceideal iomlán d’ábhar rialta RTÉ ar an raidió agus ar líne. In amanna, tharraing an t-ábhar craolta seo intinn na ndaoine ó gach a bhain leis an bpaindéim nó thug sé bealach éalaithe dóibh agus scaití thug sé léargas ar an tionchar a bhí ag an gcíor thuathail seo sa sochaí ar shaol oibre ealaíontóirí agus ar an gceangal a bhí ag an bpobal le cúrsaí cultúir agus an rochtain a bhí orthu.

Teilifís

I measc na mbuaicphointí ar an teilifís bhí dhá phróifíl shuntasacha faisnéise i dtaobh ealaíontóirí móra de chuid na hÉireann: Jack B. Yeats: The Man Who Painted Ireland agus Colm Tóibín: On Memory’s Shore. Agus béim á chur ar ealaíontóirí comhaimseartha éagsúla a thaispeáint bhí sraith i ndeich gcuid de The Works Presents ar siúl san fhómhar, ina raibh na scríbhneoirí, Doireann Ní Ghríofa agus Louise O’Neill páirteach, chomh maith leis an scannánóir, Jim Sheridan, an réalta ceoldrámaíochta, Tara Erraught, na ceoltóirí, Martin Hayes agus Radie Peat agus an córagrafaí, Michael Keegan-Dolan. Níos túisce sa samhradh, sa tsraith mhór trí chuid Soundtrack to My Life, taispeánadh agallaimh agus léirithe in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ leis na hamhránaithe Johnny Logan, James Vincent McMorrow agus Celine Byrne. Bhí sraith dhá chuid, Steps of Freedom: The Story of Irish Dance, i sceideal an gheimhridh agus rianaigh sé seo an treocht iontach a bhí ag damhsa na hÉireann le déanaí mar aon le dhá chlár faisnéise a d’fhéach ar an stair le blianta beaga anuas ar bhealach a bhí cineál difriúil – bhain ceann amháin acu, The Flourishing, le saol an cheoil tíre in Éirinn a bhí ag fás as cuimse sna 1970idí, agus thug an ceann eile, Camera, Tripod, Bicycle, léargas ar stair shóisialta bhruachbhaile Bhaile Átha Cliath a bhí ag forbairt sna 1950idí mar atá sé cartlannaithe ag an scannánóir amaitéarach Lesley Crowe.

Raidió

Leathnaigh RTÉ Radio 1 a shraith rathúil le haghaidh Luan an tSaoire Bainc The RTÉ Concert Orchestra Presents le craoltaí stiúideo le David Kitt, Niamh Regan, Mick Flannery agus Susan O’Neill chomh maith le díriú ar shaothar an fhile, Emily Dickinson. I measc na mbuaicphointí eile bhí an ceathrú RTÉ Radio 1 Folk Awards a d’fhill, ar an dea-uair ar Shráid Vicar i mí na Samhna agus é ar cheann de na chéad imeachtaí beo a tharla i rith na bliana, craoladh an t-imeacht beo ar RTÉ Radio 1 agus bhí na buaicphointí le feiceáil ar an teilifís an deireadh seachtaine dár gcionn.

Lean RTÉ Radio 1 freisin de bheith ag cur raon leathan clár ealaíon agus cultúir ar fáil ar bhonn rialta, d’ainneoin an tionchair a bhí ag na srianta a bhain leis an teacht le chéile poiblí. Lean Arena ar aghaidh ag tabhairt na scéalta ealaíon agus cultúir a bhí taobh thiar de na ceannlínte dúinn. Bhí Ceilí House i gcónaí ag craoladh ceol iontach cé nach raibh sé in ann é féin a thumadh sna pobail áitiúla don taithí beo mar ba ghnách leis. Tharraing The Rolling Wave aird freisin ar an gcaoi ar lean ceoltóirí traidisiúnta orthu ag seinm agus ag cruthú, lena n-áirítear an dara sraith de Faoiseamh, ina raibh deich bpíosa nua coimisiúnaithe in éineacht le Taisce Cheol Dúchais na hÉireann ó réimse ceoltóirí, ina measc Fintan Vallely, Máire Breathnach agus Úna Ní Fhlannagáin. Leathnaíodh tiomantas RTÉ d’ealaíontóirí a choimisiúnú go dtí an dara sraith de 12 ghearrscéal nua a mhair leathuair an chloig, i gcomhar le Deich mBliana na gCuimhneachán, is é sin Spoken Stories: Independence scéalta ó chuid de na scríbhneoirí is mó a bhfuil mheas orthu ó thaobh na foirme seo sa lá atá inniu ann. Iarradh ar na rannpháirtithe, Anne Enright, Kevin Barry, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Yan Ge, Mary Costello, Sue Rainsford, Colin Barrett agus Neil Jordan ina measc, a machnamh a dhéanamh i bhfoirm scéil ar an rud a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an neamhspleáchas sa lá atá inniu ann, 100 bliain tar éis Chogadh na Saoirse in Éirinn. Mar an gcéanna, i rith na bliana, lean Sunday Miscellany de bheith ag tabhairt ardán don scríbhneoireacht úrnua ó réimse leathan rannpháirtithe. Bhí an tsuim mhór seo atá sa scríbhneoireacht úrnua in Éirinn le feiceáil freisin i líon na n-iarratas agus i gcaighdeán na scríbhneoireachta mar a bhain le Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ. Bhuaigh Kevin Donnellan an comórtas i mbliana, agus rinneadh na deich scéal a bhí ar an ngearrliosta a thaifeadadh agus a chraoladh ar Late Date ar RTÉ Radio 1.

Leathnaíodh amach an bhéim seo ar bhunsaothair a choimisiúnú go dtí RTÉ lyric fm, áit ar chraol The Lyric Feature sraith de chláracha faisnéise nua ar an gceol, an ealaíon agus an cultúr, lena n-áirítear saothair a bhí coimisiúnaithe ó chumadóirí, ceoltóirí agus scríbhneoirí Éireannacha. Anuas air sin bhí 14 uair an chloig eile de chláracha faisnéise againn ón earnáil neamhspleách i gcomhpháirt leis an BAI agus leis an IRP. Ina theannta sin bhuaigh an clár dhá bhonn airgid agus bonn cré-umha amháin ag New York Festivals Radio Awards 2021.

Ag an am céanna, lean RTÉ lyric fm ar aghaidh ag cur réimse iomlán cláracha ar fáil i rith an lae ó Marty in the Morning go dtí Classic Drive agus bhí meascán d’ábhar comhoibrithe tras-ardán a bhí taifeadta agus beoshruthaithe le cloisteáil in The Full Score agus The Lyric Concert, lena n-áirítear 20 ceolchoirm de chuid Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ a léiríodh agus a craoladh beo ar RTÉ lyric fm, a bhí ar fáil ar líne agus a ndearna RTÉ Culture, teilifís RTÉ One agus ARTÉ sruthú orthu. In Opera Night le Paul Herriott, leathnaíodh an bhéim seo atá ar an gcomhoibriú go dtí an craolachán beo ó Fhéile Ceoldrámaíochta Loch Garman le trí cheoldráma, lena n-áirítear Edmea le Catalani, á craoladh ar RTÉ lyric fm, ar líne trí RTÉ Culture agus beo ar fud an EBU, áit ar shroich sé 10 milliún éisteoir raidió.

Ceolfhoirne

In ainneoin na srianta, lean Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ de bheith ag cur ceolchoirmeacha beo ar fáil tráthnóna Dé hAoine ón gCeoláras Náisiúnta, agus iad craolta trí RTÉ lyric fm agus beoshruthaithe ar rte.ie/culture. Ó na taifeadtaí seo, craoladh ina dhiaidh sin ar theilifís RTÉ One san earrach agus san fhómhar, dhá shraith de deich léiriú ceolchoirme a raibh scannánú déanta orthu.

Bhí Ceolfhoireann Coirme RTÉ le feiceáil i roinnt clár speisialta teilifíse ar RTÉ One lena n-áirítear Starman: The RTÉ Concert Orchestra Performs the Songs of David Bowie, clár ómóis den scoth ina raibh aoi-ealaíontóirí lena n-áirítear Rufus Wainwright, Joe Elliott, Suzanne Vega, Sharon Corr, Imelda May agus Christy Dignam. Ina theannta sin, sheinn an Cheolfhoireann Choirme, mar is gnáth, i raon éagsúil suíomhanna ó bheith ag obair go fíorúil le Emma Langford agus Dana Masters le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar RTÉ Radio 1, go sraith de chraoltaí taifeadta don Nollaig le haghaidh RTÉ lyric fm, lena n-áirítear Messiah le Handel a tháinig ó Ardeaglais Naomh Pádraig agus Christmas Swing ina raibh The Nutcracker le Tchaikovsky, curtha in eagar ag Duke Ellington agus Billy Strayhorn; agus ceolchoirm bheo le Mick Flannery agus Susan O’Neill a craoladh ar RTÉ Radio 1 agus ina dhiaidh sin ar RTÉ One.

Imeachtaí Speisialta

Le haghaidh Oíche Chultúir 2021, agus aird á tabhairt ar na srianta ar thionól poiblí beo, choimisiúnaigh RTÉ beochan tosaigh speisialta do The Late Late Show, inar tugadh turas oíche timpeall ionaid chultúir i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Sligeach chun iniúchadh á dhéanamh ar na spásanna seo agus ar an ealaín agus ar na déantáin taobh istigh, agus an oíche, an dorchadas agus na seomraí folmha mar chúlra. Rinne taibheoirí éagsúla agus bunscór ceoil a bhí coimisiúnaithe beocht a chur sa phíosa seo chun eispéireas uathúil a chur ar fáil. Anuas air sin, bhí Nationwide Culture Night Special ar RTÉ One agus bhí imeachtaí le feiceáil i mbun ullmhúcháin sa Tulach Mhór, i dTrá Lí, sa Bhaile Mór, i Móinteach Mílic agus i bhFionnghlas. Ina theannta sin, don Oíche Chultúir, rinne Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, agus an fear grinn Tommy Tiernan ina reacaire, Peter and the Wolf le prokofiev, a athchruthú, agus craoladh agus a rinneadh sruthú beo air ar The Lyric Concert le RTÉ Lyric fm.

Lean Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ de bheith ag cur ceolchoirmeacha beo ar fáil tráthnóna Dé hAoine ón gCeoláras Náisiúnta agus craoladh iad seo trí RTÉ lyric fm agus sruthaíodh beo iad ar rte.ie/culture.