Eolas Tuairiscithe & Staitistice Eile
An Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta
Bunaíodh Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ ar bhonn reachtúil faoi Alt 96 den Acht Craolacháin 2009. Cuirtear deis ar fáil don lucht féachana agus don lucht éisteachta tuairim a thabhairt maidir le toradh saothair RTÉ agus maidir le RTÉ maith a dhéanamh den sainchúram poiblí a leagtar air. Cuirtear comhairle ar Bhord RTÉ maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le sainchúram poiblí RTÉ agus le riachtanais an lucht féachana agus éisteachta.
Déanann na comhaltaí ionadaíocht ar réimse leathan leasanna agus cúlraí agus is é Bord RTÉ a cheapann iad, ag glacadh riachtanais an Achta Craolacháin 2009 san áireamh. Ceapann Bord RTÉ chomh maith duine de chomhaltaí an Bhoird (an Dr P.J. Mathews i láthair na huaire) mar chomhalta ex-officio ar an gComhairle. Is mar seo a leanas a bhí comhaltaí na comhairle amhail an 31 Nollaig 2021:
Artur Banaszkiewicz | Jacintha McGowan Nielsen |
Eamonn Grennan | Mark McNulty |
Erin Hirst | Kieran O’Donovan |
Ann Marie Horgan | Robbie Sinnott |
Míchéal Kilcrann | Abidemi Taiwo |
Genevieve Lynch | Ciara Wilson |
Carmel McCrea |
Tá tuilleadh faisnéise maidir le Comhairle an Lucht Féachana agus Éisteachta agus le comhaltaí na Comhairle ar fáil ar
https://about.rte.ie/ie/comhairle-lucht-feachana-agus-eisteachta-rte/
Tuarascáil Cóirthrádála RTÉ 2021
Tá RTÉ tugtha dá chinntiú go gcloítear i mbun trádála le prionsabail na cóiriomaíochta agus go n-oibrítear taobh istigh de chreat dlí an AE agus den reachtaíocht náisiúnta araon. Mheas RTÉ gur chuí, sa bhreis air sin, polasaí agus nós imeachta dá chuid féin a chur i bhfeidhm, Polasaí agus Nós Imeachta Cóirthrádála RTÉ, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin RTÉ.
Bunaíodh an Coiste maidir le Cóirthrádáil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí agus na Nósanna Imeachta. Is fochoiste é de chuid Bhord RTÉ. Ba iad comhaltaí an fhochoiste ag deireach na bliana Deborah Kelleher (Cathaoirleach) agus Susan Ahern a tháinig in áit Ian Kehoe le héifeacht ón 16 Meán Fómhair 2021. Tá an fochoiste seo freagrach as maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an bpolasaí maidir le cóirthrádáil i ndáil lena chur i bhfeidhm agus is féidir leis an bhfochoiste athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bpolasaí chomh maith le hathbhreithniú ar an bpróiseas maidir le gearáin. Rinne an tOifigeach Cóirthrádála, Eleanor Bleahane, tuairisciú go díreach leis an bhfochoiste i rith na bliana 2021. Lean an tOifigeach Cóirthrádála de chomhairle agus treoir a thabhairt faoi chúrsaí cóirthrádála do réimsí ábhartha in RTÉ le linn na bliana 2021.
Níor tháinig gearán ar bith i rith na bliana 2021.
Tuairisc faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014
Éilítear ar RTÉ faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Costanta 2014 tuairisc bhliantúil a ullmhú maidir leis an nochtadh cosanta a dhéantar faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014. I gcomhlíonadh an choinníll sin, tuairiscíonn RTÉ go bhfuarthas aon nochtadh cosanta amháin i rith na bliana dar chríoch an 31 Nollaig 2021. Níor theastaigh imscrúdú foirmiúil a dhéanamh ar an gceist oidhreachta seo agus cuireadh í in iúl don rannóg ábhartha lena haithbhreithniú. Níor theastaigh aon bheart eile ina leith.
IARRATAÍ UM SHAORÁIL FAISNÉISE (“SF”) CHUIG RTÉ
2021 2020
Iarrataí tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe |
8 |
|
15 |
||
Iarrataí nua sa bhliain |
164 |
|
150 |
||
Deonaithe |
16 |
|
19 |
||
Deonaithe i bPáirt |
37 |
|
45 |
||
Diúltaithe |
101 |
|
86 |
||
Tarraingíodh siar nó pléadh leis taobh amuigh de chúrsaí SF |
17 |
|
7 |
||
Le réiteach |
1 |
|
8 |
Foinse: RTÉ
GEARÁIN A RINNEADH LE hÚDARÁS CRAOLACHÁIN NA hÉIREANN (BAI) MAIDIR LE hÁBHAR CRAOLTA DE CHUID RTÉ
2021 2020
Líon gearán a fuarthas |
74 |
|
32 |
||
Líon gearán ar seasadh leo* |
11 |
|
0 |
Foinse: RTÉ
* Nóta: Seasadh i bpáirt le trí cinn de na 11 gearán. Baineann naoi gcinn as na 11 gearán le clár amháin: NYE Countdown ar RTÉ One ar an 31 Nollaig 2020.