Aisling

A bheith ina chrann seasta do chultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a mhealladh agus a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach; trí iléagsúlacht ildánach dhomhain na tíre a cheiliúradh; agus trí chumas mhuintir na hÉireann a chothú.

Misean

Cur le saol na hÉireann le hábhar atá ina lón machnaimh, foghlama agus siamsaíochta.

Luachanna

Beidh dearcadh oscailte, ilbhreathnach ag RTÉ, an eagraíocht agus na daoine san eagraíocht sin, agus beidh tréithe na cruthaitheachta, an mheasa, na hinmharthanachta agus na freagrachta, na comhoibríochta agus na trédhearcachta ag rith leo, tréithe a léireoidh chomh maith na hiompraíochtaí seo leanas:

An Dearcadh Ilbhreathnach

Tuiscint dhomhain a léiriú ar an lucht éisteachta agus féachana agus ar a gcuid riachtanas.

Am agus dua a chaitheamh le súil a choinneáil ar na hathruithe a thagann ar thírdhreach na meán.

Cruthaitheacht

A bheith acmhainneach agus nuálach i mbun lón ábhair a chruthú. A bheith cróga, sásta dul i bhfiontar agus sásta ciall a cheannach nuair nach n-éiríonn le beart.

Meas

Déileáil le daoine – baill foirne agus páirtnéirí san áireamh – le teann measa, fiú nuair nach é sin is furasta. Muinín a chothú trína bheith cóir, cothrom, macánta maidir le cinntí a dhéantar.

Inmharthanacht agus Freagracht

Bainistíocht fhreagrach a dhéanamh ar an ngnó. A bheith freagrach dá chéile taobh istigh de RTÉ agus don lucht éisteachta agus féachana agus do na páirtithe leasmhara.

An Comhar

Oibriú le chéile agus beocht a chur in eagraíocht ‘Aon RTÉ Amháin’.

Oibriú i gcomhar le páirtnéirí chun riachtanais lucht féachana agus éisteachta RTÉ a shásamh.

Trédhearcacht

Cinntí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach oscailte.

Na cúiseanna le bearta a lua go neamhbhalbh.