Gealltanais Feidhmíochta 2021

Athnuachan RTÉ don chéad ghlúin eile

Réamhrá

I ndeireadh na bliana 2019, chuir RTÉ a Straitéis Leasaithe 2020-2024 faoi bhráid an Rialtais, plean chun meáin chumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann a thabhairt ar chaoi inmharthanachta agus lena ndírítear ar chuid mhór de na réimsí deacrachta a chuirtear roimh RTÉ. Leagtar amach ann meascán nua de sheirbhísí beo agus ar líne saor in aisce, agus cuireann sin ábhar iontach agus éagsúil ar fáil don lucht féachana ag amanna agus ar dheiseanna a oireann dóibh féin. Tá an treo ina bhfuil RTÉ ag dul sna blianta atá romhainn amach fós mar chuid dá fhís: A bheith ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach, iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú.

Tugtar léargas ar an gcomhthéacs sin i dTiomantais 2021 agus leagtar sé thiomantas faoi thrí cheannteideal nó cuspóirí straitéiseacha amach ann: Lucht Féachana agus Éisteachta, Ábhar agus Inbhuanaitheacht.

An Lucht Féachana agus Éisteachta – Ábhar a chur ar fáil a bhaineann le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fad, ag freastal ar gach duine, gach áit

1. A chinntiú go mbeidh an lucht féachana agus éisteachta i gcroílár na gcinntí a dhéantar

2. A bheith san áit a bhfuil an lucht féachana – teacht a bheith ag an uile dhuine ar na seirbhísí, barr feabhais a chur ar an ábhar líneach agus digiteach ar dtús a ghlacadh

Ábhar – Lucht féachana agus éisteachta a shásamh le meascán d’ábhar ar ardchaighdeán a thugann léargas ar scéalta na tíre a chur ar fáil

3. Ábhar iontaofa, dúshlánach agus spéisiúil a chur ar fáil

4. Cultúr na hÉireann a Chosaint

5. Iléagsúlacht a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú

Inbhuanaitheacht – Todhchaí na meán seirbhíse poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe

6. Todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe

An comhthéacs a bhaineann le torthaí 2021

Ní raibh cúrsaí muiníne i measc tomhaltóirí chomh dona le hos cionn deich mbliana agus a bhí i dtús na bliana 2021. De réir mar a thug muid aghaidh ar an dara bliain den phaindéim, bhí tionchar ollmhór ag srianta ar shaoirse phríobháideach ar ár saol sóisialta, oibre agus pearsanta, agus bhuail na srianta sin buillí troma airgeadais ar go leor i bpobal gnó na hÉireann. Iarraidh ar dhaoine arís níos mó ama a chaitheamh sa bhaile, níos mó ama b’fhéidir ná mar a bhí go leor ag iarraidh a chaitheamh sa bhaile. Bhí go leor frustrachais ar dhaoine ar fud na tíre de bharr sin agus deighilt eatarthu ag tráthanna, i gcomparáid leis an dinimic a bhain leis an bpaindéim sa bhliain 2020, dinimic a thug daoine le chéile. Cé gur tháinig feabhas ar chúrsaí muiníne i measc tomhaltóirí agus gur tháinig dea-ghiúmar ar an bpobail i gcaitheamh na bliana, theip ar an dul chun cinn sin agus muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana agus an ceathrú ráig, mar a tugadh uirthi, de Covid-19 ag teacht chun cinn.

Bhí tionchar ag an gcúlra sin ar iompraíocht agus roghanna mhuintir na tíre i dtaobh cúrsaí meán cumarsáide agus bhí na leibhéil ag ar tapaíodh na meáin chumarsáide níos airde go ginearálta ná mar a bhí roimh an bpaindéim. Tháinig fás leanúnach ar shíntiúis chuig ardáin sruthaithe dhomhanda atá maoinithe go maith agus ar líon na ndaoine a d’fhéach ar na hardáin sruthaithe dhomhanda sin, ar ardáin iad a imríonn tionchar mór ar an méid a bhíonn lucht úsáide ag súil leis agus a chuireann go mór leis an méid a bhfuil súil acu leis: treocht a ghéaraigh i measc grúpaí go léir i rith na paindéime. Ba é Covid-19 agus na scéalta a bhain leis a bhí go mór i réim fós i gcúrsaí nuachta agus i gcúrsaí reatha, a d’fhág go raibh grúpaí áirithe traochta ag an nuacht. Ba léir ar an scáileán tionchair na ndúshlán i dtaobh cúrsaí léirithe ón mbliain 2020 a raibh tionchar freisin acu sa bhliain 2021, mar gheall nach raibh ábhar áirithe ann nó mar gheall gur cuireadh srian ar ábhar áirithe. Cé go dtuigeann RTÉ go huile agus go hiomlán nach iad na tosca seachtracha sin amháin a d’imir tionchar ar dhearcadh an phobail ar an eagraíocht agus ar aschur na heagraíochta sa bhliain 2021, is cinnte go raibh tionchar ag an tsraith chasta tionchar sin ar dhearcadh an phobail. Is díol suntais freisin é, áfach, gur éirigh go maith le RTÉ ina mhéadracht feidhmíochta iomlán sa bhliain 2020 agus cúlra chomh cosúil leis agus chomh dúshlánach i gceist. Tá RTÉ dáiríre faoi na scóir seo ón mbliain 2021 agus táimid i mbun taighde eile a scrúdú a chuideoidh linn na torthaí a chomhthéacsú agus a thuiscint níos fearr. Ag an am céanna, tá réimse pleananna i bhfeidhm agus á fhorbairt atá beartaithe chun na treochtaí sin a iompú droim ar ais nó a chur i gceart i rith na bliana 2022.

Faoi réir Alt 102(3) an Achta, cuireadh Ráiteas Bliantúil RTÉ faoi Ghealltanais Feidhmíochta 2021 (ASPC) faoi bhráid an BAI agus an Aire i mí Aibreáin 2021. Foilsíodh achoimre ina dhiaidh sin ar RTÉ.ie. Cuirtear achoimre ar chomhlíonadh thiomantais na bliana 2021 i láthair anseo ag teacht le halt 102(5) den Acht. Ag teacht le halt 102(4) den Acht, rinneadh tuarascáil ar leithligh atá níos mionsonraithe maidir le gealltanais a chomhlíonadh nó eile a chur faoi bhráid an BAI agus an Aire i mí Aibreáin 2022.

An Lucht Féachana agus Éisteachta

Ábhar a chur ar fáil a bhaineann le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fad, ag freastal ar gach duine, gach áit.

Gealltanas

Tionchair Phoiblí Bheartaithe

Spriocbheart

Toradh

1. A chinntiú go mbeidh an lucht féachana agus éisteachta i gcroílár na gcinntí a dhéantar

Tá riachtanais an lucht féachana agus éisteachta lárnach i ndáil le PSM a chur ar fáil in Éirinn.

Braitheann muintir na hÉireann go bhfuil úinéireacht acu ar a PSM agus go bhfuil ceangal acu leis.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil RTÉ ábhartha do mhuintir na hÉireann a choinneáil ag >80%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 68% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil ábhar agus seirbhísí den scoth ag RTÉ a choinneáil ag >75%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 65% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá.

2. A bheith san áit a bhfuil an lucht féachana – teacht a bheith ag an uile dhuine ar na seirbhísí, barr feabhais a chur ar an ábhar líneach agus digiteach ar dtús a ghlacadh

Tá riachtanais meán i ngach réimse de shochaí na hÉireann bainte amach.

Tá daoine óga gafa le hábhar agus seirbhísí Éireannacha.

Spreagfaidh nuálaíocht i léiriúchán meán rannpháirtíocht na ndúchasach digiteach le hábhar Éireannach.

Beidh teacht éasca agus láithreach ag daoine ar ábhar Éireannach ar ghaireas dá rogha féin.

  • An meánsciar seachtainiúil den lucht féachana agus éisteachta a mhealltar chuig seirbhísí uile RTÉ a choinneáil ag 90% nó os a chionn (daoine 18+)

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An meánsciar seachtainiúil den lucht féachana agus éisteachta a mhealltar chuig seirbhísí uile RTÉ a choinneáil ag 90% nó os a chionn (daoine 18–34)

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann an meánsciar seachtainiúil agus 84%, a thit faoi bhun 90% den chéad uair le breis is cúig bliana. Tá sé ag éirí níos dúshlánaí sciar neasuilígh a choinneáil i leith an aoisghrúpa seo i dtimpeallacht lena mbaineann iomaíocht an-ghéar gan an infheistíocht atá de dhíth a fháil a d’fhéadfadh réiteach maoinithe poiblí a chur ar fáil.

  • Cur le meánsciar seachtainiúil RTÉ trí dheiseanna soghluaiste agus ar líne go dtí >57%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann an meánsciar seachtainiúil agus 52% agus tá RTÉ tiomanta d’fhorás fadtéarmach ar líne agus go soghluaiste. Tá táscairí eile an-dearfach, agus an t-am a chaitear ar RTÉ, líon na sruthanna, agus an trácht ar an RTÉ Player, rte.ie agus ar aip RTÉ News ag ardú.

  • Sciar teilifíse RTÉ a choinneáil (daoine fásta 15+, an lá ar fad) ag 26%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Sciar raidió RTÉ a choinneáil (daoine fásta 15+, an lá ar fad) ag >30%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. B’ionann sciar raidió RTÉ agus 29.5%.

  • Monatóireacht a dhéanamh ar an Am a Caitheadh ar RTÉ agus tuairisciú ina leith (daoine fásta 15+ & daoine fásta 15–34)

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil teacht go héasca ar chláracha agus ar sheirbhísí RTÉ ar réimse gaireas a choinneáil ag >70%

Rinneadh maith den ghealltanas

Ábhar

Lucht féachana agus éisteachta a shásamh le meascán d’ábhar ar ardchaighdeán a thugann léargas ar scéalta na tíre a chur ar fáil.

Gealltanas

Tionchair Phoiblí Bheartaithe

Spriocbheart

Toradh

3. Ábhar iontaofa, dúshlánach agus spéisiúil a chur ar fáil

I ré seo na bréagnuachta, tá foinse nuachta iontaofa ag muintir na hÉireann.

Coinnítear an dream is cumhachtaí i sochaí na hÉireann cuntasach, agus tugtar éagóir agus droch-chleachtas in institiúidí Éireannacha chun solais.

Cuirtear leis an oideachas in Éirinn trí dhearcthaí agus bealaí foghlama éagsúla a áireamh.

  • Dearcadh an phobail go gcuireann RTÉ ábhar N&CR atá iontaofa ar fáil a choinneáil ag >80%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D’aontaigh 75% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, is é RTÉ fós an fhoinse nuachta is iontaofa in Éirinn, áfach. Tá RTÉ an-dáiríre faoin treocht go bhfuil laghdú idirnáisiúnta ag teacht ar an iontaoibh atá ag daoine sna meáin: treocht a léiríonn an tábhacht a bhaineann le hiriseoireacht d’ardchaighdeán agus le litearthacht sna meáin i dtaobh aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag mífhaisnéis nó bréagaisnéis sna meáin neamhrialaithe. Ba é RTÉ an chéad eagraíocht nuachta in Éirinn a chláraigh don Tionscnamh Iontaoibhe Iriseoireachta, an caighdeán Eorpach i gcomhair iriseoireacht iontaofa a bhronnann Oifig um Chaighdeáin na hÉireann. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá.

  • An dearcadh i measc an phobail go spreagann RTÉ díospóireacht náisiúnta agus go gcuireann sé daoine ag caint a choinneáil ag >80%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 79% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin.

  • An dearcadh i measc an phobail go gcoinníonn RTÉ ar an eolas mé a choinneáil ag >80%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 77% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin.

4. Cultúr na hÉireann a Chosaint

Spreagtar plé poiblí agus tugtar léargas ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann.

Rachaidh an oidhreacht closamhairc shaibhir a chuirtear ar fáil trí chartlann PSM den chineál is nua-aimseartha chun leasa mhuintir na hÉireann.

Neartaítear an mórtas atá againn as ár n-aitheantas náisiúnta trína bheith rannpháirteach sa taithí chultúir agus spóirt a cheanglaíonn le chéile muid mar náisiún.

Feicfidh leanaí na hÉireann a dtaithí féin agus cloisfidh siad a nglór féin ar an scáileán, ar raidió agus ar líne.

Tiocfaidh méadú ar shuntasacht na Gaeilge agus beidh ina cuid lárnach de thírdhreach na meán Éireannach.

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil RTÉ ina chuid thábhachtach den saol in Éirinn a choinneáil >80%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 78% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin.

  • An dearcadh i measc an phobail go ligeann RTÉ dom imeachtaí náisiúnta a thapú a choinneáil ag >80%

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 79% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin.

  • An dearcadh i measc an phobail go dtugann RTÉ an méid ama ceart do chláracha do leanaí a choinneáil ag >50%.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Na daoine i measc an phobail a bhfuil de dhearcadh acu go gcuireann RTÉ seirbhís chuimsitheach ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge a choinneáil ag >60%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An sciar de na daoine fásta 15+ a mbíonn aird acu ar RTÉ RnaG i rith na seachtaine a choinneáil ag >3%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann an sciar seachtainiúil agus 2%, tá sástacht i measc éisteoirí ag ardú i leith an stáisiúin, áfach. Bronnadh Stáisiún Raidió na Bliana ar RnaG ag Féile Idirnáisiúnta na Meán Ceilteach 2021.

  • 'Soláthar 365' TG4 a shásamh i gcomhréir le hAlt 120 den Acht

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. Bhí uaireanna na bliana 2021 beagán níos giorra ná an leibhéal a bhí ag teastáil, ba de bharr srianta ar chúrsaí léiriúcháin a bhain le Covid-19 a tharla sin. Tá sé i gceist ag RTÉ an t-easnamh sin a chúiteamh roimh dheireadh chomhaontú phrótacal 2018-2022.

5. Iléagsúlacht a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú

Feiceann gach duine as gach cuid de shochaí na hÉireann go bhfuil ionadaíocht déanta ar a dtaithí féin ina n-eagraíocht PSM agus braitheann go bhfuil siad san áireamh.

Tá feasacht níos mó ar an éagsúlacht a bhaineann le sochaí na hÉireann agus comhtháthú sóisialta níos fearr.

Tá PSM cruthaitheach agus nuálach ar bhonn leanúnach ag Éirinn.

Tagann fás ar gheilleagar cruthaitheach na hÉireann agus déantar é a neartú agus a fhorbairt.

Tugtar ardán d'aos dána na hÉireann atá i mbun oibre cheana féin agus atá ag teacht chun cinn agus déantar iad a cheiliúradh.

Insítear scéalta iontacha mhuintir na hÉireann ar bhealach a dtuigeann cách iad agus ar bhealach cumhachtach.

Déanfar síneadh a chur leis an mbealach a mbíonn teacht ar na healaíona agus déanfar go daonlathach é agus cuirfidh sin leis an luach atá ag an bpobal ar an gcultúr agus oidhreacht ar leith atá againn.

  • An dearcadh i measc an phobail go léiríonn RTÉ sochaí reatha na hÉireann a mhéadú go dtí >80%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 66% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá.

  • Cur leis an dearcadh i measc an phobail go bhfuil réimse nua daoine agus glórtha ar an aer ag RTÉ go dtí >62%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 45% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Tá RTÉ fós go hiomlán tiomanta d'ionadaíocht iléagsúil a fheabhsú. I measc tionscadail eile, chuir an chéad imeacht Creative Futures RTÉ oiliúint scileanna meán ar fáil do dhaoine ó phobail a mbíonn gannionadaíocht orthu de ghnáth i meáin na hÉireann. Is dóigh go raibh tionchar ar an scór sin ag an easpa lucht féachana beo sa stiúideo de dheasca srianta a bhain le Covid. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá freisin.

  • Ardsciar den ábhar a chuirtear ar fáil ar bhandaí FM Raidió RTÉ a choinneáil ina ábhar dúchasach arna chraoladh den chéad uair ag >80%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Uaireanta an chloig d'ábhar dúchais mar % d'iomlán na n-uaireanta an chloig le linn buaicthráthanna ar RTÉ One a choinneáil ag >75%.

Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. Uaireanta an chloig d'ábhar dúchais a bhí in 72% de na buaicthráthanna ar RTÉ One.

  • An dualgas maidir le caiteachas faoin reachtaíocht a chomhlíonadh

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An dearcadh i measc an phobail go bhfuil dea-thionchar ag RTÉ One ar chúrsaí drámaíochta na tíre a mhéadú go >70%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 64% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Tá táscairí eile an-dearfach, áfach.

Tharraing drámaíocht choimisiúnaithe sciar mór den lucht féachana gach oíche Dé Domhnaigh agus tá an-tóir ar an drámaíocht sin ar an RTÉ Player: tharraing KIN 2.7m de lucht féachana go dtí seo. Fuair drámaí RTÉ, KIN, Hidden Assets agus Smother, 26 ainmniúchán do gradaim IFTA eatarthu agus bhuaigh KIN sé cinn díobh. D’ainneoin na ndúshlán léiriúcháin a bhain le Covid, agus an méid a cuireadh isteach ina dhiaidh sin ar nósanna féachana i ndáil le sobaldrámaí, bhain Fair City amach a lucht féachana dílis arís. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá freisin.

  • Sástacht an phobail le caighdeán an chultúir agus na n-ealaíon ar RTÉ a choinneáil ag >67%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 55% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. D’ainneoin an tionchair dhiúltaigh a bhí ag srianta poiblí ar ghníomhaíochtaí ealaíon agus cultúir, lean RTÉ de chláracha ealaíon agus cultúir d’ardchaighdeáin sármhaithe a chur ar fáil dá lucht féachana agus éisteachta ar fud ardáin agus cainéil RTÉ. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá freisin.

  • An dearcadh i measc an phobail go gcuireann RTÉ réimse leathan de cheol ceolfhoirne ar fáil a choinneáil ag (aontaíonn %)

Sprioc cúlghairithe in 2021

Inbhuanaitheacht

Todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe

Gealltanas

Tionchair Phoiblí Bheartaithe

Spriocbheart

Toradh

6. Todhchaí PSM a Chosaint

Tá cosaint ag todhchaí PSM in Éirinn agus tá sé inbhuanaithe.

Déantar é a rith go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Tacaítear leis trí ghníomhaíochtaí tráchtála RTÉ.

Tá sé oscailte, cuntasach agus trédhearcach.

Neartaítear agus tugtar cosaint do dhlisteanacht PSM in Éirinn.

  • An buiséad bliantúil a shásamh.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Punann seirbhísí RTÉ a chur ar fáil taobh istigh den sprioc maidir le costas oibriúcháin buiséadaithe.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Gníomhaíochtaí tráchtála RTÉ a oibriú go héifeachtach chun an glantoradh is fearr a bhaint as do ghníomhaíochtaí seirbhíse poiblí RTÉ agus spriocanna maidir le hioncam tráchtála Grúpa a bhaint amach.

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Is ionann an caiteachas iomlán ar ábhar agus ar dháileachán mar % de na Costais Oibriúcháin agus >80%

Rinneadh maith den ghealltanas

  • An sprioc PROC* bainte amach

*Costais Oibriúcháin Cúrsaí Pearsanra

Rinneadh maith den ghealltanas

  • Dearcadh an phobail go bhfuil RTÉ tábhachtach do shochaí na hÉireann a choinneáil ag >85%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 76% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá.

  • Dearcadh an phobail go bhfuil RTÉ iontaofa a choinneáil ag >75%

Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 69% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas faoi Ghealltanas 3: iontaoibh i N&CA RTÉ, agus sa Réamhrá ar an scór maidir le tuairim an phobail. Is dóigh gur léargas é an toradh seo ar an athrú ginearálta atá ar bun i dtaobh an titim atá ag teacht i measc an phobail ar iontaoibh i soláthraithe meán cumarsáide, atá RTÉ an-dáiríre faoi agus ag déanamh beart ina leith.