14. Léasanna

An Grúpa ina léasaí

Measann an Grúpa cibé an léas é conradh nó an bhfuil léas mar chuid den chonradh, nuair a chuirtear tús leis an gconradh. Aithníonn an Grúpa sócmhainn ceart ar úsáid agus dliteanas léasa comhfhreagrach i leith gach socrú léasa inarb é an Grúpa an léasaí, seachas i gcás léasanna gearrthéarmacha (arna sainmhíniú mar théarma léasachta 12 mhí nó níos lú). Maidir leis na léasanna sin, aithníonn an Grúpa na híocaíochtaí léasa mar chostas oibriúcháin ar bhonn na líne dírí thar thréimhse an léasa.

Déantar an dliteanas léasa a thomhas ar dtús ag luach reatha na n-íocaíochtaí léasa nach bhfuil íoctha ag an dáta tosaithe, arna lascainiú trí úsáid a bhaint as a ráta iasachta incriminteach.

Tá sócmhainní ceart ar úsáid comhdhéanta de thomhas tosaigh an dliteanais léasa chomhfhreagraigh, íocaíochtaí léasa a rinne ag an lá tosaithe nó roimhe, lúide aon tionscnaimh léasa a fuarthas agus aon chostais dhíreacha tosaigh. Déantar iad a thomhas ina dhiaidh sin ag costas lúide dímheas carntha agus caillteanais lagaithe.

Déantar sócmhainní ceart ar úsáid a dhímheas sa tréimhse níos giorra de théarma an léasa agus saol úsáideach na sócmhainne bunaidh. Tosaíonn an dímheas ag dáta tosaithe an léasa.