13. Deontais
Aithnítear deontais sa Ráiteas Ioncaim sa bhliain airgeadais lena mbaineann. Aithnítear deontais mar ioncam nó baineadh iad ón gcostas a ghabhann leo, chomh fada agus atá dearbhú réasúnach faighte go gcomhlíonfaidh an Grúpa aon choinníollacha atá leis an deontas agus go bhfaighfear an deontas. Déantar ioncam ón táille ceadúnais a chuntas i gcomhréir leis an IAS 20 Cuntasaíocht maidir le Deontais ón Rialtas agus Cúnamh ón Rialtas a nochtadh.
Déantar deontais caipitil a lua mar ioncam iarchurtha agus a thabhairt san áireamh leis an Ráiteas Ioncaim ar bhonn atá ag teacht leis an bpolasaí dímheasa maidir leis na sócmhainní atá i gceist.