Athbhreithniú an Phríomh-Stiúrthóra

Dee Forbes
Príomh-Stiúrthóir
“Is iontach an rud é go bhféachann an oiread sin daoine ar chláracha RTÉ gach seachtain”
De réir mar a dhéanaimid machnaimh ar an dá bhliain seo atá caite, ní raibh mé riamh chomh cinnte agus atá mé anois den ghá atá le craoltóireacht seirbhíse poiblí agus an ról atá aici spás comhroinnte a chruthú do phlé agus do dhíospóireacht thábhachtach, d’ócáidí ceiliúrtha agus chun scéalta náisiúnta a insint.
I gcaitheamh na bliana 2021, chruthaigh RTÉ saothar lenar bhain fíorluach poiblí, ábhar nuachta, tuairisciú imscrúdaithe, eispéiris ealaíon agus cultúir, rannpháirtíocht spóirt, bunábhar drámaíochta, cláracha siamsaíochta agus ábhar do leanaí. I rith na bliana rinne ár gcuid seirbhísí raidió anailís ar shaincheisteanna an lae a bhí go mór i mbéal an phobail, fad a chuir siad ardghiúmar orainn freisin. Cuireadh aghaidheanna agus guthanna nua le sceidil RTÉ agus leanamar de thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus do thaibheoirí, iadsan atá aitheanta agus iadsan atá ag teacht chun cinn araon. D’ainneoin an teacht atá ag daoine ar na seirbhísí meán atá ar fáil ar fud na cruinne, bhí 44 as 50 de na cláracha teilifíse is mó féachana in Éirinn ar RTÉ sa bhliain 2021. Tugann nach mór 2 milliún duine cluas do sheirbhís raidió de chuid RTÉ gach seachtain, agus ó tharla 98 milliún radharc ar leathanaigh bainte amach gach mí tá caighdeáin cheannaireachta bainte amach ag seirbhísí ar líne RTÉ maidir le hábhar agus rannpháirtíocht an lucht féachana agus éisteachta. Baineann 92% den daonra leas as ceann nó níos mó de sheirbhísí RTÉ gach seachtain, a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na seirbhísí is mó a mbraitheann daoine air sa tír. D’ainneoin na ndúshlán lucht féachana agus éisteachta níos óige a mhealladh tá ardú tagtha le dhá bhliain anuas ar an sciar den lucht féachana agus éisteachta i measc na ndaoine idir 25-44 a úsáideann seirbhísí RTÉ. Cé go raibh teorann le deiseanna lucht féachana beo a bheith i láthair de dheasca COVID-19, bhí ríméad orainn ardán a thabhairt do cheoltóirí cumasacha nua agus cruthaithe na hÉireann ar fud réimse leathan clár lena n-áirítear an tsraith nua móréilimh Heart of Saturday Night a craoladh i rith an tsamhraidh. Rinneamar beochana nua a fhorbairt, i mBéarla agus i nGaeilge, don lucht féachana níos óige, agus leanamar de thacú le teaghlaigh fad a bhí na scoileanna dúnta le Home School Hub.
Bhí an-mhórtas orainn drámaíocht nua de bhunú na hÉireann, Smother, Kin agus Hidden Assets, a chraoladh i gcomhpháirtíocht le Fís Éireann, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann agus le craoltóirí idirnáisiúnta eile. Ní hamháin gur bhain na sraitheanna sin líon mór lucht féachana amach ar RTÉ One, bhí an-tóir freisin orthu ar an RTÉ Player agus 2.47 milliún sruth déanta ar Kin.
I mí Feabhra agus Márta 2021, i ndiaidh an fheachtais náisiúnta, “Tabhair do Thuairim” sna meáin, thug nach mór 10,000 duine den phobal a dtuairimí i dtaobh RTÉ agus a bhfuil siad ag súil leis uaidh. Cuideoidh na léargais sin RTÉ a threorú sna blianta amach romhainn. Is éard a bhí soiléir ná an ardtosaíocht a thug an pobal do neamhspleáchas agus freagracht RTÉ. Deir 97% de na daoine a thug freagra go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh RTÉ nuacht agus cúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta ar ardchaighdeán ar fáil atá cruinn, cothrom, neamhchlaonta agus oibiachtúil. Ní mór do RTÉ cinntí eagarthóireachta neamhspleácha a dhéanamh agus deir 96% díobh go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh RTÉ iadsan a bhfuil poist údaráis acu chun cuntais. Féachann níos mó daoine anois ar fheasacháin nuachta chuimsitheacha agus mhiona RTÉ ná mar a d’fhéach dhá bhliain ó shin. Trí thuairisciú imscrúdaithe RTÉ (amhail RTÉ Investigates: Stuck in the Rough, inar féachadh ar na dúshláin as cuimse a mbíonn ar dhaonra gan dídean na tíre aghaidh a thabhairt orthu), leanann RTÉ de léargas a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha sochaíocha.
Ba bhliain í 2021 freisin a fhanfaidh inár gcuimhne de bharr éachtaí spóirt na hÉireann agus tháinig ról RTÉ an tír a thabhairt le chéile d’ócáidí náisiúnta chun cinn le clúdach RTÉ de na Cluichí Oilimpeacha. D’fhéach 2.6 milliún duine ar chlúdach RTÉ2 de rannpháirtithe na hÉireann ar fad agus d’fhéach 1.5 milliún duine ar chlúdach RTÉ de na Cluichí Parailimpeacha. Tharraing an 45 cluiche i gcomórtas UEFA Euro 2020 345,000 lucht féachana ar an meán. Tharraing Cluichí Ceannais Iomána, Peile agus Camógaíochta an CLG meánlucht féachana níos airde fós ná an bhliain roimhe, agus meánlucht féachana 945,000 a bhí ag an gCluiche Ceannais Sinsear Peile idir Maigh Eo agus Tír Eoghain. Ní fhéadfaí an leibhéal sin rannpháirtíochta agus ceiliúrtha náisiúnta a bhaint amach gan na himeachtaí sin a bheith curtha ar fáil ar bhonn saorchraolta. Cé go bhfuil idirbheartaíochtaí i leith cearta ag éirí níos iomaíche, tá RTÉ tiomanta fós do a chinntiú go mbeidh gach uile dhuine ábalta teacht a bheith acu ar an sult is féidir a bhaint as spórt náisiúnta.
Aitheanta go domhanda, d’éirigh le RTÉ an caighdeán bainistíochta fuinnimh ISO 50001 a bhaint amach, an chéad chraoltóir in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe leis sin a dhéanamh, agus fágann sin gur eagraíocht níos inbhuanaithe anois RTÉ. Bhí RTÉ i measc 12 craoltóir idirnáisiúnta a shínigh an Gealltanas Ábhar a bhaineann le cúrsaí Aeráide. Tá geallúint tugtha ag na sínitheoirí, a bhfuil BBC, Channel 4, ITV agus Sky ina measc, ábhar a fhorbairt chun cuidiú leis an lucht féachana agus éisteachta tuiscint a fháil ar atá i gceist leis an ngéarchéim aeráide dóibhsean, chomh maith le spreagadh agus eolas a thabhairt dóibh le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh.
Leagadh béim sa bhliain 2021 ar an ról tábhachtach atá ag RTÉ cuidiú le pobal na hÉireann nascadh le daoine a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu, trí réimse tionscnamh inspioráideach le hairgead a bhailiú. Bhí na freagraí a fuarthas ar achainíocha ar The Late Late Show, the 2fm Breakfast Show, Liveline agus The Ray D’Arcy Show i measc achainíocha eile, ar cheann de na gnéithe ba spreagúla i mbliain a bhí iontach deacair ag go leor daoine. Bhain The Late Late Toy Show buaiclíon nua lucht féachana amach arís ag tarraingt 1.7 milliún lucht féachana agus ag bailiú breis is €6.6 milliún don RTÉ Toy Show Appeal.
Tá seirbhísí RTÉ ábhartha, iontaofa agus thar a bheith spéisiúil fós. Baineann go leor daoine sult astu agus leanann RTÉ de ról tábhachtach a imirt chun saol mhuintir na hÉireann a neartú.
Caitheadh an chuid is mó den deich mbliana seo caite faoi scáth na ndúshlán a bhaineann le héagobhsaíocht airgeadais. Tá súil agam gurb ionann 2022 agus cor cinniúnach in infheistíocht náisiúnta sna meáin seirbhíse poiblí. Ní raibh sé chomh tábhachtach riamh agus atá sé anois, agus tá RTÉ fíorthiomanta freastal ar ár lucht féachana leis an ábhar Éireannach is fearr dá bhfuil ann.
Dee Forbes
Príomh-Stiúrthóir