RTÉ: Duaiseanna na Bliana 2021

Ba é clár faisnéise dhá chuid cumhachtach RTÉ One Redress: Breaking the Silence an buaiteoir iomlán sa chatagóir Teilifís Craolta ag na Justice Media Awards. Ba í foireann ó Aonad Fíorasach RTÉ, Máire Kearney, Mick Peelo agus Shelia Ahern, a léirigh na cláracha, agus ba iad Liam McGrath agus Colm O’Callaghan a bhí ina léiritheoirí feidhmiúcháin.

Bronnadh dhá ghradam fiúntais ag na Justice Media Awards ar RTÉ Prime Time chomh maith as tuairiscí a rinne Barry Cummins agus an léiritheoir, SallyAnne Godson sna catagóirí Teilifís Craolta agus Ceartas Idirnáisiúnta. Tuairisc speisialta a bhí i dtuairisc Guardian of the Peace de chuid Prime Time ar an triail dúnmharaithe b’fhaide riamh ó bunaíodh an stát i ndiaidh marú an Bhleachtaire Garda, Adrian Donohoe. Tugadh tuairisc in The Irish People Smugglers le Prime Time ar an gcás inar fuarthas imircigh óga as Vítneam i gcoimeádán in Essex.

Bronnadh Stáisiún na Bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bronnadh roinnt gradaim barr feabhais eile ar RTÉ ag Féile na Meán Ceilteach 2021 i gcatagóirí a bhain leis na healaíona, sraitheanna fíorasacha, drámaí raidió agus cláracha faisnéise aonair.

D’éirigh le RTÉ Raidió na Gaeltachta an duais do Shraith Raidió na Bliana a thabhairt leis don chlár irise Barrscéalta agus bronnadh Craoltóir Solabhartha na Bliana ar Ghormfhlaith Ní Thuairisg ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, a reáchtáladh in Farmleigh i nDeireadh Fómhair. Chomh maith leis sin, bronnadh Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Chomhfhreagraí Thuaisceart Éireann an stáisiúin, Póilín Ní Chiaráin.

Bhuaigh RTÉ 29 gradam IMRO, lena n-áirítear 11 bonn óir, i nDeireadh Fómhair ar fud RTÉ Radio 1, RTÉ 2fm, RTÉ lyric fm, Raidió na Gaeltachta agus RTÉjr Radio agus aitheantas á bhfáil ag cláracha raidió agus ag láithreoirí raidió óna gcuid piaraí i saol na nuachta, an cheoil, cúrsaí reatha agus na siamsaíochta.

Bronnadh duaiseanna ar Normal People, Dancing with the Stars, Abbeyfealegood, RTÉ Investigates agus David Brophy’s Unsung Heroes, iad ar fad a craoladh ar RTÉ, ag Gradaim Teilifíse RTS na hÉireann i Márta.

Roghnaigh Apple GunPlot ó RTÉ Documentary On One, ina chlúdach ar an ábhar ab fhearr in 2021 in Éirinn, a aithníonn cuid de na podchraoltaí ab fhearr agus ba mhó tóir le linn na bliana. I mí Dheireadh Fómhair, bhuaigh GunPlot an Bonn Óir sa chatagóir Podchraoladh na Bliana ag Gradaim Raidió IMRO.

D’éirigh le RTÉ dhá ghradam a thabhairt leis ag Gradaim Náisiúnta Shábháilteacht Uisce na hÉireann – sna catagóirí gradaim Teilifís Náisiúnta agus Raidió Náisiúnta. Bhuaigh tuairisceoir Nuacht RTÉ, Sharon Tobin, an Gradam Náisiúnta Craoltóra Teilifíse, agus bhuaigh Miracle on Galway Bay – RTÉ Documentary On One (arna léiriú ag Lorna Siggins agus Sarah Blake) an Gradam Náisiúnta Craoltóra Raidió.

Bhuaigh cláracha RTÉ, lena n-áirítear Documentary on One (RTÉ Radio 1), Drama on One (RTÉ Radio 1) agus RTÉ lyric fm, 24 gradam mór le rá ag New York Festivals Radio Awards 2021.

Bronnadh trí Ghradam ICAD (Institute of Creative Advertising and Design) ar Fhoireann Chruthaitheach RTÉ, péire d’Fheachtas Graifítí The Young Offenders (an catagóir le haghaidh Postáil Shóisialta Bhrandáilte agus an catagóir le haghaidh Feachtas Tuillte Meán) agus sa chatagóir le haghaidh Feachtas Lasmuigh i gcomhair an fheachtais ‘Listeners First’ ar RTÉ Radio 1.

Bhuaigh I’m Fine, sraith faisnéise de chuid RTÉ Player Originals, an catagóir Craoltóireacht um Chúrsaí Meabhairshláinte ag Gradaim na Meán um Chúrsaí Meabhairshláinte 2021.