RTÉ: Obair na Bliana 2021

An Chóir a Chúiteamh

Cistí a chruinniú agus tacaíocht a chur ar fáil

The Late Late Show – Ag tabhairt níos mó ná ardú croí do dhaoine i mbliain faoi leith

D’óstáil The Late Late Show , mar a d’óstáil blianta roimhe seo, Clár Speisialta Achainí do Chumann Naomh Uinseann de Pól trínar bailíodh breis is €1.5 million chun cuidiú le teaghlaigh atá i gcruachás i dtaobh airgeadais de. I measc na n-aíonna bhí Andrea Corr, Ronnie Wood, Colin Farrell, Brendan O’Carroll, Jenny Gibney, Majella O’Donnell, Joel M, Pat agus Faye Shortt.

Tharla sin agus deireadh ag teacht le bliain faoi leith, a thosaigh nuair a tugadh vacsaíní d’oibrithe cúraim sláinte beo ar an aer in Eanáir. Le linn na bliana, thug The Late Late Show diaspóra na hÉireann le chéile i gcomhair seisiún domhanda ar oíche na Féile Pádraig agus tugadh cuidiú do ghnólachtaí Éireannacha ar an gclár speisialta de Taking Care of Business, cuidiú a bhí ag teastáil go géar.

Níos túisce sa bhliain sin, thug The Late Late Show cúnamh breis is €3 milliún a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann chun tacú le Lá Lus an Chromchinn. Ar cheann de bhuaicphointí an chláir rinne Jeward - ar iad John agus Edward Grimes a bhfíorainmneacha - a gcuid gruaige fíoraitheanta a bhearradh beo ar an aer. Is éard a bhí le rá ag John agus Edward, ar bhásaigh a máthair, Susanna, sa bhliain 2019 de bharr ailse: “Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le gach duine sa tír as airgead a thabhairt. Is iontach an cur le chéile é a theastaigh go géar ón tír, agus is iontach freisin an chúis í.”

Ag Cur le Tuiscint ar na Meáin

Léirigh RTÉ feachtas dátheangach nua mar chuid den chlár Be Media Smart thar ceann Media Literacy Ireland agus an BAI. Thacaigh raon seirbhísí meán réigiúnacha, náisiúnta agus digiteacha ar fud na hÉireann leis an bhfeachtas, a raibh sé i gceist leis na scileanna riachtanacha a thabhairt do dhaoine chun aghaidh a thabhairt ar mhífhaisnéis.

Ag Tacú le Fiontraithe Óga na hÉireann

Bhí RTÉ i mbun comhpháirtíochta leis an gClár Fiontraithe Óga arís chun tacú le clár sa rang dírithe ar scoláirí i Rang 5 agus i Rang 6. Tá deis tugtha ag an gClár Fiontraithe Óga (JEP) do níos mó ná 90,000 daltaí bunscoile taithí a fháil ar fhoghlaim gnó atá praiticiúil agus mar a bheadh sa bhfíorshaol mar chuid dá gcuid oideachais fhoirmithigh.

Thug RTÉ breis is dhá oiread tacaíochta do na healaíona idir 2020 agus 2021

De réir mar a d’athraigh cúrsaí don earnáil ealaíon, cultúir agus imeachtaí le linn na paindéime, thug RTÉ am craolta agus tacaíocht feachtasaíochta do 130 imeacht ealaíon agus cultúir ar fud an oileáin sa bhliain 2021, ardú ar an 56 imeacht lena raibh baint ag RTÉ sa bhliain 2020. Tacaíonn RTÉ le heagraíochtaí ealaíon gach bliain trí am craolta a thabhairt dóibh ar fiú breis is €1 milliún é.

An RTÉ Toy Show Appeal

Sa bhliain 2021, roinneadh an €6.6 milliún a bailíodh le linn an chéad RTÉ Toy Show Appeal riamh idir 55 carthanacht leanaí éagsúla. Meastar gur chuidigh an t-airgead sin le breis is 650,000 leanbh agus ball dá dteaghlach. Roinneadh leath den airgead a bailíodh idir trí charthanacht: Barnardos Ireland, Children’s Health Foundation Ireland agus Leabhair Pháistí Éireann.

Cuireadh an t-airgead a bhí fanta ar fáil do charthanachtaí leanaí i nglao oscailte do dheontais arna bhainistiú ag The Community Foundation for Ireland agus Community Foundation Northern Ireland.

Cuireadh maoiniú ar fáil do thionscadail éagsúla, an méid thíos ina measc:

  1. Seirbhísí tacaíochta do leanaí gan dídean i nGaillimh trí chlár COPE Galway Ag Cuidiú le Leanaí ar dTús.
  2. Deiseanna a thabhairt do ghlúin nua de cheoltóirí le Music Generation Cork.
  3. Tacaíocht theiripeach ón Ionad Éigeandála um Éigniú i nDun na nGall do dhaoine óga a d’fhulaing foréigean gnéasach.
  4. Ag cur éadaí, bróga, éidí scoile agus éadaí leapa ar fáil do leanaí atá faoi chúram le Kinship Care Northern Ireland.
  5. Tacaíocht for-rochtana sláinte mheabhrach faoin tuath do dhaoine óga i gContae Luimnigh le Seirbhísí don Óige Luimneach.

Bhain Late Late Toy Show na bliana 2021 buaiclíon nua lucht féachana amach arís, a tharraing 1.8 milliún lucht féachana ar an meán. Bhailigh an RTÉ Toy Show Appeal i mí na Samhna 2021 €6.6 milliún eile le dáileadh ar charthanachtaí leanaí ar fud oileán na hÉireann sa bhliain 2022, chun cuidiú le saol leanaí a athrú trí thionscadail a mhaoiniú a bhaineann le sláinte agus folláine, le riachtanais riachtanacha agus le spraoi agus leis an gcruthaitheacht.