RTÉ: Obair na Bliana 2021

Ag freagairt do Ghéarchéim Náisiúnta
Ábhar agus cláracha chun tacú leis an lucht féachana agus éisteachta
Bhí RTÉ i dteannta scoláirí na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh an t-am ar fad
D’fhonn cuidiú le scoláirí na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh, agus a dtuismitheoirí, le linn tréimhse dheacair de bharr na paindéime domhanda, thug RTÉ isteach sraith cláracha agus tionscnamh ar fud sheirbhísí RTÉ.
Áiríodh orthu sin: Shakespeare on Sunday ar RTÉ2 gach Domhnach i mí Eanáir agus Feabhra; ag cur réimse modúil teagaisc agus bileoga oibre ar líne ar fáil do shiollabas na Sraithe Sóisearaí, ábhar a cruthaíodh agus a léiríodh i gcomhpháirt le múinteoirí Sraithe Sóisearaí; clár dátheangach, StaidAir le Bláthnaid Treacy ar 2fm chun tacú le scoláirí agus iad ag fáil faoi réir don scrúdú cainte; LC 21 le Carl Mullan arna chraoladh ó Luan go Déardaoin ag an 7pm ar 2fm ar feadh trí seachtaine a chruthaigh pobal do scoláirí agus a dhírigh ar phleanáil staidéir, chomh maith le comhairle ar mar is ceart aire a thabhairt dóibh féin le linn na míonna fíorthábhachtacha réamhscrúdaithe.
Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta am i leataobh ar an gclár Tús Áite gach seachtain nuair a labhair Fachtna Ó Drisceoil le haíonna faoi na dúshláin a bhí siad ag dul i ngleic leo agus mar a bhí siad ag déileáil leis an scolaíocht bhaile. Reáchtáladh sraith cláracha faisnéise eolaíochta, staire agus dúlra ar an RTÉ Player do scoláirí na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí.
Ar Ais de bharr Éileamh an Phobail
Tugadh Home School Hub agus After School Hub RTÉ ar ais i mí Eanáir chuig RTÉ2 agus an RTÉ Player, ag cur trí uair an chloig d’ábhar teilifíse ar fáil gach aon lá, ábhar ina raibh meascán d’ábhar nua agus seónna a craoladh cheana, arbh ionann sin agus lámh chúnta do thuismitheoirí. Bhí an lucht féachana óg ábalta féachaint ar John, Clíona, Seamus agus a gcairde go léir ar RTÉ2 idir 10am agus meán lae, iad ag cur foghlaim curaclaimbhunaithe spraíúil agus idirghníomhach ar fáil, a raibh an-tóir air nuair a craoladh den chéad uair riamh é i Márta 2020. Ag 3.20pm gach lá rinneadh athchraoladh ar na gníomhaíochtaí laethúla ar After School Hub gníomhaíochtaí amhail, turgnaimh eolaíochta, ranganna damhsa agus ceoil, ealaíne agus ceardaíochta chomh maith le leabhair agus cultúr. Coinníodh na bileoga eolais, podchraoltaí agus ábhar ó thríú páirtithe ar www.rte.ie/learn/ agus d’fhéadfaí féachaint siar orthu ar an RTÉ Player. Craoladh leagan Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) den chlár ar RTÉjr le linn na seachtaine ag 1pm agus craoladh clár ISL, After School Hub Best Bits, gach Satharn agus Domhnach ar RTÉjr. Tá na leaganacha ISL de Home School Hub ar fáil freisin ar an RTÉ Player.
Eagrán speisialta The Late Late Show ar Lá Fhéile Pádraig
Thagadh na céadta míle daoine go hÉirinn riamh le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus bhíodh mórshiúlóidí agus imeachtaí ceiliúrtha ar siúl ar fud an domhain freisin. Ó tharla gur cuireadh imeachtaí poiblí ar ceal anuraidh, ba é The Late Late Show croílár an cheiliúrtha ar Lá Fhéile Pádraig, ag tabhairt mhuintir na hÉireann gach uile áit le chéile do thráthnóna speisialta siamsaíochta. Níor leanadh den traidisiún nuair a craoladh The Late Late Show oíche Dé Céadaoin den chéad uair ó craoladh an clár den chéad uair riamh beagnach 60 bliain ó shin agus cuireadh tugtha do mhuintir na hÉireann ó ar fud na cruinne a bheith páirteach sa lucht féachana fíorúil ar an oíche úd. Mar a bhí le rá ag láithreoir an chláir, Ryan Tubridy, ‘Ó thosaigh an phaindéim, d’fhéachamar le hÉirinn a cheiliúradh ar bhealach nach ndearnamar riamh cheana ar The Late Late Show agus na gnéithe is fearr dínn a chur os comhair an phobail, agus leanfaimid de sin a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig, ar bhealach faoi leith. Táimid ag iarraidh oraibhse, muintir na hÉireann thar sáile, a bheith mar chuid den tráthnóna seo inár lucht féachana fíorúil, a bheith i dteanna bhur muintire agus bhur gcairde anseo sa bhaile.’
Bhí an seó ar fáil do lucht féachana ar fud an domhain ar an RTÉ Player.
Ríomhairí Glúine Saor in Aisce do Scoláirí
I mí Feabhra sheol RTÉ feachtas Tech2Students chun ríomhairí glúine a thabhairt do scoláirí ar fud na tíre, na scoláirí is mó a raibh siad ag teastáil uathu. Féachadh le Tech2Students, tionscnamh ó Camara Education Ireland agus Trinity Access (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), an bhearna dhigiteach atá ann a shárú chun nach bhfágfaí duine ar bith ar cúl agus foghlaim ag leanúint ar aghaidh ar líne in 2021.
Bhí Tech2Students i mbun ríomhairí glúine agus gairis Chromebook a chur in úsáid arís do scoláirí na hArdteistiméireachta ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear scoláirí i scoileanna DEIS, sa chóras soláthair dhírigh, foghlaimeoirí aosacha i ngrúpaí leochaileacha chomh maith le grúpaí óige amhail Foróige agus An Cosán. Chuidigh RTÉ chun méadú thar na bearta a dhéanamh ar an tionscnamh agus tháinig An Post ar bord mar chomhpháirtí seachadta i dteannta ESB, Ionad Rochtana OÉ, Gaillimh agus Rethink Ireland, ag leathnú an tionscadail agus ag cur le tionchar an tionscadail.
Siamsaíochta do Pháistí
Chun tacú le leanaí agus a dteaghlaigh le linn an bhriseadh lár téarma agus Fhéile na Samhna léirigh RTÉ seónna agus sraitheanna iontacha, cinn úrnua agus cinn seanbhunaithe araon, lán d'ealaín, eachtraíocht faoin spéir, beochaintí nua, gearrscannáin, scannáin agus cláracha speisialta thaibhsiúla Samhna chun siamsaíocht a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta níos óige. Ba é an t-ealaíontóir greannán Éireannach Will Sliney agus cliar de charachtair mór le rá, Aisling Bea, Laura Whitmore agus Dermot Whelan ina measc, a bhí ar thús cadhnaíochta nuair a chuir siad seó iontach nua ealaíne éagsúil faoinár mbráid ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Meascán de sheó líníochta agus beochana eachtraíochta a bhí in Storytellers de chuid Will Sliney inár múineadh do dhaoine óga a bhfuil bua na healaíne acu an uirlis troda is cumhachtaí dá bhfuil ann a úsáid - an peann luaidhe. Bhí Clare Dunne i ngearrscannán freisin, X Marks the Spot ar RTÉ2 agus an RTÉ Player.
Sábháilteacht ar líne a Bheochan do Leanaí Réamhscoile
Sraith bheochana spraíúil mhagúil ar RTÉjr agus ar RTÉ Player, arna léiriú ag Kavaleer, stiúideo beochana lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhfuil gradaim buaite aige, ba ea Alva’s World a raibh sé mar aidhm aici leanaí réamhscoile a ullmhú le go mbeadh siad ábalta fadhbanna a bhaineann leis an saol ar líne a thuiscint agus aghaidh a thabhairt orthu. Arna léiriú do RTÉjr agus Sky roimh an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte rinneadh sábháilteacht ar líne a scrúdú in Alva’s World trí shúile Alva, ár mbanlaoch beag, a teaghlaigh agus an róbait atá mar pheata aici, Mo, agus iad ag dul in éadan phlotaí triúr cábóg cealgach - Troill Gizmo. Bhí sé mar aidhm ag an gclár na scileanna cuí a thabhairt don ghlúin leanaí seo a bheidh ag plé leis an saol casta ar líne i gceann cúpla bliain. Is ionann an domhan Gizmo agus macalla de thimpeallacht an idirlín agus tírdhreach na meán sóisialta, leis na hábhair iontais agus na rioscaí ar fad a bhaineann leo. Mealladh leanaí le scéalta spraíúla agus le carachtair spéisiúla, ach cuireadh oideachas orthu go cáiréiseach - agus tugadh uirlisí réitigh fadhbanna dóibh - i leith fadhbanna a bheidh rompu amach anseo, gan aon agó.
Ag Tabhairt Aghaidh ar Mhífhaisnéis
I mí Bealtaine, sheol Nuacht RTÉ srait podchraolta nua ceithre chuid The Truth Matters: A Guide to Misinformation, arna chur i láthair agus arna léiriú ag na hiriseoirí Éireannacha, Della Kilroy agus Shane Creevy. Rinneadh iniúchadh sa tsraith ar mar a scaiptear mífhaisnéis i ré na meán cumarsáide agus tugadh comhairle maidir le bealaí chun tú féin a chosaint ina coinne. I mbliain inar tháinig méadú fíorsciobtha ar scaipeadh mífhaisnéise, scrúdaíodh sa tsraith nua seo na difríochtaí idir mífhaisnéis agus bréagaisnéis agus fiosraíodh mar a scaipeann teoiricí comhcheilge chomh sciobtha ar líne agus an chúis a dtarlaíonn sin. Bhí an podchraoladh dírithe ar na scileanna a thabhairt don éisteoir mífhaisnéis a aithint agus a gcuid a dhéanamh le stop a chur leis an scaipeadh mífhaisnéise ar líne. Trí labhairt le hiriseoirí, údair, gníomhairí cearta sibhialta agus saineolaithe ar chúrsaí digiteacha, d’fhoghlaim Della agus Shane faoin mbealach le labhairt le cairde a chreideann i dteoiricí comhcheilge agus, trí chomhbhá, mar a bheadh na héisteoirí ábalta labhairt leosan a bhfuil a fhios acu atá ar bhóthar na dteoiricí comhcheilge.