RTÉ: Obair na Bliana 2021

Breis Rochtana, Breis Foghlama

Tá RTÉ tugtha d'fheabhas a chur ar sheirbhísí rochtana agus do dheiseanna tairbheacha oideachais a chur ar fáil do shaoránaigh na hÉireann.

Rochtain le Chéile

Lean paindéim Covid-19 de dhúshláin a chruthú do phobal bodhair na hÉireann a bhraith ar RTÉ teachtaireachtaí, seirbhísí agus cláracha tábhachtacha a chur ar fáil dóibh. Sa bhliain 2021, chuir an fhoireann Rochtain ar Sheirbhísí seirbhísí Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) ar fáil ar fud réimse cainéal agus ardán RTÉ News, RTÉ One, RTÉ2, RTÉ Player agus cuntais meán sóisialta RTÉ ina measc. Craoladh mórfhógraí sláinte poiblí ar fad a thug an Taoiseach beo le ISL ar RTÉ News agus ar an RTÉ Player.

ISL den Chéad Uair ar The Late Late Toy Show

Bhí RTÉ i dteagmháil go rialta leis an bpobal Bodhair le linn na bliana 2021 agus cuireadh ár seirbhísí in oiriúint de réir a gcuid aiseolais. Ba léir sin ar ISL The Late Late Toy Show a raibh a gcéad gcomharthóir Bodhair acu anuraidh. Thosaigh Sarah Jane O’Regan lenár bhfoireann láithreoirí ISL ar an RTÉ Player agus ar chainéal RTÉ News. Tá Sarah Jane ar dhuine den chéad ghrúpa a cháiligh ina hateangaire do Dhaoine Bodhra agus rinne a cur i láthair beo le taobh na n-ateangairí éisteachta Amanda Coogan agus Aisling Dragoi. Cruthaigh RTÉ ábhar bunaidh ISL chomh maith do na sosanna fógraíochta agus do na meáin shóisialta ar an oíche úd a raibh leanaí ón Holy Family Deaf School ar an gCabrach páirteach ann. Bhí an t-aiseolas a fuarthas ó na Bodhair agus ón bpobal i gcoitinne ar na héachtaí sin fíordhearfach amach is amach.

Rochtain a Fheabhsú

Seachas fotheidil, tráchtaireacht fuaime agus ISL a sholáthar ar fud gach seirbhíse de chuid RTÉ, bhí 95% de na cláracha ar RTÉ One i rith na mbuaicthráthanna ar fáil le fotheidil, agus bhí 89% de na cláracha ar RTÉ2 agus 54% de na cláracha ar fad ar RTÉjr ar fáil le fotheidil. Is é Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a leagann amach spriocanna ISL RTÉ. Bhí na spriocanna ar fad sáraithe ag RTÉ faoi Mheitheamh 2021.

Sa bhliain 2021, rinne RTÉ infheistíocht chun painéal tráchtaireachtaí fuaime a earcú agus a thraenáil a chuirfidh ar chumas RTÉ cur le méid agus réimse an ábhair inrochtana le béim ar leith ar ábhar Éireannach, drámaíocht san áireamh.

For-rochtain RTÉ

Cuireadh tús le Clár For-rochtana RTÉ do scoláirí na hIdirbhliana agus scoláirí na Sraithe Sinsearaí i nDeireadh Fómhair agus mar chuid den chlár sin thug foireann de chuid RTÉ cuairt ar scoileanna, Scoil Chuimsitheach na Tríonóide, Baile Munna, Pobalscoil Naomh Cillín i mBré, Coláiste Loreto i gCromghlinn, Coláiste Pobail Lorcáin, CBS Shráid Brunswick agus Meánscoil na Trócaire, Inse Chór ina measc. Chaith siad maidin amháin i ngach scoil: Ag tabhairt ceardlann ar scannánaíocht agus eagarthóireacht ar Ghuthán Cliste; Ag tabhairt comhairle ar ábhar a phostáil ar líne go sábháilte agus go freagrúil; Ag insint do na scoláirí faoi stair RTÉ agus faoi na seirbhísí a chuireann sé ar fáil.

Chomh maith leis sin i nDeireadh Fómhair, thug RTÉ, i gcomhpháirtíocht le Seirbhísí Rochtana DCU, Caint Ghairmthreorach Ar Líne don tSraith Shinsearach (An Idirbhliain, an Cúigiú Bliain agus an Séú Bliain) a bhí áisiúil go háirithe dóibhsean ar mhaith leo staidéar a dhéanamh ar na meáin agus ar mhaith leo gairm a bhaint amach sna meáin i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil. Bhí leideanna praiticiúla freisin acu ar mar is féidir an tacaíocht is fearr a fháil ó sheirbhísí rochtana sa tríú leibhéal. Tacaíonn na tionscnaimh seo le scoileanna nach dtéann an oiread sin dá gcuid scoláirí ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal agus a mbíonn gannionadaíocht orthu sna meáin.

Seachtain Eolaíochta

Ó ionchlannáin inchinne go todhchaí vacsaíní, bhí RTÉ beo ar fud gach ardán arís do Sheachtain na hEolaíochta 2021 le neart ábhar tarraingteach den scoth lenar bhain téama na heolaíochta do gach duine, beag beann ar aois. I ndiaidh bliana ina raibh nuacht eolaíochta agus sláinte dhomhanda mar bhun agus barr leis an saol, bhí rud éigin ann do chách ar chlár RTÉ do Sheachtain na hEolaíochta, lena n-áirítear Future Island beo arís ar RTÉ One le Liz Bonnin agus an tOllamh Luke O’Neill, a bhí ag déanamh plé ar chuid de na ceisteanna is mó maidir le todhchaí na hÉireann. I gcomhpháirtíocht le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, bhí feachtas fógraíochta ar an teilifís, ar an raidió, ar líne agus ar na meáin shóisialta ag tacú le seachtain d’ábhar speisialta.