RTÉ: Figiúirí
na Bliana
:
Neartaigh RTÉ.ie an seasamh atá aige mar an láithreán gréasáin nuachta agus siamsaíochta is fearr in Éirinn agus 39 milliún cuairt tugtha ar an láithreán gach mí agus 98 milliún radharc ar leathanaigh gach mí.
:
Bhí 44 as 50 de na cláracha teilifíse is mó féachana in Éirinn ar RTÉ.
:
Bhí baint ag an bhfeachtas ‘RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona’ le 130 imeacht ealaíon ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus pobail.
:
Ba é RTÉ Six One News ar an 5 Eanáir an clár nuachta teilifíse is mó a raibh lucht féachana aige le linn na bliana ar aon chainéal.
:
Ba é Craobh Shinsir Peile na hÉireann CLG idir Tír Eoghain agus Maigh Eo ar RTÉ2 an dara clár ba mhó lucht féachana in Éirinn. 944,600 duine a d’fhéach air.
:
Ba é The Late Late Toy Show an clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana aige arís i mbliana. D’fhéach breis is 1.7 milliún duine ar an gclár agus bailíodh €6.6 milliún ar son cúiseanna maithe.
:
Bhí nach mór 2 mhilliún ag éisteacht le raidió RTÉ gach seachtain, 48% den lucht éisteachta fásta (15+).
:
Bhí 2.47 milliún sruth ag sraith dhrámaíochta RTÉ, Kin, ar an RTÉ Player, agus ba é an chéad eipeasóid an clár ba mhó a sruthaíodh as an ábhar ar fad ar an RTÉ Player - bhí 515,600 sruth aige.
:
Bhí bliain iontach eile ag an RTÉ Player i ndiaidh rath na bliana 2020 agus breis is 67 milliún sruth aige, agus ghnóthaigh UEFA Euro 2020 2.5 milliún sruth.
:
Chuir aip RTÉ News lena fharasbarr mar an aip nuachta is fearr in Éirinn agus tugadh 25 milliún cuairt ar an aip agus féachadh ar an aip 149 milliún uair in aghaidh na míosa.