Bord RTÉ
Ag deireadh na bliana, ba mhná iad 45% de Bhord RTÉ agus b’fhir iad 55%.

Moya Doherty
1. Moya Doherty, Cathaoirleach
Téarma oifige: 04 Samhain 2014 – 6 Samhain 2022 (Athcheaptha don dara téarma ar an 6 Samhain 2017)
Tá Moya Doherty ina príomhthacadóir ar an tionscal cruthaitheach, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon. Ina léiritheoir feidhmiúcháin di ar roinnt léiriúchán do RTÉ léirigh Moya roinnt foirmeacha teilifíseacha lena n-áirítear léiriú teilifíse ar shearmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta a bhí ar siúl in Éirinn sa bhliain 2003. Ba í Moya a rinne an coincheap do Riverdance a fhorbairt agus bhí sí ina Léiritheoir Coimisiúnaithe ar Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1994.
Bhí sí ar dhuine de na stiúrthóirí bunaitheacha ar Tyrone Productions agus ina comhalta boird ar roinnt bord a bhain le cúrsaí ealaíon, lena n-áirítear cathaoirleach ar Fhéile Amharclannaíochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ar bhord Amharclann na Mainistreach, The Ark Children’s Theatre i mBaile Átha Cliath, chomh maith le Business to Arts agus Walnut Hill Arts School in Massachusetts.
Is iomaí gradam a bronnadh ar Moya, ina measc Gradam Veuve Clicquot do Bhean Gnó na Bliana agus Gradam Ernst & Young d’Fhiontraí na Bliana. Bronnadh céimeanna onóracha dochtúireachta uirthi freisin ó Ollscoil Uladh agus ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann mar aitheantas ar an tiomantas leanúnach a léiríonn sí maidir le todhchaí na n-ealaíon in Éirinn.

Susan Ahern
2. Susan Ahern
Téarma oifige: 13 Iúil 2021 – 12 Iúil 2026
Is abhcóide, idirghabhálaí creidiúnaithe agus eadránaí idirnáisiúnta í Susan. Is Comhalta í d’Institiúid Chairte na nEadránaithe, is eadránaí í sa Chúirt Eadrána Spóirt agus ceapadh chuig Rannán Frithdhópála na Cúirte Eadrána Spóirt í do na Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo.
Tá breis is 25 bliain taithí ag Susan i gcleachtas dlí tráchtála agus spóirt, i riarachán spóirt agus i rialachas corparáide ina stiúrthóir feidhmiúcháin agus ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar roinnt bord lena n-áirítear Spórt Éireann, Cruicéad Éireann agus Craobhchomórtais an Domhain sa Rothaíocht 2023. Bhí Susan ina Ceann Gnóthaí Dlí agus Reachtaíochta ag Rugbaí an Domhain go dtí 2016, áit a mbíodh ról lárnach aici ceithre Chorn an Domhain sa Rugbaí a sheachadadh agus áit ar bhunaigh sí Aonad Ionracais Rugbaí an Domhain.
Déanann Susan ionadaíocht dá cuid cliant os comhair na gcúirteanna agus binsí, tugann sí faoi fhiosrúcháin, bíonn sí ina headránaí agus ina hidirghabhálaí agus tá roinnt róil rialála aici ina cinnteoir neamhspleách i gcúrsaí araíonachta, iompair agus tráchtála gairmiúla. Is comhairleoir í Susan do chomhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe i réimsí an rialachais chorparáidigh agus réitigh díospóidí.

Dee Forbes
3. Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir
Comhalta ex-officio de bhun an cheapacháin ina Príomh-Stiúrthóir an 11 Iúil 2016
Ceapadh Dee Forbes ina Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ le héifeacht ón 11 Iúil 2016. I Londain a bhí Dee Forbes lonnaithe sula ndeachaigh sí i mbun oibre le RTÉ, áit ar chaith sí níos mó ná 27 bliain ag obair do chraoltóirí agus don ghníomhaireacht fógraíochta Young and Rubicam.
An post deiridh a bhí aici roimhe seo ná ina hUachtarán agus ina Stiúrthóir Bainistíochta in Discovery Networks Northern Europe. Thosaigh Dee ag obair le Discovery in 2010 mar Cheann oibríocht na Ríochta Aontaithe/na hÉireann agus chuir sí lena cuid freagrachtaí de réir a chéile go dtí go raibh sí i gceannas ar réigiún Thuaisceart na hEorpa, ina raibh 18 margadh agus críoch agus 27 cainéal, idir chinn saor-go-haer agus síntiúis, a bhí ag craoladh chuig breis is 276 milliún líon tí ar fud Thuaisceart na hEorpa gach mí.
Sula ndeachaigh sí le Discovery, stiúir Dee gnónna Turner Broadcasting sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, ina raibh seacht gcainéal siamsaíochta, ina measc Cartoon Network, Boomerang agus TCM. Chaith sí roinnt blianta ag obair le Turner i róil éagsúla tráchtála, ina measc Bainisteoir Ginearálta ar réigiún Nordach/Lár na hEorpa, Oirthear na hEorpa agus na réigiúin EMEA. Ba í Ceann na nDíolachán Fógraíochta don Eoraip freisin í.
Bhí Dee ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar bhord The Irish Times tráth agus tá sí ar bhord Munster Rugby faoi láthair. I nDrom Dhá Liag in iarthar Chorcaí a rugadh Dee agus bhain sí céim sa stair agus sa pholaitíocht amach in UCD.

David Harvey
4. David Harvey
Téarma oifige: 13 Iúil 2021-12 Iúil 2026
Is iar-láithreoir teilifíse agus raidió agus léiritheoir teilifíse a bhfuil gradaim buaite aige é David Harvey a bhfuil leas aige i roinnt comhlachtaí a bhaineann leis na meáin agus atá dírithe ar an margadh idirnáisiúnta. Bhí roinnt poist bhainistíochta, léirithe agus bhoird aige agus roghnaíodh é ina chathaoirleach agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin leis na scileanna sin a thabhairt chuig réimse institiúidí agus comhlachtaí eile, institiúidí agus comhlachtaí a bhaineann le cúrsaí craoltóireachta agus nach mbaineann le cúrsaí craoltóireachta.
Bhí sé ina chathaoirleach tráth ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, IADT Dún Laoghaire agus ar Fhéile Pádraig. Chaith sé blianta fada ina chathaoirleach ar Iontaobhas People in Need (a bhí i mbun rannpháirtíochta le RTÉ chun Teileatón RTÉ/People in Need a chur chun cinn). Bhí sé ina stiúrthóir tráth ar Bhord Bia agus tá ina chathaoirleach ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann faoi láthair.
Tá BBS agus MA aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Daire Hickey
5. Daire Hickey
Téarma oifige: 13 Iúil 2021-12 Iúil 2026
Is bunaitheoir agus Comhpháirtí Bainistíochta é Daire Hickey ag 150Bond. Cuireann sé comhairle straitéiseach ar fáil d’fheidhmeannaigh leibhéal c ag cuidiú leo a dteachtaireacht a mhéadú agus cur lena líonra. Tá 30 feidhmeannach ag an ngnólacht lonnaithe idir Nua-Eabhrac agus Baile Átha Cliath, a oibríonn le comhlachtaí ard fáis, le caipitlithe fiontair agus le comhlachtaí Fortune 500.
Bhí Daire ina chomhbhunaitheoir ar Web Summit. Is infheisteoir é freisin i roinnt gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí fiontair agus bhí sé ina iriseoir tráth.

Ian Kehoe
6. Ian Kehoe
Téarma oifige: 9 Deireadh Fómhair 2018-8 Deireadh Fómhair 2023
Iriseoir, údar agus craoltóir é Ian Kehoe a bhfuil gradaim buaite aige. In 2014, nuair a bhí sé 34 bliana d'aois, ceapadh ina Eagarthóir ar an nuachtán The Sunday Business Post é, agus bhí an post sin aige ar feadh ceithre bliana. Le linn na tréimhse sin, ceapadh chuig bord an nuachtáin sin é chomh maith lena cheapadh chuig gnó clódóireachta bainteach eile.
Ina dhiaidh sin, bhí Ian ina chomhbhunaitheoir ar Currency Media Limited, a fhoilsíonn an tseirbhís ghnó ar líne, The Currency. Bhí Ian ina láithreoir agus ina iriseoir roimhe seo ar Prime Time de chuid RTÉ, agus tá líon mórchláracha faisnéise teilifíse déanta aige - Who’s Buying Ireland agus The Great Irish Sell-Off ina measc.
Tá Iriseoir na Bliana maidir le Gnó agus Eacnamaíocht buaite faoi dhó aige agus bronnadh Gradam Miriam Hederman O’Brien air de bharr an méid atá curtha aige le beartas fioscach na hÉireann. Is é comhúdar an leabhair Citizen Quinn é, leabhar mórdhíola faoi éirí agus faoi thitim an tionsclaí Seán Quinn.
Is as Inis Córthaidh i gCo. Loch Garman ó dhúchas é agus tá BA bainte amach aige in Iriseoireacht agus MA i gCaidrimh Idirnáisiúnta ó DCU.

Deborah Kelleher
7. Deborah Kelleher
Téarma oifige: 04 Samhain 2014–6 Samhain 2022 (Athcheaptha don dara téarma ar an 06 Samhain 2017)
Ceapadh Deborah Kelleher ina Stiúrthóir ar Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann (RIAM) i mí Dheireadh Fómhair 2010. Bhí bunpháirt aici i gcúrsaí for-rochtana, i gcúrsaí cianfhoghlama agus i gcúrsaí acadúla a chur ar bun san Acadamh le roinnt blianta anuas.
Bhí páirt thábhachtach aici freisin le bunchéim shaindírithe sa chumadóireacht, an chéad chúrsa i dteicneolaíocht an cheoil san Acadamh agus cuid mhór cúrsaí don fhorbairt ghairmiúil ar mhúinteoirí́ ar fud na tíre, a chur ar siúl. Rinneadh Coláiste Comhlach de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath de Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2013. Rinne Deborah maoirseacht ar an athrú suntasach sin.
Rinne Deborah staidéar ar an gceol i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bronnadh céimeanna Máistreachta uirthi sa cheoleolaíocht (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus i riarachán gnó (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Aithnítear go bhfuil Deborah ar dhuine de na ceoltóirí pianó is fearr dá glúin in Éirinn agus shaothraigh sí ar feadh na mblianta ina Ceannasaí ar Roinn na Ceoltóireachta sa Cheol-Acadamh Ríoga.
Dhírigh sí go mór ar sheinm le hamhránaithe le blianta beaga anuas agus d'oibrigh sí le Ailish Tynan, Mairéad Buicke, Tara Erraught agus Bernadette Greevy nach maireann, i measc roinnt oirfideach eile. Tá sí ina comhalta de bhord Chomórtas Idirnáisiúnta Pianó Bhaile Átha Cliath, de bhord Cheolfhoireann Náisiúnta na nÓg agus de bhord Lyric Opera. Rinne sí fónamh ar Phainéal Piarmheastóireachta don Chomhairle Ealaíon chomh maith.
Tá Deborah ina Leas-Uachtarán ar an dáréag comhalta ar Chomhairle Chumann Ardscoileanna Ceoil na hEorpa (AEC), scáthghrúpa do bhreis agus 280 ardscoil ceoil.

Dr P.J. Mathews
8. An Dr P.J. Mathews
Téarma oifige: 04 Samhain 2014–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)
Tá an Dr P.J. Mathews ina Chomh-Ollamh i Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Baineann a shaothar go speisialta le litríocht agus le cultúr na hÉireann. Is é a scríobh an saothar Revival (arna fhoilsiú ag Field Day/Cork UP sa bhliain 2003) maidir le tréimhse athbheochan chultúr na hÉireann; a rinne eagarthóireacht ar an saothar Cambridge Companion to J.M. Synge (2009); agus comheagarthóireacht ar A Handbook of the Irish Revival (arna fhoilsiú ag Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2015).
Is é P.J. a bhunaigh agus atá ina Stiúrthóir ar an bpodchraoltóireacht acadúil le UCD scholarcast (www.ucd.ie/scholarcast).
Bhí sé ina stiúrthóir ar Scoil Samhraidh Parnell idir 2002 - 2005 agus ceapadh ina Chomhalta Naughton agus ina Chomh-Ollamh Cuairte sa Bhéarla é in Ollscoil Notre Dame sa bhliain 2007-8. Tá sé ina bhall seachtrach de Mheitheal Léann na hÉireann in Université Sorbonne Nouvelle-Paris 3, agus ina chomhthionólaí ar Chraobhchóras Taighde Dochtúireachta Léann na hÉireann.

Connor Murphy
9. Connor Murphy
Téarma oifige: 19 Márta 2020-18 Márta 2025
Fiontraí teicneolaíochta é Connor Murphy a bhfuil cúlra aige i gcaipiteal fiontair, i sainchomhairleoireacht bhainistíochta agus i ríomheolaíocht. Tá sé ina chomhalta den fhoireann Techstars Venture Partner i láthair na huaire agus bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar chlár Techstars SAP.iO i mBeirlín roimhe sin. Tacaíonn sé le cláracha Techstars in Melbourne, Súl, Bangalore, Singeapór, Osló, Liospóin, Amstardam, München agus i mBeirlín. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeanach agus ina Bhunaitheoir tráth ar Datahug, a ghlac Callidus Cloud, atá liostaithe ar Nasdaq (Nasdaq:CALD), seilbh air agus atá mar chuid anois de SAP.
Roimh a thréimhse le Datahug, d'oibrigh Connor le PA Consulting Group i Londain, i Nua-Eabhrac agus in Washington, DC. Bhain sé céim chéadonóracha amach sa ríomheolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Anne O’Leary
10. Anne O’Leary
Téarma oifige: 04 Samhain 2014–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)
Tá taithí mhór ag Anne O’Leary ina Feidhmeannach Gnó. Réimsí spéise ina bhfuil cumas faoi leith léirithe aici is ea cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí bealaí nua a aimsiú chuig an margadh agus leas a bhaint as deiseanna teicneolaíochta d'fhonn acmhainneacht a thapú. Tá tuiscint ghéar ghrinn ag Anne ar rialachas corparáide agus ar chúrsaí comhlíonta. Ina comhalta di d'Institiúid na Stiúrthóirí, tá tuiscint aici ar na coinníollacha reatha maidir le boird phríobháideacha agus boird chomhlachtaí Stáit.
Is fiontraí cruthanta í a rinne tionscnamh agus forás ar ghnólacht teicneolaíochta de scoth an domhain sular dhíol sí é, agus bíonn béim láidir aici ar pháirtnéireacht straitéiseach, ar bhainistíocht díolacháin, ar mhargaíocht, ar fhorbairt táirgí agus ar bhainistíocht maidir le caidreamh inmheánach - seachtrach.
Tá taithí leathanréimseach ag Anne ar earnálacha éagsúla gnó. Is léir a cumas maidir le fáthmheas, pleanáil straitéiseach, soirbhiú do mheithle agus do dhaoine aonair agus méadú inbhuanaithe ar theacht isteach airgid.

Robert Shortt
11. Robert Shortt
Téarma oifige: 29 Bealtaine 2018–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)
Thosaigh Robert Shortt ag obair in RTÉ ina iriseoir ar an gclár News at One sa bhliain 1998. Tá sé ag obair ó shin i leith ar go leor cláracha sa rannán Nuachta & Cúrsaí Reatha. Bhí sé ina Chomhfhreagraí Gnó agus bhí sé ina chuid den fhoireann a bhunaigh The Business ar Radio 1. Chaith sé ceithre bliana ina Chomhfhreagraí in Washington sula ndeachaigh sé le Prime Time sa bhliain 2009. Tá Gradam Iriseoireachta Gnó Smurfit buaite faoi dhó aige as a chuid tuairisceoireachta.
Sular thosaigh sé in RTÉ, bhí sé ag obair do nuachtán airgeadais na Seapáine, an Nikkei agus don BBC. Toghadh ina chéad chathaoirleach ar Fhochraobh RTÉ NUJ agus d'fhóin sé ina Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceardchumainn RTÉ (TUG) ar feadh trí bliana. Bhain sé BA sa Bhéarla agus san Eacnamaíocht amach in UCD agus MSc san Eacnamaíocht amach i Scoil Staidéar an Oirthir agus na hAfraice in Ollscoil Londan.
Is é Robert Comhfhreagraí Eacnamaíochta RTÉ faoi láthair.
Freastal ar Chruinnithe an Bhoird
Tionóladh naoi gcruinniú de Bhord RTÉ i rith na bliana 2021. Leagtar amach thíos freastal chomhaltaí an Bhoird ar na cruinnithe sin:
Cruinnithe Infhreastail | Cruinnithe a Freastalaíodh | |
An Bord mar a bhí an 31 Nollaig 2021 | ||
Moya Doherty (Cathaoirleach) | 9 | 8 |
Susan Ahern | 4 | 4 |
Dee Forbes | 9 | 9 |
David Harvey | 4 | 4 |
Daire Hickey | 4 | 4 |
Ian Kehoe | 9 | 9 |
Deborah Kelleher | 9 | 8 |
An Dr P.J. Mathews | 9 | 8 |
Connor Murphy | 9 | 9 |
Anne O’Leary | 9 | 8 |
Robert Shortt | 9 | 9 |
Daoine a d'éirigh as de bheith ina gcomhaltaí den Bhord sa bhliain 2021 | ||
Larry Bass | 1 | 1 |
Féach an tuairisc faoi Rialachas Corparáide ar leathanach 88 maidir le tuilleadh mionsonraí faoin athrú i gcomhaltas an Bhoird sa bhliain 2021.
Coistí an Bhoird
An Coiste Iniúchta agus Riosca
Tionóladh seacht gcruinniú i rith na bliana 2021, a ndearnadh freastal mar seo a leanas orthu:
Comhaltaí Coiste | Cruinnithe Infhreastail | Cruinnithe a Freastalaíodh | Ceapadh ar an gCoiste |
Anne O’Leary (Cathaoirleach) | 7 | 6 | 27 Samhain 2014 |
Susan Ahern | 2 | 2 | 16 Meán Fómhair 2021 |
Ian Kehoe | 7 | 7 | 13 Feabhra 2020 |
Robert Shortt | 7 | 7 | 13 Meán Fómhair 2018 |
Coiste na gCláracha
Tionóladh ceithre chruinniú de Choiste na gCláracha i rith na bliana 2021. Is mar seo a leanas a freastalaíodh orthu.
Comhaltaí Coiste | Cruinnithe Infhreastail | Cruinnithe a Freastalaíodh | Ceapadh ar an gCoiste |
An Dr P.J. Mathews (Cathaoirleach) | 4 | 4 | 27 Samhain 2014 |
Daire Hickey | 1 | 1 | 16 Meán Fómhair 2021 |
Deborah Kelleher | 4 | 4 | 27 Samhain 2014 |
Robert Shortt | 3 | 3 | 31 Bealtaine 2018 |
Tháinig deireadh le tréimhse Robert Shortt ina chomhalta ar an gCoiste ar an 16 Meán Fómhair 2021.
An Coiste maidir le Cóirthrádáil
Tionóladh trí chruinniú i rith na bliana 2021, agus bhí na comhaltaí go léir i láthair ag gach cruinniú, mar seo a leanas:
Comhaltaí Coiste | Cruinnithe Infhreastail | Cruinnithe a Freastalaíodh | Ceapadh ar an gCoiste |
Deborah Kelleher (Cathaoirleach) | 3 | 3 | 24 Meán Fómhair 2015 |
Susan Ahern | 1 | 1 | 16 Meán Fómhair 2021 |
Ian Kehoe | 2 | 2 | 16 Iúil 2020 |
Tháinig deireadh le tréimhse Ian Kehoe ina chomhalta ar an gCoiste ar an 16 Meán Fómhair 2021.
An Coiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta
Reáchtáladh cruinniú amháin den choiste le linn na bliana 2021 agus bhí na comhaltaí go léir i láthair ag gach cruinniú, mar seo a leanas:
Comhaltaí Coiste | Cruinnithe Infhreastail | Cruinnithe a Freastalaíodh | Ceapadh ar an gCoiste |
Moya Doherty (Cathaoirleach) | 1 | 1 | 22 Eanáir 2015 |
Connor Murphy | 1 | 1 | 02 Nollaig 2021 |
Anne O’Leary | 1 | 1 | 22 Eanáir 2015 |
Freastal ar Chruinnithe Fhochoiste Bhord RTÉ
Is do fhreastal chomhaltaí an Bhoird ar chruinnithe de Bhord RTÉ agus d’fhochoistí an Bhoird a thagraítear leis an eolas a fhoilsítear thuas. Anuas air sin, bhí David Harvey, Daire Hickey, Ian Kehoe agus Connor Murphy ina gcomhaltaí freisin ar Bhoird fhochuideachtaí de chuid RTÉ, agus déanann siad freastal ar na cruinnithe Boird de réir sceidil na bhfochuideachtaí sin.