An Obair

Dáileadh

Saorview

Is é Saorview an tseirbhís teilifíse dhigiteach saorchraolta d’Éirinn a fhaightear le haeróg a bhíonn ceangailte le bosca nó teilifíseán Saorview-cheadaithe. Tá teacht air ag breis agus 98% de na tithe a bhfuil teilifíseán acu in Éirinn. Is féidir na táirgí Saorview-cheadaithe a fháil ó mhiondíoltóirí leictreacha ar fud na tíre.

Lean ardán Saorview in 2021 de bheith ag freastal ar a lucht féachana le cuid de na seónna teilifíse is mó éilimh in Éirinn, agus é mar príomh-mhodh glactha acu nó mar chuid de mheascán siamsaíochta baile níos leithne. D’fhan an lucht féachana seasmhach agus ba é Saorview a bhí mar phríomhrogha nó an dara rogha féachana ag 37% de na tithe a bhfuil teilifíseán iontu in Éirinn. I gcás 12% de na tithe is é Saorview an t-aon fhoinse atá acu láthair chun comhartha teilifíse a fháil. I R4 2021, bhí rogha níos fearr curtha ar fáil ar Saorview nuair a cuireadh dhá chainéal nua leis, le teacht na seirbhíse nuachta idirnáisiúnta Sky News ar an teilifís agus UCB ar an raidió. Fágann sé seo go bhfuil 12 chainéal teilifíse agus 11 stáisiún raidió san iomlán ar fáil anois ar an ardán.

2rn

Déanann 2rn, fochuideachta faoi lánúinéireacht RTÉ, córas tarchuradóireachta na hÉireann a chothabháil, a bhainistiú agus a fhorbairt ar son gach craoltóir ar an oileán agus cuireann sé seirbhísí bonneagair ar fáil don tionscal teileachumarsáide. 2rn atá i bhfeighil chóras craolacháin agus tarchuradóireachta náisiúnta na hÉireann, á chinntiú go mbíonn an tír ceangailte i gcónaí agus cinntíodh iontaofacht 99.99% ar fud na seirbhísí tarchuradóireachta teilifíse agus raidió arís i rith na bliana 2021.

Leanadh, trí sheirbhísí Saorview agus Saorsat, de sheirbhísí teilifíse agus raidió seirbhíse poiblí a chur ar fáil saor in aisce i ngach teach sa Stát, le seirbhís ardchaighdeáin físe agus fuaime. As c.1.7 milliún teaghlach in Éirinn a mbítear ag faire ar an teilifís, bhí Saorview ag c.620,000 acu i rith na bliana 2021 agus bhí c. 200,000 teaghlach nach raibh aon bhealach eile seachas Saorview acu chun breathnú ar chraoladh teilifíse.

In 2021, de bharr COVID-19 b’éigean athruithe a dhéanamh ar go leor de na cleachtais agus na próisis oibre chomh maith le feabhas a chur ar oiliúint na foirne le go bhféadfaí tabhairt faoi na hoibreacha a bhí riachtanach go sábháilte chun iontaofacht na seirbhísí a chinntiú, agus déileáil le soláthraithe agus le custaiméirí araon. Mhaolaigh na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm an tionchar a bhí COVID-19, agus ní raibh aon tionchar ábhartha aige ar fheidhmíocht fhoriomlán 2rn i rith na bliana.

Ar an iomlán, ghin 2rn ioncam €25.9 milliún in 2021, laghdú beag ón mbliain 2020 a d’eascair as laghdú a bheith tagtha ar an ioncam rialáilte ó sheirbhísí craolacháin náisiúnta. Ar an iomlán, léiríonn an €25.9 milliún agus an fheidhmíocht bliain ar bhliain go bhfuil an margadh craolta seasmhach agus an margadh cíosa crann agus túr ag feidhmiú go láidir.

Cuireadh deireadh in 2021 leis an gCraoladh Digiteach Fuaime (DAB), seirbhís raidió a bhí á tharchur ag 2rn. D’iompair an tseirbhís seo na seirbhísí raidió uile de chuid RTÉ ach níor léirigh na stáisiúin raidió tráchtála ná an pobal éisteachta aon spéis ábhartha ann.

Níor tháinig aon athrú suntasach ar an margadh raidió áitiúil, réigiúnach agus náisiunta ó tharla na réimsí ar fad atá ar fáil ar an mbanda FM a bheith in úsáid anois a bheag nó a mhór. Tá comhdhlúthú líonraí na seirbhísí fón póca tagtha chun aibíochta faoin tráth seo agus tá dúshlán ag baint i gcónaí le seasmhacht ioncaim bliain i ndiaidh bliana a thabhairt i gcrích i ngnó na teileachumarsáide.

RTÉ Guide

Is é an RTÉ Guide an iris is mó díol in Éirinn i gcónaí, le leagan seachtainiúil ar na seilfeanna, chomh maith le móréagrán iontach dúbailte don Nollaig. Chomh maith leis sin, foilsíonn an RTÉ Guide Taste, iris bhliantúil atá dírithe ar bhia agus ceiliúradh á dhéanamh ar an mbia, ar chócairí, treochtaí agus táirgí séasúracha. Bhí na hirisí fós ag gineadh ioncaim do RTÉ, rud a chuidigh le lucht féachana níos óige a mhealladh, chomh maith leis na croíléitheoirí a choinneáil. Ba bhliain dhúshlánach í 2021 do thionscal na nuachtán agus an phreasa, agus na díolacháin foriomlána laghdaithe 8–10%. Bhí tionchar ag Covid-19 ar líon na ndaoine a bhí sna siopaí sa chéad leath den bhliain, rud a chur leis an laghdú beag 2.6% ar ioncam díolacháin an RTÉ Guide.

Mar sin féin, is feiniméan foilsitheoireachta in Éirinn i gcónaí é eagrán ollmhór na Nollaig den RTÉ Guide. Díoladh níos mó cóipeanna in 2021 ná mar a díoladh i gcás iris na Nollag 2019 agus thug sé isteach 20% breise in ioncam fógraíochta i gcomparáid le leagan na Nollag 2020, chun dea-chríoch a chur leis an mbliain.