An Obair

Digiteach

RTÉ Player

Ba iad an Drámaíocht, Spórt Beo agus an tSiamsaíocht Fhíorasach na seánraí ba mhó éilimh ar RTÉ Player in 2021. 6.5 milliún sruth a rinneadh ar an gcraoladh beo ar Shraith na gCuradh, Craobh na hÉireann CLG, Euro 2020, Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh agus Cluichí Parailimpeacha Thóiceo 2020, agus b’ionann an sruthú beo agus beagnach leath den sruthú ar fad a rinneadh i samhradh na bliana 2021.

Bhain na boscraí Drámaíochta agus Grinn le 28% (18.5 milliún) den sruthú a rinneadh in 2021. Ba í an drámaíocht coireachta an fosheánra ba mhó a raibh tóir air agus an lucht féachana gafa leis na sraitheanna nua, Kin (2.5 milliún sruth) agus Hidden Assets agus bhí siad féachaint go hainsrianta ar an tsraith Line of Duty (2.5 milliún sruth). Bhí sé eipeasóid de Kin i measc na 25 clár ab fhearr a thaitin le daoine i rith na bliana. Bhí an-tóir go seasta ar fhormáidí de chuid na hÉireann ar nós Special Forces Ultimate Hell Week (350,000 sruthú) agus First Dates Ireland (565,000 sruthú) agus an lucht féachana taobh thiar de na hiomaitheoirí, ag súil go n-éireadh go maith leo.

Foilsíodh os cionn 465 nóiméad d’ábhar ar líne de chuid RTÉ Player Original anuraidh, agus iad ag taispeáint aghaidheanna nua, guthanna nua agus daoine nua cumasacha agus bhí os cionn 860,000 sruth ag an abhár sin. Bhí an lucht féachana tógtha le téamaí éagsúla ó ábhar grinn go dtí cláracha faisnéise, agus taispeánadh os cionn 30 aghaidh nua ar líne, lena n-áirítear Fionnuala Jay, Malaki agus Nico Reynolds.

Bhuaigh I’m Fine, an tsraith faisnéise ar RTÉ Player Original a leanann ceathrar fear óg cróga spreagúil a insíonn dúinn faoin gcaoi a bhfuil siad ag sracadh lena meabhairshláinte, an catagóir Craoltóireacht um Chúrsaí Meabhairshláinte ag Gradaim na Meán um Chúrsaí Meabhairshláinte 2021.

Sa chlár The Talk, insíonn ceathrar Éireannach óg do dhuine muinteartha dá gcuid faoi na fadhbanna sóisialta atá ag cur isteach orthu. Craoladh an eipeasóid phíolótach den tsraith sa bhliain 2021 agus dhírigh sé ar an gciníochas. Phléigh cairde a dtaithí pearsanta ar an gciníochas in Éirinn agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar a bheith ag siúl amach le duine, ar na meáin shóisialta agus ar chúrsaí oibre.

RTÉ.ie

In 2021, chuir suíomh gréasáin RTÉ.ie lena stádas mar an chead rogha le haghaidh nuacht agus siamsaíocht in Éirinn, agus é á úsáid ag 41% de dhaoine fásta.

I gcomparáid le 2019, d’ardaigh na cuairteanna ar RTÉ.ie 53% in aghaidh na míosa, nó 39 milliún cuairt mhíosúil, agus d’fhás an t-amharc míosúil ar leathanaigh 48%, nó 98 milliún amharc leathanaigh. Toradh iontach eile ab ea gurbh é an meán thréimhse ama a caitheadh in aghaidh na cuairte ná 8 nóiméad 12 shoicind sin méadú 3% i gcomparáid le 2020, nó 1% i gcomparáid le 2019.

Bhain na barrscéalta le paindéim COVID-19, ach tharraing scéalta níos éadroime trácht ollmhór freisin ar nós an madra a tarrtháladh ar shléibhte Chill Mhantáin, an tuama ‘rúnda’ a fuarthas ar leithinis an Daingin agus freagra na ceiste a chuirtear gach aon bhliain, ‘Cathain a bheidh na cloig ag athrú i mbliana?’

Tháinig Spórt ar ais go bríomhar (méadú 3% ar 2020) agus Craobh Shinsir Peile CLG idir Maigh Eo agus Tír Eoghain ar an bpríomhscéal. Tá fás leanúnach tagtha ar Brainstorm, Stíl Mhaireachtála, Cultúr agus Gaeilge agus an lódáil leathanaigh i gcás rte.ie chomh hard le 1.175 billiún ag deireadh na bliana. Thug ár rannóg staire a cuireadh ar fáil le déanaí an gearrchuntas ar an nGorta Mór chun críche agus dhírigh sé ar na himeachtaí comórtha céad bliain a bhain leis an gCogadh Cathartha. D’éirigh go maith freisin leis an athchóiriú a rinneadh ar ár rannóg raidió in 2021 agus seoladh an rannóg nua RTÉ Kids.

Darren and Joe’s Free Gaff

Ba é Darren & Joe’s Free Gaff an clár ba mhó a raibh tóir air ar de chuid RTÉ Player Originals in 2021 le níos mó ná 100,000 sruth agus rannpháirtíocht ollmhór sna meáin shóisialta. Téann Darren Conway agus Joseph McGucken, atá cáiliúil ar líne, ar thuras osréalach ach greannmhar trí intinn bheirt leaids atá ina gcónaí i dteach i mBaile Átha Cliath. Le haíonna Jen Hatton, Killian Sundermann, Justine Stafford agus Tony Cantwell.

Cluichí Parailimpeacha Thóiceo 2020

  1. Chuir RTÉ 555 uair an chloig de chlúdach agus de bhuaicphointí ar fáil ó Chluichí Parailimpeacha Thóiceo 2020.
  2. Is muidne amháin a rinne 483 uair an chloig de chlúdach beo ar na príomhimeachtaí a shruthú tríd an oíche ar an RTÉ Player.
  3. Bhí 72 uair an chloig breise de Pharailimpeacha RTÉ2, idir clúdach beo agus buaicphointí sa stiúideo, ar fáil freisin le sruthú beo agus ar éileamh ar an RTÉ Player.
  4. Rinneadh 50,000 sruthú ar an RTÉ Player in 2021, i gcomparáid le 19,000 do Chluichí Pharailimpeacha Rio in 2016.
  5. Ba iad na cláracha ba mhó a ndearnadh sruthú orthu ná nuair a bhuaigh Ellen Keane Bonn Óir ar an 26 Lúnasa, agus ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh Jason Smyth Bonn Óir ar an 29 Lúnasa.
  6. Ba é an clár thar oíche, nach raibh le feiceáil in aon áit eile, ba mhó ar breathnaíodh air ar an RTÉ Player ná nuair a bhuaigh Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal boinn óir ar an 3 Meán Fómhair.

Cartlanna RTÉ

Choinnigh Cartlanna RTÉ ar aghaidh ag cur foinse shaibhir inspioráide agus ábhar ar fáil don scéalaíocht chruthaitheach agus do chláracha nua in 2021, agus an méadú a tháinig in 2020 ar éileamh agus spéis sa scéalaíocht ó bhunábhar cartlainne closamhairc i réimse ábhar sóisialta, stairiúil agus cultúrtha, fós le tabhairt faoi deara.

I measc na mbuaicphointí don lucht féachana in 2021 bhí an clár faisnéise Dear Gay ar an teilifís agus úsáid á baint as an dalladh litreacha agus taifeadtaí a bhí le cloisteáil ar an Gay Byrne Show sna 1980idí agus sna 1990idí, chun na scéalta seo agus an tionchar sóisialta a d’imir ré seo na craoltóireachta a thabhairt chuig lucht féachana nua.

Bhí raon taifeadtaí agus scéalta staire ó na cartlanna le feiceáil freisin sa tsraith nua de Reeling in the Years, in Scannal agus sna cláracha seachtainiúla Nationwide. I measc na léiriúcháin fhíorasacha agus faisnéise eile a fuair tacaíocht ó na cartlanna bhí Gunplot, The Missing Children, Keys to my Life, The Way We Were agus Daniel at 60.

Bhí an-lear den phobal ag plé i rith an ama le láithreán gréasáin Chartlann RTÉ, rte.ie/archive – tugadh cuairt ar an suíomh 3,989,147 uair, cuireadh físeáin á seinnt 2.19 milliún uair agus ábhar fuaime á seinnt 79,410 uair in 2021. Cuireadh míle scéal breise ó gach cearn de na bailiúcháin leis an rannán Cartlann Laethúil ar ár láithreán gréasáin, le go bhféadfadh an lucht féachana a bheith ag cuardach, ag teacht ar eolas agus ag roinnt.

Lean Cartlanna RTÉ ag cur i bhfeidhm a chlár oibre chun na bailiúcháin cartlainne oidhreachta atá aige a dhigitiú agus a chaomhnú. Rinneadh dul chun cinn ar phleanáil agus ar fhorbairt na chéad chéime eile de na tionscadail digitithe fuaime agus físe agus críochnaíodh bailiúchán tábhachtach cartlainne raidió ar Digital Audio Tape 1988-2008, le tacaíocht ó Scéim um Chartlannú an BAI.

Le comóradh 60 bliain a dhéanamh ar bhunú Theilifís RTÉ ar an 31 Nollaig, tháinig Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus RTÉ le chéile le haghaidh ‘Éire ar an mBosca’, taispeántas grianghrafadóireachta saor in aisce arna choimeád ag Cartlanna RTÉ chun trí scór bliain den teilifís a cheiliúradh sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i gCearnóg Theach an Chruinnithe, Baile Átha Cliath. Léiríonn na híomhánna sa taispeántas – a bhfuil go leor díobh le feiceáil ar chlúdach na Tuarascála Bliantúla seo – an chaoi ar athraigh na stíleanna léiriúcháin teilifíse agus an cur i láthair ó na 1960idí go dtí an lá atá inniu ann, agus nuacht, spórt, drámaíocht, siamsaíocht, leanaí agus oideachas i measc na dtéamaí á gclúdach acu. Tugann an taispeántas léargas siamsúil agus eolas i dtaobh na láithreoirí, na dtaibheoirí, na ndaoine, na seónna agus na n-ócáidí sin sa chúlra a chuidigh le hÉirinn a chur ar an mbosca.