Ráiteas an Chathaoirligh

Moya Doherty
Cathaoirleach
Ag Freastal ar an bPobal le linn Bliain Dhúshlánach Eile
Is í seo an bhliain dheiridh agam i mo Chathaoirleach ar Bhord RTÉ i ndiaidh ocht mbliana sa ról.
Threisigh an tréimhse a chaith mé i mo Chathaoirleach an dearcadh atá agam i leith luach na craoltóireachta seirbhíse poiblí, agus thar aon ní eile, an gá atá ann troid ar son thodhchaí na craoltóireachta sin.
Tá cúpla pointe sonrach ar mhaith liom a dhéanamh.
Ar dtús báire, tá RTÉ Tábhachtach. Tá Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí Tábhachtach
Ba ríthábhachtach a bhí ról criticiúil na meán poiblí mar fhoinse faisnéise iontaofa agus a bhfuil muinín aisti le linn shuaitheadh na paindéime le dhá bhliain anuas. Sa chomhthéacs sin, táim bródúil gur lean RTÉ leis an ról ceannaireachta atá aige i dtaobh nuacht agus cúrsaí reatha d’ardchaighdeán a chur ar fáil le linn na tréimhse sin.
Más fíor gur sainghnéithe den bhliain 2020 a bhí sa chomhbhá agus muintearas de réir mar a tháinig an tír le chéile chun freagra a thabhairt ar an bpaindéim dhomhanda, ba léir gur fhág COVID-19 an aontacht sin faoi néal dubh a d’fhág ábhar míshásaimh agus imní ar fud na tíre anuraidh.
Mar sin féin, bhí an-dúil ag an bpobal nuacht agus faisnéis riachtanach a fháil, i gcur agus cúiteamh agus i ndíospóireacht, i gcúrsaí siamsaíochta agus, go deimhin féin, i gcomhluadar, a d’fhág gur fhan RTÉ ina ghné sheasta i saol go leor daoine agus muid ag lorg freagraí, soiléireachta agus athdhearbhaithe. Lean RTÉ de bheith ina fhoinse aontachta i bpobail thraidisiúnta na tíre agus i bpobail nuacheaptha na tíre.
Cé go raibh go leor neamhchinnteachta ag baint le tús na bliana, faoi dheireadh na bliana bhí 44 as 50 de na cláracha teilifíse is mó féachana in Éirinn ar RTÉ, a neartaíonn an fhírinne go n-iompaíonn líon mór den lucht féachana i dtreo a n-eagraíocht meán poiblí náisiúnta le linn tréimhsí neamhchinnteachta mar gheall ar ábhar ar leith spóirt beo, nuacht agus cúrsaí reatha iontaofa, drámaíocht áitiúil léirithe in Éirinn, cláracha fíorasacha agus faisnéise fíorspéisiúla chomh maith le hábhar siamsaíochta.
Lean raidió RTÉ freisin ag coinneáil aird an lucht éisteachta ar an aer agus ar líne i rith an lae agus i gcaitheamh na seachtaine agus beagnach 2 milliún éisteoir raidió aige, rinneadh níos mó ábhar éisteachta le stáisiúin raidió RTÉ ar líne a shruthú ná riamh, mar aon le níos mó sruthú ar an RTÉ Player, bhí níos mó cuairteoirí chuig aip RTÉ News agus baineadh níos mó úsáide as an aip sin.
Táim bródúil as an méid sin atá déanta ag RTÉ agus as ról ríthábhachtach Fheidhmeannas RTÉ agus fhoireann RTÉ i mbliain a bhí deacair, bliain a pleanáladh go mion chun sláinte agus sábháilteacht gach duine a chinntiú agus chun seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil don phobal. Is mór an t-éacht é gur éirigh le RTÉ sin a bhaint amach agus barrachas measartha a dhéanamh le linn na bliana i dtréimhse chomh neamhchinnte agus dúshlánach léi.
Tá Samhail na Táille Ceadúnais Teilifíse Briste
Tá sé níos soiléire ná riamh, leis an achrann ar fad sa saol le dhá bhliain anuas, an tábhacht a bhaineann leis na meáin seirbhíse poiblí.
D’ainneoin sin, áfach, tá na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn faoi bhagairt fós. Agus mé á scríobh seo, is cúis díomá agus imní araon dom é nach bhfuil todhchaí inbhuanaithe faighte fós againn i gcomhair meáin ardchaighdeáin agus iléagsúil in Éirinn agus go bhfuilimid fós ag fanacht ar an Rialtas Tuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán a fhoilsiú.
Tá comhaontú ann, áfach, go bhfuil samhail na táille ceadúnais teilifíse a bhí riamh againn in Éirinn briste go bunúsach. Níl aon difear idir Éire agus tíortha Eorpacha eile ina leith sin. Tá na meáin seirbhíse poiblí agus earnáil na léiriúchán neamhspleách ag cailleadh tuairim is €65m in aghaidh na bliana - breis is €500m le deich mbliana anuas - mar thoradh ar an tsamhail reatha. I gcás RTÉ, is ag 15% atá leibhéal na seachanta i láthair na huaire, agus níl teilifíseán i 15% de thithe, a fhágann sileadh iomlán 30%.
Is féidir tuilleadh a dhéanamh ar mhaithe le Léiriúcháin Neamhspleácha
Ní hé RTÉ amháin a bhfuil tionchar ag samhail na táille ceadúnais teilifíse air, tá tionchar freisin aige ar earnáil na léiriúchán neamhspleách. Tá tábhacht le RTÉ ar mhaithe le forás na hearnála a spreagadh chomh maith le nuálaíocht agus iléagsúlacht a spreagadh, ach tá laghdú faoina leath tagtha ar chumas RTÉ infheistíocht a dhéanamh san earnáil ó 2008. I dteannta an tionchair dhíobhálaigh atá ag an bpaindéim dhomhanda ar an earnáil, ní raibh an dara rogha ag RTÉ, de bharr srianta airgeadais, ach gearradh siar ar chláracha a choimisiúnaítear go neamhspleách. An spreagadh is fiúntaí a bheadh ann don earnáil ná samhail leasaithe táille ceadúnais.
Tá ocht mbliana caite agam i mo Chathaoirleach ar RTÉ agus tá an chuid is mó de mo shaol caite agam in earnáil na craoltóireachta agus in earnáil na cruthaitheachta, agus creidim níos láidre anois ná riamh i dtábhacht na craoltóireachta seirbhíse poiblí. Creidim, agus RTÉ ag feidhmiú i mbarr a mhaitheasa, go bhféadfaidh sé folláine chultúrtha na tíre a dhaingniú le chéile. Is féidir le RTÉ feidhmiú mar phriosma trína gcruthaítear ár bhféiniúlacht féin, agus is minic gurb é RTÉ guth na hÉireann don diaspóra ar fud na cruinne.
Tá an tAm ag Éirí Gearreireaballach - Tá Uair na Cinniúna Tagtha
Ag an am céanna, áfach, tá fíor-imní orm faoi thodhchaí RTÉ agus go bhfuil an t-am ag éirí gearreireaballach, agus nach dtuigfidh muid i gceart atá againn nó go mbeidh sé imithe. Ní mhaithfidh glúnta amach anseo dúinn é má scaoileann muid na sócmhainní seo le sruth.
Ba cheart gur díospóireacht oscailte agus chuimsitheach a bheadh sa díospóireacht atá le teacht ar thodhchaí na meán. Ach ba cheart go mbeadh teorainn léi. I ndeireadh na dála, ní mór cinntí a dhéanamh, faoi ar a laghad samhail mhaoinithe iontaofa agus éifeachtach, samhail trína dtugtar aitheantas do chách a bhfuil leas acu sna próisis chasta a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh d’fhéiniúlacht chultúir, eacnamaíochta agus shóisialta tíre.
Le cúpla bliain anuas, agus go háirithe sna cúpla mí seo caite, tá greim faighte ag ‘neamhfhírinne’, mar a d’fhéadfaí a thabhairt uirthi, sna meáin. Ní hamháin gurb ionann an neamhfhírinne agus malairt na fírinne, is ionann í agus dallamullóg a chur ar dhaoine, bolscaireacht agus bréagaisnéis atá fréamhaithe i ngluaiseachtaí polaitiúla agus idé-eolaíocha chun an bonn a bhaint den spás sibhialta agus daonlathach. Tá na meáin seirbhíse poiblí ar cheann de na hardáin dhéanacha, mura bhfuil sé ar an gceann deiridh ar fad, atá ábalta aghaidh a thabhairt ar an neamhfhírinne seo, agus déantar sin trí bheith seasta ag déanamh a dhícheall fírinne an náisiúin shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta a ndéanann sé ionadaíocht air a insint. Ní féidir sin a dhéanamh gan tacaíocht agus cosaint airgeadais agus reachtaíochta araon. Le scéal fada a dhéanamh gearr, ní féidir glacadh lena mhalairt.
Moya Doherty
Cathaoirleach