Athbhreithniú Airgeadais

Richard Collins
Príomhoifigeach Airgeadais
Torthaí agus Brabús Oibriúcháin
Le linn na bliana 2021 lean paindéim COVID-19 ag imirt tionchair ar sheasamh airgeadais RTÉ. De réir mar a maolaíodh srianta sláinte i rith na bliana, chuir éileamh ó ghnólachtaí borradh faoin margadh fógraíochta agus iad ag iarraidh ar chustaiméirí airgead a chaitheamh. De thoradh air sin tháinig méadú mór ar ioncam ó fhógraíocht a lean ar aghaidh i gcaitheamh an dara leath den bhliain 2021 agus a d’fhág gur chríochnaigh an t-ioncam tráchtála 10% níos airde ná mar a chríochnaigh sa bhliain 2020. É sin ráite, díoladh níos lú ceadúnais teilifíse sa bhliain 2021 agus tháinig laghdú de bheagán ar ioncam ón gceadúnas teilifíse i gcomparáid le 2020. Tosaíodh arís le hábhar a léiriú, agus lean Euro 2020 agus na Cluichí Oilimpeacha ar aghaidh i samhradh na bliana 2021, ach cuireadh go leor cláracha eile ar ceal nó cuireadh srian orthu. B’ionann an ghlanéifeacht a bhí aige sin agus costais oibríochta RTÉ a laghdú agus d’fhág go ndearna RTÉ barrachas measartha sa bhliain 2021.
B’ionann EBITDA RTÉ (Tuilleamh roimh Ús, Cánacha, Dímheas agus Amúchadh) sular tugadh costais maidir le himeachtaí speisialta san áireamh agus €28.9 milliún (2020: €25.9 milliún). B’ionann an costas a bhain le himeachtaí speisialta i rith na bliana 2021, lena n-áirítear Euro 2020, na Cluichí Oilimpeacha, cluichí cáilithe do Chorn an Domhain, agus €15.8 milliún a bhí níos airde ná leibhéal caiteachais na bliana 2020, rud a d’fhág Glanbharrachas roimh Cháin na bliana cothrom le €2.8 milliún (2020: €9.8 milliún). B’ionann an Glanbharrachas i ndiaidh Cánach don bhliain agus €2.4 milliún (2020: €7.9 milliún).
Tháinig méadú €13.8 milliún ar ioncam tráchtála mar gur tháinig ardú géar ar éileamh ó lucht fógraíochta i ndiaidh na dianghlasála sa chéad cúpla mí, go háirithe sa dara leath den bhliain. Níor éirigh leis an ioncam ón táille ceadúnais na leibhéil roimh COVID-19 a bhaint amach arís, agus díoladh beagnach 10,000 níos lú ceadúnais teilifíse i gcomparáid le 2020. Bhí ioncam ó tháille ceadúnais RTÉ €0.5 milliún níos ísle bliain i ndiaidh bliana. Bhí na costais oibriúcháin €331.3 milliún, lena n-áirítear costais maidir le himeachtaí speisialta, €23.6 milliún níos airde ná leibhéil na bliana 2020 mar gur tháinig méadú ar léiriúcháin i ndiaidh srian mór ar ghníomhaíochtaí sa bhliain 2020 agus mar gheall ar na costais bhreise a bhain le Euro 2020, na Cluichí Olimpeacha agus cluichí cáilithe do Chorn an Domhain a chlúdach.
Achoimre ar na Buaicphointí Airgeadais
2021 | 2020 | Athrú | |
€ m | € m | € m | |
Ioncam Tráchtála | 148.3 | 134.5 | 13.8 |
Ioncam ón gCeadúnas Teilifíse | 196.1 | 196.6 | (0.5) |
Ioncam Iomlán | 344.4 | 331.1 | 13.3 |
Costais Oibriúcháin (gan Imeachtaí Speisialta a áireamh)* | (315.5) | (305.2) | (10.3) |
EBITDA** (roimh Imeachtaí Speisialta) | 28.9 | 25.9 | 3.0 |
Costais maidir le hImeachtaí Speisialta | (15.8) | (2.5) | (13.3) |
EBITDA | 13.1 | 23.4 | (10.3) |
Dímheas & Amúchadh | (11.6) | (13.5) | 1.9 |
Gnóthachan ó Dhiúscairt Sócmhainní | 0.1 | - | 0.1 |
Glanioncam/(glanchostas) Airgeadais | 1.2 | (0.1) | 1.3 |
Barrachas roimh Cháin | 2.8 | 9.8 | (7.0) |
Cáin | (0.4) | (1.9) | 1.5 |
Glanbharrachas/(Glaneasnamh) don Bhliain | 2.4 | 7.9 | (5.5) |
* Costais Oibriúcháin roimh Dhímheas & Amúchadh agus gan costais incriminteacha maidir le hImeachtaí Speisialta a áireamh.
** EBITDA: Tuilleamh roimh Ús, Cánacha, Dímheas agus Amúchadh.
Ioncam Tráchtála
Is ionann ioncam tráchtála €148.3 milliún na bliana 2021 agus méadú 10.3% ar fhigiúr €134.5m na bliana 2020. Ba é an phríomhchúis leis an méadú foriomlán ná feidhmíocht na trádála teilifíse a sháraigh tionchar díobhálach COVID-19 sa bhliain 2020, agus a bhain tairbhe, go háirithe sa dara leath den bhliain, as an méadú suntasach a tháinig ar chaiteachas na gcliant.
2021 v 2020 Athrú €m | Athrú % | |
Ioncam Tráchtála 2020 | 134.5 | |
Trádáil - Teilifís | 11.7 | 15.3% |
Trádáil - Raidió | 1.3 | 5.6% |
Trádáil - Digiteach | 1.6 | 23.2% |
Ioncaim Eile Neamhthrádála | (0.8) | -2.5% |
Gluaiseacht Bliain ar Bhliain | 13.8 | 10.3% |
Ioncam Tráchtála 2021 | 148.3 |
Tháinig méadú 14.9% ar mhíreanna fógraíochta ar an teilifís, an ranníocóir is mó maidir le hioncam tráchtála, i gcomórtas le 2020. Ba bhliain luaineach eile a bhí sa bhliain 2021, ós rud é go raibh tús mall ag an mbliain mar gheall ar shrianta dianghlasála, ach tháinig cúrsaí chucu féin go maith i rith na bliana. Bhí éileamh ó lucht fógraíochta i dtaobh Euro 2020 agus na gCluichí Oilimpeacha mar bhonn taca faoi sin chomh maith leis an ardú géar a tháinig ar áirithintí fógraíochta sna ceithre mhí deiridh den bhliain, patrún a bhí mar a chéile le patrún na bliana roimhe sin. Ba é an méadú i gcaiteachas i gcatagóirí amhail Ól, Siamsaíocht, Bia agus Miondíol an chúis a bhí leis an bhfeidhmíocht bhliain i ndiaidh bliana, ba iad na catagóirí sin ar an iomlán na catagóirí céanna ar imir srianta na paindéime an tionchar ba díobhálaí orthu in 2020.
Mhéadaigh ioncam iomlán trádála teilifíse, lena n-áirítear Urraíocht agus Suíomh Táirgí 15.3% ar an iomlán. Ós rud é nár cuireadh isteach an oiread sin ar sceideal na gcláracha teilifíse in 2021 i gcomparáid leis an mbliain 2020, bhí deiseanna ann tús a chur arís le patrún ioncaim urraíochta níos rialta ná mar a bhí sa bhliain roimhe sin. B’fhíor sin go háirithe maidir le cláracha Drámaíochta a raibh méadú mór in coimisún i gceist leo, bunaithe ar roinnt coimisiún nua.
Bhí an-bhliain go ginearálta ag trádáil raidió, lena n-áirítear mír, urraíocht agus promóisin, bhí méadú 5.6% bliain ar bhliain i gceist. Ba mar thoradh ar na gnéithe ar fad a bhaineann le trádáil Raidió a bhí an méadú sin agus mír Raidió ardaithe faoi 3.7%, ioncam ó urraíocht Raidió 12% níos airde agus promóisin raidió, a bhí 13% níos airde, d’ainneoin an chiorraithe leanúnaigh ar chraoltóireacht sheachtrach agus imeachtaí.
Tháinig forás 3.7% ar fhógraíocht míre raidió, chuidigh gur lean an Rialtas de raidió a úsáid chun teachtaireachtaí riachtanacha sláinte a sheachadadh leis sin. Cé gur laghdaigh caiteachas ar fad an Rialtais in 2021 go dtí 18.6% (2020: 21%), cuid shuntasach den ghnó a bhí ann mar sin féin.
Tháinig méadú 23.2% ar ioncaim ó thrádáil dhigiteach i gcomórtas le 2020. Is ionann ioncam VOD agus an ranníocóir is mó chuig ioncaim ó thrádáil dhigiteach agus bhí sé méadaithe 17% bliain ar bhliain. Tháinig méadú 3.3% bliain ar bhliain ar ioncaim maidir le taispeántas ar bhonn digiteach ar fud rte.ie agus tháinig méadú 30% ar urraíocht dhigiteach.
Thit ioncam ó PIC (Comórtais Idirghníomhacha Chláracha) 20% bliain ar bhliain mar gheall nár fhill leibhéal rannpháirtíochta an lucht féachana i gcomórtais teilifíse ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus freisin mar gheall ar chinntí eagarthóireachta a rinneadh gan comórtais a reáchtáil don lucht féachana ar chláracha áirithe den Late Late Show i rith na bliana. Ina áit sin bailíodh airgead do charthanachtaí aonair le linn na gclár sin.
Bhí an-bhliain eile ag an RTÉ Guide i dtéarmaí díolacháin agus é níos lú ná 1% níos ísle bliain ar bhliain i margadh a mheastar a bheith síos 8%-10% bliain ar bhliain. B’ionann díolachán iomlán na gcóipeanna agus 1.840 milliún agus áirítear laghdú 2% ar an méid a díoladh den mhóreagrán Nollag, ar díoladh 265,000 cóip de. Bhí fáilte mhór roimh ioncam ó fhógraíocht a bheith tagtha chuige féin arís, a raibh drochthionchar air sa bhliain 2020, agus b’ionann sin agus méadú 29% ar an mbliain roimhe sin.
Ioncam ón gCeadúnas Teilifíse
Ós craoltóir seirbhíse poiblí démhaoinithe RTÉ ar a leagtar réimse leathan cúraimí faoin reachtaíocht, tá buntábhacht leis an leibhéal maoinithe poiblí a fhaightear chun ról na heagraíochta a chomhlíonadh. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) atá freagrach as an airgead ceadúnais teilifíse a bhailiú, ó An Post (an t-aon ghníomhaire amháin maidir le ceadúnais teilifíse a dhíol) agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) i ndáil le ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’. Tugann an DTCAGSM ansin deontas do RTÉ as an airgead maidir le táillí ceadúnais a bhailítear.
As an €221.9 milliún a bailíodh maidir le ceadúnas teilifíse sa bhliain 2021, fuair RTÉ €196.1 milliún (88%) de. Baineadh úsáid as an gcuid eile den airgead ón táille ceadúnais, €25.8 milliún, chun na costais bailiúcháin agus muirir ghaolmhara An Post a íoc agus chun airgead a chur ar fáil don scéim atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), Fuaim & Fís. Bhí an t-ioncam ón táille ceadúnais a fuair RTÉ sa bhliain 2021 €0.5 milliún níos ísle ná mar a bhí sa bhliain 2020, ó tharla nár éirigh le díolacháin na gceadúnas teilifíse na leibhéil chéanna a bhaint amach agus a bhí ann roimh an bpaindéim de bharr an chiorraithe leanúnaigh a bhí ar ghníomhaíochtaí na gcigirí teilifíse mar gheall ar shrianta COVID-19.
De réir an ríomh is deireanaí atá déanta ag DTCAGSM ar na figiúirí, tá an leibhéal seachanta don bhliain 2020 cothrom le 15.2% de na teaghlaigh agus de na háitribh ghnó a mbeadh an táille le gearradh orthu. Tá an ráta seachanta in Éirinn i bhfad níos airde ná mar atá sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha eile san Eoraip (féach leathanach 25) agus tá an costas bailiúcháin níos mó ná dhá oiread an chostais atá ag Craoltóirí Seirbhíse Poiblí eile san Eoraip. Tá An Post, DTCAGSM agus RTÉ ag obair i gcónaí le dul i ngleic leis an ráta seachanta.
Ábhar buartha freisin an t-ardú ar líon na dteaghlach nach bhfuil teilifíseán den ghnáthchineál acu. Tá ardú seasta ag teacht le blianta beaga anuas ar an bhfigiúr sin de réir an Nielsen Establishment Survey agus é cothrom le 15.1% faoin tráth seo (Eanáir 2022), ardú 2.2% le bliain anuas. De réir mar atá athrú níos casta atá ag teacht ar na modhanna ina dtapaítear ábhar meán cumarsáide is lú a thiocfaidh táille an cheadúnas teilifíse leis an gcaoi a dtapaíonn daoine ábhar seirbhíse poiblí. Tá sin ar an gcúis is mó leis an athrú ar an gcóras atá á thabhairt isteach i dtíortha eile, ionas gur táille maidir leis na meáin chumarsáide nó modh eile atá iontu anois seachas táille a bhaineann le gaireas de chineál faoi leith.
D'ainneoin mholadh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) go ndéanfaí méadú láithreach €30 milliún ar mhaoiniú poiblí, moladh a rinneadh in 2018 mar chuid d'athbhreithniú an BAI ar straitéis RTÉ 2018-2022, níl ach méadú c.€9 milliún tagtha ar mhaoiniú poiblí RTÉ ó shin. Tá an gá le méadú ar mhaoiniú poiblí chomh géar anois agus a bhí riamh, d'ainneoin faoiseamh sealadach a bheith ar chúrsaí airgeadais RTÉ a bhí mar thoradh ar an gciorrú a bhí ar ábhar agus ar chúrsaí léiriúcháin in 2020 agus in 2021. Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún um Thodhchaí na Meán chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo agus táthar ag súil le moladh an choimisiúin in 2022.
Leagtar amach faoin gceannteideal ‘Mar a chaitear gach Táille Ceadúnais Teilifíse’ (féach leathanaigh 28-29) an úsáid a bhaintear as an táille ón gceadúnas le hinfheistíocht á dhéanamh i seirbhísí agus i mbeartaíocht RTÉ ar 84% d’iomlán na dtáillí ceadúnais. Déantar an 16% atá fanta a infheistiú i mBearta neamh-RTÉ, lena n-áirítear an ciste atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann, Fuaim & Fís, an asbhaint agus an cúnamh a bhaineann le TG4 agus na táillí bailiúcháin a íoctar le An Post.
TÁILLÍ CEADÚNAIS - RÁTAÍ SEACHANTA
Éire |
15.2% |
|
An Ríocht Aontaithe |
7% |
|
An Ghearmáin |
2% |
|
An Ostair |
5% |
|
An Danmhairg |
11.4% |
|
An Iodáil |
7.7% |
Foinse: Tuarascáil de chuid an EBU maidir le Táillí Ceadúnais 2021 - Rátaí Seachanta 2020 san áireamh
Costais Oibriúcháin
B’ionann na costais iomlána oibriúcháin agus €331.3 milliún, méadú €23.6 milliún ar leibhéil na bliana 2020, ó tharla tús a bheith curtha arís le hábhar a léiriú i rith na bliana. Áirítear air sin costas €15.8 milliún d’imeachtaí speisialta in 2021 a bhain le Craobhchomórtas na hEorpa, na Cluichí Oilimpeacha agus cluichí cáilithe do Chorn an Domhain a chlúdach.
Tháinig ardú ar na costais oibriúcháin, gan imeachtaí speisialta san áireamh, faoi €10.3 milliún, mar thoradh ar thús a bheith curtha arís le roinnt ábhar a léiriú, léiriúcháin intí agus léiriúcháin choimisiúnaithe araon. D'fhan costais fostaithe gan athrú ar leibhéil na bliana 2020. Thit costais na gcláracha faighte €3.1 milliún i gcomórtas le 2020 de dheasca COVID-19 a bheith ag cur isteach ar léiriú sa bhliain 2020 a d’imir tionchar ar sholáthar scannán agus sraitheanna nua sa bhliain 2021.
I Meitheamh 2021, tháinig deireadh le hiniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le rangú conraitheoirí. Mar gheall ar an iniúchadh, d’íoc RTÉ socraíocht €1.2 milliún leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí i mbun iniúchadh leantach a dhéanamh i láthair na huaire ar stádas ÁSPC na gconraitheoirí.
2021 v 2020 Athrú € m | |
Costais Oibriúcháin 2020 | 307.7 |
Ardú ar Chostais Oibriúcháin | 10.3 |
Méadú ar Chostais maidir le hImeachtaí Speisialta | 13.3 |
Ardú bliain ar bhliain (Imeachtaí Speisialta san áireamh) | 23.6 |
Costais Oibriúcháin 2021 | 331.3 |
Líon na bhFostaithe
B'ionann líon na bhfostaithe ar an 31 Nollaig 2021 agus 1,871 (2020: 1,866) agus bhí 232 (2020: 240) acu sin ina bhfostaithe ar bhonn páirtaimseartha / ócáideach. B'ionann coibhéis líon na bhfostaithe lánaimseartha amhail an 31 Nollaig 2021 agus 1,755 (2020: 1,758).
Go gairid i ndiaidh dheireadh na bliana, ar an 24 Eanáir 2022, d’aistrigh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta as RTÉ chuig an gCeoláras Náisiúnta. Rinne sé sin an Choibhéis Lánaimseartha a laghdú tuilleadh faoi 70.
LÍON NA bhFOSTAITHE
2021
Glanioncam Airgeadais
Bhí glanioncam airgeadais €1.2 milliún i gceist sa bhliain 2021 (€0.1 milliún i gcaiteachas glan sa bhliain 2020), mar seo a leanas:
B'ionann an t-ioncam airgeadais iomlán sa bhliain 2021 agus €2.6 milliún, i gcomórtas le €1.6 milliún sa bhliain 2020. Tugtar san áireamh glanioncam úis €1.4 milliún maidir le scéim pinsin shochair shainithe IAS 19 (2020: €1.4 milliún); agus ioncam infheistíochta €0.5 ó chomhfhiontar (2020: €0.2 milliún); agus gnóthachan ar luach cothrom €0.7 milliún (2020: caillteanas €0.7 milliún) i ndáil le conarthaí maidir le díorthach airgeadra eachtraigh.
Is ionann an costas airgeadais i leith na bliana 2021 agus €1.4 milliún, i gcomórtas le costas €1.7 milliún sa bhliain 2020. Tugtar san áireamh leis an gcostas €1.4 milliún an t-ús atá le híoc ar iasachtaí, ar éarlaisí, ar chostais athmhaoinithe agus ar ús ar chostais athstruchtúraithe.
Cánachas
Tharla muirear cánach €0.4 milliún sa bhliain 2021 (€1.9 milliún sa bhliain 2020). Tagann an muirear cánach chun cinn sa bhliain mar gheall ar an mbarrachas a ghintear. Áirítear i muirear cánach an Ráitis Ioncaim creidmheas iarchurtha cánach €0.5 milliún a eascraíonn ó iomrall tráthanna maidir le liúntais chaipitil a éileamh agus dímheas a chur de mhuirear.
Sreabhadh Airgeadais agus Iasachtaí
B'ionann iarmhéid iomlán an airgid thirim, infheistíocht i sóchmhainní leachtacha san áireamh, amhail an 31 Nollaig 2021 agus €101.4 milliún (2020: €87.2 milliún), méadú €14.2 milliún a tharla, den chuid is mó, mar gheall ar thorthaí oibríochta feabhsaithe don bhliain. Is féidir achoimre i ndáil leis an ngluaiseacht ó thaobh iarmhéideanna airgid thirim i rith na bliana 2021 a leagan amach mar seo a leanas:
Ráiteas Achoimre faoi Shreabhadh Airgid
2021 | 2020 | |
€m | €m | |
EBITDA | 13 | 23 |
Sreabhadh airgid maidir le cúrsaí Oibriúcháin: – (Méadú)/ísliú maidir le Caipiteal Oibriúcháin | 18 | (2) |
Sreabhadh airgid athstruchtúraithe: – Íocaíochtaí | (2) | (1) |
Cáin ioncaim íoctha | (3) | - |
Beartaíocht Infheistíochta: | ||
- Caiteachas Caipitil | (11) | (6) |
Sreabhadh airgid maidir le cúrsaí airgeadais: | ||
– Iasachtaí a tarraingíodh anuas | - | 5 |
Ús Íoctha | (1) | (1) |
Ardú glan maidir le hAirgead Tirim agus Infheistíocht i Sócmhainní Leachtacha | 14 | 18 |
Mhaolaigh paindéim Covid-19 cuid den bhrú a bhí ar RTÉ i dtaobh cúrsaí airgeadais sa bhliain 2020 agus 2021. Meastar gur scéal sealadach a bheidh ansin, áfach. Lean bainistíocht ar airgead de bheith ina phríomhthosaíocht airgeadais i gcaitheamh na bliana 2021 agus leanfar de sin amach anseo.
Bhí iasachtaí bainc iomlána €65 milliún ag RTÉ, amhail an 31 Nollaig 2021 (2020: €65 milliún) mar seo a leanas:
- Tá Saoráid Club €60 milliún ag 2rn, fochuideachta tarchuradóireachta RTÉ, le Barclays agus le Banc na hÉireann. Baineann €40 milliún den tsaoráid sin le cistiú tionscadail don bhonneagar tarchuradóireachta agus dáileacháin a theastaíonn don líonra maidir le Teilifís Dhigiteach Trastíre (DTT), agus bhí a iomlán sin tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2021. Tá saoráid iasachta téarma breise dar luach €20 milliún i bhfeidhm, €15 milliún de sin a bhí tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2021.
- Tá saoráid €20 milliún ag RTÉ le Banc na hÉireann, lena n-áirítear saoráid €10 milliún de chreidmheas imrothlach agus iasacht téarma €10 milliún. Amhail an 31 Nollaig 2021 bhí an iasacht téarma €10 milliún tarraingthe anuas.
Bainistíocht maidir le Riosca Airgeadais
Is é Bord RTÉ a leagann síos polasaithe cistíochta an Ghrúpa, a chlúdaíonn iasachtaí, bainistíocht ar airgead tirim, riosca maidir le creidmheas contrapháirtithe, riosca leachtachta, riosca maidir le rátaí úis agus riosca maidir le malartú eachtrach. Tá neamhchosaint RTÉ faoi gach ceann de na rioscaí sin leagtha amach i nóta 21 leis na ráitis airgeadais.
Deontas Caipitil
Fuarthas deontas caipitil cheana ón DTCAGSM maidir le socrú do ghlanadh bhanna minicíochta Speictream 700 MHz de réir shainordú an AE. Déantar deontais caipitil a lua mar ioncam iarchurtha agus déantar iad a thabhairt san áireamh leis an Ráiteas Ioncaim ar bhonn atá ag teacht leis an bpolasaí dímheasa maidir leis na sócmhainní bunaidh.
Caiteachas Caipitil
B'ionann caiteachas iomlán RTÉ ar thionscadail caipitil i rith na bliana 2021 agus €16.9 milliún (2020: €7.5 milliún). Baineann an chuid is mó den chaiteachas le tionscadail teicneolaíochta agus le clár athsholáthair sócmhainne DTT. Tugadh roinnt tionscadal a cuireadh siar sa bhliain 2020 de dheasca shrianta COVID-19 chun cinn.
Tá tús curtha freisin leis an gcaiteachas ar thionscadail caipitil áirithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus é aontaithe ag Bord RTÉ go ndéanfar iad a mhaoiniú ón bhfáltas mar gheall ar dhíol na talún. Áirítear orthu sin obair fhorfheabhsúcháin ar Stiúideo 5, obair fhorfheabhsúcháin ar an gcóras bainistithe maidir le cainéil agus cearta, ardán nua stórála, obair fhorfheabhsúcháin ar stiúideonna raidió, córas nua ERP, comhdhlúthú ar chórais iarléiriúcháin agus digitiú ar na hábhair cartlainne.
Tuairiscíocht Idirdhealaithe agus Leithroinnt Costais
Déantar anailís idirdhealaithe RTÉ a ullmhú i gcomhréir le caighdeán IFRS 8 Réimsí Dealaithe Oibriúcháin a leagtar amach i nóta 2(d). Is iad na ranna éagsúla na príomhréimsí dealaithe ag RTÉ agus rinneadh iad a leagan amach ar an 1 Eanáir 2018 i ndiaidh atheagar eagraíochta. Rinneadh modhanna oibre maidir le leithroinnt costais a chur i bhfeidhm go seasta leanúnach i rith na bliana 2021 faoi mar a leagtar amach i Nóta 2 maidir le Tuairisciú Idirdhealaithe.
Cúrsaí Rialála
Tagann RTÉ faoin BAI maidir leis na dualgais mar chomhlacht craolacháin seirbhíse poiblí. Oibríonn RTÉ (faoi mar a éilítear faoin Acht Craolacháin 2009) leis an Údarás Craolacháin i ndáil leis an athbhreithniú bliantúil agus leis an athbhreithniú cúig bliana ar an gcistíocht phoiblí a dhéanann an BAI faoi alt 124 an Achta. I ndeireadh na bliana 2019, d’fhoilsigh RTÉ a Straitéis Athbhreithnithe 2020-2024, plean a leagadh amach chun inbhuanaitheacht airgeadais RTÉ a bhaint amach. Tá RTÉ rannpháirteach go hiomlán leis an BAI maidir leis na hathbhreithnithe bliantúla ina dhiaidh sin agus tá rannpháirteach go hiomlán freisin leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán maidir lena ról leasú a mholadh ar an samhail mhaoinithe a bheidh i bhfeidhm amach anseo do na meáin seirbhíse poiblí.
D'ainmnigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), roimhe seo, RTÉ agus 2rn ina gcomhlachtaí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh (SMP) acu sna margaí a bhaineann le seirbhísí tarchuradóireachta agus dáileacháin a chur ar fáil do chraoltóirí Raidió agus don oibritheoir ilphléacs DTT chomh maith le hiarsholáthar seirbhísí ilphléacs DTT do chraoltóirí teilifíse agus raidió. Is é an toradh a tháinig de bharr na breithe sin go leagtar dualgais áirithe ar RTÉ (Margadh B) agus ar 2rn (Margadh A). Cuirtear seirbhísí tarchurtha ar fáil do chraoltóirí ar a gcostas móide toradh ar infheistíocht ceadaithe ag ComReg ar na glansóchmhainní a úsáidtear. Déantar cuntais dheighilte lena mbaineann cuntais rialáilte maidir le Margadh A agus Margadh B faoi seach chomh maith le buncháipéisíocht cuntasaíochta a fhoilsiú de réir na gcoinníollacha faoin rialáil.
Cúrsaí Pinsin
Tá trí cinn de scéimeanna pinsin ar bun ag RTÉ do na fostaithe: scéim pinsin le sochair shainithe (DB), scéim pinsin le ranníocaíochtaí sainithe (DC) agus scéim hibrideach (scéim a mbaineann gnéithe DB agus gnéithe DC araon léi).
Scéim Aoisliúntais RTÉ
Is scéim pinsin mhaoinithe, ranníoca, le sochair shainithe, arna cur ar bun faoin reachtaíocht agus faoi urraíocht ag RTÉ, atá i Scéim Aoisliúntais RTÉ. Níor ligeadh aon fhostaithe nua isteach faoin scéim ón mbliain 1989 i leith. Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí 69 fostaí ag RTÉ (2020: 98) a bhí ina gcomhaltaí den scéim.
Amhail an 31 Nollaig 2021, ba ionann luach shócmhainní na Scéime ar an margadh agus €1,194 milliún (2020: €1,096 milliún). Ba ionann dliteanais na Scéime, arna ríomh de réir IAS 19 maidir le Sochair Fostaithe, agus €1,047 mhilliún (2020: €949 milliún). Mar a éilítear faoi IAS 19, luaitear an farasbarr nó an t-easnamh idir sócmhainní agus dliteanais na Scéime mar shócmhainn ar ráiteas RTÉ faoin seasamh airgeadais. Dá réir sin, luaitear sócmhainn pinsin €147 milliún i leith na Scéime amhail an 31 Nollaig 2021 (2020: €147 milliún).
Tá barrachas ag baint leis an scéim faoi thástáil MFS agus na riachtanais leachtachta á sásamh faoi na cúlchistí riosca agus, dá réir sin, ní bheidh call aon chistíocht a bheartú i leith na scéime.
Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe RTÉ
Is socrú ranníocaíochtaí sainithe maoinithe í an Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe atá oscailte do chomhaltaí nua ó 1989. Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí 1,280 fostaí ag RTÉ (2020: 1,252) a bhí ina gcomhaltaí den scéim.
Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ
Scéim mhaoinithe, ranníocach, hibrideach atá i Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ lena mbaineann gnéithe DB agus gnéithe DC agus atá faoi urraíocht RTÉ. Cuireadh tús leis an scéim seo ar an 1 Meán Fómhair 2010 mar shocrú pinsin roghnach d'fhostaithe atá ina theideal. Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí 401 fostaí de chuid RTÉ ina gcomhaltaí de Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ (2020: 385).
Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí luach €32.8 milliún ar an margadh le sócmhainní roinn DB na Scéime. Ba ionann na dliteanais faoi IAS 19 i ndáil leis an roinn DB agus €31.8 milliún, rud a fhágann barrachas €1.0 milliún (barrachas na bliana 2020: €4.0 milliún). Luaitear sin mar shócmhainn sa ráiteas maidir le seasamh airgeadais RTÉ.
Tá barrachas ag baint le roinn DB na Scéime faoi thástáil MFS agus na riachtanais leachtachta á sásamh faoi na cúlchistí riosca agus; dá réir sin, ní bheidh call aon chistíocht a bheartú i leith na scéime.
Breathnú Romhainn
- B’ionann croílár na Straitéise Athbhreithnithe 2020-2024 agus méadú i maoiniú poiblí do RTÉ, mar a mhol an BAI roimhe sin. Go dtí seo, seachas an cúiteamh €9 milliún a rinneadh ar chiorruithe a rinneadh roimhe seo ar mhaoiniú ar an táille ceadúnais, níor tháinig aon mhaoiniú poiblí breise. Iarradh ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán moltaí a dhéanamh maidir le maoiniú amach anseo RTÉ. Cé gur cuireadh a thuarascáil faoi bhráid an Rialtais in 2021, táimid fós ag fanacht go bhfoilseofar í.
- Cé go bhfuil go leor de na tionscnaimh sábhála costas sa Straitéis Athbhreithnithe 2020-2024 curtha ar fáil, ní fhéadfaí cuid de na tionscnaimh a bhaineann le costais phárolla a chur i bhfeidhm mar gheall gur diúltaíodh iad le linn idirghabhálacha caidrimh thionsclaíoch.
- Is ionann boilsciú agus baol mór don bhliain amach romhainn. Tá boilsciú ag c. 7% sa gheilleagar i láthair na huaire. Is dóigh go mbeidh ar RTÉ aghaidh a thabhairt ar bhrúnna fuinnimh agus boilscithe eile de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh.
An Leas a Bhaintear as an Táille Ceadúnais a íoctar
Tugtar tuairisc i nóta 2 leis na ráitis airgeadais ar an leas a bhaintear as an airgead ón táille ceadúnais a fhaigheann RTÉ chun seirbhísí poiblí RTÉ a mhaoiniú.
Leagtar amach i nóta 2(c) an bunús ar a gcuirtear an táille ceadúnais i leith chainéil agus sheirbhísí faoi leith. Cuirtear maoiniú poiblí i leith sheirbhísí faoi leith ar bhealach atá i gcomhréir le costas glan na seirbhíse poiblí. Ríomhtar costas glan na seirbhíse poiblí tríd an gcionroinnt ó bheartaíocht tráchtála a dhealú ón ollchostas a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí a thabhairt i gcrích.
Léirítear sa tábla seo a leanas an úsáid a bhaintear as aon táille ceadúnais teilifíse amháin, arna thabhairt san áireamh nach le RTÉ amháin a íoctar an t-airgead a chruinnítear ó tháillí ceadúnais teilifíse:
Úsáid Gach Táille Ceadúnais Teilifíse a Bailíodh
2021 € | 2020 € | |
RTÉ One | 45.08 | 48.72 |
RTÉ2 | 32.07 | 26.45 |
Teilifís RTÉ | 77.15 | 75.17 |
RTÉ Radio 1 | 13.06 | 14.04 |
RTÉ 2fm | 2.49 | 2.71 |
RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) | 8.13 | 8.14 |
RTÉ lyric fm | 3.36 | 3.62 |
Raidió RTÉ | 27.04 | 28.51 |
Ceolfhoirne RTÉ | 9.15 | 7.98 |
Seirbhísí ar líne | 11.16 | 10.74 |
Cainéil agus Seirbhísí Eile | 7.74 | 8.30 |
Muirir Rialachais agus Cistíochta | 2.22 | 2.75 |
Cúrsaí DTT | 0.34 | 0.64 |
Gníomhaíochtaí RTÉ | 134.80 | 134.09 |
84% | 84% | |
Cúnamh RTÉ do TG4 | 5.39 | 5.31 |
Tobhach BAI | 1.24 | 1.30 |
Ciste Fuaim agus Fís BAI | 10.65 | 10.59 |
Costais Bailiúcháin An Post agus Táillí Gaolmhara | 7.92 | 8.71 |
Beartaíocht Neamh-RTÉ | 25.20 | 25.91 |
16% | 16% | |
Costas an Cheadúnais Teilifíse | 160.00 | 160.00 |
Tugtar achoimre leis an bpíchairt thíos ar an dáileadh a rinneadh ar an ioncam ó tháillí an cheadúnais teilifíse a fuair RTÉ i rith na bliana 2021 i ndáil le gné na seirbhíse poiblí de ghníomhaíocht RTÉ.
LEITHROINNT AR AN IONCAM ÓN gCÉADÚNAS TEILIFÍSE A FUAIR RTÉ IN 2021
2021
* Áirítear in Eile muirir airgeadais agus rialaithe, a bhaineann le DTT agus cainéil eile
An Costas in aghaidh na hUaire Craolacháin
Mar chuid den Ráiteas Bliantúil faoi na Gealltanais Feidhmiúcháin, foilsíonn RTÉ an meánchostas in aghaidh na huaire a bhain leis na cláracha a craoladh ar na cainéil éagsúla. Leagtar amach sa tábla thíos an t-eolas sin i ndáil leis an mbliain 2021 chomh maith le figiúirí inchomórtais leo i leith na bliana 2020.
2021 | RTÉ One | RTÉ2 | RTÉ Radio 1 | RTÉ 2fm | RTÉ lyric fm | RTÉ RnaG |
€’m | €’m | €’m | €’m | €’m | €’m | |
Costais | ||||||
Cláracha a dhéantar in Éirinn | 98.9 | 52.1 | 27.3 | 5.2 | 3.6 | 9.8 |
Cláracha a Ceannaíodh – in Éirinn | 3.3 | 0.3 | - | - | - | - |
– Thar Lear | 11.3 | 6.6 | - | - | - | - |
Oibriúcháin Ghinearálta Craolacháin & Tarchuradóireachta | 14.0 | 8.9 | 5.9 | 4.0 | 0.6 | 0.5 |
Táillí Tarchuradóireachta & Cumhachta | 2.0 | 2.0 | 2.4 | 1.0 | 1.1 | 1.0 |
129.5 | 69.9 | 35.6 | 10.2 | 5.3 | 11.3 | |
Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta |
Uaireanta Tarchuradóireachta in aghaidh na Bliana (comhchraoladh san áireamh) | 8,760 | 8,760 | 8,806 | 8,760 | 8,760 | 8,760 |
Meánchostas Foriomlánin aghaidh na hUaire Craolta – 2021 | € | € | € | € | € | € |
Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad | 14,800 | 8,000 | 4,000 | 1,200 | 600 | 1,300 |
2020 | RTÉ One | RTÉ2 | RTÉ Radio 1 | RTÉ 2fm | RTÉ lyric fm | RTÉ RnaG |
€’m | €’m | €’m | €’m | €’m | €’m | |
Costais | ||||||
Cláracha a dhéantar in Éirinn | 98.7 | 31.4 | 27.9 | 5.0 | 3.9 | 9.9 |
Cláracha a Ceannaíodh – in Éirinn | 2.9 | 0.6 | - | - | - | - |
– Thar Lear | 13.2 | 9.3 | - | - | - | - |
Oibriúcháin Ghinearálta Craolacháin & Tarchuradóireachta | 12.1 | 8.3 | 5.4 | 4.2 | 0.6 | 0.5 |
Táillí Tarchuradóireachta & Cumhachta | 2.2 | 2.1 | 1.9 | 1.1 | 1.1 | 1.1 |
129.1 | 51.7 | 35.2 | 10.3 | 5.5 | 11.5 | |
Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta | Uaireanta |
Uaireanta Tarchuradóireachta in aghaidh na Bliana (comhchraoladh san áireamh) | 8,784 | 8,784 | 8,845 | 8,784 | 8,784 | 8,784 |
Meánchostas Foriomlánin aghaidh na hUaire Craolta – 2020 | € | € | € | € | € | € |
Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad | 14,700 | 5,900 | 4,000 | 1,200 | 600 | 1,300 |
Gluaiseacht i rith na bliana | ||||||
% d'Athrú ar an gCostas in aghaidh na hUaire1 | ||||||
Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad | 0.6% | 35.7% | 1.3% | (0.4)% | (4.5)% | (0.7)% |
1. Déantar an costas in aghaidh na huaire a shlánú go dtí an céad Euro is gaire. Déantar an céatadán d'athrú a ríomh de réir chostas na huaire sula n-oibrítear an slánúchán.
Tarlaíonn athrú ar an meánchostas in aghaidh na huaire craolacháin mar gheall ar thosca éagsúla a dtagann ardú agus ísliú maidir le costais cláir dá mbarr, mar shampla athrú ar chineálacha agus ar mheascán na gclár, an leibhéal cómhaoiniúcháin, an líon uaireanta an chloig d'ábhar atá á chraoladh den chéad uair agus líon na n-uaireanta athchraolta.