RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

An Ghaeilge
I measc an ábhair a chraol RTÉ i nGaeilge in 2021 ar an teilifís bhí raon leathan de shraitheanna agus d’fhormáidí úrnua a ndearnadh coimisiúnú orthu ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha agus ó na foirne intí, chomh maith le rogha níos fearr d’ábhar a bhí léirithe go neamhspleách a fháil, rud a thug rogha níos fearr d’ábhar i nGaeilge don lucht féachana i ngach seánra ó ábhar na bpáistí go dtí sraitheanna fíorasacha ag buaic-am féachana. Faoi mhí na Nollag 2021, bhí breis agus 900 uair an chloig d’ábhar i nGaeilge craolta ar an teilifís ag RTÉ, breis agus 1,000 uair an chloig ar an RTÉ Player, agus nach mór 9,000 uair an chloig ar fud ár seirbhísí raidió, rud a sháraigh na spriocanna ar fad.
Léiriú Teilifíse Intí
In ainneoin na ndeacrachtaí leanúnacha a bhain le Covid-19 ó thaobh léiriúcháin de in 2021, d’éirigh le Cláracha Gaeilge intí réimse breá éagsúil de chláracha nua a chur ar fáil a raibh an-ghlacadh leis ag cách agus a chuir le sciar an lucht féachana.
Thug Cosc an lucht féachana ar ais go ré nuair a mbíodh ábhar á chosc go minic. Idir sáramhrán na Dubliners, Seven Drunken Nights, úrscéal John McGahern, The Dark agus deireadh a bheith á chur leis an bpionós corpartha, chuaigh an tsraith i bhfeidhm ar an lucht féachana, rud a léirítear sa mheánsciar 21.1% den lucht féachana a bhí aici.
Rinne Gafa ceiliúradh ar na rudaí sin a thugann pléisiúr dúinn ach a mbraitheann muid ciontach fúthu ar nós a bheith ag tóraíocht an ghrá, gean faoi cheilt a bheith againn ar theaghlach ríoga na Breataine agus an chaoi a bhfuil muintir na tuaithe dúghafa leis an tarracóir bocht agus tharraing sé meánsciar 17% de lucht féachana.
Sa tsraith An tSlí, thug Mary Kennedy ar thuras mothúchánach muid feadh Shlí Náisiúnta an Ghorta Mhóir, agus sa chlár faisnéise aonuaire, Cúpla Focal, caitheadh súil siar go cumhach ar an gcaoi ar mhúin muid Gaeilge ar an teilifís i gcaitheamh na mblianta. Tharraing siad seo sciar 20% agus 21.3% faoi seach ar an meán den lucht féachana.
Mheall Scannal lucht féachana mór i rith an ama agus léargas úr á thabhairt aige ar na scannail a bhain croitheadh as an tír. I sraith 2021 bhí na scéalta a bhain leis an Birmingham Six, Priory Hall, an scéal casta a bhain le CLG an Droichid Nua V Páirc an Chrócaigh agus an mistéir nár réitíodh a bhain le Trevor Deely imeacht gan tásc gan tuairisc i mBaile Átha Cliath in 2000, agus tharraing siad sciar 23% ar an meán den lucht féachana.
Léiriúcháin Neamhspleácha
D’oibrigh RTÉ i ndlúthpháirt leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, leis an BAI agus le BBCNI chun coimisiúnú a dhéanamh ar ábhar breise i nGaeilge, rud an raibh an lucht féachana thar a bheith sásta leis i rith 2021.
In Iarnród Enda, rinne an t-iarThaoiseach Enda Kenny iniúchadh, i sé eipeasóid, ar sheanbhealaí an bhóthair iarainn in Éirinn.
Sraith bhreathnaitheach sé chlár ab ea Ar an Sliabh a thug léargas ar shaol na ndaoine atá ag maireachtáil ar shléibhte na hÉireann sa lá atá inniu ann agus tharraing sé moladh ar leith ón lucht féachana agus 19% ar an meán den lucht féachana.
Sraith bhreathnaitheach ceithre chlár a bhí in Saol an Tréidlia a lean na fíoreachtraí a bhí ag triúr tréidlia ar chósta thiar na tíre.
Sa chlár Peataí, i dteannta an láithreora Tessa Fleming bhí an tréidlia, Ellen Hegarty, an grúmaeir, Paul Ó Gallachóir agus an t-iompraí ainmhithe, Paula Doohan ag Feirm Ark i mBaile Nua na hArda, Co. an Dúin chun cuidiú le theaghlaigh ar fud na hÉireann réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhí acu lena bpeataí. Craoladh an tsraith ceithre chlár seo, i bhfómhar na bliana 2021 agus tharraing sé ardmholadh chomh maith le lucht féachana mór.
Sraith stíl mhaireachtála ab ea Cad Faoi na Tuismitheoirí? inar bhuail na láithreoirí Evelyn O’Rourke agus Ronan Mac Niallais le teaghlaigh agus le saineolaithe chun plé a dhéanamh, i gceithre eipeasóid, ar na deacrachtaí tuismitheoireachta is mó a bhíonn ag teaghlaigh ón am a dtagann an páiste ar an saol nó go mbíonn sé nó sí 18.
Rinne My Tribe: Mo Thréibh, sraith dhátheangach ceithre chlár a fuair tacaíocht ón BAI, cur síos críochnúil ar threibheanna ceoil na hÉireann.
RTÉ do TG4
Ina theannta sin, mar chuid den tiomantas craolacháin leanúnach atá aige i leith TG4, rinne RTÉ sraitheanna a choimisiúnú agus a chomhléiriú do TG4 in 2021: Comluadar Ceoil (deich n-eipeasóid), Réalta agus Gaolta (deich n-eipeasóid), Junior Eurovision (ocht n-eipeasóid), Go Gasta (deich n-eipeasóid) agus Rugbaí Beo (Sraith Craoibhe an URC).
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Léiríodh an dlúthchaidreamh atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta leis na héisteoirí nuair a bronnadh an gradam idirnáisiúnta a bhfuil ardmheas air, Stáisiún Raidió na Bliana, air ag Féile na Meán Ceilteach 2021, onóir ar cuireadh fáilte ar leith roimhe i bhfianaise na ndúshlán a raibh foirne an stáisiúin ag dul i ngleic leo ar fud na hÉireann le linn na paindéime.
Choinnigh an stáisiún ar aghaidh ag forbairt a chuid ábhar nuachta, cúrsaí reatha, siamsaíochta agus spóirt, agus réimse leathan de scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta, áitiúla agus scéalta Gaeltachta á dtairiscint aige. Bhí an ceol agus an cultúr lárnach i gcónaí mar a bhain le féiniúlacht an stáisiúin, agus le linn bliana nach bhféadfaí féilte ná seisiúin a reáchtáil, d’oibrigh RTÉ Raidió na Gaeltachta le healaíontóirí agus le heagraíochtaí chun leaganacha fíorúla a chruthú d’imeachtaí a thaitníonn go mór leis an lucht éisteachta, mar shampla, an Fleadh Cheoil agus An tOireachtas.
Bliain an-speisialta a bheidh in 2022 do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód, agus tá imeachtaí agus cláracha speisialta beartaithe i gcaitheamh 2022 chun comóradh a dhéanamh ar an gcloch mhíle seo i stair chraolacháin na hÉireann.
Ach bhí scamall dorcha ós ár gcionn chomh maith in 2021. Ar an 5 Meán Fómhair 2021, fuair Bríd Ní Chualáin, láithreoir Nuacht a hAon, bás. Bhí taithí na mblianta ag Bríd ina craoltóir, bhí ardmeas ag a comhghleacaithe agus ag an lucht éisteachta uirthi, agus is mór an chailliúint í. Ar dheis Dé go raibh a hanam.
RTÉ Gaeilge ar Líne
Lean RTÉ Gaeilge ar rte.ie ar aghaidh ag nascadh an chuid is fearr den ábhar raidió, nuachta agus teilifíse ag RTÉ le gnéithe agus podchraoltaí suimiúla i nGaeilge, agus tháinig méadú 75% ar a sciar den lucht féachana ó 2019 i leith. Bhí an méadú a tháinig ar an ábhar i nGaeilge le tabhairt faoi deara ar fud rte.ie, agus ábhar i nGaeilge fite fuaite leis an nuacht, cultúr, stíl mhaireachtála, brainstorm, agus go leor réimsí eile de rte.ie. Tá sé i gceist cur leis an treocht sin i rith 2022 trí chomhoibriú nua le raidió agus teilifís RTÉ agus go leor eile ar bun faoi láthair, d’fhonn soláthar Gaeilge RTÉ a dhaingniú agus a thógáil ar fud na n-ardán ar fad.