RTÉ: Ábhar na Bliana 2021

Spórt RTÉ
Níor chlis an bhliain 2021 ar Spórt RTÉ ná ar an lucht féachana atá craiceáilte faoin spóirt, cé gur tharla sé 12 mhí níos déanaí ná mar ba cheart. Bhí an t-ádh linn a bheith in ann faire arís ar éachtaí iontacha i dteannta a chéile agus ag an am céanna na héachtaí sin a chur i dtaisce sa chuimhne, áit a mairfidh siad beo go ceann i bhfad. Gan dabht ar bith ba bhliain í 2021 a raibh muid faoi gheasa ag na mná, agus réaltaí spóirt ban na hÉireann i lár an aonaigh i gcúrsaí spóirt.
Rachael Blackmore, Kellie Harrington, Ellen Keane, Nicole Turner, Leona Maguire, Katie Taylor, Katie McCabe, Bebhinn Parsons, Eve McCrystal, Katie George Dunleavy, bhí an chuma air nach raibh aon deireadh leis an liosta agus gach aon duine acu ag briseadh talamh nua agus gaisce á dhéanamh acu ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Bhí na taispeántais spóirt ba mhó ar fad, na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha ar siúl i dTóiceo ar deireadh thiar agus Covid-19 sa chúlra i rith an ama. Thaistil an Fhoireann Spóirt ba lú de chuid RTÉ le tamall anuas chun tuairisciú faoin bhfoireann ba mhó riamh as Éirinn a bhí páirteach sna cluichí, le foirne rugbaí agus haca ag glacadh páirt den chéad uair riamh. Bhí na príomhchuimhneacháin ar fad - an lúcháir, an ceiliúradh agus an briseadh croí ar an teilifís, an raidió agus go digiteach agus bonnbhuaiteoirí ar thús cadhnaíochta sa dornálaíocht, sa rámhaíocht, sa snámh, sa lúthchleasaíocht, agus sa phararothaíocht. Craoladh ócáidí a bhí mothúchánach agus grámhara agus a léirigh an bród náisiúnta ar fud na n-ardán ar fad agus baill teaghlaigh nár fhead taisteal go dtí an tSeapáin lán bróid sa bhaile. Ó Rae Portland go dtí an Sciobairín, bhí an bród follasach sin as geansaí agus veist na hÉireann soiléir don saol mór.
Ní raibh Éirinn páirteach i gcomórtas EURO 2020 ó thaobh foirne de ná, faraor, mar chathair óstach ach an oiread, ach thug an príomhchomórtas idirnáisiúnta ar an mór-roinn gach a mbeifí ag súil leis dúinn ó thaobh sceitimíní, drámaíocht agus scil agus an báire leis an Iodáil a chur cosc ar Shasana an corn a thabhairt abhaile.
Léirigh craobhchomórtas CLG arís nach bhfuil an sárbhua spóirt teoranta do na hardáin idirnáisiúnta, nuair a chuir Maigh Eo deireadh le ceannas Átha Cliath agus tairbhe á bhaint as sin ag Tír Eoghain, agus bhí an lámh an uachtar arís ag Luimneach i gcúrsaí iománaíochta mar atá le tamall anois.
D’fhill an rugbaí cúige ar theilifís RTÉ freisin agus bhí teacht ag an lucht féachana ar Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe ar an teilifís, an raidió agus ar líne araon.
Tugann an spórt daoine le chéile agus cothaíonn sé dlúthchaidreamh, agus bhí Spórt RTÉ mórálach as a bheith mar chuid den nasc sin.
Teorainneacha a Thrasnú
Agus an oiread sin daoine coinnithe sa bhaile i rith na bliana, gan deis acu freastal ar spórt beo, thrasnaigh clúdach Spórt RTÉ go leor teorainneacha in 2021. Chinntigh ár gclúdach líneach, ar chuir na seirbhísí sruthaithe, Watchloi (Sraith na hÉireann) agus GAAGO leis, gur mhothaigh go leor daoine go raibh siad ceangailte, aontaithe agus le chéile mar lucht leanúna dá laochra, bíodh siad sin go háitiúil, go náisiúnta nó go domhanda.