RTÉ: Obair na Bliana 2021

Ilchineálacht Bhreise, Uile-ghabhálacht Bhreise
Tá RTÉ tugtha do cheannródaíocht a spreagadh maidir le cúrsaí ilchineálachta agus uileghabhálachta.
Inscne | Líon Nollaig 2021 |
Bean | 893 (48%) |
Fear | 978 (52%) |
Iomlán | 1,871 (100%) |
Ag Tacú le Creative Futures
Bhí Creative Futures RTÉ ar siúl sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i mí na Samhna agus tháinig 20 duine uaillmhianach le chéile ar mhaith leo gairm a bhaint amach sna meáin chumarsáide, daoine ó phobail a mbíonn gannionadíocht orthu de ghnáth i meáin na hÉireann. Bhí dhá aidhm leis an deireadh seachtaine; scileanna agus eolas riachtanach a thabhairt i gcomhair gairm a bhaint amach in earnáil na meán cumarsáide, agus plé agus anailís á dhéanamh ar thírdhreach reatha na léirithe meán in Éirinn. Le linn an deiridh seachtaine bhí (i) seisiúin scileanna ina raibh béim ar léiriúcháin ar chostas íseal, e.g. podchraoltóireacht, grianghrafadóireacht agus iriseoireacht mhóibíleach, (ii) líonrú idir piaraí, (iii) spás sábháilte le hábhair imní agus ceisteanna a roinnt agus (iii) ceardlanna ar fhormáidí cláir agus ar chláracha a phitseáil. Is ionann Creative Futures RTÉ agus comhpháirtíocht idir RTÉ agus an Creative Futures Academy.
Ilchineálacht san Ábhar
Tugtar ceannairí sinsearacha ar fud na heagraíochta le chéile leis an nGrúpa um Ilchineálacht san Ábhar, le hobair a dhéanamh le Príomh-Stiúrthóir RTÉ agus lenár gceannaire Ilchineálachta agus Uileghabhálachta díchill ar fad RTÉ a athbhreithniú, a phlé agus a chur chun cinn mar a bhaineann sé le hilchineálacht agus uileghabhálacht inár n-ábhar. Bíonn ionadaí AD (Acmhainní Daonna) i dteannta an ghrúpa freisin.
Is comhpháirtí seachtrach RTÉ ar an Tionscadal Comhionannais 50:50 - tionscnamh atá fréamhaithe i sonraí, sa chruthaitheacht, sa phraiticiúlacht agus sa phaisean le hathrú a dhéanamh ar ionadaíocht sna meáin. Tá glactha ag roinnt foirne raidió, teilifíse agus ar líne leis an gcóras deonach, féinmhonatóireachta seo chun féachaint ar ilchineálacht inscne inár gcuid ábhair.
Dearcthaí a Athrú trí 20x20
Dhírigh an feachtas 20 x 20 ar níos mó clúdach a dhéanamh ar spórt na mban, níos mó ionadaíocht a dhéanamh ar mhná agus níos mó mná a bheith páirteach i spórt, chomh maith le níos mó freastal ar imeachtaí spórt na mban agus níos mó rannpháirtíochta le himeachtaí spóirt na mban. Is éard a bhí i gceist leis sin do RTÉ ná súil a chaitheamh ar ár roghanna eagarthóireachta, ar ár margaíocht, ar ár dtaighde agus ar an iléagsúlacht inár bhfoirne féin. Léiríonn taighde a rinneadh chun tionchar RTÉ a mheas go ndúirt 66% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go raibh tionchar ag RTÉ orthu féachaint ar níos mó spórt na mban beo; d’fhéach 60% díobh ar níos mó spórt na mban beo; d’fhreastail 23% díobh ar níos mó cluichí spórt na mban. Cuireadh obair Spórt RTÉ ar an bhfeachtas 20x20 ar ghearrliosta do Ghradam na mBan um Iléagsúlacht sa Teilifís Spóirt SVG Europe.
Lá Idirnáisiúnta na mBan a Cheiliúradh
Rinne RTÉ Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh le réimse leathan d’ábhar téamach ar fud na nuachta, cúrsaí reatha, spóirt, ceoil agus siamsaíochta, na n-ealaíon agus ábhar Gaeilge ar fud sheirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne RTÉ chun gaiscí ban a cheiliúradh agus chun feasacht a ardú i gcoinne na claontachta. Chomh maith leis sin, in éineacht le sraith imeachtaí foirne, reáchtáil RTÉ feachtas saincheaptha i rith an lae ar fud Twitter, Facebook, Instagram agus LinkedIn chun an téama #ChooseToChallenge a cheiliúradh. Bhí an t-amhránaí Tolü Makay, an t-innealtóir/eolaí/scríbhneoir, an Dr Niamh Shaw, an tOllamh Luke O’Neill, an Príomh-Stiúrthóir, Dee Forbes, an rásaí rothar gluaiste, Grace Poutch, agus Anna Marie McHugh ón gCumann Treabhdóireachta Náisiúnta páirteach sa bhfeachtas.
Ag Ceiliúradh le Bród
Lean RTÉ de cheiliúradh a dhéanamh arís ar Bród, mar aon lena gcomhpháirtíocht oifigiúil le Bród LGBTQ+ Bhaile Átha Cliath, le clár cuimsitheach d'ábhar ar fud RTÉ.ie, RTÉ 2fm, agus an RTÉ Player. Áiríodh air sin: Seachtain iomlán de cheol, agallaimh agus siamsaíocht ar fud RTÉ 2fm, lena n-áirítear comhshaothar beo le Mother, Baile Átha Cliath; Sraith físeán le Adam Hogan ó RTÉ 2fm agus é ag labhairt le ceannairí ó ghrúpaí pobail LGBTQI+ ar fud na tíre ag tabhairt ardáin don obair a dhéanann siad agus ag cur na ndúshlán a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt orthu i láthair; Chuir Shane Daniel Byrne, an fuirseoir ar líne agus an múinteoir aisteoireachta, a shé cheacht féin maidir le Stair na hAiteachta i láthair ar an RTÉ Player, RTÉ.ie/Lifestyle agus cainéil meán sóisialta RTÉ; Comhfhiontar fíorspeisialta ar fad don Pharáid Fhíorúil Bród le réimse ealaíontóirí óga LGBTQ+. Déantar uasdátú rialta ar
www.rte.ie/Pride, an áit a gcuirtear gach rud a bhaineann le Bród RTÉ.
Ní Neart go Cur le Chéile
Thacaigh RTÉ le Seachtain Mhórtais na dTaistealaithe - an tionscnamh bliantúil coicíse chun an méid atá déanta ag an Lucht Siúil le cur leis an saol in Éirinn agus a gcuid gaiscí féin a cheiliúradh agus a chur chun cinn - le feachtas meán sóisialta chun feasacht a ardú.
Black and Irish
Thacaigh RTÉ arís le Mí Stair na nDaoine Dubha le sraith sé chuid, Black History Lessons a rinne Stair na nDaoine Dubha a fhiosrú trí scéalta pearsana mór le rá, trí phríomhimeachtaí staire agus scéalta fíorspéisiúla ón bpobal dubh. Bhí an podchraoladh Black and Irish ar ais don dara sraith de dheich eipeasóid. Rinneadh cultúr agus féiniúlacht a fhiosrú trí chomhráite le daoine aonair fíorspreagúla amhail, Leon Diop, Femi Bankole, Amanda Ade agus Boni Odoemene, chomh maith le scéalta na streachailte agus scéalta an ratha ó phobal dubh na hÉireann – iad ar fad inste ina bhfocail féin agus trína dtaithí féin.