RTÉ: Obair na Bliana 2021

Ár gCuid Oibríochtaí a Ghlasú
Ag obair i dtreo RTÉ níos inbhuanaithe
Bainistiú Fuinnimh
Sa bhliain 2021, creidiúnaíodh RTÉ go foirmeálta leis an gcaighdeán ISO 50001 i mbainistiú fuinnimh - an t-aon chraoltóir sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn a leithéid a bhaint amach. Tá 57.1% fuinneamh spáráilte ag RTÉ cheana féin i gcomparáid le bunlíne 2009, a fhágann go bhfuil RTÉ in áit mhaith chun a chuid spriocanna 2030 atá leagtha amach faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhaint amach.
Astaíochtaí Carbóin
I dtaca leis an bPlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide, tá RTÉ ag díriú ar a chuid astaíochtaí carbóin foriomlána a laghdú. Ó tharla go bhfuil an Gealltanas Ísealcharbóin ag Gnó sa Phobal in Éirinn (BITCI) sínithe ag RTÉ, táimid tiomanta ar a laghad 50% de laghdú in úsáid charbóin a bhaint amach faoi 2030. Sa bhliain 2021, chuir RTÉ a lorg carbóin i dtoll a chéile faoi réir ISO 14064-1-2018 a éascaíonn an tuairiscíocht ar astaíochtaí agus asbhaintí gás ceaptha teasa.
Bainistiú Dramhaíola
Bhí RTÉ i mbabhta ceannais na catagóire maidir le seachaint na dramhaíola ag gradaim Pakman 2021. Ní chuireann RTÉ aon dramhaíl chuig líonadh talún anois. Cé nach n-úsáideann RTÉ ach málaí in-bhithmhillte, tá plean i bhfeidhm chun laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na málaí aonúsáide a úsáidtear trí réiteach maidir le dramhaíl a sheachaint a chur i bhfeidhm.
Beart a Dhéanamh maidir le hÁbhar Plaisteach
Chuir RTÉ deireadh le hábhair phlaisteacha sa cheaintín de réir a chéile i gcaitheamh 2018 agus 2019 lena n-áirítear tionscadal nuálaíochta i gcomhar lenár soláthraithe uisce óil. Tá sé beartaithe ag RTÉ tuilleadh bearta le hábhair phlaisteacha a chosc a chur i bhfeidhm in 2022 agus níos faide amach.
Faighteoirí Mharc Gnó BITCI
Tá RTÉ i measc na 47 cuideachta sa tír a bhfuil an caighdeán seo maidir le freagracht shóisialta na corparáide deimhnithe ina leith.
Ár gCuid Léiriúcháin a Ghlasú
Sa bhliain 2021, lean RTÉ de Thionscadal Albert a chur i bhfeidhm, clár inbhuanaitheachta atá leagtha amach chun tacú le cláracha níos inbhuanaithe de gach uile shaghas a dhéanamh. I measc na gcláracha a bhain deimhniú chaighdeán Thionscadal Albert amach sa bhliain 2021 bhí cúig chlár sa tsraith de chuid Cláracha Gaeilge, Gafa (Gafa leis an Underdog, Gafa le Grá, Gafa le Tarracóirí, Gafa leis an Aimsir agus Gafa leis na Royals). Ba é seo an chéad tsraith iomlán de chuid chláracha RTÉ a bhain an deimhniú seo amach. Tá Áireamhán Carbóin Albert leagtha amach go speisialta dóibh siúd a dhéanann cláracha agus is uirlis í a aithnítear go forleathan, á húsáid ag craoltóirí ar fud na Ríochta Aontaithe agus ar fud an domhain chun lorg carbóin léiriúcháin de chuid RTÉ a laghdú, ag teacht le gealltanais RTÉ. Is é Screen Greening Coalition atá comhdhéanta den BAI, RTÉ, Fís Éireann, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann, TG4 agus Virgin Media a chómhaoinigh Áireamhán Carbóin Albert a thabhairt go hÉirinn.
Ábhar a bhaineann le cúrsaí Aeráide
Den chéad uair riamh sa tionscal, bhí RTÉ i measc 12 craoltóir agus sruthóir a shínigh an Gealltanas Ábhar a bhaineann le cúrsaí Aeráide a chur ar fáil. Tá geallúint tugtha ag na sínitheoirí - an BBC, Channel 4, ITV, RTÉ, S4C agus Sky - a gcuid ábhar a úsáid chun cuidiú leis an lucht féachana agus éisteachta tuiscint a fháil ar atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide dóibhsean, chomh maith le spreagadh a thabhairt dóibh agus eolas a dhéanamh do roghanna inbhuanaithe.
Is é Albert, eagraíocht thionscal an scáileáin ar mhaithe le hinbhuanaitheacht timpeallachta, a thionóil an Gealltanas Ábhar a bhaineann le cúrsaí Aeráide a chur ar fáil. Le deich mbliana anuas, chuidigh Albert leis an tionscal léiriúcháin in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe an tionchar a bhíonn acu ar an timpeallacht a laghdú agus ábhar a chruthú a chuidíonn leis an lucht féachana tuiscint a fháil ar an gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar thodhchaí inbhuanaithe. Tá craoltóirí, sruthóirí agus stiúideonna ag laghdú a gcuid astaíochtaí carbóin ó léiriúcháin cheana féin, agus tá pleananna neodrach ó thaobh fuinneamh eolaíochtbhunaithe á bhforbairt ag go leor díobh.
Tá RTÉ freisin ar cheann de 19 craoltóir ar fud na hEorpa a bhfuil feachtas gníomhaithe ar son na haeráide seolta acu. Arna chomhordú ag Aontas Craolacháin na hEorpa, díríonn an feachtas ar ról na meán poiblí aird a tharraingt ar an ngéarchéim aeráide.
Tá an Gealltanas Ábhar a bhaineann le cúrsaí Aeráide a chur ar fáil agus an feachtas uile-Eorpach ag tarlú ag an am céanna a bhfuil RTÉ ag gealladh aird a tharraingt ar dhearcadh na hEorpa i leith na géarchéime aeráide, ag tabhairt ardán d'ábhar ó réimse craoltóirí seirbhíse poiblí ar mhion-suíomh speisialta RTÉ ar chúrsaí aeráide ag www.rte.ie/eile/climate-change/.
Cuireann George Lee, Comhfhreagraí Comhshaoil RTÉ, eolas ar chúrsaí aeráide ar fáil ar fud sheirbhísí raidió, teilifíse agus ar líne RTÉ.
Bhí lucht féachana tréan ag Eco Eye sa bhliain 2021, an tsraith is faide ar an bhfód faoi shaincheisteanna inbhuanaithe náisiúnta.
Sa bhliain 2021, thug Nuacht RTÉ faoi raon ceardlanna oiliúna chun clúdach faoi chúrsaí aeráide a neartú ar fud réimse chláracha de chuid Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ.
Bhí an-tarraingt ag an gcuid RTÉ Climate ar RTE.ie sa bhliain 2021.