RTÉ: Obair na Bliana 2021

Cúnamh Taca don Phobal

Tá RTÉ tugtha do chúnamh taca a thabhairt do phobail áitiúla a gcuid scéalta a chur in iúl, a gcuid cruthaitheachta a thabhairt chun cinn agus a gcuid tuairimí féin a chur i láthair.

Seasamh a Ghlacadh

I mí na Samhna, don tríú bliain as a chéile, chuaigh RTÉ 2fm i gcomhpháirtíocht le BeLonG To Youth Services, comhpháirtíocht ar éirigh go maith léi, le feachtas a reáchtáil ar fud an stáisiúin chun tacú le Seachtain Feasachta ‘Seas an Fód’, seachtain ina mbíonn deis ag scoileanna dara leibhéal, seirbhísí don óige agus Ionaid Youthreach in Éirinn seasamh a ghlacadh i gcoinne bulaíocht homafóbach, dhéfhóibeach agus thrasfhóbach.

Seaimpíní Digiteacha sna Scoileanna

Lean RTÉ de thacaíocht a thabhairt do Chlár na gCrann Taca Digiteach Scoile atá maoinithe agus á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhar leis an Roinn Oideachais le sé bliana anuas agus atá ag dul ó neart go neart. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh gríosú, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do scoileanna dara leibhéal teicneolaíocht dhigiteach a ghlacadh go fonnmhar trí thionscadal a thabhairt chun críche ag baint leas as a gcuid scileanna agus teicneolaíocht le difear a dhéanamh ina scoil/mbaile, sa phobal i gcoitinne nó i ngnólacht áitiúil.

Mar chuid de thacaíocht RTÉ, ghlac Stephen Byrne RTÉ 2fm le dualgais fhear an tí ag Imeacht Taispeántais mhí Bealtaine, fad a bhí Adam Fogarty, Ceann Ceoil, RTÉ 2fm ag labhairt le scoláirí faoin tábhacht a bhaineann le tacú le healaíontóirí óga na hÉireann agus d’fhreagair sé a gcuid ceisteanna. D’éirigh le Coláiste Ghleann na Finne, Dún na nGall ceardlann mojo (iriseoireacht shoghluaiste) a bhuachan dá scoil le hiriseoir soghluaiste Nuacht RTÉ Eleanor Mannion.

Ag Tacú go Fíorúil le Éolaí Óg BT

I mí Eanáir 2021, mar a bhí fíor le go leor tionscnaimh eile, d’óstáil Taispeántas Eolaí Óg agusTeicneolaíochta BT imeacht fíorúil ar btyoungscientist.com agus bhí RTÉ ann arís chun tacú le scoileanna na hÉireann le seastán fíorúil a thug ardán d’ábhar teilifíse, raidió, ar líne agus podchraolta. Reáchtáil RTÉ comórtas freisin le fón Samsung a bhuachan.

Léargas ar Dhrámaíocht ón bhFíorshaol

De ghnáth, i mí na Bealtaine gach bliain i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí, teann 50 grúpa drámaíochta amaitéarach in iomaíocht don grand prix, a bhfuil an-tóir air, ag Féile Dramaíochta Uile-Éireann RTÉ. Cé gur cuireadh an fhéile siar arís anuraidh, bhí RTÉ ann arís chun tacú le haisteoirí cumasacha as réimse de na ceantair ina bhfuil féilte réigiúnacha, aisteoirí a tháinig le chéile chun gearrscannán a léiriú chun ceiliúradh a dhéanamh ar 69ú Féile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ, féile nár tharla faraor de bharr na dianghlasála. Rinneadh an scannán speisialta dhá nóiméad a thaifeadadh go cianda ar ghairis mhóibíleacha (féach cainéal YouTube RTÉ), scannán a bhí ina léiriú ar na tréimhsí dianghlasála agus na srianta a d’fhág amharclanna, go leor díobh arb iad croílár shaol na cruthaitheachta agus an phobail iad, dúnta ar fud na tíre.

Comhaontas na Maitheasa

Ag deireadh na bliana anuraidh, trí dhíchill roinnt ball foirne, bhí baint ag RTÉ i dtionscnamh corparáide ‘Alliance for Good Ireland’. Ba é an coincheap a bhain le ‘Alliance for Good Ireland’ ná oibriú le carthanachtaí roghnaithe ag baint úsáid as teicneolaíocht chun fadhb a réiteach ar mhaithe le leas sóisialta. Bhí RTÉ i measc an dá chomhlacht Éireannacha déag a tháinig le chéile le hoibriú le Cumann Parkinson na hÉireann ar an dúshlán a bhí roimhe feabhas a chur, nó réiteach a fháil, ar fhadhb trí leas a bhaint as an teicneolaíocht. Reáchtáladh haiceatón fíorúil chun bailchríoch a chur leis a bhí ar siúl ar feadh trí lá ón 23 - 25 Aibreán. Le linn an haiceatóin, rinneadh tairseach a fhorbairt lenar bhain an coincheap faisnéis leighis a fháil ó ghaireas cliste inchaite, anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus í a chur ar fáil do chliniceoirí. Trí sin a dhéanamh faightear léargas ar an ngalar Parkinson fad a gcruthaítear áit amháin ina mbeidh deis chun nasc a dhéanamh le tacaíocht níos mó agus pobal a fhorbairt chun fanacht ceangailte. Táthar ag súil go gcuideoidh sin le cliniceoirí diagnóis níos luaithe a dhéanamh agus/nó siomptóim an ghalair Parkinson a bhainistiú d’othair mar aon le bealach a aimsiú chun cuidiú a thabhairt tacú le daoine atá ag maireachtáil leis an ngalar Parkinson.