RTÉ: Obair na Bliana 2021

An Chruth-aitheacht a Chothú in Éirinn

An chruthaitheacht a spreagadh agus tacú léi ar fud na hÉireann

Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ

An bheatha, an bás agus glaonna ar Zoom, cultúir éagsúla ag teacht salach ar a chéile agus cogaidh fearainn sna bruachbhailte, thuas seal thíos seal, agus cúrsaí grá ar feadh na gcéadta bliain - sin cuid de na téamaí a bhí mar bhunús le deich scéal nua iontacha, as nach mór 2,800 iarratas, a bhain an gearrliosta amach i gComórtas Gearrscéalaíochta RTÉ 2021 in ómós do Francis MacManus. Ba é an scéal ‘The Third Day’ le Kevin Donnellan, scríbhneoir agus iriseoir as Cill Bhríde, Co. na Mí, atá ag cur faoi i Sasana anois, a bhuaigh Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ 2021. Fógraíodh an scéal ar éirigh leis ar Arena ar RTÉ Radio 1, mar chuid de chlár speisialta. Craoladh agus podcraoladh na 10 scéal i sraith de shaothair nua scríbhneoireachta mar chuid de Late Date ar RTÉ Radio 1.

Junk Kouture: Á Thácú ag RTÉ

D’fhógair Junk Kouture, an t-ardán Éireannach mór le rá um léiriú, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht na n-óg, i nDeireadh Fómhair go mbeadh sé ag dul i gcomhar le RTÉ don dara bliain as a chéile, ag leanúint leis an gcomhpháirtíocht ar éirigh go maith léi a tionscnaíodh i dtosach in 2020. De bharr na comhpháirtíochta, tugadh an comórtas deartha chun an scáileáin bhig agus taispeánadh an Junk Kouture Grand Final ar an teilifís den chéad uair ar RTÉ2 agus rinneadh é a shruthú ar an RTÉ Player, tráth ar cuireadh an babhta ceannais beo ar athlá agus a ndearnadh é a leagan amach arís de dheasca Covid-19. Craoladh an Junk Kouture 2021 Grand Final arís ar RTÉ2 agus sruthaíodh arís ar an RTÉ Player é ina raibh réimse dearaí iontacha a chruthaigh agus a chaith dearthóirí cumasacha óga páirteach ann. Is iontach foighneach a bhí na dearthóirí óga sin le linn na paindéime agus iad a fanacht lena ndeis a gcumas a chur os comhair an phobail.

This is Art!

Mar gheal ar an spéis dhochreidte a bhí ag ealaíontóirí óga ó gach cearn den tír, agus ó tharla go rabhamar ar fad ar tí tús a chur le tréimhse dhianghlasála eile, chuir RTÉ agus an Clár Éire Ildánach síneadh le spriocdháta an chomórtais This is Art! Chuir nach mór 9,000 duine óg ó ar fud na tíre iarratais isteach a bhí lán de chruthaitheacht, díograis agus an-chineáltas lenar bhain an téama ‘This is Now’. Cur i láthair físiúil ar dhearcadh dhaoine óga na hÉireann i leith na paindéime a bhí mar thoradh ar an gcomórtas mar aon leis an gcaoi ar imir an phaindéim sin tionchar ar shaol na ndaoine óga agus ar shaol a ndaoine muinteartha. Tá na saothair ealaíne ar fad ar taispeáint i ndánlann ealaíne ar líne ag
www.rte.ie/thisisart a bheidh ar fáil do na glúnta atá le teacht.

Ag cur Beocht sa Rath

I mí Eanáir, lean RTÉ agus an Clár Éire Ildánach dá gcomhpháirtíocht rathúil trí fheachtas nua teilifíse, sóisialta agus raidió a sheoladh chun tacú le mórthaispeántas nua, Wolfwalkers, i nGailearaí Butler i gCill Chainnigh. Tugadh léargas sa taispeántas ar an méid a tharla sa chúlra agus an scannán seo á dhéanamh, scannán a ainmníodh do ghradam Oscar agus a chuir Cartoon Saloon agus Apple le chéile. Ba í réalta Wolfwalkers, Eva Whittaker atá dhá bhliain déag d'aois, a rinne an guthú ar an bhfeachtas.

Ag Tacú leis na hEalaíona

Bhí gá forbairt a dhéanamh ar ‘RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona’ le linn na paindéime, mar ab amhlaidh le go leor a dhéanann RTÉ. Tugtar b’fhéidir an léiriú is fearr air sin trí chomhpháirtíocht eile leis an gClár Éire Ildánach sraith de 24 gearrscannán uathúil a chruthú, a léiríodh in 68 lá i dtús na bliana 2021, ag tacú le 15 tionscadal agus eagraíocht ealaíon, cultúir agus pobail agus á gceiliúradh.

Scoláireacht do Cheoltóirí

Lean RTÉ dá ghealltanas tacú leis an gcéad ghlúin eile de cheoltóirí na hÉireann tríd an Scoláireacht maidir le Léiriú Ceoil agus Fuaime a mhaoiniú den cheathrú bliain as a chéile in Institiúid BIMM, Baile Átha Cliath. Cuirtear deis ar fáil leis an scoláireacht seo do mhac léinn ádhúil amháin dul ag staidéar ar an gcúrsa bliana saor in aisce atá ag BIMM an Bundioplóma i Léiriú Ceoil agus Fuaime. Tríd an scoláireacht seo, tá súil ag RTÉ agus 2fm go mbeidh an té ar a mbeidh an t-ádh í a fháil, ábalta a chuid scileanna a fhorbairt chun go mbeidh siad ábalta cur leis an ngairm atá acu i saol an cheoil chomh maith le cur go dearfach le saol an cheoil Éireannaigh.