Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ
De réir mar a chuaigh géarchéim na hÚcráine in olcas ag tús mhí Feabhra 2022, d’eitil Eagarthóir na hEorpa Tony Connelly agus a cheamaradóir Bram Verbeke atá lonnaithe sa Bhruiséil chun na hÚcráine chun tuairisciú ón bpríomhchathair, Cív. Bhí Nuacht RTÉ ar an láthair nuair a thrasnaigh trúpaí na Rúise isteach san Úcráin, agus é ag tuairisciú ar an ngéarchéim dhaonnúil. Sna laethanta ina dhiaidh sin, ar líne agus ar an raidió agus ar an teilifís, rinneamar doiciméadú ar an eagla a bhí ar na daoine nach raibh in ann teitheadh agus ar mhisneach na ndaoine a bhí meáite ar throid agus léiríomar briseadh croí na dteaghlach a bhí tarraingthe óna chéile ag cogadh. Sna seachtainí agus sna míonna ina dhiaidh sin, san Úcráin agus ar an láthair i dtíortha in aice láimhe san Eoraip, mar aon leis na hiarrachtaí sa bhaile, lean iriseoirí ar fud Nuacht agus Chúrsaí Reatha RTÉ ag insint an scéil: ní hamháin i mBéarla ach i nGaeilge freisin, rud a léiríonn an ról tábhachtach a bhíonn ag foireann Bhaile na hAbhann gach lá, agus nuacht á bailiú i mBéarla agus i nGaeilge. Lean Nuacht RTÉ de bheith i gceannas ar chlúdach na mórimeachtaí náisiúnta i rith na bliana, lena n-áirítear tragóid phobal an Chraoslaigh, Co. Dhún na nGall, toghcháin Chomhthionól Thuaisceart Éireann, agus anailís dhomhain ar Bhuiséad na mbilliún euro chun dul i ngleic le géarchéim an chostais maireachtála.