Eolas Tuairiscithe & Staitistice Eile

Tuarascáil Cóirthrádála RTÉ 2022

Tá RTÉ tugtha dá chinntiú go gcloítear i mbun trádála le prionsabail na cóiriomaíochta agus go n-oibrítear taobh istigh de chreat dlí an AE agus den reachtaíocht náisiúnta araon. Mheas RTÉ gur chuí, sa bhreis air sin, polasaí agus nós imeachta dá chuid féin a chur i bhfeidhm, Polasaí agus Nós Imeachta Cóirthrádála RTÉ, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin RTÉ. Rinneadh athbhreithniú agus uasdátú ar an gcáipéis in 2022.

Bunaíodh an Coiste maidir le Cóirthrádáil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí agus na Nósanna Imeachta. Is fochoiste é de chuid Bhord RTÉ. Ba iad Ian Kehoe agus Susan Ahern comhaltaí an fhochoiste ag deireadh na bliana. D’éirigh Deborah Kelleher as a bheith ina chomhalta den Choiste le héifeacht ón 6 Samhain 2022 ar dheireadh a theacht lena téarma oifige. Tá an fochoiste seo freagrach as maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an bpolasaí maidir le cóirthrádáil i ndáil lena chur i bhfeidhm agus is féidir leis an bhfochoiste athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bpolasaí chomh maith le hathbhreithniú ar an bpróiseas maidir le gearáin. Rinne an tOifigeach Cóirthrádála, Eleanor Bleahane, tuairisciú go díreach leis an bhfochoiste i rith na bliana 2022. Lean an tOifigeach Cóirthrádála de chomhairle agus treoir a thabhairt faoi chúrsaí cóirthrádála do réimsí ábhartha in RTÉ le linn na bliana 2022.  

Tuairisc faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014

Éilítear ar RTÉ faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta tuairisc bhliantúil a ullmhú maidir leis an nochtadh cosanta a dhéantar faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014. I gcomhlíonadh an choinníll sin, tuairiscíonn RTÉ nach bhfuarthas aon nochtadh cosanta amháin i rith na bliana dar chríoch an 31 Nollaig 2022.

IARRATAÍ UM SHAORÁIL FAISNÉISE (“SF”) CHUIG RTÉ

2022 2021

Iarrataí tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe

1

8

Iarrataí nua sa bhliain

139

164

Deonaithe

24

16

Deonaithe i bPáirt

37

37

Diúltaithe

62

101

Tarraingíodh siar nó pléadh leis taobh amuigh de chúrsaí SF

6

17

Le réiteach

11

1

Foinse: RTÉ

GEARÁIN A RINNEADH LE HÚDARÁS CRAOLACHÁIN NA HÉIREANN (BAI) MAIDIR LE HÁBHAR CRAOLTA DE CHUID RTÉ

2022 2021

Líon gearán a fuarthas

63

74

Líon gearán ar seasadh leo*

0

11

Foinse: RTÉ