RTÉ: Figiúirí na Bliana
:
Choinnigh RTÉ an áit atá aige mar an láithreán gréasáin nuachta agus siamsaíochta is fearr in Éirinn. Tugadh 31 milliún cuairt in aghaidh na míosa ar an suíomh agus chaith cuairteoirí 8 nóiméad 25 soicind ar an meán ag féachaint air.
:
Chuir RTÉ leis na cearta atá aige chun clúdach cuimsitheach a dhéanamh ar Chraobhchomórtas CLG ar fud sheirbhísí RTÉ ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne do na cúig shéasúr amach romhainn, rud a chinntíonn go mbeidh clúdach saorchraolta ar ardchaighdeán ag an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn 12 mhí den bhliain ó 2023 go 2027.
:
D’fhógair RTÉ agus Virgin Media Television comhpháirtíocht stairiúil chun cluichí Rugbaí na Sé Náisiún (comórtais na bhFear, na mBan agus faoi 20 de chuid na hÉireann) a shaorchraoladh do lucht leanúna spóirt na hÉireann.
:
Rinneamar ceiliúradh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí 50 bliain ar an bhfód i mí Aibreáin, le mórcheolchoirm le Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus aíonna i gConamara a craoladh beo ar RnaG agus ar chlár buaicphointí teilifíse ar RTÉ One.
:
Rinne an sobalchlár is mó a bhfuil tóir air in Éirinn, Fair City, gaisce mó i mí na Bealtaine agus 5,000 eipeasóid craolta den chlár.
:
Bainfidh níos mó ná 1.1 milliún leanbh agus a dteaghlaigh tairbhe as thart ar €6.8 milliún i síntiúis a bailíodh mar chuid den RTÉ Toy Show Appeal 2021. Trínár gcomhiarrachtaí le heagraíochtaí meán eile chun tacú le ciste na hÉireann don Úcráin, bailíodh os cionn €7 milliún. Bailíodh beagán os cionn €3 mhilliún don Úcráin le feachtas bailithe airgid na Croise Deirge ar The Late Late Show i mí an Mhárta chun cabhrú leo siúd a raibh tionchar díreach ag an gcogadh san Úcráin orthu.
:
Bhí na sluaite de lucht leanúna sacair na hÉireann ag féachaint ar Chorn an Domhain i gCatar ar an RTÉ Player agus rinneadh 8.5 milliún sruth san iomlán ar 1.8 milliún gléasra ar leith le linn an chomórtais - méadú 240% ar shruthanna beo Euro 2020 agus méadú 47% ar Chorn an Domhain 2018.
:
Ó thús Chorn an Domhain ar an 20 Samhain, bhí níos mó ná 17.5 milliún sruth ag an RTÉ Player agus lucht féachana ag féachaint ar réimse leathan ábhar, Quinn Country, The Late Late Toy Show agus The Irish Civil War ina measc.
:
21 milliún cuairt a tugadh ar Aip RTÉ News in aghaidh na míosa le gach úsáideoir ag tabhairt cuairt ar an aip 29 n-uaire ar an meán in aghaidh na míosa.
:
83.3 milliún sruth san iomlán a bhí ag an RTÉ Player in 2022, méadú 14% ar 2021 arb ionann é sin agus 25 milliún uair an chloig de shruthú, méadú 33% ar 2021.