Bord RTÉ
Ag deireadh na bliana, ba mhná iad cúigear de Bhord RTÉ agus b’fhir iad seachtar acu.

1. Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach
Téarma oifige: 29 Samhain 2022-28 Samhain 2027
Is iar-Chathaoirleach le TG4 agus iar-bhall de Bhord TG4 í Siún Ní Raghallaigh.
Bhain sí cáil amach ina ceannaire san earnáil cruthaitheachta ó tharla go raibh sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin in Ardmore Studios agus Troy Studios go dtí an bhliain 2021. Bhí sí ina Stiúrthóir Bainistíochta le Tyrone Productions agus bhí sí ar dhuine den fhoireann a bhunaigh TG4 agus d’oibrigh sí ansin ón mbliain 1996 go dtí an bhliain 2001 i róil airgeadais, straitéise agus mhargaíochta.
Bhí sí ina Ceann Airgeadais leis an Tribune Newspaper Group. Bhunaigh sí a cuideachta teilifíse neamhspleách féin, Ikandi Productions agus léirigh sí roinnt cláracha faisnéise. Tá baint ag Siún freisin leis an earnáil beochana agus bhí sí ina léiritheoir feidhmiúcháin ar scannáin lánfhada beochana.

2. Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir
Comhalta ex officio de bhun an cheapacháin ina Príomh-Stiúrthóir an 11 Iúil 2016 Deireadh téarma: 10 Iúil 2023
Ceapadh Dee Forbes ina Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ le héifeacht ón 11 Iúil 2016. I Londain a bhí Dee Forbes lonnaithe sula ndeachaigh sí i mbun oibre le RTÉ, áit ar chaith sí níos mó ná 27 bliain ag obair do chraoltóirí agus don ghníomhaireacht fógraíochta Young and Rubicam.
Bhí sí ina hUachtarán agus ina Stiúrthóir Bainistíochta i Discovery Networks Northern Europe. Thosaigh Dee ag obair le Discovery in 2010 mar Cheann oibríocht na Ríochta Aontaithe/na hÉireann agus chuir sí lena cuid freagrachtaí de réir a chéile go dtí go raibh sí i gceannas ar réigiún Thuaisceart na hEorpa, ina raibh 18 margadh agus críoch agus 27 cainéal, idir chinn saor-go-haer agus síntiúis, a bhí ag craoladh chuig breis is 276 milliún líon tí ar fud Thuaisceart na hEorpa gach mí.
Sula ndeachaigh sí le Discovery, stiúir Dee gnónna Turner Broadcasting sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, ina raibh seacht gcainéal siamsaíochta, ina measc Cartoon Network, Boomerang agus TCM. Chaith sí roinnt blianta ag obair le Turner i róil éagsúla tráchtála, ina measc Bainisteoir Ginearálta ar réigiún Nordach/Lár na hEorpa, Oirthear na hEorpa agus na réigiúin EMEA. Ba í Ceann na nDíolachán Fógraíochta don Eoraip freisin í.
Bhí Dee ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar bhord The Irish Times tráth agus tá sí ar bhord Munster Rugby faoi láthair. I nDrom Dhá Liag in iarthar Chorcaí a rugadh Dee agus bhain sí céim sa stair agus sa pholaitíocht amach in UCD.

3. Aideen Howard
Téarma oifige: 29 Samhain 2022-28 Samhain 2027
Is Stiúrthóir í Aideen Howard san Ionad Cultúir do Leanaí, The Ark, i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
Tá sí ag obair le cúrsaí amharclannaíochta agus ealaíon le níos mó ná scór bliain agus í ina stiúrthóir ealaíne, léiritheoir agus coimisinéir do shaothar nua. Sa ról ceannaireachta atá aici in The Ark, tá meascán d’eagraíocht tathanta agus déanamh ealaíne do leanaí i gceist ar an tuiscint go bhfuil ceart ealaíne agus cultúir ag leanaí mar atá leagtha amach i gCoinbhinsiún NA um Chearta an Linbh. Sular thosaigh Aideen ag obair in The Ark, bhí sí ina Stiúrthóir Liteartha in Amharclann na Mainistreach agus tá sí ina heagarthóir ar Irish Shorts: New Plays from The Abbey Theatre. Bhí sí ina Stiúrthóir Ealaíne bunaidh san ionad ildisciplíneach, Mermaid Arts Centre, agus d’oibrigh sí ina comhairleoir liteartha ar thionscadail na Comhairle Ealaíon. Bhí sí i mbun coimeádaíocht ar an gclár filíochta Mountains to Sea Festival sa bhliain 2014.
Tá Aideen ina ball den Chomhairle Chomhairleach do Leanaí, den Shainghrúpa Comhairleach um Óige Ildánach agus den Fheachtas Náisiúnta do na hEalaíona. Tá BA aici sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá MA aici sa Drámaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’fhill sí ar an oideachas sa bhliain 2019 agus fuair sí Teastas sa Rialachas ón bhForas Riaracháin. Is iarrthóir PhD í Aideen faoi láthair ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

4. Ian Kehoe
Téarma oifige: 9 Deireadh Fómhair 2018-8 Deireadh Fómhair 2023
Iriseoir, údar agus craoltóir é Ian Kehoe a bhfuil gradaim buaite aige. In 2014, nuair a bhí sé 34 bliana d’aois, ceapadh ina Eagarthóir ar an nuachtán The Sunday Business Post é, agus bhí an post sin aige ar feadh ceithre bliana. Le linn na tréimhse sin, ceapadh chuig bord an nuachtáin sin é chomh maith lena cheapadh chuig gnó clódóireachta bainteach eile.
Ina dhiaidh sin, bhí Ian ina chomhbhunaitheoir ar Currency Media Limited, a fhoilsíonn an tseirbhís ghnó ar líne, The Currency. Bhí Ian ina láithreoir agus ina iriseoir roimhe seo ar chlár Prime Time de chuid RTÉ, agus tá líon mórchláracha faisnéise teilifíse déanta aige - Who’s Buying Ireland? agus The Great Irish Sell-Off ina measc.
Tá Iriseoir na Bliana maidir le Gnó agus Eacnamaíocht buaite faoi dhó aige agus bronnadh Gradam Miriam Hederman O’Brien air de bharr an méid atá curtha aige le beartas fioscach na hÉireann. Is é comhúdar an leabhair Citizen Quinn é, leabhar mórdhíola faoi éirí agus faoi thitim an tionsclaí Seán Quinn.
Is as Inis Córthaidh i gCo. Loch Garman ó dhúchas é agus tá BA bainte amach aige san Iriseoireacht agus MA sa Chaidreamh Idirnáisiúnta ó DCU.

5. Connor Murphy
Téarma oifige: 19 Márta 2020-18 Márta 2025
Fiontraí teicneolaíochta é Connor Murphy a bhfuil cúlra aige i gcaipiteal fiontair, i sainchomhairleoireacht bhainistíochta agus i ríomheolaíocht. Tá sé ina chomhalta den fhoireann Techstars Venture Partner i láthair na huaire agus bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar chlár Techstars SAP.iO i mBeirlín roimhe sin. Tacaíonn sé le cláracha Techstars in Melbourne, Súl, Bangalore, Singeapór, Osló, Liospóin, Amstardam, München agus i mBeirlín. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeanach agus ina Bhunaitheoir tráth ar Datahug, a ghlac Callidus Cloud, atá liostaithe ar Nasdaq (Nasdaq:CALD), seilbh air agus atá mar chuid anois de SAP.
Roimh a thréimhse le Datahug, d’oibrigh Connor le PA Consulting Group i Londain, i Nua-Eabhrac agus in Washington, DC. Bhain sé céim chéadonóracha amach sa ríomheolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

6. An Dr. P.J. Mathews
Téarma oifige: 4 Samhain 2014–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)
Tá an Dr. P.J. Mathews ina Chomh-Ollamh i Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Baineann a shaothar go speisialta le litríocht agus le cultúr an hÉireann. Is é a scríobh an saothar Revival (arna fhoilsiú ag Field Day\Cork UP sa bhliain 2003) maidir le tréimhse athbheochan chultúr na hÉireann; a rinne eagarthóireacht ar an saothar Cambridge Companion to J.M. Synge (2009); agus comheagarthóireacht ar A Handbook of the Irish Revival (arna fhoilsiú ag Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2015).
Is é P.J. a bhunaigh agus atá ina Stiúrthóir ar an bpodchraoltóireacht acadúil le UCD scholarcast (www.ucd.ie/scholarcast). Bhí sé ina stiúrthóir ar Scoil Samhraidh Parnell idir 2002 - 2005 agus ceapadh ina Chomhalta Naughton agus ina Chomh-Ollamh Cuairte sa Bhéarla é in Ollscoil Notre Dame sa bhliain 2007-8. Tá sé ina bhall seachtrach de Mheitheal Léann na hÉireann in Université Sorbonne Nouvelle-Paris 3, agus ina chomhthionólaí ar Chraobhchóras Taighde Dochtúireachta Léann na hÉireann.

7. Anne O’Leary
Téarma oifige: 4 Samhain 2014–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)
Tá taithí mhór ag Anne O’Leary ina Feidhmeannach Gnó. Réimsí spéise ina bhfuil cumas faoi leith léirithe aici is ea cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí bealaí nua a aimsiú chuig an margadh agus leas a bhaint as deiseanna teicneolaíochta d’fhonn acmhainneacht a thapú. Tá tuiscint ghéar ghrinn ag Anne ar rialachas corparáide agus ar chúrsaí comhlíonta. Ina comhalta di d’Institiúid na Stiúrthóirí, tá tuiscint aici ar na coinníollacha reatha maidir le boird phríobháideacha agus boird chomhlachtaí Stáit.
Is fiontraí cruthanta í a rinne tionscnamh agus forás ar ghnólacht teicneolaíochta de scoth an domhain sular dhíol sí é, agus bíonn béim láidir aici ar pháirtnéireacht straitéiseach, ar bhainistíocht díolacháin, ar mhargaíocht, ar fhorbairt táirgí agus ar bhainistíocht maidir le caidreamh inmheánach - seachtrach.
Tá taithí leathanréimseach ag Anne ar earnálacha éagsúla gnó. Is léir a cumas maidir le fáthmheas, pleanáil straitéiseach, soirbhiú do mheithle agus do dhaoine aonair agus méadú inbhuanaithe ar theacht isteach airgid.

8. Robert Shortt
Téarma oifige: 29 Bealtaine 2018–3 Samhain 2024 (Athcheaptha don dara téarma ar an 10 Nollaig 2019)
Thosaigh Robert Shortt ag obair in RTÉ ina iriseoir ar an gclár News at One sa bhliain 1998. Tá sé ag obair ó shin i leith ar go leor cláracha sa rannán Nuachta & Cúrsaí Reatha. Bhí sé ina Chomhfhreagraí Gnó agus bhí sé ina chuid den fhoireann a bhunaigh The Business ar RTÉ Radio 1. Chaith sé ceithre bliana ina Chomhfhreagraí in Washington sula ndeachaigh sé le Prime Time sa bhliain 2009. Tá Gradam Iriseoireachta Gnó Smurfit buaite faoi dhó aige as a chuid tuairisceoireachta.
Sular thosaigh sé in RTÉ, bhí sé ag obair do nuachtán airgeadais na Seapáine, an Nikkei agus don BBC. Toghadh ina chéad chathaoirleach ar Fhochraobh RTÉ NUJ agus d’fhóin sé ina Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceardchumainn RTÉ (TUG) ar feadh trí bliana. Bhain sé BA sa Bhéarla agus san Eacnamaíocht amach in UCD agus MSc san Eacnamaíocht amach i Scoil Staidéar an Oirthir agus na hAfraice in Ollscoil Londan.
Is é Robert Comhfhreagraí Eacnamaíochta RTÉ faoi láthair.

9. Susan Ahern
Téarma oifige: 13 Iúil 2021-12 Iúil 2026
Is abhcóide, idirghabhálaí creidiúnaithe agus eadránaí idirnáisiúnta í Susan atá ag cleachtadh a gairme. Is Comhalta í d’Institiúid Chairte na nEadránaithe, is eadránaí í sa Chúirt Eadrána Spóirt agus ceapadh chuig Rannán Frithdhópála na Cúirte Eadrána Spóirt í do na Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo.
Tá breis is 25 bliain taithí ag Susan i gcleachtas dlí tráchtála agus spóirt, i riarachán spóirt agus i rialachas corparáide ina stiúrthóir feidhmiúcháin agus ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar roinnt bord lena n-áirítear Spórt Éireann, Cruicéad Éireann agus Craobhchomórtais an Domhain sa Rothaíocht 2023. Bhí Susan ina Ceann Gnóthaí Dlí agus Reachtaíochta ag Rugbaí an Domhain, áit a mbíodh ról lárnach aici ceithre Chorn an Domhain sa Rugbaí a sheachadadh agus áit ar bhunaigh sí Aonad Ionracais Rugbaí an Domhain.
Déanann Susan ionadaíocht dá cuid cliant os comhair na gcúirteanna agus binsí, tugann sí faoi fhiosrúcháin, bíonn sí ina headránaí agus ina hidirghabhálaí agus tá roinnt róil rialála aici ina cinnteoir neamhspleách i gcúrsaí araíonachta, iompair agus tráchtála gairmiúla. Is comhairleoir í Susan do chomhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe i réimsí an rialachais chorparáidigh agus réitigh díospóidí.

10. Daire Hickey
Téarma oifige: 13 Iúil 2021-12 Iúil 2026
Is bunaitheoir agus Comhpháirtí
Bainistíochta é Daire Hickey ag 150Bond. Cuireann sé comhairle straitéiseach ar fáil d’fheidhmeannaigh leibhéal c ag cuidiú leo a dteachtaireacht a mhéadú agus cur lena líonra. Tá 30 feidhmeannach ag an ngnólacht lonnaithe idir Nua-Eabhrac agus Baile Átha Cliath, a oibríonn le comhlachtaí ard fáis, le caipitlithe fiontair agus le comhlachtaí Fortune 500.
Bhí Daire ina chomhbhunaitheoir ar Web Summit. Is infheisteoir é freisin i roinnt gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí fiontair agus bhí sé ina iriseoir tráth.

11. David Harvey
11. David Harvey
Téarma oifige: 13 Iúil 2021-12 Iúil 2026
Is iar-láithreoir teilifíse agus raidió agus léiritheoir teilifíse a bhfuil gradaim buaite aige é David Harvey a bhfuil leas aige i roinnt comhlachtaí a bhaineann leis na meáin agus atá dírithe ar an margadh idirnáisiúnta. Bhí roinnt poist bhainistíochta, léirithe agus bhoird aige agus roghnaíodh é ina chathaoirleach agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin leis na scileanna sin a thabhairt chuig réimse institiúidí agus comhlachtaí eile, institiúidí agus comhlachtaí a bhaineann le cúrsaí craoltóireachta agus nach mbaineann le cúrsaí craoltóireachta.
Bhí sé ina chathaoirleach tráth ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, IADT Dhún Laoghaire agus ar Fhéile Pádraig. Chaith sé blianta fada ina chathaoirleach ar Iontaobhas People in Need (a bhí i mbun rannpháirtíochta le RTÉ chun Teileatón RTÉ/People in Need a chur chun cinn). Bhí sé ina stiúrthóir tráth ar Bhord Bia agus tá ina chathaoirleach ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann faoi láthair.
Tá BBS agus MA aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

12. Jonathan Ruane
12. Jonathan Ruane
Téarma oifige: 08 Márta 2022-12 Iúil 2026
Is Léachtóir agus Eolaí Taighde é Jonathan Ruane in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT).
Is ball den fhoireann teagaisc é laistigh den ghrúpa Bainistíochta agus Eacnamaíochta Domhanda i Scoil Bhainistíochta Sloan de chuid MIT agus is ceannaire taighde é ar thionscnamh MIT maidir leis an Eacnamaíocht Dhigiteach (IDE). Tá sé ar dhuine de na daoine a fuair an gradam Fulbright roimhe seo agus is Ollamh Taca é i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá suim aige taighde a dhéanamh i dtrasnú eacnamaíochta digití, i ríomhaireacht ardleibhéil, i straitéisí agus i margaí idirnáisiúnta.
Bíonn Jonathan ag teagasc ar chúrsaí ar fud Scoil Bhainistíochta MIT agus Roinn Innealtóireachta Leictrí agus Ríomheolaíochta MIT. Bhí sé ina chomh-cheannaire ar fhorbairt roinnt cúrsaí ceannródaíocha iarchéime in MIT sna réimsí Intleachta Saorga agus Ríomhaireachta Candamaí. Sular thosaigh Jonathan ag obair in MIT, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar chuideachta bogearraí a bhfuil tacaíocht aige ó chaipiteal fiontair a chomh-bhunaigh sé féin agus a dhíol sé ina dhiaidh sin. Chuir sé tús lena ghairm i mbainistiú branda le Procter & Gamble.
Is sléibhteoir a bhfuil taithí aige é Jonathan agus bhain sé barr Shliabh Everest agus Eiger amach. Chuaigh sé san iomaíocht sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain le Club Rámhaíochta MIT agus bhí sé ina reathaí maratóin faid ultra roimhe seo.
Freastal ar Chruinnithe an Bhoird
Tionóladh ocht gcruinniú de Bhord RTÉ i rith na bliana 2022. Leagtar amach thíos freastal chomhaltaí an Bhoird ar na cruinnithe sin:
Cruinnithe Infhreastail |
Cruinnithe a Freastalaíodh |
|
An Bord mar a bhí an 31 Nollaig 2022 |
||
Siún Ní Raghallaigh (Cathaoirleach) |
1 |
1 |
Susan Ahern |
8 |
8 |
Dee Forbes |
8 |
8 |
David Harvey |
8 |
8 |
Daire Hickey |
8 |
8 |
Aideen Howard |
1 |
1 |
Ian Kehoe |
8 |
8 |
An Dr P.J. Mathews |
8 |
8 |
Connor Murphy |
8 |
8 |
Anne O’Leary |
8 |
8 |
Jonathan Ruane |
7 |
6 |
Robert Shortt |
8 |
8 |
Daoine a d’éirigh as de bheith ina gcomhaltaí den Bhord sa bhliain 2022 | ||
Moya Doherty |
7 |
7 |
Deborah Kelleher |
7 |
6 |
Féach an tuairisc faoi Rialachas Corparáide ar leathanach 102 maidir le tuilleadh mionsonraí faoin athrú i gcomhaltas an Bhoird sa bhliain 2022.
Coistí an Bhoird
An Coiste Iniúchta agus Riosca
Tionóladh naoi gcruinniú i rith na bliana 2022, a ndearnadh freastal mar seo a leanas orthu:
Comhaltaí Coiste |
Cruinnithe Infhreastail |
Cruinnithe a Freastalaíodh |
Ceapadh ar an gCoiste |
Anne O’Leary (Cathaoirleach) |
9 |
8 |
27 Samhain 2014 |
Susan Ahern |
9 |
9 |
16 Meán Fómhair 2021 |
Ian Kehoe |
9 |
8 |
13 Feabhra 2020 |
Robert Shortt |
9 |
8 |
13 Meán Fómhair 2018 |
Coiste na gCláracha
Tionóladh cúig chruinniú de Choiste na gCláracha i rith na bliana 2022. Is mar seo a leanas a freastalaíodh orthu.
Comhaltaí Coiste |
Cruinnithe Infhreastail |
Cruinnithe a Freastalaíodh |
Ceapadh ar an gCoiste |
An Dr. P.J. Mathews (Cathaoirleach Gníomhach) |
5 |
5 |
27 Samhain 2014 |
Daire Hickey |
5 |
5 |
16 Meán Fómhair 2021 |
Comhaltaí ar tháinig deireadh lena dtéarma oifige le linn na mbliana 2022 | |||
Deborah Kelleher |
4 |
4 |
27 Samhain 2014 |
An Coiste maidir le Cóirthrádáil
Tionóladh trí chruinniú i rith na bliana 2022, agus bhí na comhaltaí go léir i láthair ag gach cruinniú, mar seo a leanas::
Comhaltaí Coiste |
Cruinnithe Infhreastail |
Cruinnithe a Freastalaíodh |
Ceapadh ar an gCoiste |
Ian Kehoe |
1 |
1 |
1 Nollaig 2022 |
Susan Ahern |
2 |
2 |
16 Meán Fómhair 2021 |
Comhaltaí ar tháinig deireadh lena dtéarma oifige le linn na mbliana 2022 | |||
Deborah Kelleher |
1 |
1 |
24 Meán Fómhair 2015 |
An Coiste Luach Saothair agus Forbartha Bainistíochta
Níor reáchtáladh aon chruinniú den Choiste le linn na bliana 2022. Is iad Anne O’Leary (ceaptha an 22 Eanáir 2015) agus Connor Murphy (ceaptha an 2 Nollaig 2021) comhaltaí an Choiste. D’éirigh Moya Doherty as a bheith ina chomhalta den Choiste ar dheireadh a theacht lena téarma oifige.
An Coiste Digiteach
Reáchtáladh trí chruinniú den Choiste Digiteach a bunaíodh le déanaí le linn na bliana 2022 agus bhí na comhaltaí go léir i láthair ag gach cruinniú, mar seo a leanas:
Comhaltaí Coiste |
Cruinnithe Infhreastail |
Cruinnithe a Freastalaíodh |
Ceapadh ar an gCoiste |
Jonathan Ruane (Cathaoirleach) |
3 |
3 |
7 Iúil 2022 |
Connor Murphy |
3 |
3 |
7 Iúil 2022 |
Robert Shortt |
3 |
3 |
7 Iúil 2022 |
Freastal ar Chruinnithe Fhochoiste Bhord RTÉ
Is do fhreastal chomhaltaí an Bhoird ar chruinnithe de Bhord RTÉ agus d’fhochoistí an Bhoird a thagraítear leis an eolas a fhoilsítear thuas. Anuas air sin, bhí David Harvey, Daire Hickey, Ian Kehoe agus Connor Murphy ina gcomhaltaí freisin ar Bhoird fochuideachtaí de chuid RTÉ, agus déanann siad freastal ar na cruinnithe Boird de réir sceidil na bhfochuideachtaí sin.