An Obair

Dáileadh

Saorview

Lean seirbhís teilifíse dhigiteach saor in aisce na hÉireann ag feidhmiú go maith in 2022 agus fás tagtha ar lucht féachana Saorview go dtí 38% de na tithe ar fad a bhfuil teilifíseán iontu (suirbhé bunaíochta Nielsen, Eanáir 2023). Thacaigh suíomh gréasáin uasghrádaithe lenár bhfeachtas fógraíochta 2022 ar an teilifís, ar an raidió agus ar na meáin shóisialta, ina raibh an teachtaireacht ‘Déan do Theilifíseán Cliste Níos Cliste (níl ort ach aeróg a phlugáil isteach)’. Seoladh ár dteachtaireachtaí do chustaiméirí i Ráithe 4, agus feabhsaíodh é sin le hearraí díolphointe miondíoltóra ar fud na tíre, a bhí á seachadadh ag ambasadóirí branda Saorview a labhair go díreach leis an bhfoireann miondíola faoi na buntáistí a bhaineann le Saorview.

Go suntasach, bhí an feachtas dátheangach, le leaganacha Gaeilge d’fhógraí teilifíse agus raidió, chomh maith le díolphointí dátheangacha. Tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeilge ina cuid shuntasach dár gcumarsáid amach anseo de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Lean Saorview ag cur luach agus rogha ar fáil do lucht féachana teilifíse na hÉireann in 2022, le huasghrádú TG4 go seirbhís Ardghléine agus Virgin Media Four curtha leis tar éis Sky News a bheith curtha leis an ardán in 2021.

2rn

Déanann 2rn, fochuideachta faoi lánúinéireacht RTÉ, córas tarchuradóireachta na hÉireann a chothabháil, a bhainistiú agus a fhorbairt ar son gach craoltóir ar an oileán agus cuireann sé seirbhísí bonneagair ar fáil don tionscal teileachumarsáide. 2rn atá i bhfeighil chóras craolacháin agus tarchuradóireachta náisiúnta na hÉireann, á chinntiú go mbíonn an tír ceangailte i gcónaí agus cinntíodh iontaofacht 99.99% ar fud na seirbhísí tarchuradóireachta teilifíse agus raidió arís.

Leanadh, trí sheirbhísí Saorview agus Saorsat, de sheirbhísí teilifíse agus raidió seirbhíse poiblí a chur ar fáil saor in aisce i ngach teach sa Stát, le seirbhís ardchaighdeáin físe agus fuaime. As an 1.72 milliún teaghlach in Éirinn a mbítear ag faire ar an teilifís, bhí Saorview ag thart ar 648,000 acu i rith na bliana 2022 agus bhí thart ar 201,000 teaghlach, (Suirbhé bunaíochta Nielsen, Eanáir 2023) nach raibh aon bhealach eile seachas Saorview acu chun breathnú ar chraoladh teilifíse.

In 2022, de bharr COVID-19 b’éigean athruithe a dhéanamh ar go leor de na cleachtais agus na próisis oibre chomh maith le feabhas a chur ar oiliúint na foirne le go bhféadfaí tabhairt faoi na hoibreacha a bhí riachtanach go sábháilte chun iontaofacht na seirbhísí a chinntiú, agus déileáil le soláthraithe agus le custaiméirí araon. Mhaolaigh na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm an tionchar a bhí COVID-19, agus ní raibh aon tionchar ábhartha aige ar fheidhmíocht fhoriomlán 2rn i rith na bliana.

Ar an iomlán, ghin 2rn ioncam €25.75 milliún in 2022, laghdú beag ón mbliain 2021 a d’eascair as laghdú a bheith tagtha ar an ioncam rialáilte ó sheirbhísí craolacháin náisiúnta. Ar an iomlán, léiríonn an €25.75 milliún agus an fheidhmíocht bliain ar bhliain go bhfuil an margadh craolta seasmhach agus an margadh cíosa crann agus túr ag feidhmiú go láidir.

Níor tháinig aon athrú suntasach ar an margadh raidió áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta ó tharla go bhfuil beagnach na réimsí ar fad atá ar fáil in úsáid anois. Tá brúnna costais agus iomaíocht sa ghnó teileachumarsáide ag fás i gcónaí, ach an oiread leis an riachtanas maidir le nascacht snáthoptaice. Bhí sé dúshlánach i gcónaí cobhsaíocht ioncaim bliain ar bhliain a bhaint amach sa ghnó teileachumarsáide.

RTÉ Guide

Is é an RTÉ Guide an iris is mó díol in Éirinn i gcónaí, le leagan seachtainiúil ar na seilfeanna, chomh maith le móréagrán iontach dúbailte don Nollaig. Chomh maith leis sin, foilsíonn an RTÉ Guide Taste, iris bhliantúil atá dírithe ar bhia agus ceiliúradh á dhéanamh ar an mbia, ar chócairí, treochtaí agus táirgí séasúracha. Bhí na hirisí fós ag gineadh ioncaim do RTÉ, rud a chuidigh le lucht féachana níos óige a mhealladh, chomh maith leis na croíléitheoirí a choinneáil. Ba í 2022 an bhliain a d’fhill an chuid is mó againn ar an saol mar a bhí - don tionscal cló ba thréimhse dhúshlánach eile í de réir mar a thosaigh daoine ag bogadh arís agus thosaigh an t-eispéireas ‘ag baile’ ag titim ó chéile - tharla titim 10% i dtionscal na nuachtán agus an phreasa.

Tháinig laghdú níos lú ar an RTÉ Guide agus léirigh sí teacht aniar arís le díolachán láidir Nollag, agus chuidigh an méadú ar an bpraghas le hioncam. Tháinig méadú mór ar phraghsanna páipéir i gcaitheamh 2022, agus na costais á dtiomáint ag boilsciú fuinnimh agus stailceanna san Fhionlainn, agus chuir an cogadh san Úcráin barr ar an donas. Tá na praghsanna socraithe anois agus táimid ag súil le laghdú beag ar chostais pháipéir i rith 2023. Ar an iomlán, ba bhliain dhúshlánach í 2022 do thionscal iomlán an phreasa ach le rialú docht ar chostais agus teacht aniar an RTÉ Guide sna siopaí, coinníonn sí a háit mar an iris is mó díol in Éirinn.