Feidhmiúchán

Dee Forbes portrait

Dee Forbes

Príomh-Stiúrthóir
 

Richard Collins portrait

Richard Collins

Príomhoifigeach Airgeadais
 

Tháinig Richard ag obair in RTÉ i mí Eanáir 2020. Tá sé ina stiúrthóir ar RTÉ Commercial Enterprises DAC agus RTÉ Transmission Network DAC.

Sular thosaigh sé ag obair le RTÉ, chaith Richard 13 bliana ag obair san earnáil miondíola, áit a bhfuair sé taithí leathan ar airgeadas agus oibríocht, bhí sé i gceannas ar líon olltionscadal comhlánaithe agus athchóiriúchán. Le déanaí bhí sé ina Stiúrthóir Airgeadais in Dunnes Stores áit a raibh ról tábhachtach aige i bhforbairt straitéise agus córais a nuachóiriú. Roimhe sin ba é Stiúrthóir Airgeadais Superquinn é agus ba é a rinne an comhcheangal le Musgrave Group a stiúradh.

Bhí róil airgeadais shinsearacha ag Richard anseo in Éirinn agus thar lear in eagraíochtaí mar Dell Computer Corporation agus Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhain sé céim amach i gColáiste na Tríonóide agus thraenáil sé le bheith ina chuntasóir cairte le KPMG.

Rory Coveney portrait

Rory Coveney

Stiúrthóir Straitéise
 

Tá Rory ag obair le RTÉ ón mbliain 2007 agus is iomaí ról a bhí aige ó shin. Ón mbliain 2011, ina Chomhairleoir Straitéiseach don Phríomh-Stiúrthóir, tá Rory lárnach i bpleanáil straitéiseach na heagraíochta. Ina Stiúrthóir Straitéise, treoróidh sé feidhm straitéise nua ina gcuimseofar straitéis chorparáideach, fiontair agus nuálaíocht nua, gnóthaí poiblí agus bainistiú straitéiseach riosca.

Sular thosaigh sé in RTÉ, bhí Rory ag obair do Chúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is céimí de chuid UCC é Rory áit ar bhain sé BA sa Stair amach. Bhain sé MA sna Meáin Idirghníomhacha amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chomh maith.

Eimear Cusack portrait

Eimear Cusack

Stiúrthóir, Acmhainní Daonna

Ceapadh Eimear ina Stiúrthóir ar Acmhainní Daonna sa bhliain 2017. Tá taithí ag Eimear ar oibriú le cúrsaí dlí, baincéireachta, seirbhísí gairmiúla agus TEC i rith a saol oibre agus ceapadh ina Ceannasaí Acmhainní Daonna maidir leis an Ríocht Aontaithe agus Éirinn le Ericsson í sa bhliain 2013, áit a ndearna sí cláracha forleathana athrúcháin a leagan amach agus a chur i bhfeidhm. Lena bhfuil de thaithí aici ar straitéisí nuálaíochta i leith daoine, tá béim ag Eimear ar an gcaidreamh leis an bhfostaí, ar dhaoine cumasacha a mhealladh chun na heagraíochta agus ar bhainistíocht ina leith, agus ar chúrsaí foghlamtha agus forbartha.

Sular thosaigh sí ag obair le RTÉ, bhí straitéisí éagsúla idirathraithe, athchóiriúcháin agus comhtháite tugtha i gcrích ag Eimear i ndáil le seirbhísí bainistithe agus cásanna éadála.

Adrian Lynch portrait

Adrian Lynch

Stiúrthóir, Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíocht

Thosaigh Adrian ag obair in RTÉ in 2014 agus bhí sé ina Cheannasaí Cainéil le haghaidh RTÉ One agus RTÉ2 roimhe sin. Nuair a bhí sé sa phost sin, sheol sé sceidil uaillmhianacha nua do na seirbhísí. Ina Cheannasaí Cainéil dó ar RTÉ One agus ar RTÉ2, thug Adrian réimse leathan d’ábhar cláir den iliomad seánra ar an scáileán agus is suntasach mar a d’éirigh le Dancing with the Stars, RTÉ 1916, agus cláracha faisnéise de leithéid My Homeless Family ar bronnadh gradaim orthu chomh maith.

Sular thosaigh sé le RTÉ, bhíodh Adrian ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina úinéir ar Animo Television, ceann de na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha is fearr ar éirigh leis in Éirinn. Ba é a bhí freagrach as roinnt de na cláracha is iomráití ar RTÉ One i rith a chuid ama le Animo, sraitheanna faisnéise ar bronnadh gradaim orthu ina measc, mar shampla Freefall – The Night the Banks Failed.

Paula Mullooly portrait

Paula Mullooly

Stiúrthóir, Cúrsaí Dlí
 

Ceapadh Paula ina Stiúrthóir ar Chúrsaí Dlí sa bhliain 2019. Sainaturnae meáin í Paula a bhfuil taithí os cionn 25 bliain aici sna meáin chraoltóireachta agus sa dlí príobháideach aici. Chuir sí comhairle ar réimse leathan cliaint meán le linn a gairme agus rinne sí ionadaíocht thar a gceann chomh maith, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon, agus tá léachtaí tugtha aici ar dhlí na meán. Cheap an Rialtas í ina ball ar an nGrúpa Oibre um Leasú Clúmhillte, a chuir tuarascáil ar fáil in 2003 trína ndearnadh leasuithe a mholadh agus dréacht-reachtaíocht a chur i láthair. Rinne sí fónamh chomh maith ar an gCoiste um Chomhlíonadh ag Údarás Craolacháin na hÉireann ó 2010 go dtí 2018 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an mBord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán ó 2004 go dtí 2012.

Geraldine OLeary portrait

Geraldine O’Leary

Stiúrthóir Tráchtála
 

Thosaigh Geraldine le RTÉ in 1997 ina Bainisteoir, Díolacháin Teilifíse, agus fuair sí ardú céime go dtí Stiúrthóir, Díolacháin agus Margaíocht sa bhliain 1999. In 2003, ceapadh ina Stiúrthóir Tráchtála, Teilifís RTÉ, í agus bhí ról mór aici maidir le feidhm tráchtála RTÉ. Ceapadh ina Stiúrthóir Tráchtála, RTÉ í in Eanáir 2018 agus is í atá freagrach as gach ball foirne agus gach oibríocht tráchtála rannach agus tras-rannach in RTÉ a threorú. Is Comhalta í Geraldine de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann, Stiúrthóir Bunaitheach TAM Ireland agus is comhalta í de Chumann Margaíochta na hÉireann chomh maith le bheith ina Comhalta Boird de EGTA (Grúpa na hEorpa maidir le Fógraíocht Teilifíse). Bhí sí ina hUachtarán ar Bhord EGTA idir 2009 agus 2011.

Jim Jennings portrait

Jim Jennings

Stiúrthóir, Ábhar
 

Ceapadh Jim ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Raidió RTÉ i mí na Samhna 2013. Déanann sé maoirseacht freisin maidir leis an mbainistíocht ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ. Bhí Jim ina Cheannasaí ar RTÉ Raidió 1 sular ceapadh sa phost seo é. Sa bhliain 1985 a thosaigh Jim le RTÉ Radio 1, ag obair ar dtús le gnéchláracha agus cúrsaí reatha ar chláracha de leithéid Today at Five agus The Pat Kenny Show.

D’athraigh sé sa bhliain 1989 go dtí Teilifís RTÉ, mar a raibh roinnt poist shinsearacha aige, ina measc Léiritheoir Feidhmiúcháin ar The Late Late Show, Election 2012 agus searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta. D’oibrigh sé freisin ina eagarthóir ar Léargas. Rinneadh Stiúrthóir ar Ábhar de Jim mar chuid den athstruchtúrú ar an eagraíocht sa bhliain 2017.

Richard Waghorn portrait

Richard Waghorn

Stiúrthóir, Oibríochtaí, Teicneolaíocht agus Athchóiriúchán

Thosaigh Richard le RTÉ ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta i mí Feabhra 2012. Ceapadh Richard ina stiúrthóir ar RTÉ Transmission Network DAC i rith na bliana 2013. Tá céim MBA ag Richard ó Henley Management College agus is céimí de chuid an University of Leeds é.

Bhí Richard ina Phríomhoifigeach Teicneolaíochta leis an South African Broadcasting Corporation idir na blianta 2009 agus 2011. Roimhe sin, chaith Richard ceithre bliana ina Stiúrthóir Dáiliúcháin leis an BBC agus é i mbun ceannródaíochta maidir leis an athrú go dtí córais dhigiteacha. D’oibrigh sé ar fud roinnt réimsí éagsúla leis an BBC, straitéis, meáin chumarsáide nua, dáiliúchán agus léiriúchán raidió ina measc. Bhí Richard ina stiúrthóir boird ag Freesat agus ina bhainisteoir tionscadail maidir le seoladh Freeview sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2002.

Ghlac Richard ceannasaíocht ar ghníomhaíochtaí teicneolaíochta agus athchóiriúcháin RTÉ sa bhliain 2017, agus ghlac bainistíocht ar an rannán oibríochta sa bhliain 2019, mar chuid den atheagar ar an eagraíocht.

Deirdre McCarthy portrait

Deirdre McCarthy

Bainisteoir Stiúrtha, Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Ceapadh Deirdre McCarthy ina Bainisteoir Stiúrtha, Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ i Nollaig na mbliana 2022 i ndiaidh comórtas poiblí. Is í Deirdre an chéad bhean atá ceaptha sa phost seo. Ceapadh ina Bainisteoir Stiúrtha eatramhach í i ndiaidh do Jon Williams an post a fhágáil níos luaithe sa bhliain agus threoraigh sí an tuairisciú a rinneadh ag imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta lena n-áirítear an tragóid sa Chraoslach i gContae Dhún na nGall chomh maith le Lá an Bhuiséid agus bás mhonarc na Breataine.

Bhí Deirdre ina hEagarthóir Bainistíochta ar chláracha Réigiún agus Nuachta Raidió agus ar thuairisciú gnó agus polaitíochta freisin, áit ar imir sí tionchar ar chlúdach straitéise agus nuachta réigiúnaí agus polaitíochta na heagraíochta agus ar chuir sí leis an gclúdach sin agus ar fheabhsaigh sí aschur digiteach go háirithe. Bhí sí ina stiúrthóir ar fhorbairt na bpríomh-chláracha nuachta raidió (Morning Ireland, News at One agus This Week) agus bhain sí barr feabhais amach sa chraoltóireacht agus neartaigh sí an chraoltóireacht i ngach ceann de na trí chlár a bhfuil duaiseanna buaite acu.

Roimhe seo bhí Deirdre ina hEagarthóir RTÉ ar Thuairisciú Polaitíochta i dTeach Laighean agus í ag stiúradh scéalta nuachta polaitíochta a thuairisciú chomh maith le maoirseacht a dhéanamh ar imeachtaí náisiúnta a chraoladh beo amhail Olltoghcháin, díospóireachtaí toghcháin, Reifrinn lena n-áirítear Comhionannas Pósta agus Ginmhilleadh agus imeachtaí Cuimhneacháin amhail Comóradh Céad Bliain Chath an Somme.

Idir na blianta 2008-2012 bhí Deirdre ina heagarthóir ar chlár polaitíochta tiomanta RTÉ, The Week in Politics agus na cláracha Leaders’ Questions le linn am a raibh cíor thuathail ollmhór sa pholaitíocht agus sa gheilleagar.