Ráiteas an Chathaoirligh

Siún Ní Raghallaigh
Cathaoirleach, Bord RTÉ
Mar a léiríonn 2022, is iomaí rud a dhéanann RTÉ go maith. Ach tá go leor le déanamh fós againn.
Ba mhór an phribhléid dom é a bheith ceaptha i mo Chathaoirleach ar RTÉ i mí na Samhna 2022, ag deireadh bliain shuntasach eile d'eagraíocht meán seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann.
Ba bhliain chinniúnach 2021 dár dtionscal. Foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán i mí Iúil 2022, inar aithníodh an tábhacht a bhaineann le meáin ilchineálacha agus bhríomhara, agus an ról ilghnéitheach atá acu i saol na hÉireann, chomh maith leis an ról ar leith atá ag na meáin seirbhíse poiblí náisiúnta. Bliain a bhí ann freisin inar fógraíodh go mbunófaí Coimisiún na Meán chun tírdhreach rathúil, ilchineálach agus sábháilte ar líne agus sna meáin a chinntiú, le teacht in áit Údarás Craolacháin na hÉireann. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar bhaill uaisle an Choimisiúin agus táimid ag tnúth le caidreamh láidir oibre a chothú leis mar a rinneamar leis an BAI.
Ba bhliain í 2022 freisin ina bhfuair daoine cumasacha cruthaitheacha as Éirinn ar an dá thaobh den cheamara aitheantas domhanda, a bhí tuillte go maith acu, agus an oiread sin léiriúchán scannáin agus teilifíse, a rinneadh in Éirinn agus a raibh daoine cumasacha as Éirinn iontu, á gceiliúradh ag a bpiaraí agus ag an bpobal araon. Meabhrúchán tráthúil ab ea é ar na caighdeáin den scoth a bhaintear amach go seasta anseo in Éirinn anois agus an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht san earnáil. Táimid ag tnúth leis an gcaidreamh atá againn leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách a threisiú.
Ina hathbhreithniú ar an mbliain 2022, leag an Príomh-Stiúrthóir béim ar go leor de na gaiscí atá déanta ag RTÉ: an lucht féachana ar ais arís i stiúideonna agus ag imeachtaí RTÉ tar éis dhá bhliain dheacra nach bhfacthas a leithéid riamh cheana; ceiliúradh ar leathchéad bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta; drámaíocht bhreá úrnua de chuid na hÉireann ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne; cláracha faisnéise den chéad scoth; nuacht agus cúrsaí reatha iontaofa; fiosrúcháin agus tuairiscí tábhachtacha a mbíonn tionchar acu; imeachtaí dochreidte beo spóirt ar fud ár gcuid seirbhísí; an líon is mó sruthanna riamh ar an RTÉ Player; tacaíocht ríthábhachtach d’ealaíontóirí agus do cheoltóirí, agus a oiread eile arís agus iad ar fáil ó lá go lá ar fud sheirbhísí RTÉ.
Mar a léiríonn 2022, is iomaí rud a dhéanann RTÉ go maith. Ach tá go leor le déanamh fós againn.
Bíonn an lucht féachana ag athrú go tapa de bharr go bhfuil níos mó roghanna ná riamh cheana ar fáil dóibh – ní hamháin ó thaobh cad air a fhéachfaidh siad, ach conas, cathain agus cá háit a fhéachfaidh siad air. Bíonn comhlachtaí nua ag teacht isteach sa mhargadh i gcónaí. Leanann mórchomhlachtaí domhanda, a bhfuil neart airgid acu, d’infheistíocht a dhéanamh in ábhar tarraingteach do lucht féachana domhanda, lucht féachana na hÉireann san áireamh agus, mar gheall ar éileamh nach bhfacthas riamh cheana ar spórt beo, bíonn siad sa tóir ar na cearta spóirt a thuilleann brabús mór dóibh. Tá nósanna éisteachta ag athrú go tapa freisin agus an tóir atá ar phodchraoltaí do chách ag dul i méid, agus iad ar fáil ar éileamh.
Ní mór do RTÉ freagairt do na hathruithe seo má táimid chun teacht slán. Tá an acmhainneacht a bheith nuálach agus a bheith ábalta dul in oiriúint d'athruithe, lárnach do rath na heagraíochta, ach bíonn a chuid dúshlán féin ag baint leis sin. Cé go mbíonn athrú teicneolaíochta riachtanach, is minic costas mór i gceist leis, rud a chiallaíonn go mbíonn go leor cinntí móra le déanamh againn, cinntí tábhachtacha faoinár dtodhchaí agus muid ag smaoineamh i gcónaí ar bhealaí chun freastal níos fearr a dhéanamh ar an lucht féachana agus éisteachta, agus na cuntais a chomhardú ag an am céanna. Tá sé beagnach dodhéanta na féidearthachtaí a mheas go hiomlán gan réiteach ceart a fháil ar cheist mhaoiniú na meán seirbhíse poiblí in Éirinn, rud a bhfuilimse tiomanta dó i mo ról mar Chathaoirleach.
Agus an chuid is mó den bhéim ar athrú agus ar thodhchaí RTÉ, tá sé ríthábhachtach go mbeimid thar a bheith soiléir i gcónaí faoin méid atá le déanamh againn. Tá RTÉ in áit ar leith i gcónaí chun ár scéalta, scéalta tábhachtacha, a insint sa dá theanga, chun léargas a thabhairt ar an tsochaí, chun tacú lenár n-ealaíontóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí agus taibheoirí aitheanta agus atá ag teacht chun cinn, chun daoine a thabhairt linn, chun siamsaíocht a chur ar fáil, chun bheith ann do na mór-ócáidí náisiúnta, chun tacú lenár bhfoirne agus lenár lúthchleasaithe, chun ár n-éachtaí a cheiliúradh agus chun léargas a thabhairt ar na saincheisteanna tábhachtacha a mbíonn tionchar acu orainn.
Ní gá dul i bhfad chun na dúshláin atá á dtabhairt don fhírinne, don daonlathas, don fhéiniúlacht, don ilchineálacht, don chultúr agus don saol sibhialta a fheiceáil; dúshláin atá ag dul i méid i gcónaí. Mura mbeidh RTÉ láidir agus bríomhar tá baol níos mó ann do na nithe sin, nithe atá thar a bheith tábhachtach dúinn ach a ndéanaimid talamh slán díobh go minic.
Thug RTÉ aghaidh riamh ar athrú agus d’fhreagair sé go maith do dhúshláin, agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin. Níl aon mhíthuiscint orainn faoin obair atá romhainn, ná nílimid ag déanamh talamh slán den ról atá againn, ach táimid ag féachaint i dtreo na todhchaí le diongbháilteacht athnuaite agus dúthracht chun tabhairt faoin méid is gá a dhéanamh chun meáin seirbhíse poiblí a chur ar fáil ar féidir a bheith bródúil as. Tá bunús cruthaithe ag an mbliain 2022 le forbairt a dhéanamh air.
Siún Ní Raghallaigh
Cathaoirleach, Bord RTÉ