Athbhreithniú an Phríomh-Stiúrthóra

Dee Forbes
Príomh-Stiúrthóir
“In ainneoin mórán dúshlán, táim an-bhródúil as an méid a bhain RTÉ amach in 2022.”
Bliain mhór eile do RTÉ ab ea 2022. Chuireamar tús leis an mbliain ag féachaint le dóchas i dtreo filleadh go hiomlán ar an ‘ngnáthshaol’ tar éis nach mór dhá bhliain ag maireachtáil le dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana mar gheall ar an bpaindéim dhomhanda. Agus deireadh cur luath sa bhliain leis na srianta, diaidh ar ndiaidh, chuireamar fáilte ar ais roimh an lucht féachana agus éisteachta inár stiúideonna agus cuireadh tús arís le himeachtaí poiblí beo.
In ainneoin mórán dúshlán, táim an-bhródúil as an méid a bhain RTÉ amach in 2022. I measc na n-éachtaí sin bhí an méid seo a leanas:
- Ar RTÉ a craoladh 44 de na 50 clár teilifíse ba mhó a féachadh orthu in 2022, agus lucht féachana ag féachaint ar spórt beo, siamsaíocht, nuacht iontaofa, cláracha tarraingteacha fíorasacha, cláracha faisnéise Éireannacha agus drámaíocht áitiúil.
- Rinneamar ceiliúradh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí 50 bliain ar an bhfód i mí Aibreáin, le mórcheolchoirm le Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus aíonna i gConamara a craoladh beo ar RnaG agus ar chlár buaicphointí teilifíse ar RTÉ One. Bhí sé tábhachtach dúinn go mbeimis in ann teacht le chéile chun ócáid chomh tábhachtach a chomóradh.
- Bhí 8.5 milliún sruth san iomlán ag Corn Domhanda FIFA ar an RTÉ Player ar 1.8 milliún gléasra ar leith i rith an chomórtais - méadú 240% ar shruthanna beo Euro 2020 agus méadú 47% ar Chorn Domhanda 2018. Níos lú ná 1% díobh sin a bhí ag sruthú a dúirt go raibh fadhbanna acu le feidhmíocht an RTÉ Player, rud a léiríonn an infheistíocht atá déanta againn sa tseirbhís le blianta beaga anuas.
- Chomh maith leis sin, d’fhéach an lucht féachana ar níos mó dár n-ábhar ar an RTÉ Player le linn na tréimhse seo. Idir tús Chorn an Domhain, a thosaigh ar an 20 Samhain, agus deireadh na bliana, bhí níos mó ná 17 milliún sruth ag an RTÉ Player agus an lucht féachana ag féachaint ar réimse leathan ábhar, lena n-áirítear Quinn Country, The Late Late Toy Show agus The Irish Civil War.
- Tugadh 31 milliún cuairt ar ár suíomh gréasáin RTE.ie gach mí, rud a fhágann gurb é an suíomh gréasáin nuachta agus siamsaíochta is mó in Éirinn é. Tugadh 21 milliún cuairt mhíosúil ar Aip RTÉ News.
- Agus lucht féachana agus éisteachta ag filleadh, thacaigh scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona le 150 imeacht ealaíon agus cultúir áitiúil, réigiúnach, pobail agus náisiúnta ar fud an oileáin le meascán tacaíochtaí ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.
Ach craoladh an oiread ábhar agus cláracha seirbhíse poiblí i bhfad níos tábhachtaí eile a chuir an ról tábhachtach atá ag RTÉ i gcónaí i gcroílár shaol na hÉireann i gcuimhne dúinn.
Bhí sé deacair ach riachtanach éisteacht le cláracha faisnéise agus tuairiscí fiosrúcháin spéisiúla ar nós Blackrock Boys a léirigh foireann RTÉ Documentary on One, mar aon le cláracha Liveline ar an ábhar ina dhiaidh sin, a thug ardán tábhachtach do na híospartaigh chun teacht chun cinn agus a gcuid scéalta féin a nochtadh thar roinnt laethanta.
Níl i Quinn Country, Vicky, War at Home, Cold Case Collins, The Irish Civil War agus Tiger Roll, The People’s Horse ach cuid de na cláracha faisnéise is fearr dá leithéid a spreag spéis agus caint mhór i measc an phobail. I mí na Bealtaine, chuamar i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann chun an clár faisnéise, The Change – Ireland’s Menopause Story, a chómhaoiniú. Craoladh an clár ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player tar éis don phobal spéis ollmhór a chur i scéalta na mban a bhí faoi chaibidil ar Liveline ar RTÉ Radio 1 an bhliain roimhe sin.
Lean RTÉ Investigates leis an obair riachtanach agus luachmhar a dhéanann sé nuair a d’aimsigh sé fianaise nua a bhain le bás an Athar Niall Molloy agus nuair a dhírigh sé aird ar uchtaithe mídhleathacha na hÉireann, agus a léirigh an méid daoine a bhí fós gan freagra 12 mhí ina dhiaidh sin. Bíonn tionchar ag na fiosrúcháin thábhachtacha sin i bhfad tar éis a gcraolta.
I mbliain ina raibh RTÉ ina lárionad do dhrámaíocht d’ardchaighdeán na hÉireann agus ina ndearna Fair City ceiliúradh ar 5,000 clár, bhí bród ar leith orainn tacú le scríbhneoireacht nua na hÉireann trí Storyland chur ar fáil ar theilifís RTÉ den chéad uair le drámaí aonair úrnua, Balor Hall, Mustard agus Every Five Miles. Tá an-tóir i gcónaí ar na drámaí gearra seo ar an RTÉ Player. Táim an-bhródúil freisin go raibh sé ar ár gcumas i mí Dheireadh Fómhair Dizzy Deliveries a chraoladh trí RTÉjr, an chéad sraith teilifíse riamh a raibh teanga chomharthaíochta láimhe Lámh in úsáid inti, ag cur ardán luachmhar ar fáil do na mílte leanaí a úsáideann é go laethúil.
Tá a fhios againn go bhfuil spórt beo tábhachtach dár lucht féachana agus in 2022, chomh maith leis an gCorn Domhanda ar éirigh go maith leis, chuir RTÉ spórt beo dochreidte agus cuimhní iontacha ar fáil do lucht leanúna spóirt ar fud na hÉireann le clúdach ar na Sé Náisiún, craobhchomórtais clubanna agus contae CLG, cluichí craobhchomórtais camógaíochta beo, sacar na mban, lena n-áirítear cluiche cáilithe stairiúil na hÉireann do Chorn Domhanda na mBan, cluichí Shraithchomórtas na Náisiún, cluichí Chorn Seaimpíní Heineken, imeachtaí Trastíre na hEorpa, agus go leor eile ar fud sheirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne RTÉ.
Chomh maith lenár bhfócas ar chláracha agus ábhar tábhachtach, leanamar den nuálaíocht a chur ar fáil sa teicneolaíocht
agus ag cur feabhas ar ár dtáirgí agus ár seirbhísí digiteacha: rinneamar uasghrádú suntasach ar aip an RTÉ Radio Player; d’aontaíomar socrú nua le Sky a mhéadóidh ábhar RTÉ ar ardáin Sky agus a chuirfidh RTÉ i gcroílár Sky Glass; leanamar d'infheistiú a dhéanamh i stiúideonna físiúla solúbtha le haghaidh craoltaí fuaime, rud a chuireann ar ár gcumas ábhar físe ar ardchaighdeán a chruthú do na meáin shóisialta, ar líne agus don teilifís. Is cuid é seo dár dtiomantas leanúnach táirgí nua, feidhmiúlacht nua agus gnéithe nua a chur ar fáil, chomh maith le níos mó deiseanna pearsantaithe agus formáidí ábhair nua chun ár gcraoltóireacht bheo a chomhlánú agus chun ár rannpháirtíocht le lucht féachana agus éisteachta a neartú, go háirithe lucht féachana níos óige, ar fud iliomad gléasra agus ardán.
Mar a luaigh mé cheana, cuireadh tús arís le himeachtaí freisin tar éis tréimhse chrua gan iad agus bhí sé an-speisialta a bheith mar chuid de chomhpháirtíochtaí tábhachtacha arís a chuir fáilte ar ais roimh an bpobal arís, lena n-áirítear na Craobhchomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta, Oíche Chultúir, RTÉ Choice Music Prize, Rós Thrá Lí, Fleadh Cheoil, féile Drámaíochta Uile-Éireann, Bloom, agus neart eile. Tugann imeachtaí mar seo níos gaire dár lucht féachana muid agus tugann siad deis dúinn iad a thabhairt isteach i dtithe ár lucht féachana agus éisteachta.
Arís eile, táim thar a bheith bródúil as an ról a bhí ag RTÉ maidir lenár n-iarrachtaí cistí a raibh géarghá leo a bhailiú do charthanais ar fud na tíre trí thionscnaimh spreagúla agus chroíúla éagsúla in 2022. Níos luaithe i mbliana, d’fhógraíomar go raibh níos mó ná 1.1 milliún leanbh agus a dteaghlaigh ag tosú ag baint tairbhe as thart ar €6.8 milliún i síntiúis a bailíodh tríd an RTÉ Toy Show Appeal 2021. Bhailigh RTÉ Toy Show Appeal 2022 beagnach €4 mhilliún. Éacht dochreidte. Thug RTÉ 2FM, i gcomhar le Keary’s Motor Group, carr d’aon éisteoir amháin i mí na Samhna agus bhailigh sé €47,000 do Childline chun cabhrú le leanaí ar fud na hÉireann. Trínár gcomhiarrachtaí le heagraíochtaí meán eile chun tacú le ciste na hÉireann don Úcráin, bailíodh os cionn €7 milliún. Bailíodh beagán os cionn €3 mhilliún don Úcráin le feachtas bailithe airgid na Croise Deirge ar The Late Late Show i mí an Mhárta chun cabhrú leo sin a raibh tionchar díreach ag an gcogadh san Úcráin orthu. Cé nach ndéanaimid deimhin riamh d’fhlaithiúlacht phobal na hÉireann, chuaigh an freagra a fuarthas ar na tionscnaimh seo, agus cinn eile i rith na bliana, go croí ionainn.
Chuireamar tús le 2022 freisin agus súil againn, le foilsiú Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, go mbainfí cor cinniúnach amach maidir le hinfheistíocht náisiúnta sna meáin seirbhíse poiblí. Foilsíodh an Tuarascáil i mí Iúil 2022 agus aithníodh inti an tábhacht a bhaineann le meáin ilchineálacha agus bhríomhara, agus an ról ilghnéitheach atá acu i saol na hÉireann, chomh maith le ról ar leith na meán seirbhíse poiblí náisiúnta. Ba é an réiteach maoinithe a moladh i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán an t-aon mholadh nár thacaigh an Rialtas leis. Leanfaidh RTÉ lena chuid iarrachtaí an cás a dhéanamh ar son an athchóirithe chun todhchaí na meán seirbhíse poiblí in Éirinn a chinntiú. Ní raibh sé chomh tábhachtach riamh is atá sé anois.
Dee Forbes
Príomh-Stiúrthóir