Athbhreithniú Airgeadais

Torthaí agus Brabús Oibriúcháin

In ainneoin na héiginnteachta ginearálta gnó a d’eascair as an gcogadh san Úcráin agus timpeallacht an-bhoilscithe, thaifead RTÉ easnamh measartha de €2.8 milliún in 2022.

Cé gur tháinig costais oibriúcháin ar ais go gnáthleibhéil, tar éis maolú costas in 2020 agus 2021 mar gheall ar shrianta COVID ar léiriú, tháinig feabhas ar ioncam tráchtála freisin tar éis tús mall leis an mbliain. Tháinig fógraíocht míreanna teilifíse ar ais go maith sa ráithe dheiridh mar gheall ar spéis mhór i gCorn Domhanda FIFA.

Ar an lámh eile, tháinig laghdú beag ar ioncam ón gceadúnas teilifíse i gcomparáid le 2021, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé tagtha chuige féin go dtí na leibhéil a bhí ann roimh COVID go fóill. Ba iad Corn Domhanda FIFA, Sraith Náisiún UEFA agus Craobhchomórtais Peile Eorpach na mBan na hImeachtaí Speisialta in 2022.

Tháinig méadú €12.6 milliún ar airgead ar láimh i rith na bliana. Tharla sé seo go príomha mar gheall go bhfuarthas €15 milliún i maoiniú poiblí breise i mí na Nollag 2022 mar thoradh ar mholtaí Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a foilsíodh in 2022. Tá sé beartaithe go gcumhdóidh an maoiniú breise seo costais oibriúcháin in 2023 agus aithneofar ansin é.

Achoimre ar na Buaicphointí Airgeadais

 

2022

2021

Athrú

 

€ m

€ m

€ m

       

Ioncam Tráchtála

152.1

148.3

3.8

Ioncam ón gCeadúnas Teilifíse

195.6

196.1

(0.5)

Ioncam Iomlán

347.7

344.4

3.3

Costais oibriúcháin (gan Imeachtaí Speisialta a áireamh)*

(332.6)

(315.5)

(17.1)

EBITDA** (roimh Imeachtaí Speisialta)

15.1

28.9

(13.8)

Costais maidir le hImeachtaí Speisialta

(6.7)

(15.8)

9.1

EBITDA

8.4

13.1

(4.7)

Dímheas & Amúchadh

(11.8)

(11.6)

(0.2)

Gnóthachan ó Dhiúscairt Sócmhainní

-

0.1

(0.1)

Glanioncam airgeadais

0.4

1.2

(0.8)

(Easnamh)/Barrachas roimh Cháin

(3.0)

2.8

(5.8)

Cáin

0.2

(0.4)

0.6

(Glaneasnamh)/Glanbharrachas don Bhliain

(2.8)

2.4

(5.2)

* Costais Oibriúcháin roimh Dhímheas & Amúchadh agus gan costais incriminteacha maidir le hImeachtaí Speisialta a áireamh.

** EBITDA: Tuilleamh roimh Ús, Cáin, Dímheas agus Amúchadh.


Ioncam Tráchtála

Is ionann ioncam tráchtála €152.1 milliún na bliana 2022 agus méadú 2.6% bliain ar bhliain (2021: €148.3 milliún). Ba é an phríomhchúis leis an méadú ná feidhmíocht ioncaim neamhthrádála eile de réir mar a leanann RTÉ ag éagsúlú a ioncaim.

 

2022 v 2021

Athrú

€m

Athrú

%

     

Ioncam Tráchtála 2021

148.3

 

Trádáil - Teilifís

(0.3)

(0.3%)

Trádáil - Raidió

0.3

1.2%

Trádáil - Digiteach

0.6

7.1%

Ioncam Neamhthrádála Eile

3.2

12.0%

Gluaiseacht Bliain ar Bhliain

3.8

2.6%

Ioncam Tráchtála 2022

152.1

 

Tháinig laghdú 1.3% ar mhíreanna fógraíochta ar an teilifís, an ranníocóir is mó maidir le hioncam tráchtála, i gcomórtas le 2021. Thosaigh an bhliain 2022 go dóchasach le deireadh curtha le srianta dianghlasála. Mar sin féin, chuir an cogadh san Úcráin agus an méadú ar chostais fuinnimh isteach ar mhuinín an lucht fógraíochta. Bhuail fadhbanna leanúnacha an tslabhra soláthair agus an timpeallacht bhoilscithe muinín an lucht fógraíochta tuilleadh. Tháinig feabhas ar ioncam i dtreo dheireadh na bliana le héileamh suntasach ó lucht fógraíochta timpeall ar Chorn Domhanda FIFA. Ba laghdú i gcatagóirí amhail Bia, Fuinneamh agus Teileachumarsáid ba chúis leis an bhfeidhmíocht bliain ar bhliain, ach chúitigh méaduithe sna catagóirí Miondíola, Taistil agus Siamsaíochta na laghduithe seo.

Tháinig méadú 5.7% ar ioncam trádála teilifíse eile, lena n-áirítear urraíocht agus suíomh táirgí. Le níos lú cur isteach ar sceideal na gcláracha teilifíse in 2022 ná mar a bhí in 2021, bhí deiseanna ann tús a chur arís le patrún ioncaim urraíochta níos rialta.

Bhí an-bhliain go ginearálta ag trádáil raidió, lena n-áirítear mír, urraíocht agus promóisin, bhí méadú 1.2% bliain ar bhliain i gceist. Tháinig laghdú 1.8% ar fhógraíocht míreanna raidió, ach chúitigh méaduithe ar fud urraíochta agus promóisin Raidió an laghdú sin.

Tharla an laghdú i bhfógraíocht míreanna Raidió den chuid is mó mar gheall ar laghdú ar chaiteachas an Rialtais ar theachtaireachtaí ríthábhachtacha sláinte poiblí. Cé gur tháinig laghdú ar chaiteachas uile an Rialtais in 2022 go 13.3% (2021: 18.6%) den ioncam iomlán fógraíochta míreanna Raidió, cuid shuntasach den ghnó a bhí ann mar sin féin.

Tháinig méadú 7.1% ar ioncam ó thrádáil dhigiteach i gcomórtas le 2021. Is ionann ioncam VOD agus an ranníocóir is mó chuig ioncaim ó thrádáil dhigiteach agus bhí sé méadaithe 18.4% bliain ar bhliain. Tháinig laghdú 20.8% bliain ar bhliain ar ioncam ar bhonn digiteach ar fud rte.ie agus tháinig méadú 3.8% ar urraíocht dhigiteach.

Tháinig méadú €3.2m ar ioncam neamhthrádála sa bhliain go príomha mar gheall ar shocruithe dáileacháin digiteacha a cuireadh i gcrích le haghaidh ceadúnú an RTÉ Player agus mar gheall ar thús a bheith curtha arís le léirithe Cheolfhoireann Coirme RTÉ.

Thit ioncam ó PIC (Comórtais Idirghníomhacha Cláir) 25.4% bliain ar bhliain mar gheall nár fhill leibhéal rannpháirtíochta an lucht féachana i gcomórtais teilifíse ar na leibhéil a bhí ann roimh COVID.

Tháinig laghdú 10% ar an RTÉ Guide bliain ar bhliain agus ar aon dul le margadh a mheastar a bheith síos 10%. B’ionann díolachán iomlán na gcóipeanna agus 1.657 milliún agus áirítear laghdú 9% ar an méid a díoladh den mhóreagrán Nollag, ar díoladh 240,600 cóip de. Tháinig laghdú ar ioncam fógraíochta don RTÉ Guide bliain ar bhliain freisin mar go raibh margadh fógraíochta na n-irisí dúshlánach.

Mar chuid de straitéis RTÉ chun imeachtaí beo le ticéid a fhorbairt, cuireadh Toy Show The Musical ar stáitse i mí na Nollag. Cé go bhfuair an seó seo léirmheasanna fabhracha, bhí díolacháin ticéad níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis, agus níorbh aon chuidiú gurbh éigean roinnt seónna a chur ar ceal mar gheall ar thinneas i measc an chliar.

Ioncam ón gCeadúnas Teilifíse

Ós craoltóir seirbhíse poiblí démhaoinithe RTÉ ar a leagtar réimse leathan cúraimí faoin reachtaíocht, tá buntábhacht leis an leibhéal maoinithe poiblí a fhaightear chun ról na heagraíochta a chomhlíonadh. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM) atá freagrach as ioncam ó dhíolachán na gceadúnas teilifíse a bhailiú ó An Post (an t-aon ghníomhaire amháin maidir le ceadúnais teilifíse a dhíol) agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) i ndáil le ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’. Tugann an RTCEGSM ansin deontas do RTÉ as an airgead maidir le táillí ceadúnais a bhailítear.

As an €221.5 milliún a bailíodh maidir le ceadúnas teilifíse sa bhliain 2022, fuair RTÉ €195.6 milliún (88%) de. Baineadh úsáid as an gcuid eile den airgead ón táille ceadúnais, €25.9 milliún, chun na costais bailiúcháin agus muirir ghaolmhara An Post a íoc agus chun airgead a chur ar fáil don scéim atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), Fuaim & Fís. Bhí an t-ioncam ón táille ceadúnais a fuair RTÉ sa bhliain 2022 €0.5 milliún níos ísle ná mar a bhí sa bhliain 2021, ó tharla nár éirigh le díolacháin na gceadúnas teilifíse na leibhéil chéanna a bhaint amach agus a bhí ann roimh COVID.

Is é an ráta seachanta don bhliain 2020 an ráta is déanaí atá ar fáil. An RTCEGSM a dhéanann an ríomh ar na figiúirí agus an ráta seachanta cothrom le 15.2% de na teaghlaigh agus de na háitribh ghnó a mbeadh an táille le gearradh orthu. Tá an ráta seachanta in Éirinn i bhfad níos airde ná mar atá sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha eile san Eoraip (féach leathanach 31) agus tá an costas bailiúcháin níos mó ná dhá oiread an chostais atá ag craoltóirí seirbhíse poiblí eile san Eoraip.

TÁILLÍ CEADÚNAIS - RÁTAÍ SEACHANTA

Éire

15.2%

An Ríocht Aontaithe

8.9%

An Ghearmáin

2.0%

An Ostair

5.0%

An Danmhairg

12.1%

An Iodáil

7.0%

Foinse: Tuarascail de chuid an EBU maidir le Táillí Ceadúnais 2022 - Rátaí Seachanta 2021 san aíreamh

Ábhar buartha freisin an t-ardú ar líon na dteaghlach nach bhfuil teilifíseán den ghnáthchineál acu. Tá ardú seasta ag teacht le blianta beaga anuas ar an bhfigiúr sin de réir an Nielsen Establishment Survey agus é cothrom le 16.9% faoin tráth seo (Eanáir 2023), ardú 1.8% le bliain anuas. De réir mar atá athrú níos casta ag teacht ar na modhanna ina dtapaítear ábhar meán cumarsáide is lú a thiocfaidh táille an cheadúnais teilifíse leis an gcaoi a dtapaíonn daoine ábhar seirbhíse poiblí. Tá sin ar an gcúis is mó leis an athrú ar an gcóras atá á thabhairt isteach i dtíortha eile, ionas gur táille maidir leis na meáin chumarsáide nó modh eile atá iontu anois seachas táille a bhaineann le gaireas de chineál faoi leith.

D'ainneoin mholadh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) go ndéanfaí méadú láithreach €30 milliún ar mhaoiniú poiblí, moladh a rinneadh in 2018 mar chuid d'athbhreithniú an BAI ar straitéis RTÉ 2018-2022, níl ach méadú c.€7 milliún tagtha ar mhaoiniú poiblí RTÉ ó shin. Fuarthas maoiniú poiblí breise aonuaire €15m do 2023 freisin tar éis moltaí a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán. Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún agus d’eisigh sé a mholtaí in 2022. Glacadh i bprionsabal le gach moladh seachas RTÉ a mhaoiniú go díreach ón státchiste. Tá an moladh maidir le hathchóiriú na táille ceadúnais curtha ar aghaidh anois chuig Grúpa Oibre Teicniúil agus tá RTÉ ag súil go dtuairisceoidh an Grúpa seo in 2023. Mura gcuirtear, agus go dtí go gcuirfear, athchóiriú substaintiúil i gcrích ar an gcóras Táille Ceadúnais, beidh staid airgeadais RTÉ leochaileach agus neamh-inbhuanaithe i gcónaí agus laghdófar a acmhainneacht chun pleanáil agus infheistíocht a dhéanamh don todhchaí.

Leagtar amach faoin gceannteideal ‘Mar a chaitear gach Táille Ceadúnais Teilifíse’ (féach leathanaigh 35-36) an úsáid a bhaintear as an táille ón gceadúnas le hinfheistíocht á dhéanamh i seirbhísí agus i mbeartaíocht RTÉ ar 84% d’iomlán na dtáillí ceadúnais. Déantar an 16% atá fanta a infheistiú i mBearta neamh-RTÉ, lena n-áirítear an ciste atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann, Fuaim & Fís, an cúnamh a bhaineann le TG4 agus na táillí bailiúcháin a íoctar le An Post.

Costais Oibriúcháin

Tháinig méadú €17.1 milliún ar chostais oibriúcháin, gan Imeachtaí Speisialta san áireamh, bliain ar bhliain de réir mar a d’fhill léiriú na gcláracha inmheánacha agus coimisiúnaithe go dtí an leibhéal léirithe a bhí ann roimh COVID.

COSTAIS OIBRIÚCHÁIN RTÉ €M 2008-2022

-23%


439

363

356

353

335

307

312

320

343

335

340

338

308

331

339

2008

2009

2010

2011

2012

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

2021

2022

Tháinig méadú €1.9 milliún ar chostais cláracha coimisiúnaithe mar thoradh ar tharchuradóireacht níos moille na gcláracha ó 2021 agus ardú ar chostais léiriúcháin mar gheall ar bhoilsciú le linn 2022. Agus gníomhaíochtaí Spóirt ar ais mar a bhí, tháinig méadú suntasach ar chostais in 2022 – bhí séasúr iomlán CLG ann den chéad uair ó 2019, clúdach iomlán bliana ar Rugbaí an URC agus d’fhill Rugbaí na 6 Náisiún ar RTÉ. Tháinig méadú freisin ar na costais taistil a bhain leis sin. Tháinig méadú €1.8m ar chostais fuinnimh de réir mar a chuaigh praghsanna in airde mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. Tháinig méadú €1 mhilliún ar chostais fostaithe bliain ar bhliain mar gheall ar an gComhaontú Pá ar thángthas air i mí na Samhna 2022 (féach Comhaontú Pá thíos), incrimintí pá a bronnadh agus roinnt fostú incriminteach.

Tháinig laghdú €9.1 milliún ar chostais Imeachtaí Speisialta in 2022 mar gheall gur bhliain thar a bheith gnóthach a bhí in 2021 le haghaidh Imeachtaí Speisialta, le Euro 2020 agus na Cluichí Oilimpeacha tugtha ar aghaidh ó 2020 nuair a cuireadh siar iad mar gheall ar COVID.

 

2022 v 2021

Athrú

€ m

   

Costais Oibriúcháin 2021

331.3

Ardú ar Chostais Oibriúcháin

17.1

Laghdú ar Chostais maidir le hImeachtaí Speisialta

(9.1)

Ardú bliain ar bhliain (Imeachtaí Speisialta san áireamh)

8.0

Costais Oibriúcháin 2022

339.3

LÍON NA bhFOSTAITHE

2022

Straitéis Athbhreithnithe

Foilsíodh Straitéis Athbhreithnithe 2020-24 agus cuireadh i bhfeidhm í i mí na Samhna 2019 chun RTÉ a thabhairt ar ais chuig inbhuanaitheacht airgeadais.

Dhírigh an Straitéis ar €59m de choigilteas ar chostais réamh-mheasta don tréimhse 2020-22. Go dtí seo tá €93m de choigilteas bainte amach. Mar sin féin, cosúil le go leor eagraíochtaí bhí ar RTÉ a phleananna a athrú go suntasach i bhfianaise phaindéim COVID. Mar thoradh air sin, tháinig €26m de na coigiltis seo ó thionscnaimh a bhí beartaithe mar chuid den straitéis agus baineadh €67m eile de choigilteas amach trí mhodhanna eile.

Níor cuireadh gnéithe maoinithe poiblí na Straitéise i gcrích.

Líon na bhFostaithe

B'ionann líon na bhfostaithe ar an 31 Nollaig 2022 agus 1,868 (2021: 1,871) agus bhí 243 (2021: 232) acu sin ina bhfostaithe ar bhonn páirtaimseartha / ócáideach. B'ionann coibhéis líon na bhfostaithe lánaimseartha (FTE) amhail an 31 Nollaig 2022 agus 1,735 (2021: 1,755). Ag tús 2022 d’aistrigh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus a 70 ball foirne FTE ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta.

I mí Eanáir 2023, tar éis athbhreithniú agus comhairle ghairmiúil a fuarthas, aistríodh 52 aisteoir a raibh baint acu le Fair City ó stádas conraitheora go fostaithe. Tá an polasaí Fostaíocht ar dTús atá á chur i bhfeidhm anois ag méadú ar fud na heagraíochta. Tugadh an polasaí seo isteach in 2019 tar éis Thuarascáil Eversheds do RTÉ maidir le húsáid saoroibrithe / conraitheoirí. Is é polasaí RTÉ anois ná breathnú ar gach ról mar róil fostaíochta mura gcomhlíonann siad na critéir mar atá leagtha amach sa Chód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Chinneadh ina dtairgfear fostú conraitheoirí neamhspleách. Samhlaítear go ndéanfar an chuid is mó de na róil in RTÉ as seo amach a mheas mar fhostaíocht ar dtús.

Glanioncam Airgeadais

Bhí glanioncam airgeadais €0.4 milliún i gceist in 2022 (2021: glanioncam €1.2 milliún), mar seo a leanas:

B'ionann an t-ioncam airgeadais iomlán sa bhliain 2022 agus €2.1 milliún (2021: €2.6 milliún). Áiríodh leis an nglanioncam úis €1.7m (2021: €1.4 milliún) a bhaineann le hioncam scéime pinsin sochair sainithe IAS 19, ioncam infheistíochta €0.3 milliún ó chomhfhiontar (2021: €0.5 milliún) agus ús taisce.

B’ionann an costas airgeadais do 2022 agus €1.8 milliún (2021: €1.4 milliún). Áiríodh leis an gcostas €1.8 milliún ús is iníoctha ar iasachtaí, taiscí, ús ar chostais athstruchtúraithe agus caillteanas cóirluacha ar chonarthaí díorthacha airgeadra eachtraigh.

Cánachas

Bhí creidmheas cánach foriomlán de €0.2 milliún ann in 2022 (2021: muirear cánach €0.4 milliún). Tháinig muirear cánach €0.3 milliún chun cinn in 2022 mar thoradh ar bhrabúis incháinithe a gineadh. Mar sin féin, fritháiríodh é seo le creidmheas cánach iarchurtha €0.5 milliún a d’eascair as an ngluaiseacht ar dhifríochtaí sealadacha incháinithe ar mhaoin, fearas agus trealamh.

Sreabhadh Airgeadais agus Iasachtaí

B’ionann iarmhéid iomlán an airgid thirim iomlána, infheistíochtaí leachtacha san áireamh, amhail an 31 Nollaig 2022 agus €114.0 milliún (2021: €101.4 milliún). Is ionann é seo agus méadú €12.6 milliún agus tharla sé den chuid is mó mar gheall ar dheontas maoinithe phoiblí €15m a fuarthas i mí na Nollag agus a aithneofar in 2023. Is féidir achoimre i ndáil leis an ngluaiseacht ó thaobh iarmhéideanna airgid thirim i rith na bliana 2022 a leagan amach mar seo a leanas:

Ráiteas Achoimre faoi Shreabhadh Airgid

 

2022

2021

 

€m

€m

     

EBITDA

8

13

Sreafaí airgid oibriúcháin:

– laghdú ar Chaipiteal Oibre

20

18

Sreabhadh airgid athstruchtúraithe:

- Íocaíochtaí

(1)

(2)

Cánacha ioncaim íoctha

(1)

(3)

Beartaíocht Infheistíochta:

   

- Caiteachas Caipitil

(10)

(11)

Sreafaí airgid a mhaoiniú:

   

– Aisíocaíocht Iasachta

(2)

-

- Ús Íoctha

(1)

(1)

Ardú glan maidir le hAirgead

Tirim agus Infheistíocht i

Sócmhainní Leachtacha

13

14

Bhí iasachtaí bainc iomlána €63.1 milliún ag RTÉ, amhail an 31 Nollaig 2022 (2021: €65 milliún) mar seo a leanas:

  • Tá Saoráid Club €60 milliún ag 2rn, fochuideachta tarchuradóireachta RTÉ, le Barclays agus le Banc na hÉireann. Baineann €40 milliún den tsaoráid sin le cistiú tionscadail don bhonneagar tarchuradóireachta agus dáileacháin a theastaíonn don líonra maidir le Teilifís Dhigiteach Trastíre (DTT), agus bhí a iomlán sin tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2022. Tá saoráid iasachta téarma breise dar luach €20 milliún i bhfeidhm, €15 milliún de sin a bhí tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2022.
  • Tá saoráid €20 milliún ag RTÉ le Banc na hÉireann, lena n-áirítear saoráid €10 milliún de chreidmheas imrothlach agus iasacht téarma €10 milliún. Amhail an 31 Nollaig 2022 bhí an iasacht téarma €8 milliún tarraingthe anuas.

Bainistíocht maidir le Riosca Airgeadais

Formheasann Bord RTÉ polasaí Ciste an Ghrúpa, a chlúdaíonn iasachtaí, bainistiú airgid, riosca creidmheasa contrapháirtí, riosca leachtachta, riosca ráta úis agus riosca airgeadra eachtraí. Tá nochtadh RTÉ faoi gach ceann de na rioscaí seo leagtha amach i Nóta 21 a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais: Ionstraimí Airgeadais agus Bainistiú Riosca Airgeadais.

Caiteachas Caipitil

B'ionann caiteachas iomlán RTÉ ar thionscadail caipitil i rith na bliana 2022 agus €10 milliún (2021: €12 milliún). Baineann an chuid is mó den chaiteachas le tionscadail teicneolaíochta agus le clár athsholáthair sócmhainne DTT.

Leanann infheistíocht na bhfáltas a gineadh ó dhíol na talún in 2017 le roinnt tionscadail chaipitil straitéiseacha atá ar siúl lena n-áirítear ardán stórála nua, córas nua ERP, comhdhlúthú an eastáit iarléiriúcháin agus digitiú na gcartlann. Tá an chuid is mó de na fáltais ó dhíol na talún geallta anois do thionscadail.

Tuairiscíocht Idirdhealaithe agus Leithroinnt Costais

Déantar anailís idirdhealaithe RTÉ a ullmhú I gcomhréir le caighdeán IFRS 8 Réimsí Dealaithe Oibriúcháin a leagtar amach i nóta 2(d) a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais: Príomhghníomhaíochtaí agus Eolas Teascánach. Is iad na ranna éagsúla na príomhréimsí dealaithe ag RTÉ agus rinneadh iad a leagan amach ar an 1 Eanáir 2018 i ndiaidh atheagar eagraíochta. Rinneadh modhanna oibre maidir le leithroinnt costais a chur i bhfeidhm go seasta leanúnach i rith na bliana 2022 faoi mar a leagtar amach i Nóta 2 maidir le Tuairisciú Idirdhealaithe.

Cúrsaí Rialála

Tagann RTÉ faoin BAI maidir leis na dualgais mar chomhlacht craolacháin seirbhíse poiblí. Oibríonn RTÉ (faoi mar a éilítear faoin Acht Craolacháin 2009) leis an Údarás Craolacháin i ndáil leis an athbhreithniú bliantúil agus leis an athbhreithniú cúig bliana ar an gcistíocht phoiblí a dhéanann an BAI faoi alt 124 an Achta.

D’ainmnigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) RTÉ roimhe seo agus a fhochuideachta 2rn mar fhochuideachta a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige maidir le rochtain mhórdhíola ar sheirbhísí ilphléacsaithe DTT (Margadh B) agus sa mhargadh maidir le rochtain mhórdhíola ar sheirbhísí náisiúnta tarchuir agus dáilte craolacháin talún (Margadh A). Chuir an cinneadh oibleagáidí áirithe ar RTÉ (Margadh B) agus 2rn (Margadh A). Cuirtear seirbhísí tarchurtha ar fáil do chraoltóirí ar a gcostas móide toradh ar infheistíocht ceadaithe ag ComReg ar na glansócmhainní a úsáidtear. Déantar cuntais dheighilte lena mbaineann cuntais rialáilte maidir le Margadh A agus Margadh B faoi seach chomh maith le buncháipéisíocht cuntasaíochta a fhoilsiú de réir na gcoinníollacha faoin rialáil.

Comhaontú Pá

I mí na Samhna 2022 tháinig RTÉ agus Grúpa Ceardchumann RTÉ (TUG) ar chomhaontú maidir le méadú beartaithe 6% ar phá sa dá bhliain amach romhainn. Tugadh dearbháin neamh-incháinithe don fhoireann in 2022. Glacadh leis an gcomhaontú trí vótáil ag deireadh mhí na Nollag. I gcomhráiteas dúirt RTÉ agus an TUG ‘go raibh an comhaontú ag iarraidh cothromaíocht chóir a bhaint amach, a d’aithin an srianadh pá in RTÉ ó 2008 agus a bhí freagrúil do thionchar na méaduithe suntasacha costas maireachtála ar fhoireann RTÉ agus ar a dteaghlaigh.’ D’aithin an comhaontú freisin ‘staid airgeadais RTÉ féin laistigh d’earnáil corraitheach na meán agus na hoibleagáidí atá air ó thaobh fostaíochta agus cláracha seirbhíse poiblí a choinneáil agus a thiomantas don lucht féachana agus éisteachta.’

Cúrsaí Pinsin

Tá trí cinn de scéimeanna pinsin ar bun ag RTÉ do na fostaithe: scéim pinsin le sochair shainithe (DB), scéim pinsin le ranníocaíochtaí sainithe (DC) agus scéim hibrideach (scéim a mbaineann gnéithe DB agus gnéithe DC araon léi).

Scéim Aoisliúntais RTÉ

Is scéim pinsin mhaoinithe, ranníoca, le sochair shainithe, arna cur ar bun faoin reachtaíocht agus faoi urraíocht ag RTÉ, atá i Scéim Aoisliúntais RTÉ. Níor ligeadh aon fhostaithe nua isteach faoin scéim ón mbliain 1989 i leith. Amhail an 31 Nollaig 2022, bhí 51 fostaí ag RTÉ (2021: 69) a bhí ina gcomhaltaí den scéim.

Amhail an 31 Nollaig 2022, ba ionann luach shócmhainní na Scéime ar an margadh agus €1,031 milliún (2021: €1,194 milliún). Ba ionann dliteanais na Scéime, arna ríomh de réir IAS 19 maidir le Sochair Fostaithe, agus €859 milliún (2021: €1,047 milliún). Mar a éilítear faoi IAS 19, luaitear an farasbarr nó an t-easnamh idir sócmhainní agus dliteanais na Scéime mar shócmhainn ar ráiteas RTÉ faoin seasamh airgeadais. Dá réir sin, luaitear sócmhainn pinsin €172 milliún i leith na Scéime amhail an 31 Nollaig 2022 (2021: €147 milliún).

Tá barrachas ag baint leis an scéim faoi thástáil MFS agus na riachtanais leachtachta á sásamh faoi na cúlchistí riosca agus, dá réir sin, ní bheidh call aon chistíocht a bheartú i leith na scéime.

Scéim Ranníocaíochta Sainithe RTÉ

Is socrú ranníocaíochtaí sainithe maoinithe í an Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe atá oscailte do chomhaltaí nua ó 1989. Amhail an 31 Nollaig 2022, bhí 1,243 fostaí ag RTÉ (2021: 1,280) a bhí ina gcomhaltaí den scéim.

Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ

Scéim mhaoinithe, ranníocach, hibrideach atá i Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ lena mbaineann gnéithe DB agus gnéithe DC agus atá faoi urraíocht RTÉ. Cuireadh tús leis an scéim seo ar an 1 Meán Fómhair 2010 mar shocrú pinsin roghnach d'fhostaithe atá ina theideal. Amhail an 31 Nollaig 2022, bhí 399 fostaí de chuid RTÉ ina gcomhaltaí de Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ (2021: 401).

Amhail an 31 Nollaig 2022, bhí luach €28.6 milliún ar an margadh le sócmhainní roinn DB na Scéime. Ba ionann na dliteanais faoi IAS 19 i ndáil leis an roinn DB agus €19.7 milliún, rud a fhágann barrachas €8.9 milliún (barrachas na bliana 2020: €1.0 milliún). Luaitear sin mar shócmhainn sa ráiteas maidir le seasamh airgeadais RTÉ.

Tá barrachas ag baint le roinn DB na Scéime faoi thástáil MFS agus na riachtanais leachtachta á sásamh faoi na cúlchistí riosca agus; dá réir sin, ní bheidh call aon chistíocht a bheartú i leith na scéime.

Breathnú Romhainn

Tiocfaidh ardú suntasach ar bhonn costais RTÉ in 2023 mar gheall ar bhrúnna boilscithe agus freisin mar gheall ar an infheistíocht a theastaíonn ó thionscadail dhigiteacha chun RTÉ a athrú ó bhonn do thírdhreach athraitheach úsáid na meán.

Comhaontaíodh socrú pá leis an bhfoireann i mí na Nollag 2022 agus tiocfaidh ardú 6% ar an bpá sa 2 bhliain amach romhainn.

Cuideoidh an maoiniú poiblí breise €15m a fuarthas i mí na Nollag 2022 faoi mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán le cuid de na méaduithe costais seo a fhritháireamh, ach ní na costais ar fad.

Mar a chaitear gach Táille Ceadúnais Teilifíse

Tugtar tuairisc i nóta 2 leis na ráitis airgeadais ar an leas a bhaintear as an airgead ón táille ceadúnais a fhaigheann RTÉ chun seirbhísí poiblí RTÉ a mhaoiniú.

Leagtar amach i nóta 2(c) an bunús ar a gcuirtear an táille ceadúnais i leith chainéil agus sheirbhísí faoi leith. Cuirtear maoiniú poiblí i leith sheirbhísí faoi leith ar bhealach atá i gcomhréir le costas glan na seirbhíse poiblí. Ríomhtar costas glan na seirbhíse poiblí tríd an gcionroinnt ó bheartaíocht tráchtála a dhealú ón ollchostas a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí a thabhairt i gcrích.

Mar a chaitear gach Táille Ceadúnais Teilifíse

Léirítear sa tábla seo a leanas an úsáid a bhaintear as aon táille ceadúnais teilifíse amháin, arna thabhairt san áireamh nach le RTÉ amháin a íoctar an t-airgead a chruinnítear ó tháillí ceadúnais teilifíse:

Úsáid Gach Táille Ceadúnais Teilifíse a Bailíodh

 

2022

2021

     

RTÉ One

50.05

45.08

RTÉ2

31.17

32.07

Teilifís RTÉ

81.22

77.15

     

RTÉ Radio 1

13.49

13.06

RTÉ 2fm

2.60

2.49

RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG)

8.36

8.13

RTÉ lyric fm

3.54

3.36

Raidió RTÉ

27.99

27.04

     

Ceolfhoirne RTÉ

3.88

9.15

Seirbhísí ar Líne

12.16

11.16

Cainéil agus Seirbhísí Eile

6.97

7.74

Muirir Rialachais agus Cistíochta

2.26

2.22

Cúrsaí DTT

0.49

0.34

Gníomhaíochtaí RTÉ

134.97

134.80

 

84%

84%

Cúnamh RTÉ do TG4

5.33

5.39

Tobhach BAI

1.05

1.24

Ciste Fuaim agus Fís BAI

10.64

10.65

Costais Bailiúcháin An Post agus Táillí Gaolmhara

8.01

7.92

Beartaíocht Neamh-RTÉ

25.03

25.20

 

16%

16%

Costas an Cheadúnais Teilifíse

160.00

160.00

Tugtar achoimre leis an bpíchairt thíos ar an dáileadh a rinneadh ar an ioncam ó tháillí an cheadúnais teilifíse a fuair RTÉ i rith na bliana 2022 i ndáil le gné na seirbhíse poiblí de bheartaíocht RTÉ.

LEITHROINNT AR AN IONCAM ÓN gCÉADÚNAS TEILIFÍSE A FUAIR RTÉ IN 2022

2022

* Áirítear in Eile muirir airgeadais agus rialaithe, a bhaineann le DTT agus cainéil eile

An Costas in aghaidh na hUaire Craolacháin

Mar chuid den Ráiteas Bliantúil faoi na Gealltanais Feidhmiúcháin, foilsíonn RTÉ an meánchostas in aghaidh na huaire a bhain leis na cláracha a craoladh ar na cainéil éagsúla. Leagtar amach sa tábla thíos an t-eolas sin i ndáil leis an mbliain 2022 chomh maith le figiúirí inchomórtais leo i leith na bliana 2021.

2022

RTÉ One

RTÉ2

RTÉ Radio 1

RTÉ 2fm

RTÉ lyric fm

RTÉ RnaG

 

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

             

Costais

           

Cláracha a dhéantar in Éirinn

104.8

52.9

27.6

5.5

3.8

10.0

Cláracha a Ceannaíodh – in Éirinn

3.7

0.3

-

-

-

-

– Thar Lear

12.3

6.6

-

-

-

-

Oibriúchán Ghinearálta

Craolacháin & Tarchuradóireachta

13.0

9.2

6.0

4.6

0.7

0.6

Táillí Tarchuradóireachta & Cumhachta

1.6

1.6

1.9

1.1

1.1

1.1

 

135.4

70.6

35.5

11.2

5.6

11.7

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta Tarchuradóireachta in aghaidh na Bliana

(comhchraoladh san áireamh)

8,760

8,760

8,805

8,760

8,760

8,760

             

Meánchostas Foriomlán in aghaidh na hUaire Craolta – 2022

Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad

15,500

8,100

4,000

1,300

600

1,300

2021

RTÉ One

RTÉ2

RTÉ Radio 1

RTÉ 2fm

RTÉ lyric fm

RTÉ RnaG

 

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

€’m

             

Costais

           

Cláracha a dhéantar in Éirinn

98.9

52.1

27.3

5.2

3.6

9.8

Cláracha a Ceannaíodh – in Éirinn

3.3

0.3

-

-

-

-

– Thar Lear

11.3

6.6

-

-

-

-

Oibriúchán Ghinearálta

Craolacháin & Tarchuradóireachta

14.0

8.9

5.9

4.0

0.6

0.5

Táillí Tarchuradóireachta & Cumhachta

2.0

2.0

2.4

1.0

1.1

1.0

 

129.5

69.9

35.6

10.2

5.3

11.3

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta

Uaireanta Tarchuradóireachta in aghaidh na Bliana (comhchraoladh san áireamh)

8,760

8,760

8,806

8,760

8,760

8,760

             

Meánchostas Foriomlán in aghaidh na hUaire Craolta – 2021

Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad

14,800

8,000

4,000

1,200

600

1,300

Gluaiseacht i rith na bliana

           

% d'Athrú ar an gCostas in aghaidh na hUaire1

           

Na hUaireanta Tarchuradóireachta ar fad

4.6%

0.9%

(0.2)%

10.1%

5.0%

2.5%

1. Déantar an costas in aghaidh na huaire a shlánú go dtí an céad Euro is gaire. Déantar an céatadán d'athrú a ríomh de réir chostas na huaire sula n-oibrítear an slánúchán.

Tarlaíonn athrú ar an meánchostas in aghaidh na huaire craolacháin mar gheall ar thosca éagsúla a dtagann ardú agus ísliú maidir le costais cláir dá mbarr, mar shampla athrú ar chineálacha agus ar mheascán na gclár, an leibhéal cómhaoiniúcháin, an líon uaireanta an chloig d'ábhar atá á chraoladh den chéad uair agus líon na n-uaireanta athchraolta.