RTÉ: Duaiseanna na Bliana 2022

Bhain sé chlár de chuid RTÉ an gradam óir ag Gradaim iomráiteacha Theilifíse RTS Ireland 2022 i mí Aibreáin. I measc na mbuaiteoirí bhí BOWIE: Starman le Ceolfhoireann Coirme RTÉ (Clár Siamsaíochta is Fearr), Keelin Shanley: Faraway, Still Close – Scratch Films Ltd (An Clár Fíorasach Aonair is Fearr) agus Adam Saves Christmas – Kavaleer Productions (An Clár Beochana is Fearr).

Bhuaigh RTÉ naoi ngradam ag Gradaim na Meán Ceartais de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann 2022 sna catagóirí, Tuairisciú Craolacháin Raidió agus Teilifíse, Cearta Daonna/Ceartas Sóisialta agus Tuairisciú Ceartais Idirnáisiúnta. Bhí an searmanas bronnta mór le rá ar siúl ar an 22 Meitheamh i gceanncheathrú an Dlí-Chumainn i bPlás Blackhall. I measc na mBuaiteoirí Catagóire bhí RTÉ Investigates Domestic Abuse – A Year of Crisis (Cearta Daonna / Ceartas Sóisialta), RTÉ Documentary on One, L’Agression (Tuairisciú Ceartais Idirnáisiúnta).

Bronnadh Gradam Chraoltóir na Bliana ar RTÉ ag an New York Festivals Radio Awards i mí Aibreáin. Fuair RTÉ trí dhuais óir do Sing! Cór Aerach agus Leispiach Bhaile Átha Cliath agus One Day / Lá Dá Raibh (RTÉ lyric fm), Mamó, Le Sara Keating, léite ag Ingrid Craigie (Comórtas Gearrscéalta RTÉ), Documentary on One : L’Agression (RTÉ Radio 1). I measc bhuaiteoirí dhuaiseanna airgid agus cré-umha RTÉ bhí RTÉjr Radio, RTÉ lyric fm agus RTÉ Radio 1 (lena n-áirítear roinnt gradam do Documentary on One agus Drama on One).

Bhuaigh RTÉ 11 ghradam ag Gradaim thionscnaimh Phodchraoltaí na hÉireann a reáchtáladh i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear ceithre ghradam óir, cúig ghradam airgid agus dhá ghradam cré-umha. Ba iad buaiteoirí ghradaim óir RTÉ Someone Like Me (RTÉjr), Beo Ar Éigean, RTÉ Documentary on One agus Maddie and Triggs (RTÉjr) sna catagóirí don Phodchraoladh is Fearr do Theaghlaigh, don Phodchraoladh Gaeilge is Fearr, don Phodchraoladh Raidió is Fearr agus don Phodchraoladh Cruthaitheachta is Fearr faoi seach. I measc bhuaiteoirí ghradaim airgid RTÉ bhí Hot Mess agus The Almanac of Ireland sna catagóirí Gradam Aeráide agus Podchraoladh Raidió is Fearr. Bhuaigh Maddie and Triggs ó RTÉjr Radio gradam airgid freisin don Phodchraoladh is Fearr do Theaghlaigh agus bhuaigh RTÉ Documentary on One gradam airgid sa chatagóir oscailte Spotsolas (bíonn níos mó ná 50,000 éisteoir aige in aghaidh an chláir) agus do GunPlot (cuid de shraith démheáin RTÉ ar an Triail Arm) sa chatagóir don Chlár Faisnéise is Fearr. Ba iad Ecolution agus Spooky FM a bhain an dá ghradam cré-umha do RTÉ, an péire acu ó RTÉjr Radio sna catagóirí Aeráide agus an Podchraoladh is Fearr do Theaghlaigh.

I mí na Samhna, bhain dhá léiriúchán inmheánacha de dhráma raidió RTÉjr gradaim ag an Prix Ex Aequo, féile idirnáisiúnta drámaíochta raidió do leanaí agus don aos óg a eagraíonn Raidió agus Teilifís na Slóvaice gach dhá bhliain i gcomhar leis an EBU. Ba iad an dá bhuaiteoir ná The Emperor’s New Duds (catagóir Síscéalta do Leanaí), scríofa agus léirithe ag Nicky Coghlan agus Cereal (catagóir Dráma Raidió don Óige), sraith sé chlár scríofa ag Carol Walsh.

Chomh maith leis sin i mí na Samhna fuair Maddie and Triggs, sraith 15 chlár a rinneadh le cúnamh ón BAI le Turnip agus Duck an Gradam Sochaí ag Gradaim Físe an NCBI do 2022.

Fuair Let’s Find Out, sraith siamsaíochta eolaíochta do leanaí RTÉjr, dhá ghradam idirnáisiúnta mór le rá i mí an Mheithimh. Fuair léiriúcháin stop.watch duais as fiúntas eolaíoch ag an SCINEMA International Film Festival, an fhéile scannán eolaíochta is mó sa leathsféar theas, a chuir an Royal Institution of Australia i láthair. Bronnadh gradam tionscail ar an tsraith freisin as an Meán Oideachais is Fearr ag an Raw Science Film Festival. Ar siúl i gCósta Ríce, tugann RSFF daoine le chéile ar fud na heolaíochta, na teicneolaíochta, na siamsaíochta agus na meán chun na scannáin is fearr dá leithéid ó gach cearn den domhan a thaispeáint.

Bhain Adam Maguire, iriseoir le Nuacht RTÉ, an gradam do Scéal Fuaime na Bliana amach ag Gradaim Iriseoirí Gnó Scoil Smurfit an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i mí na Nollag. Aithníodh Adam as a shraith fuaime ar bhoilsciú, a craoladh ar Today with Claire Byrne ar RTÉ Radio 1. D'fhiosraigh sé sa tsraith, dar teideal 'Inflation Shopping Basket' an chúis go bhfuil do shiopadóireacht sheachtainiúil ag éirí níos costasaí.

Bhain cláracha de chuid RTÉ dhá ghradam amach ag na gradaim iomráiteacha AIB i mí na Samhna. Bhain an Documentary on One: Felix – Life and Limb an chéad áit sa chatagóir Raidió/Fuaime, fuair RTÉ Investigates: The Accountant, the Con, the Lies ardmholadh sa rannóg faoi Chlár Faisnéise Imscrúdaitheach Teilifíse/Físe.

Bhuaigh léiriúchán an RTÉ Documentary on One, I’ll Send You Butterflies, a léirigh Mary-Elaine Tynan agus Tim Desmond, an 74ú Prix Italia, a tionóladh in Bari, na hIodáile i mí Dheireadh Fómhair. Is é an Prix Italia an comórtas meán poiblí is faide ar an bhfód ar domhan. Insítear sa chlár faisnéise scéal Margaret Tynan, máthair Mary-Elaine, agus í ag streachailt leis an ngalar néarón luadrach ó fuair sí an diagnóis go dtí an bhliain dheireanach dá saol.

I mí Dheireadh Fómhair, bhuaigh RTÉ dhá ghradam ag Searmanas Ghradaim Prix Europa, an t-ardán comórtais is mó san Eoraip do chraoltóirí poiblí. Tar éis seachtain de mholtóireacht agus de vótáil ó léiritheoirí ó gach cearn den Eoraip, bhuaigh RTÉ Documentary on One: I’ll Send You Butterflies moladh speisialta mar ‘Chlár Faisnéise Raidió Eorpach na Bliana’, agus fuair Digging for Fire de chuid RTÉ Drama on One Moladh Speisialta mar Chlár Ceoil Raidió Eorpach na Bliana.

Bhain RTÉ Raidió na Gaeltachta ceithre ghradam ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, gradaim náisiúnta na meán Gaeilge, ar an 2 Samhain. Bhain Cóilín Ó Neachtain Iriseoir na Bliana, bhain Bladhaire an tSraith Raidió is Fearr, bhain Pádraig Ó Sé craoltóir solabhartha na bliana, agus ghlac Gearóid Mac Donncha le gradam speisialta a bronnadh ar an stáisiún ar chomóradh caoga bliain an stáisiúin. Bhí na gradaim ar siúl mar chuid d’fhéile Oireachtas na Samhna i gCill Airne, an chéad uair a reáchtáladh an fhéile ó 2019.